Cur chun feidhme Curaclam Teanga na Bunscoile: fócas ar an nGaeilge
- Foilsithe: 17 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 17 Samhain 2025
Réamhrá
Ceann amháin de na feidhmeanna reachtúla atá ag an gCigireacht is ea meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht agus éifeachtacht theagasc na Gaeilge i scoileanna agus ionaid oideachais státchistithe agus tuairiscí a fhoilsiú ina leith sin. Sa chaibidil seo, déanaimid machnamh ar an dóigh ar cuireadh Curaclam Teanga na Bunscoile[1] agus a phrionsabail oideolaíochta i bhfeidhm i seomraí ranga, agus díriú ar leith á leagan ar fhoghlaim, teagasc agus measúnú na Gaeilge.
Tá an chaibidil bunaithe ar na torthaí a bhí ar 51 chigireacht a rinneadh i mbunscoileanna (38 meastóireacht curaclaim ar an nGaeilge agus 13 chigireacht theagmhasacha) sa bhliain 2024 agus go luath sa bhliain 2025. Le linn na gcigireachtaí sin, rinne na cigirí meastóireacht ar 280 ceacht san iomlán agus chuaigh siad i dteagmháil le múinteoirí agus le ceannairí scoile. Sheol siad cruinnithe fócasghrúpa le leanaí le linn na 38 meastóireacht curaclaim freisin.
[1] Ar fáil ag: https://curriculumonline.ie/ga-ie/primary/curriculum-areas/primary-language/
|
Bliain |
Cineál cigireachta |
An líon scoileanna |
Cineál scoile |
An líon ceachtanna |
Díriú teanga |
||
|
Scoileanna Béarla |
Scoileanna Gaeilge[2] |
Béarla |
Gaeilge |
||||
|
2024 |
Meastóireacht Curaclaim (Gaeilge) |
38 |
26 |
12 |
250 |
0 |
250 |
|
2025 |
Cigireacht Theagmhasach (Curaclam Teanga na Bunscoile)* |
13 |
12 |
1 |
30 |
18 |
12 |
* Is ionann cigireachtaí teagmhasacha agus meastóireachtaí ar ghnéithe d’obair na scoile faoi na gnáthdhálaí i ngnáthlá scoile. Is gnách gur cigireachtaí neamhfhógartha iad.
[2] Scoileanna Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht
Curaclam Teanga na Bunscoile
Curaclam comhtháite
Is curaclam comhtháite é Curaclam Teanga na Bunscoile (CTB) a bhfuil an struchtúr céanna agus na snáitheanna céanna aige don Bhéarla agus don Ghaeilge ag leibhéal na bunscoile. Tá coincheap na hidircheangailteachta teanga mar chuid de agus idir teangacha éagsúla mar bhonn eolais faoi, rud a spreagann cur chuige ilteangach i bhfoghlaim teanga. Aithnítear ann gur féidir leis an leanbh nó an duine óg tairbhí suntasacha a bhaint as teangacha a fhoghlaim ar bhealach comhtháite, nuair a aithnítear an teanga bhaile sa phróiseas foghlama go háirithe. Áirítear leis na tairbhí sin feabhas ar fheidhmiú cognaíoch agus teangeolaíoch agus méadú ar fheasacht mheititheangeolaíoch[3]. Tógann CTB ar phrionsabail Aistear: Creat Curaclaim na Luath-Oideachais agus tá sé ag teacht freisin leis na sonraíochtaí sraithe sóisearaí do theangacha le haghaidh scoláirí iar-bhunscoile, ar mhaithe le leanúnachas agus dul chun cinn a chinntiú i bhfoghlaim teanga leanaí.
Cur chuige atá bunaithe ar thorthaí foghlama
Ceann de na príomhaidhmeanna atá le CTB is ea leanaí a chumhachtú cumarsáid a dhéanamh go cumasach muiníneach, agus léamh, scríobh agus smaoineamh ar bhealach criticiúil. Is curaclam atá bunaithe ar thorthaí foghlama é CTB. Leagtar amach go soiléir ann na nithe atá le foghlaim ag leanaí, agus úsáid á baint as Contanaim Dhul Chun Cinn[4] lena dtacaítear le foghlaim agus forbairt teanga na leanaí thar thréimhse ama. An timpeallacht scoile, eispéiris sa seomra ranga, cúlra agus cumas uathúil teanga gach linbh, tacaíocht agus spéis na dtuismitheoirí, agus meon agus spreagadh an linbh i leith teangacha, téann siad go léir i bhfeidhm ar an dul chun cinn a dhéantar i bhfoghlaim teanga.
I Curaclam Teanga na Bunscoile, eagraítear torthaí foghlama de réir snáitheanna agus gnéithe chun tacú le tuiscint leanaí ar choincheapa teanga agus le forbairt a gcuid meonta, scileanna agus dearcthaí mar fhoghlaimeoirí teanga.
[3] Cummins, J. (1978). Bilingualism and the Development of Metalinguistic Awareness. Journal of Cross-Cultural Psychology, 9, lgh 131-149; Bialystok, E. (1991). Language Processing in Bilingual Children. Cambridge: Cambridge University Press; Little, D. (2011). The Common European Framework of Reference for Languages: A Research Agenda. Language Teaching, 44(3), lgh 381-393; Rutgers, D. agus Evans, M. (2017). Bilingual Education and L3 Learning: Metalinguistic Advantage or not? International Journal of Bilingual Education and Bilingualism, 20(7), lgh 788-806; Cummins, J. (2021). Rethinking the Education of Multilingual Learners: A Critical Analysis of Theoretical Concepts. Multilingual Matters, lgh 65-70.
[4] Ar fáil ag: https://curriculumonline.ie/getmedia/c643ce9d-5e6b-49b7-bf83-399df42609db/Contanaim-Dul-chun-Cinn.pdf
[5] Foinse ghraphaic: Curaclam Teanga na Bunscoile lch.14. Ar fáil ag: https://curriculumonline.ie/ga-ie/primary/curriculum-areas/primary-language/
Tacú le Curaclam Teanga na Bunscoile a chur chun feidhme
Ba sa bhliain 2015 a tugadh isteach an chéad chéim de Curaclam Teanga na Bunscoile do naíonáin sóisir go dtí rang a dó (céimeanna a haon agus a dó). Tar éis comhairliúcháin agus aiseolais, seoladh leagan athbhreithnithe den churaclam sa bhliain 2019. Cuimsíonn an leagan athbhreithnithe sin na ceithre chéim den oideachas bunscoile (naíonáin sóisir go rang a sé), agus tá sé á chur chun feidhme do gach rang (céimeanna 1-4) i mbunscoileanna ó mhí Mheán Fómhair 2019 i leith[6]. Tá in Uirlisí Úsáide Teanga Curaclam ar líne[7] acmhainní praiticiúla atá ceaptha chun tacú le pleanáil múinteoirí agus le heispéiris foghlama teanga ardchaighdeáin a sholáthar do leanaí.
Tugann an Roinn tacaíocht fhairsing do scoileanna chun Curaclam Teanga na Bunscoile a chur i bhfeidhm ag gníomhú di trína cuid gníomhaireachtaí náisiúnta. Mar sheirbhís náisiúnta um fhoghlaim ghairmiúil múinteoirí, tugann Oide tacaíocht leanúnach do scoileanna ar iarratas. Is féidir le scoileanna acmhainní Gaeilge agus tacaí foghlama gairmiúla a rochtain ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus ón gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta.
[6] An Roinn Oideachais (2019). Ciorclán 0045/2019. Curaclam Teanga na Bunscoile, Céimeanna 1–4 (naíonáin sóisir go rang a sé): Tacaíocht agus Cur i bhFeidhm.Ar fáil ag: https://curriculumonline.ie/getmedia/46778f93-ae14-4354-ae8f-0439dc8d6668/PLC-Circular_FINAL_GA.pdf
[7] Ar fáil ag: https://curriculumonline.ie/ga-ie/primary/curriculum-areas/primary-language/primary-language-toolkit-2/
Cigireacht
Tugtar léargas sa chéad chuid eile den chaibidil seo ar chinntí na gcigireachtaí i gceithre phríomhréimse: inniúlacht teanga múinteoirí sa Ghaeilge, ullmhúchán múinteoirí, torthaí foghlama na leanaí, agus cur chun feidhme na bpríomhphrionsabal agus na gcur chuige oideolaíochta chun tacú le foghlaim agus teagasc na Gaeilge.
Cinntí cigireachta
Inniúlacht teanga múinteoirí sa Ghaeilge
Tugtar le fios sa litríocht taighde go bhfuil ceangal dearfach ann idir inniúlacht teanga múinteoirí agus a n-éifeachtúlacht fhoriomlán sa teagasc, rud a théann i bhfeidhm ar thorthaí foghlama leanaí ansin[8]. Tá comhghaol dearfach ann idir ardleibhéal inniúlachta sa Ghaeilge agus sástacht múinteoirí maidir le teagasc tríd an nGaeilge agus an t-inspreagadh atá acu ábhair eile a theagasc tríd an nGaeilge[9]. Léirítear i dtaighde ar fhoghlaim dara teanga go bhfuil nasc láidir ann idir an mhuinín atá ag múinteoirí as a gcuid scileanna teanga féin agus cé chomh héifeachtach agus a theagascann siad[10]. Nuair a bhíonn inniúlacht níos airde ag múinteoirí sa teanga, bíonn cumas níos fearr acu ceachtanna a theagasc go héifeachtach, seomraí ranga a bhainistiú, agus leanaí a spreagadh go rathúil i bhfoghlaim teanga.
Fuair cigirí amach go raibh leibhéil éagsúla inniúlachta Gaeilge ann i measc múinteoirí i scoileanna Béarla, go háirithe i ndáil le cruinneas gramadaí, fuaimniú agus líofacht. Cé gur léirigh formhór na múinteoirí dea-chaighdeán Gaeilge labhartha le linn cigireachtaí ar an nGaeilge, chuaigh sé dian ar roinnt múinteoirí an Ghaeilge a úsáid go héifeachtach. Bhí easpa muiníne le feiceáil i measc go leor múinteoirí maidir le húsáid na Gaeilge i scoileanna Béarla. Mar thoradh air sin, tharla sé gur i mBéarla nó i meascán den dá theanga ba ghá do chigirí aiseolas a thabhairt do roinnt múinteoirí maidir le cáilíocht an tsoláthair don Ghaeilge ina seomraí ranga. Léirigh múinteoirí ardleibhéal inniúlachta sa Ghaeilge labhartha i ní ba lú ná leath de na ceachtanna a breathnaíodh le linn meastóireachtaí curaclaim.
Le linn cigireachtaí teagmhasacha, thuairiscigh ceannairí scoile agus múinteoirí gur ghlac siad páirt i raon leathan deiseanna foghlama gairmiúla múinteoirí. Thug múinteoirí le fios, áfach, gur thug siad tús áite do sheisiúin foghlama gairmiúla a bhí ceaptha chun tacú leo i gcur chun feidhme curaclaim mar a bhain leis an mBéarla. Chomh maith leis sin, chuir múinteoirí in iúl go raibh tacaíocht ní ba spriocdhírithe ag teastáil uathu chun tacú le teagasc na Gaeilge i réimsí tábhachtacha amhail forbairt luathlitearthachta, feasacht fhóineolaíoch agus fhóinéimeach, straitéisí le tabhairt faoi fhocail, staidéar focal, an próiseas scríbhneoireachta, agus forbairt scileanna tuisceana.
[8] Choi, E. agus Lee, J. (2016). Investigating the relationship of target language proficiency and self-efficacy among non-native EFL teachers, System, 58 (Supplement C). lgh 49-63.
[9] Dunne, C. M. (2019). Primary Teachers’ Experiences in Preparing to Teach Irish: Views on Promoting the Language and Language Proficiency. Studies in Self-Access Learning Journal, 10(1). lgh 21-43. Institiúid Oideachais Marino, Baile Átha Cliath, Éire.
[10] O’Sullivan, K., Bird, N. agus Burns, G. (2019). Students’ Experiences of the Teaching and Learning of Irish in Designated Disadvantaged Schools’ in International Journal of Education, Culture and Society. Iml. 4, Uimh. 5. lgh 87-97.
Ullmhúchán múinteoirí agus torthaí foghlama leanaí
Tacaítear le cumas gníomhúcháin múinteoirí chun cinntí proifisiúnta a dhéanamh agus iad i mbun pleanála le haghaidh fhoghlaim, theagaisc agus mheasúnú na Gaeilge le torthaí foghlama CTB. Is gá do mhúinteoirí a gcuid teagaisc a dhíriú ar riachtanais foghlama teanga gach linbh a shásamh. Is gá dóibh machnamh a dhéanamh ar dhul chun cinn leanaí agus a gcineálacha cur chuige oideolaíochta a choigeartú de réir mar is gá. Tá ullmhúchán dofheicthe, infheicthe agus taifeadta i gceist leis an bpróiseas sin[11]. Is cineál ullmhúcháin leanúnaigh é ullmhúchán dofheicthe, agus is annamh a thaifeadtar é. Is é atá i gceist leis go mbaineann múinteoirí leas as a gcuid taithí, as a gcuid eolais ar na leanaí agus ar an timpeallacht foghlama, agus as a gcuid tuisceana i dtaca le foghlaim, teagasc agus measúnú na Gaeilge chun a gcleachtas féin a threorú. Baineann ullmhúchán infheicthe leis an méid a tharlaíonn le linn an teagaisc agus na foghlama, áit a sholáthraítear eispéiris foghlama lánbhrí chuí chun tacú leis an bhfoghlaim atá beartaithe do gach leanbh. Chun déanamh amhlaidh, is gá machnamh leanúnach a dhéanamh ar riachtanais, údair spéise, cumas agus dul chun cinn gach linbh maidir leis an teanga a fhoghlaim.
Chonacthas le linn na gcigireachtaí teagmhasacha difríocht shuntasach sa dóigh ar pleanáladh na snáitheanna agus na gnéithe de Curaclam Teanga na Bunscoile don Ghaeilge i gcomparáid leis an mBéarla. Tugadh le fios sna pléití le ceannairí scoile i scoileanna Béarla gur mhó an t-eolas a bhí acu ar na hacmhainní, na huirlisí agus na tacaí teagaisc don Bhéarla ná an t-eolas a bhí acu orthu sin a bhí ar fáil don Ghaeilge. Thug cigirí easnaimh faoi deara maidir le hullmhúchán taifeadta múinteoirí chun tacú le chur chun feidhme CTB don Ghaeilge. I gcuid mhór ceachtanna, thug cigirí faoi deara go mbeadh sé chun leasa na múinteoirí úsáid a bhaint as na contanaim dhul chun cinn don Ghaeilge mar bhonn eolais do na chéad chéimeanna eile i bhfoghlaim na teanga do gach leanbh agus chun tacú leo dul chun cinn a dhéanamh le linn ceachtanna. Ba ann d’éagsúlacht shuntasach maidir le torthaí foghlama leanaí sa Ghaeilge i measc scoileanna Béarla, rud a thug le fios go raibh cur chun feidhme Curaclam Teanga na Bunscoile teoranta sna scoileanna sin.
Tugtar le fios i gcinntí cigireachta gur dhearfach, tríd is tríd, a bhí torthaí foghlama leanaí sa Ghaeilge i scoileanna Gaeilge.
[11] An Roinn Oideachais (2021: Athbhreithnithe in 2023). Ullmhúchán don Teagasc agus don Fhoghlaim - Treoir do gach Bunscoil agus Scoil Speisialta. Ar fáil ag: https://ncca.ie/media/6343/ullmhu-cha-n-don-teagasc-agus-don-fhoghlaim-v3.pdf
Prionsabail agus cuir chuige oideolaíochta chun tacú le sealbhú na Gaeilge
Prionsabail agus cuir chuige oideolaíochta
Aithnítear i Curaclam Teanga na Bunscoile prionsabail agus cuir chuige oideolaíochta atá bunriachtanach d’eispéiris foghlama ardchaighdeáin a sholáthar do leanaí:
- an cur chuige cumarsáideach
- úsáid feidhmeanna teanga
- Foghlaim Chomhtháite Ábhair agus Teanga (FCÁT)
- tumoideachas
- aistriú scileanna idir teangacha
- feasacht teanga agus feasacht chultúrtha
- éagsúlacht teangacha
- lárnacht an tsúgartha
- litearthacht trasna an churaclaim agus litearthacht disciplín
- litearthacht chriticiúil
- litearthacht dhigiteach.
Cur chuige cumarsáideach
I Curaclam Teanga na Bunscoile, cuirtear úsáid an chuir chuige chumarsáidigh chun cinn ar mhaithe le foghlaim dara teanga a fheabhsú trí ghabháil do ghníomhaíochtaí idirghníomhacha spéisiúla a bhfuil cuspóir leo i gcomhthéacsanna lánbhrí. Cuirtear an bhéim go príomha ar leanaí a bheith ag úsáid na Gaeilge chun riachtanas cumarsáide a chomhlíonadh, áit a ndéanann an múinteoir an sprioctheanga a léiriú agus a dhaingniú a mhéid is féidir i rith an lae scoile. Nuair a dhéantar an Ghaeilge á teagasc trí mheán na Gaeilge, mar an teanga spriocdhírithe, cabhraítear le leanaí eolas a chur ar an teanga agus í a fhoghlaim ar bhealach níos éifeachtaí.
Tá trí thréimhse i gceist leis an gcur chuige cumarsáideach. Sa tréimhse réamhchumarsáide, foghlaimíonn leanaí stór focal ó bhéal, feidhmeanna sonracha teanga agus struchtúir ghramadaí, agus déanann siad iad a chleachtadh. Sa tréimhse chumarsáide, cuirtear ar chumas leanaí an teanga nua a úsáid, mar shampla i ndrámaíocht, i ndíospóireachtaí agus i rólghlacadh. Sa tréimhse iarchumarsáide, faigheann leanaí deis chun an teanga atá nuashealbhaithe acu a dhaingniú agus í a aistriú chuig comhthéacsanna difriúla le tacaíocht an mhúinteora.
Tríd is tríd, sainaithníodh sna cigireachtaí gur gá do mhúinteoirí tuilleadh béime a chur ar na tréimhsí réamhchumarsáide, cumarsáide agus iarchumarsáide a chur chun feidhme i gceachtanna Gaeilge chun dul chun cinn a chinntiú i bhfoghlaim teanga leanaí. Ba ghá do mhúinteoirí gan stór focal a theagasc ina aonar agus, ina ionad sin, ba ghá dóibh deiseanna a thabhairt do leanaí páirt a ghlacadh i bhfíorghníomhaíochtaí teanga agus cumarsáide lánbhrí dírithe ar an bhfoghlaimeoir. Chuige seo, is gá bogadh ar shiúl ó theagasc téamabhunaithe atá faoi threoir ag an téacsleabhar agus bogadh i dtreo cleachtais dhinimiciúla foghlama gníomhaí lena cheanglaítear torthaí foghlaimeoirí le saol agus údair spéise leanaí.
Úsáid feidhmeanna teanga
Trí fheidhmeanna teanga a threisiú ach leas a bhaint as an gcur chuige cumarsáideach, cabhraítear le leanaí a scileanna teanga agus cumarsáide a fhorbairt. Áirítear leis sin leanaí a chumasú iad féin a chur in aithne, beannú do dhaoine eile, ceisteanna a chur, iad féin a chur in iúl, iarratais a dhéanamh agus freagraí a struchtúrú. Is é an modh is éifeachtaí chun an méid sin a bhaint amach ná raon idirghníomhaíochtaí neamhfhoirmiúla a éascú i rith an lae scoile i gcomhthéacsanna lánbhrí spéisiúla atá ábhartha do shaol agus údair spéise leanaí.
Tríd is tríd, bhí claonadh ag múinteoirí díriú go príomha ar stór focal a theagasc ina aonar, agus iad ag brath ar théacsleabhair agus ar chláir thráchtála. Níor tugadh dóthain airde ar fheidhmeanna teanga ná struchtúir gramadaí teanga a theagasc go follasach i gcomhthéacsanna lánbhrí. Mar thoradh air sin, ní bhfuair leanaí dóthain ama chun triail a bhaint as feidhmeanna teanga ná chun abairtí a chumadh go neamhspleách.
Ionas go mbeidh leanaí in ann stór focal agus struchtúir theanga a shealbhú agus cur lena gcuid muiníne agus líofachta maidir leis an nGaeilge a úsáid, ba cheart do mhúinteoirí foghlaim teanga na leanaí a leabú isteach i bhfíor-chomhthéacsanna laethúla. Trí fheidhmeanna teanga a chomhtháthú isteach i saol na scoile ar bhealach a bhfuil cuspóir leis, cothaítear úsáid níos nádúrtha na Gaeilge le linn an lae scoile, rud a thacaíonn leis an inniúlacht chumarsáide atá ag leanaí sa teanga i gcoitinne ar deireadh.
Foghlaim Chomhtháite Ábhair agus Teanga
Is é is Foghlaim Chomhtháite Ábhair agus Teanga (FCÁT) ann ná cur chuige oideolaíoch tábhachtach i leith foghlaim teanga i scoileanna Béarla, toisc go gcabhraítear leis lena mhéid a nochtar leanaí don Ghaeilge a mhéadú. Trí FCÁT, úsáidtear an Ghaeilge mar sprioctheanga le linn ábhar curaclaim, feidhmeanna teanga agus struchtúir theanga a theagasc. Cruthaíonn an múinteoir timpeallachtaí foghlama páirt-tumoideachais ina bhfoghlaimíonn leanaí an t-eolas ábhair, na coincheapa agus na scileanna teanga i réimse eile curaclaim trí mheán na Gaeilge. Is go han-mhaith do FCÁT a oireann na gnéithe praiticiúla d’ábhair amhail Corpoideachas, Matamaitic, na hAmharcealaíona agus Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta (OSIE), áit a spreagtar leideanna amhairc, foghlaim ghníomhach agus grúp-phlé, agus a ndéantar stór focal, feidhmeanna teanga agus struchtúir theanga a theagasc i gcomhthéacs agus a chleachtadh trí ghníomhaíochtaí idirghníomhacha foghlama comhoibríche.
Tríd is tríd, tugtar le fios sna cinntí ó mheastóireachtaí curaclaim go bhfuil úsáid FCÁT ag céim measartha luath i mbunscoileanna. Chun tacú le FCÁT a chur chun feidhme go héifeachtach, tá ríthábhacht ag baint le hinniúlacht agus muinín múinteoirí in úsáid na Gaeilge mar theanga teagaisc[12]. Tugtar le fios i dtuairiscí cigireachta gurbh iad múinteoirí a a bhí an-inniúil sa teanga a bhí i gceist le formhór na gcásanna sin inar úsáideadh FCÁT agus an cur chuige cumarsáideach go héifeachtach chun teagasc na Gaeilge a leathnú.
[12] Gabillon, Z. (2020). Revisiting CLIL: Background, Pedagogy, and Theoretical Underpinnings. Contextes et Didactiques, 2020, Eagrán 15, lgh 88-116.
Tumoideachas
Aithnítear go forleathan go bhfuil an tumoideachas sa sprioctheanga ar cheann de na bealaí is éifeachtaí chun líofacht a ghnóthú i dteanga[13]. Is éard atá i gceist leis an tumoideachas ná foghlaimeoirí teanga a chur i dtimpeallacht ina n-úsáidtear teanga eile seachas a dteanga baile ná a dteanga dhúchais. Imríonn tuismitheoirí agus scoileanna ról lárnach an tráth céanna maidir le teanga baile an linbh a chothabháil agus a cheiliúradh ionas go mbeifear in ann na tairbhí a thagann as sin a úsáid chun cabhrú le leanaí teangacha eile a fhoghlaim.
Leis an tumoideachas, cabhraítear le leanaí éirí níos líofa agus níos compordaí i dteanga nua, agus iad ag foghlaim na teanga nua sin in éineacht lena dteanga dhúchais. Mar shampla, is i dtimpeallacht teanga na scoile a thumtar leanaí a fhoghlaimíonn an Béarla mar theanga bhreise. Ba cheart leanaí a spreagadh na scileanna atá foghlamtha acu sa Bhéarla nó sa Ghaeilge a aistriú chuig na teangacha eile atá acu, agus a mhalairt. Cabhraítear le leanaí tuiscint láidir a ghnóthú ar a bhféiniúlacht chultúrtha freisin le heispéiris tumoideachais.
Tríd is tríd, tugtar i gcigireachtaí fianaise go n-imríonn an tumoideachas i scoileanna Gaeilge tionchar dearfach ar thorthaí foghlama leanaí, rud lena chothaítear dearcadh dearfach agus díograis mhéadaithe i leith na Gaeilge. Léiríodh i gcigireachtaí gur bhain leanaí i scoileanna Gaeilge an-tairbhe as an gcéad dá bhliain a chaitheamh i ranganna naíonán inar tumadh sa Ghaeilge labhartha iad, áit ar tugadh léitheoireacht agus litearthacht fhoirmiúil isteach tráth ní ba dhéanaí. Cuireadh ar chumas na leanaí treoracha a thuiscint, ceisteanna a chur agus iad féin a chur in iúl i nGaeilge mar gheall ar an úsáid chomhsheasmhach a bhain múinteoirí as an nGaeilge le linn ceachtanna. Dúirt leanaí i ranganna sinsir gur bhain siad taitneamh as an nGaeilge a fhoghlaim agus as an bhfoghlaim trí mheán na Gaeilge nuair a ghabh siad do ghníomhaíochtaí spéisiúla le linn grúpoibre. Sa chleachtas ab éifeachtaí a breathnaíodh, chothaigh múinteoirí timpeallacht dhearfach nuair a bhain siad úsáid as gníomhaíochtaí spéisiúla foghlama teanga agus nuair a bhí gramadach, foclóir agus foghraíocht á dteagasc i gcomhthéacsanna lánbhrí.
[13] Ó Duibhir, P. (2018). Immersion Education: Lessons from a Minority Language Context. Bristol, Blue Ridge Summit: Multilingual Matters; Fortune, T.W. agus Tedick, D.J. (2008). Pathways to Multilingualism: Evolving Perspectives on Immersion Education. An Ríocht Aontaithe: Multilingual Matters.
Aistriú scileanna idir teangacha
Foghlaimíonn leanaí teangacha nua agus iad ag idirghníomhú le daoine eile, ar an dóigh chéanna is a d’fhoghlaim siad an chéad teanga. Imríonn fuaimniú agus struchtúr abairtí na chéad teanga tionchar ar an gcumas atá acu an teanga nua a labhairt agus a thuiscint. Cé gur gá struchtúr agus stór focal gach teanga a theagasc astu féin, ba cheart iad a theagasc ar bhealach a spreagann aistriú eolais agus scileanna nuair is féidir. Cabhraíonn múinteoirí le leanaí tuiscint níos fearr a ghnóthú ar theangacha agus aird a tharraingt ar na cosúlachtaí agus na difríochtaí atá idir teangacha. Ar an tslí sin, cuirtear leis an gcumas atá acu an teanga a fhoghlaim agus ceangail a dhéanamh lena dteanga dhúchais.
Tríd is tríd, ba bheag sampla a chonacthas le linn cigireachtaí de theagasc éifeachtach a bheith ar siúl chun tacú le haistriú scileanna teanga idir an Béarla agus an Ghaeilge nó teangacha baile eile. Tá sé tábhachtach go dtuigfeadh múinteoirí an dóigh a bhfuil teangacha ceangailte le chéile agus an dóigh a gcabhraíonn aistriú teanga le leanaí a thuiscint gur féidir leis an gcéad teanga cabhrú leo an dara teanga a fhoghlaim. Léiríodh sna cigireachtaí freisin nach raibh fócas leordhóthanach ar theagasc follasach na feasachta fóineolaíochta sa Ghaeilge agus ar chomhtháthú na scileanna seo trasna snáitheanna an churaclaim. Ní mór an fheasacht fhóineolaíoch a theagasc go follasach d’fhonn a chinntiú go bhfoghlaimíonn leanaí foghraíocht cheart na haibítre Gaeilge ó aois óg. Tá sé seo mar bhunús do scileanna cruinne labhartha, léitheoireachta agus scríbhneoireachta sa Ghaeilge.
Tugann cineál ilteangach a lán seomraí ranga deis luachmhar chun aird a tharraingt ar an dóigh ar féidir le haistriú teanga eispéiris foghlama leanaí a fheabhsú agus meon dearfach i leith na Gaeilge agus i leith teangacha agus cultúir eile a chothú ina measc[14].
Feasacht teanga agus feasacht chultúrtha
Cabhraítear le leanaí an dóigh a mbaineann daoine úsáid as teanga chun cumarsáid a dhéanamh a aithint le feasacht teanga agus feasacht chultúrtha. Nuair a thugtar deiseanna do leanaí teangacha agus cultúir éagsúla a iniúchadh agus a chur i gcomparáid le chéile, spreagtar a gcuid spéise i dteanga nua a fhoghlaim agus cabhraítear leo scileanna inaistrithe a fhorbairt gur féidir leo a úsáid i dteangacha éagsúla[15].
Moladh foirne bainistíochta scoile ar úsáid na Gaeilge a spreagadh i ngníomhaíochtaí seach-churaclaim amhail imeachtaí cultúrtha, na healaíona agus an spórt in an-chuid cigireachtaí. Chuir scoileanna an Ghaeilge chun cinn trí thionscnaimh scoile uile amhail An Ghaelbhratach, Seachtain na Gaeilge, Lá na Seantuismitheoirí agus imeachtaí Lá Fhéile Pádraig freisin. Bhain roinnt scoileanna úsáid as TG4, cainéal teilifíse Gaeilge, mar acmhainn teagaisc le linn ceachtanna. Bhí samplaí ann freisin de mhúinteoirí a bheith ag cur leis an bhfeasacht chultúrtha leanaí trí Cheol, na hEalaíona, Drámaíocht, filíocht agus finscéalta Éireannacha a chomhtháthú isteach i gceachtanna teanga.
Imríonn scoileanna ról ríthábhachtach maidir le scileanna teanga a dhearbhú i measc leanaí a bhfuil teangacha difriúla acu. Mar gheall ar nuatheangacha iasachta a thabhairt isteach i Curaclam Teanga na Bunscoile, mar atá athfhorbartha, tá deis ann chun tuiscint na múinteoirí ar na prionsabail agus cuir chuige oideolaíochta a chothú agus a leathnú, amhail foghlaim dara teanga (agus teangacha breise), aistriú teanga, feasacht teanga agus feasacht chultúrtha agus éagsúlacht teangacha i gcomhthéacs ilteangach. Ó seoladh an tionscnamh ‘Déanann Teangacha Nasc,’ tacaítear le forbairt scileanna teanga agus feasacht chultúrtha leanaí sna meánranganna agus ranganna sinsir. Bhí aon trian de na scoileanna a ndearnadh cigireacht orthu ag glacadh páirt sa mhodúl deich seachtaine i nuatheangacha iasachta dar teideal ‘Cuir Fáilte roimh Theangacha’[16], rud a reáchtálann Teangacha Iar-bhunscoile Éireann é. Sna scoileanna sin, breathnaíodh múinteoirí ag cabhrú leis na leanaí ceangail a dhéanamh idir an Ghaeilge agus teangacha eile.
[14] An Chigireacht, An Roinn Oideachais (2024). Freastal a dhéanamh ar Riachtanais Bhreise Teanga: Cuir Chuige Scoile Uile agus Ranga i dtaca le Foghlaim Ionchuimsitheach Teangacha. Ar fáil ag: https://assets.gov.ie/static/documents/freastal-a-dheanamh-ar-riachtanais-bhreise-teanga.pdf
[15] van Dijk, C., van Wonderen, E., Koutamanis, E., Kootstra, G. J., Dijkstra, T., and Unsworth, S. (2022). Cross-Linguistic Influence in Simultaneous and Early Sequential Bilingual Children: A Meta-Analysis. Journal of Child Language, 49(5), lgh 897-929.
[16] Sa scoilbhliain 2024/2025, roghnaigh breis agus 1,300 bunscoil páirt a ghlacadh sa mhodúl deich seachtaine ‘Cuir Fáilte roimh Theangacha’ (Teangacha ar Bhunscoil | Déanann Teangacha. Ar fáil ag: https://languagesconnect.ie/primary/), ina bhfreastalaítear ar 15 theanga dhifriúla, lena n-áirítear Araibis, Sínis, Fraincis, Gearmáinis, Eabhrais, Teanga Chomharthaíochta na hÉireann, Iodáilis, Seapáinis, Liotuáinis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Spáinnis, Tamailis agus Úcráinis. Soláthraíonn Teangacha Iar-bhunscoile Éireann deontas, oiliúint agus acmhainní do scoileanna chun tacú leis an modúl i nuatheangacha iasachta a chur chun feidhme.
Éagsúlacht teangacha
Leis an éagsúlacht mhéadaitheach atá ann ó thaobh teangacha de i seomraí ranga, tá deis luachmhar ann cur leis an léirthuiscint atá ag leanaí do theanga, d’fhéiniúlacht agus do chultúr. Is féidir le múinteoirí tacú leis an ilteangachas tríd an raon éagsúil teangacha baile atá ann a aithint agus a urramú. I nDaonáireamh na hÉireann 2022, taifeadadh gur ag ní ba mhó ná 750,000 duine a bhí teanga eile seachas an Béarla nó an Ghaeilge. Tá sé sin cothrom le méadú 23% ar an mbreis agus 600,000 duine a raibh teanga eile seachas an Béarla nó an Ghaeilge mar theanga baile acu sa bhliain 2016.
