CME+: Comhpháirtíochta Múinteoirí Ealaíontóirí+

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

CME+: Comhpháirtíochta Múinteoirí Ealaíontóirí+

Cúrsa samhraidh is ea Comhpháirtíocht an Mhúinteora-Ealaíontóra+ atá saibhir ó thaobh na cruthaitheachta de a thacaíonn le forbairt ghairmiúil trí fholláine, caidrimh agus comhpháirtíocht chruthaitheach do mhúinteoirí agus d’ealaíontóirí/cleachtóirí cruthaitheacha. Tá sé saor in aisce do gach múinteoir bunscoile agus scoile speisialta, agus soláthraítear an oiliúint riachtanach dóibh chun Cónaitheacht Ealaíontóra CME+ lán-maoinithe a reáchtáil ina scoileanna.

Is é an aidhm fhoriomlán ná múinteoirí agus ealaíontóirí a chumasú chun acmhainneacht chruthaitheach gach linbh a fheabhsú trí chleachtas comhoibríoch. Tugann CME+ an t-eolas, an taithí agus na scileanna do mhúinteoirí chun na healaíona agus an chruthaitheacht a chomhtháthú ina gcleachtas ranga. Forbraíonn ealaíontóirí agus cleachtóirí cruthaitheacha a ghlacann páirt i CME+ a gcuid scileanna agus dearcthaí gairmiúla trí oibriú le múinteoirí agus le páistí san oideachas.

Cuireadh tús le CME ar bhonn píolótach in 2014/15 mar fhreagra ar na cuspóirí atá leagtha amach i gCairt na nEalaíon san Oideachas. Ó shin i leith, tá sé príomhshruthaithe, tá laethanta EPV (saoire phearsanta bhreise) faofa saor in aisce ann, agus reáchtáiltear é gach bliain i ngach ceann de na 21 Ionad Oideachais lánaimseartha i mí Iúil nó i mí Lúnasa. Cuireann péire Éascaitheoirí Múinteora-Ealaíontóra a bhfuil taithí agus oiliúint acu gach cúrsa ar fáil, do 20 múinteoir bunscoile agus ceathrar ealaíontóirí gairmiúla. Faoin bPlean Óige Ildánach nua, leathnaíodh CME go CME+, a chinntíonn go dtéann coincheap na cruthaitheachta níos faide ná na healaíona, ag cuimsiú cruthaitheachta i gcleachtas ó theicneolaíocht go seandálaíocht.

Is tionscnamh é CME+ atá faoi threoir na Roinne Oideachais agus Óige agus tá sé treoraithe ag na prionsabail a léirítear i gCairt na nEalaíon san Oideachas (2012), i gColún 1 (Óige Ildánach) de Chlár Éire Ildánach (2017–2022) agus i bPlean Óige Ildánach (2023-2027).

Osclaítear iarratais ar Chomhpháirtíocht an Mhúinteora-Ealaíontóra+ i mí Aibreáin gach bliain agus dúnann siad i mí an Mheithimh.

Preasráiteas is déanaí (ó 2024) Fógraíonn an tAire Foley go bhfuil tús á chur le clárú don Chúrsa Samhraidh um Chomhpháirtíocht an Mhúinteora-Ealaíontóra+

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat