Scoileanna Ildánacha
- Foilsithe: 9 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 10 Feabhra 2026
Is tionscnamh é Scoileanna Ildánacha atá faoi threoir na Comhairle Ealaíon le tacaíocht ón Roinn Oideachais agus Óige. Glacann na scoileanna páirt in aistear treoraithe dhá bhliain ar mhaithe le Plean Scoileanna Ildánacha a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Ní bhaineann an plean sin ach lena scoil féin. Déantar gach scoil nó suíomh rannpháirteach a phéireáil le Comhlach Cruthaitheach a threoraíonn an fhoireann, na daltaí, na foghlaimeoirí agus na tuismitheoirí, agus a thugann tacaíocht dóibh.
Ó 2018 i leith, tá Scoileanna Ildánacha tar éis tacú le breis is 1,000 scoil agus pobal chun cruthaitheacht a fhiosrú agus a bpleananna Scoileanna Ildánacha a fhorbairt agus a chur i gcrích i gcomhar le Comhlach Cruthaitheach oilte.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ag Scoileanna Ildánacha | Creative Schools - The Arts Council / An Chomhairle Ealaíon