Tugtar le fios sna cigireachtaí nár baineadh leas iomlán go fóill as acmhainneacht na héagsúlachta teangacha i seomraí ranga. Tríd is tríd, tá deis ag múinteoirí plé le hidircheangailteacht teanga, feasacht teanga agus feasacht chultúrtha agus éagsúlacht teangacha mar ghnéithe idircheangailte comhtháite d’fhoghlaim teanga, agus ní mar thacar prionsabal ar leith.
Lárnacht an tsúgartha
Cothaítear dearcthaí dearfacha i leith na litearthachta leis an súgradh agus leis an bhfoghlaim fhiosrúbhunaithe agus tacaítear le forbairt fhoriomlán litearthachta leanaí leo [17]. I measc na gcineálacha cur chuige spraíúil i leith litearthacht a fhoghlaim sa Ghaeilge agus sa Bhéarla i Curaclam Teanga na Bunscoile, tá súgradh atá faoi stiúir ag an leanbh, gníomhaíochtaí atá faoi threoir ag an múinteoir, agus súgradh comhroinnte idir múinteoirí agus leanaí. Is ar bhealach nádúrtha a chomhtháthaíonn leanaí an litearthacht isteach ina gcuid súgartha nuair a fhaigheann siad deiseanna praiticiúla chun a scileanna teanga sa Ghaeilge a fhorbairt. Trí pháirt a ghlacadh sa súgradh, is féidir le múinteoirí fíorghníomhaíochtaí litearthachta a léiriú agus comhráite samhailteacha a spreagadh.
Tugtar le fios i dtorthaí cigireachta nach bhfuil lánacmhainneacht an tsúgartha á baint amach go hiomlán mar chur chuige foghlama teanga i mbunscoileanna mar a bhaineann le foghlaim, teagasc agus measúnú na Gaeilge. Bhí modheolaíochtaí foghlama spraíúla sa Ghaeilge nasctha go príomha le cluichí teanga ó bhéal a úsáid i ngrúpaí beaga. Tá gá le húsáid an tsúgartha a leathnú, go háirithe an úsáid a bhaintear as súgradh atá faoi stiúir ag an leanbh agus as súgradh comhroinnte idir múinteoirí agus leanaí, chun cur leis an gcumas atá ag leanaí a gcuid scileanna teanga agus cumarsáide sa Ghaeilge a fhorbairt. Is gá stór focal agus struchtúir theanga sa Ghaeilge a theagasc go follasach do leanaí ionas go mbeidh siad in ann foghlaim shúgradhbhunaithe a threorú.
[17] An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (2024). Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige. Ar fáil ag: https://www.curriculumonline.ie/ga-ie/early-childhood/aistear-2024
Litearthacht trasna an churaclaim agus litearthacht disciplín
Cé gurb idircheangailte le chéile atá litearthacht trasna an churaclaim agus litearthacht disciplín, déantar cuspóirí difriúla a chomhlíonadh leo i scoileanna ina mbíonn comhthéacsanna teanga éagsúla. Is é atá i gceist le litearthacht trasna an churaclaim forbairt a dhéanamh ar na scileanna ginearálta litearthachta sa léitheoireacht, sa scríbhneoireacht, sa labhairt agus san éisteacht a úsáidtear in aon ábhar. Is ar na scileanna follasacha teanga agus smaointeoireachta criticiúla a theastaíonn laistigh d’ábhar sonrach a dhíríonn litearthacht disciplín. Is é atá i gceist le litearthacht trasna an churaclaim agus litearthacht disciplín a chur chun feidhme go héifeachtach chun tacú le foghlaim teanga leanaí sa Ghaeilge ná scileanna litearthachta a chomhtháthú ar fud ábhair dhifriúla ar mhaithe leis an tuiscint atá ag leanaí a dhoimhniú.
Tríd is tríd, ba bheag fianaise a fuarthas le linn cigireachtaí go raibh litearthacht trasna an churaclaim agus litearthacht disciplín á gcur i bhfeidhm i leith eispéiris teanga leanaí i gceachtanna Gaeilge i scoileanna Béarla agus Gaeilge araon. Ní raibh cur chuige téamach chun an Ghaeilge a chomhtháthú ar fud an churaclaim ina ghné den chleachtas i gcuid mhór scoileanna Béarla. Thug leanaí i scoileanna Gaeilge le fios gur bhain siad taitneamh as an nGaeilge a fhoghlaim agus as ábhair eile a fhoghlaim trí mheán na Gaeilge, go háirithe nuair a tugadh deiseanna dóibh obair le chéile chun taighde a dhéanamh ar thopaicí le cabhair na teicneolaíochta chun tacú lena gcuid foghlama. Aithnítear go mbeidh cur chun feidhme CTB éagsúil ag brath ar cibé acu a úsáideann an scoil Gaeilge nó Béarla mar mheán teagaisc. Le linn seisiúin foghlama gairmiúla, tá sé ríthábhachtach go bhfaigheann múinteoirí treoir maidir le conas na prionsabail agus na cuir chuige oideolaíochta a chur i bhfeidhm ar bhealach a oireann dá gcomhthéacs teanga scoile féin.
Litearthacht chriticiúil
Is é is litearthacht chriticiúil ann ná an cumas chun anailís a dhéanamh agus smaoineamh níos doimhne a dhéanamh ar an téacs chun saincheisteanna a thuiscint agus chun smaointe agus dearcthaí a cheistiú, amhail cén fáth ar roghnaigh údar smaointe áirithe a scríobh faoi thopaic agus cinn eile a fhágáil ar lár[18]. Cé gur leis an nGaeilge agus leis an mBéarla araon a bhaineann torthaí foghlama litearthachta criticiúla, tá sé tábhachtach go bhforbrófaí na scileanna sin i gcomhréir le cumas teanga agus céim forbartha gach linbh, mar atá leagtha amach sna contanaim dhul chun cinn teanga don dá theanga i Curaclam Teanga na Bunscoile.
Teanga teagaisc na scoile, a mhéid a nochtar leanaí don Ghaeilge, agus cé chomh héifeachtach agus a chuirtear CTB chun feidhme ar fud na scoile, imríonn siad go léir tionchar láidir ar litearthacht chriticiúil leanaí sa Ghaeilge. Fuarthas amach i gcigireachtaí gur bheag aird a bhí á tabhairt i seomraí ranga ar na scileanna litearthachta criticiúla atá ag leanaí sa Ghaeilge a fhorbairt. Tá ról lárnach ag múinteoirí maidir le téacsanna oiriúnacha sa Ghaeilge a roghnú, ar téacsanna iad a spreagann leanaí dul i mbun pléití machnamhacha, smaoineamh go criticiúil agus a dtuairimí a chur in iúl ó bhéal agus i scríbhinn. Ionas gur féidir leo litearthacht chriticiúil sa Ghaeilge a fhorbairt, is gá do mhúinteoirí ardleibhéal inniúlachta agus muiníne a bheith acu sa teanga.
