An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Clár Píolótach Comhairleoireachta agus Meabhairshláinte i mBunscoileanna: Snáithe 2
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Leis an gClár Píolótach Comhairleoireachta agus Meabhairshláinte i mBunscoileanna: Snáithe 2, tugadh isteach tacaíochtaí nua meabhairshláinte i mbunscoileanna ar a dtugtar Foirne Folláine Oideachais. Cuimsíonn na foirne, Cleachtóirí Folláine Oideachais atá ag obair faoi stiúir agus faoi mhaoirseacht Síceolaithe NEPS. Tá na Foirne Folláine Oideachais ag obair i mbraislí bunscoile agus scoileanna speisialta i gCeatharlach, Corcaigh, Baile Átha Cliath 7 agus Baile Átha Cliath 16. Tá Foirne Folláine Oideachais ag obair i scoileanna le páistí, foireann na scoile agus tuismitheoirí.
Is é fócas a gcuid oibre ná:
- Cur chuige coisctheach scoile uile maidir le cur chun cinn folláine agus meabhairshláinte a threisiú, de réir Ráiteas Beartais Fholláine na nÓg agus Creat Cleachtais na Roinne Oideachais agus Óige
- Tacaíocht síocoideachais a thairiscint do thuismitheoirí, d’fhoireann na scoile agus do leanaí.
- Cosc agus luath-idirghabháil a sholáthar do leanaí, ag baint úsáid as cur chuige teiripeacha agus idirghabhálacha bunaithe ar fhianaise, chun riachtanais folláine éadroma nó riachtanais folláine atá ag teacht chun cinn a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu.