Cuir do Thuairim in Iúl
- Foilsithe: 11 Bealtaine 2026
- An t-eolas is déanaí: 11 Bealtaine 2026
- Cuir do Thuairim in Iúl
- An fáth go bhfuil do mheon tábhachtach
- Maidir leis an suirbhé
- Déan an suirbhé
Cuir do Thuairim in Iúl
Tacaíonn an Roinn Oideachais agus Óige leis an bhfolláine i scoileanna lena Ráiteas Polasaí Folláine agus Creat Cleachtais. Trí pháirt a ghlacadh sa suirbhé sin, beidh tú ag cabhrú linn le polasaí folláine nuashonraithe agus le plean cur chun feidhme nua a mhúnlú.
Beidh an polasaí nuashonraithe mar threoir do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna ó thaobh tacú le folláine leanaí daoine óga de go dtí 2030 agus i ndiaidh sin.
An fáth go bhfuil do mheon tábhachtach
Is mian linn cloisteáil ó leanaí agus ó dhaoine óga, ó thuismitheoirí agus ó chaomhnóirí, agus ó fhoirne scoile faoina dtaithí ar fholláine i bpobail scoile. Beidh d’aiseolas ina chabhair dúinn chun a thuiscint:
- Cad é atá ag feidhmiú go maith faoi láthair
- Cad é a d’fhéadfadh feidhmiú níos fearr
- Conas is féidir tacú leis an bhfolláine ar dhóigh níos éifeachtúla amach anseo
Maidir leis an suirbhé
- Tá thart ar 10 nóiméad ag teastáil chun a suirbhé a chomhlánú
- Is féidir leat breis ama a chaitheamh más mian
- Is ceisteanna ilrogha iad den chuid is mó
- Ag an deireadh, beidh an rogha agat tráchtanna sa bhreis a roinnt i d’fhocail féin, más mian leat
Déan an suirbhé
- 👉 Daltaí: Cliceáil anseo chun suirbhé na ndaltaí a chomhlánú
- 👉 Tuismitheoirí / Caomhnóirí: Cliceáil anseo chun suirbhé na dtuismitheoirí/gcaomhnóirí a chomhlánú
- 👉 Foireann scoile: Cliceáil anseo chun suirbhé na foirne scoile a chomhlánú
- 👉 An Pobal i gCoitinne: Cliceáil anseo chun suirbhé na foirne scoile a chomhlánú
- 👉 Aighneachtaí i scríbhinn: Dóibh siúd nach féidir leo an suirbhé a chomhlánú mar dhalta, mar thuismitheoir nó mar bhall d’fhoireann san oideachas, is féidir aighneachtaí i scríbhinn a chur i r-phost chuig Wellbeing_Policy@education.gov.ie tráth nach déanaí ná Dé hAoine 12 Meitheamh 2026. Agus tú ag ullmhú d’aighneachta, molaimid go ndéanann tú an polasaí folláine a mheas faoi na ceannteidil seo a leanas:
- Cad é a fheidhmíonn go maith ó thaobh soláthar folláine san oideachas de do leanaí agus do dhaoine óga in Éirinn?
- Cad iad na hathruithe, dar leatsa, atá tábhachtach chun a chinntiú go dtacófar le folláine leanaí agus daoine óga san oideachas chun iad a chur ar a gcumas barr a gcumais a bhaint amach?
- Má tá meon ar bith eile agat a bhaineann leis an athbhreithniú ar an Ráiteas Polasaí Folláine agus Creat Cleachtais, cuir sonraí díobh san áireamh freisin, le do thoil.
- I measc na roghanna inrochtana tá Léamh Éasca (mic léinn amháin), Teanga Chomharthaíochta na hÉireann, Léigh Os Ard, Codarsnacht Téama, agus suas le 10 dteanga ar leith (Béarla, Polainnis, Úcráinis, Portaingéilis na Brasaíle, Araibis, Gaeilge, Sínis Shimplithe, Liotuáinis, Rómáinis & Fraincis).
- Ba cheart go mbeadh aighneachtaí gonta, inléite agus ábhartha le topaic na folláine san oideachas.
Déanfar tuarascáil ar an gcomhairliúchán a ullmhú bunaithe ar fhreagraí an tsuirbhé. Fanfaidh freagraí aonair de bheith faoi rún agus ní dhéanfar tuairisciú orthu astu féin. Beidh do thaithí agus d’aiseolas ina gcabhair dúinn polasaí na folláine san oideachas a mhúnlú amach anseo.