[18] McLaughlin, M. agus DeVoogd, G.L. (2004). Critical literacy: Enhancing students’ comprehension of text. Nua-Eabhrac: Scholastic.
Litearthacht dhigiteach
I saol digiteach an lae inniu, tá sé ríthábhachtach go mbeadh leanaí inniúil ar an teicneolaíocht dhigiteach ionas gur féidir leo cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach, smaoineamh go criticiúil agus gníomhú ar bhealach freagrach ar líne. I Curaclam Teanga na Bunscoile, cuirtear ar chumas leanaí an teicneolaíocht a úsáid chun eolas a aimsiú, a thuiscint agus a chur in iúl ar fud comhthéacsanna, téacsanna agus meáin éagsúla.
Léiríonn torthaí cigireachta nár úsáideadh litearthacht dhigiteach go héifeachtach chun tacú le foghlaim, teagasc agus measúnú na Gaeilge ach i roinnt bheag scoileanna. Bhí plean soiléir foghlama digití i bhfeidhm ag na scoileanna sin, rud lenar áiríodh aipeanna digiteacha Gaeilge a úsáid chun cleachtas seomra ranga a threorú ar bhonn scoile uile. I ndornán scoileanna, bhain na múinteoirí úsáid as an teicneolaíocht dhigiteach go héifeachtach chun dul chun cinn leanaí sa Ghaeilge a rianú agus chun aiseolas múnlaitheach a thabhairt.
Measúnú
Is é atá i gceist le cleachtas oideolaíoch éifeachtach ná go seicheamhaíonn múinteoirí foghlaim leanaí, agus go socraíonn siad luas na foghlama sin, chun an curaclam a chur i bhfeidhm do gach foghlaimeoir. Nuair a bhaintear úsáid as dea-chineálacha cur chuige measúnaithe tugtar spreagadh do leanaí machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama agus cabhraítear le múinteoirí a chinneadh an mbíonn na cineálacha cur chuige teagaisc a úsáidtear ag freastal ar na riachtanais teanga agus chumarsáide atá ag gach leanbh agus an ndéanann siad dul chun cinn ina gcuid foghlama dá bharr.
Tríd is tríd, ba bheag fianaise a bhí ann gur pleanáladh measúnú nó gur pléadh measúnú a raibh forbairt fhorásach torthaí sonracha foghlama teanga mar thoradh air. Sa líon beag cásanna inar breathnaíodh cleachtas éifeachtach le linn cigireachtaí teagmhasacha, bhain múinteoirí leas as measúnuithe iomasacha agus as measúnuithe pleanáilte araon. Chuir múinteoirí ceisteanna, thug siad aiseolas ceartaitheach, agus chuir siad ceachtanna in oiriúint do riachtanais éagsúla foghlama na leanaí.
Léiríodh i gcigireachtaí teagmhasacha gur gá do scoileanna cineálacha cur chuige atá faoi threoir ag an leanbh agus atá faoi threoir ag an múinteoir araon a chur chun feidhme i leith measúnaithe (lena n-áirítear measúnú iomasach, measúnú pleanáilte agus pléití measúnaithe)[19]. Den chuid ba mhó, ba ghá do scoileanna cur chuige scoile uile a fhorbairt, ar cur chuige é lena chuimsítear féinmheasúnú agus piarmheasúnú araon, agus ba ghá do mhúinteoirí tuilleadh béime a chur ar mheasúnuithe lánbhrí ar mhaithe le foghlaim teanga leanaí a fheabhsú.
I dtuairiscí meastóireachta curaclaim, tarraingíodh aird ar roinnt samplaí de chleachtais mheasúnaithe ardchaighdeáin a bheith ar bun i scoileanna Gaeilge agus i scoileanna Béarla araon. Bhain múinteoirí sna scoileanna sin leas as modhanna éagsúla, amhail breathnóireacht, ceistiú agus trialacha caighdeánaithe, chun meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn leanaí sa Ghaeilge agus chun bonn eolais a chur faoina n-ullmhúchán do cheachtanna. I ndornán scoileanna, úsáideadh punanna digiteacha go héifeachtach chun dul chun cinn leanaí a thaifeadadh agus chun faisnéis a chomhroinnt le tuismitheoirí. Bhí samplaí ann freisin de leanaí a bheith ag gabháil d’fhéinmhachnamh ar bhealach a chuir ar a gcumas úinéireacht a ghlacadh ar a gcuid foghlama féin.
Tríd is tríd, tugadh le fios sna cigireachtaí gur gá do mhúinteoirí úsáid mhéadaithe a bhaint as an gcontanam dul chun cinn i Curaclam Teanga na Bunscoile ar mhaithe le léargas iomlánaíoch a fhorbairt ar an dul chun cinn atá déanta ag gach leanbh i bhfoghlaim teanga, lena n-áirítear an dul chun cinn atá déanta ag leanaí a bhfuil riachtanais bhreise foghlama acu. Tá sé ríthábhachtach teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid go cuí chuige sin.
[19] An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (2007). Measúnú i gCuraclam na Bunscoile: Treoirlínte do Scoileanna. Ar fáil ag: https://ncca.ie/media/2724/assessment_irish_feb08.pdf
Mar fhocal scoir
Is casta atá an próiseas le haghaidh an curaclam a chur chun feidhme. An comhthéacs scoile, timpeallachtaí seomra ranga, tosca cultúrtha agus socheacnamaíocha, agus na tacaí atá ar fáil, imríonn siad go léir tionchar ar an bpróiseas sin. Is deis í tabhairt isteach na dteangacha iasachta nua-aimseartha i mbunscoileanna chun tuiscint na múinteoirí ar phrionsabail agus cur chuige oideolaíochta um fhoghlaim an dara teanga (agus teangacha breise), aistriú teanga, feasacht teanga agus chultúrtha, agus éagsúlacht teanga i gcomhthéacs ilteangach a chothú agus a leathnú. Ionas gur féidir leo CTB a chur i bhfeidhm go héifeachtach, is gá do mhúinteoirí eispéiris foghlama teanga lánbhrí agus éifeachtacha a dhearadh agus a sholáthar do leanaí.
Sna cinntí ó chigireachtaí, tarraingítear aird ar réimsí ina bhfuil feabhsuithe ag teastáil i ndáil le cleachtas scoileanna agus múinteoirí chun tacú le foghlaim, teagasc agus measúnú na Gaeilge.
- Tugtar le fios sna cinntí cigireachta, tríd is tríd, nach bhfuil Curaclam Teanga na Bunscoile curtha chun feidhme ina iomláine go fóill i seomraí ranga bunscoile. Tá bearnaí idir fís agus spriocanna CTB agus an cleachtas a breathnaíodh in go leor seomraí ranga. Tá fianaise ann ar phrionsabail agus cuir chuige oideolaíochta CTB a bheith á léirmhíniú, á dtuiscint agus á gcur chun feidhme ar bhealach neamh-chomhsheasmhach i dtaca leis an nGaeilge. I gcuid mhór scoileanna, ba léir go raibh gá le cur chuige ní ba chomhordaithe chun CTB a chur chun feidhme, mar aon le monatóireacht níos comhsheasmhaí ó lucht bainistíochta na scoile.
- Is mórábhar é an éagsúlacht atá ann maidir leis an inniúlacht atá ag múinteoirí sa Ghaeilge. Tugtar le fios sna cigireachtaí nach bhfuil caighdeán foriomlán líofachta Gaeilge múinteoirí i scoileanna Béarla ard go leor chun tacú le cur chun feidhme rathúil Curaclam Teanga na Bunscoile. Bhí tionchar suntasach aige seo ar fhoghlaim teanga na leanaí.
- Ina lán cásanna, leagadh an iomarca béime i gceachtanna Gaeilge ar shealbhú stór focal ann féin, gan dóthain deiseanna a thabhairt chun an teanga a úsáid i gcomhthéacsanna lánbhrí. Tá gá foriomlán ann an cur chuige cumarsáideach a neartú mar an straitéis oideolaíoch lárnach um theagasc na Gaeilge i scoileanna Béarla. Is gá do mhúinteoirí an sprioctheanga (Gaeilge) a úsáid, agus aistriúchán díreach go Béarla a sheachaint, chun tacú le foghlaim teanga leanaí sa Ghaeilge. Tá sé tábhachtach áiseanna amhairc, ábhair phraiticiúla agus gníomhaíochtaí spéisiúla a úsáid ina leith sin.
- I roinnt ceachtanna, bhí múinteoirí ag brath ró-mhór ar théacsleabhair agus ar chláir thráchtála. Chuir sé sin srian le húsáid an chuir chuige chumarsáidigh i leith foghlaim teanga. Nuair a úsáidtear téacsleabhair, ba cheart iad a chomhtháthú isteach sna cleachtais oideolaíochta foghlama gníomhaí atá molta sa churaclam.
- Cé go n-aithnítear i dtuairiscí cigireachta na hiarrachtaí atá ar bun ag roinnt scoileanna Béarla chun úsáid leathnaithe na Gaeilge a chur chun cinn, níor bhain ach roinnt bheag scoileanna Béarla úsáid as an gcur chuige FCÁT chun ábhair eile a theagasc tríd an nGaeilge. Is gá an úsáid a bhaintear as FCÁT a mhéadú de réir a chéile, mar gheall ar an acmhainneacht atá aige tionchar dearfach a imirt ar shealbhú na Gaeilge ag leanaí.
- I gcásanna áirithe, tugadh spreagadh do leanaí ceangail a dhéanamh idir teangacha. Beag beann ar na hiarrachtaí dearfacha sin, áfach, tharla sé le linn comhráite gur chuir múinteoirí agus ceannairí scoile éiginnteacht in iúl maidir le conas Uirlisí Úsáide Teanga | Curaclam ar líne[20] le haghaidh Curaclam Teanga na Bunscoile a úsáid go héifeachtach agus conas leas a bhaint as scileanna teanga an Bhéarla chun tacú le teagasc na Gaeilge.
Moltaí chun treisiú le foghlaim teanga leanaí sa Ghaeilge
- Tá gá le cuir chuige nuálacha agus éifeachtacha a aithint agus a chur chun feidhme ar fud an chórais chun inniúlacht teanga na múinteoirí a fhorbairt sa Ghaeilge. Tá gá suntasach ann freisin le go ndéanfadh múinteoirí a dtuiscint ar phrionsabail agus ar chuir chuige oideolaíochta CTB a dhoimhniú de réir mar a bhaineann siad le comhthéacsanna teanga éagsúla. Ba cheart do mhúinteoirí leas a bhaint as na tacaí ardchaighdeáin um fhoghlaim ghairmiúil múinteoirí atá ar fáil uathu seo a leanas:
- GaelAonad agus rannáin teanga Oide
- An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta
- An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG)
- Lárionaid Tacaíochta Oideachais
- Institiúidí ardoideachais
- Gníomhaireachtaí Gaeilge eile.
- Is gá tógáil ar obair na Comhairle Náisiúnta Curaclam agus Measúnachta (CNCM) agus é a leathnú i dtaca le Curaclam Teanga na Bunscoile (CTB) a ailíniú le Creat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CTET) d’fhonn tacú le foghlaim teangacha leanaí sa Ghaeilge.
- Ba cheart do cheannairí scoile i scoileanna Béarla a chinntiú go bhfuil cur amach acu ar chur i bhfeidhm Curaclam Teanga na Bunscoile a mhéid a bhaineann sé leis an nGaeilge agus go ngabhfaidh siad go gníomhach dá chur i bhfeidhm. Tá sé tábhachtach go mbeadh sé soiléir ag gach scoil cé na réimsí tosaíochta atá ann le haghaidh feabhsúcháin i bhfoghlaim, teagasc agus measúnú na Gaeilge, de réir an chomhthéacs foghlama teanga atá acu féin.
- Ba cheart na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis na próisis pleanála scoile atá i bhfeidhm chun tacú le cur chun feidhme CTB:
- deiseanna tráthrialta a thabhairt do mhúinteoirí plé agus machnamh a dhéanamh ar na prionsabail agus cuir chuige oideolaíochta atá mar bhunús leis an gcuraclam
- faireachán agus measúnú a dhéanamh ar thionchar na bprionsabal sin ar fhoghlaim leanaí sa Ghaeilge i ndáil le teanga ó bhéal, leis an léitheoireacht agus leis an scríbhneoireacht sa seomra ranga
- straitéisí chun tacú le foghlaim ghairmiúil leanúnach múinteoirí ionas go mbeidh na scileanna agus an tuiscint is gá acu ar phrionsabail agus cuir chuige oideolaíochta an churaclaim
- múinteoirí a bheith ag glacadh úinéireacht ar a bhfoghlaim ghairmiúil féin ar mhaithe lena n-inniúlacht teanga sa Ghaeilge a neartú agus a chothabháil.
- Ba chóir do na scoileanna Béarla nach bhfuil Foghlaim Chomhtháite Ábhair agus Teanga (FCÁT) in úsáid acu fós, mar atá molta sa CTB, tosú ar an gcur chuige seo a úsáid chun eispéireas foghlama teanga na leanaí ar an nGaeilge a leathnú.
[20] Ar fáil ag: https://curriculumonline.ie/ga-ie/primary/curriculum-areas/primary-language/primary-language-toolkit-2/