Dearcthaí ar iompraíocht bhulaíochta (2024)
- Foilsithe: 17 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 17 Samhain 2025
- Réamhrá
- Cultúr agus timpeallacht
- Curaclam: Teagasc agus foghlaim
- Polasaí agus pleanáil
- Caidrimh agus páirtnéireachtaí
- Dul i ngleic le cibearbhulaíocht: Straitéisí le haghaidh todhchaí níos sábháilte
- Mar fhocal scoir
Réamhrá
Cineáltas
Rud atá i gcroílár fhís na Roinne Oideachais agus Óige do scoileanna is ea a chinntiú go mbraitheann gach leanbh agus duine óg go n-aithnítear iad, go bhfuil meas orthu agus go dtuigtear iad. Is ionann Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht (2022) [1] ón roinn agus cur chuige straitéise oideachais uile chun iompraíocht bhulaíochta i scoileanna a chosc agus dul i ngleic léi. Cumhdaítear gach cineál bulaíochta ann, cibé acu a dhéantar ar líne nó as líne í, agus áirítear leis bulaíocht atá bunaithe ar chine, bulaíocht atá bunaithe ar fhéiniúlacht inscne, gnéaschlaonadh agus ciapadh gnéasach.
Tá Cineáltas fréamhaithe sa Ráiteas Polasaí Folláine agus Creat Cleachtais [2], ón Roinn agus sa treoir ó Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) maidir le freagairtí oideachais uile do bhulaíocht [3].Treisítear ann an tiomantas do phobail ionchuimsitheacha scoile a chothú, áit a seastar leis na cearta atá ag gach leanbh agus duine óg.
Buntaca le Cineáltas is ea ceithre threoirphrionsabal: tús áite a thabhairt do chosc; tacú le pobail scoile; maoirseacht agus feasacht a neartú; agus braistint athnuaite chomhpháirtíochta agus chomhfhreagrachta a chothú. Leis na prionsabail sin tacaítear le scoileanna timpeallachtaí ionchuimsitheacha comhbhácha a chruthú ina mbraitheann gach leanbh go bhfuil siad sábháilte, go bhfuil meas orthu agus go dtacaítear leo.
[1] Ar fail ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/foilseachain/cine%C3%A1ltas-plean-gn%C3%ADomha%C3%ADochta-ar-an-mbula%C3%ADocht/
[2] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/feachtais/foll%c3%a1ine-san-oideachas/
[3] UNESCO (2020). International Conference on School Bullying: recommendations by the Scientific Committee on preventing and addressing school bullying and cyberbullying. UNESCO Digital Library. Ar fáil ag: https://unesdoc.unesco.org/ark:/48223/pf0000374794
Forbairtí sa bhliain 2024
D’fhoilsigh an roinn nósanna imeachta nua do scoileanna i mí an Mheithimh 2024 – Bí Cineálta: Nósanna Imeachta chun Iompraíocht Bhulaíochta a Chosc agus Dul i nGleic léi do Bhunscoileanna agus d’Iar-bhunscoileanna [4]. Is i gcur chuige atá bunaithe ar chearta leanaí agus ar chur chuige comhpháirtíochta atá na nósanna imeachta nua sin fréamhaithe. Sna nósanna imeachta Bí Cineálta, leagtar béim ar a thábhachtaí atá sé go gcomhoibreodh leanaí agus daoine óga, baill foirne, tuismitheoirí agus boird bhainistíochta le chéile chun iompraíocht bhulaíochta a chosc agus dul i ngleic léi. Tugtar aghaidh iontu ar dhúshláin chomhaimseartha, lena n-áirítear cibearbhulaíocht, bulaíocht atá bunaithe ar fhéiniúlacht inscne, agus ciapadh gnéasach. Ceanglaítear leo freisin go bhforbródh scoileanna beartas aonair Bí Cineálta i gcomhairle leis an bpobal scoile uile agus an beartas sin a athbhreithniú gach bliain. Tháinig na nósanna imeachta i bhfeidhm ag tús na scoilbhliana 2025/2026.
Bhunaigh an roinn Grúpa Forfheidhmithe agus Meastóireachta freisin, rud atá faoi chathaoirleacht ag an Ard-Rúnaí agus a bhfuil de dhualgas air maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na ngníomhartha uile faoi Cineáltas.
I mí Mheán Fómhair 2024, reáchtáladh imeacht taispeántais náisiúnta Cineáltas do scoileanna chun an dea-chleachtas maidir le hiompraíocht bhulaíochta a chosc agus dul i ngleic léi a aithint agus a cheiliúradh agus chun an dea-chleachtas sin a scaipeadh i measc scoileanna. Dháil an roinn brat Cineáltas ar na scoileanna uile freisin, rud ar léiriú é ar chomhluachanna an chineáltais, an mheasa, an chomhionannais agus an ionchuimsithe atá mar bhonn leis an gcur chuige náisiúnta.
Cigireacht – díriú ar bhulaíocht a chosc agus dul i ngleic léi
Ag teacht sna sála ar an doiciméad Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht (2022) [5] a fhoilsiú, d’fhoilsigh an roinn Cineáltas: Plean Forfheidhmithe 2023 – 2027 [6], i mí Aibreáin 2023. Ceann amháin de na gníomhartha sa phlean forfheidhmithe sin is ea go n-ullmhóidh an Chigireacht tuarascáil bhliantúil, do thréimhse cúig bliana, ar thuairimí leanaí, daoine óga agus tuismitheoirí maidir leis an mbealach a gcuireann a scoil féin cosc ar iompraíocht bhulaíochta agus a dtéann sí i ngleic léi. Tá an tuarascáil seo ar an dara ceann de na cúig thuarascáil bhliantúla sin.
Ba sa bhliain 2024 a foilsíodh an chéad tuarascáil ón gCigireacht, rud dar teideal Dearcthaí ar Iompar Bulaíochta (2023) [7]. Sa tuarascáil sin, baineadh leas as na freagraí suirbhé a fuarthas ó bhreis agus 2,300 duine de leanaí agus daoine óga, ó 3,300 tuismitheoir, ó 800 múinteoir agus ó 64 phríomhoide ar fud 106 scoil. Cuireadh in iúl inti gurbh amhlaidh, tríd is tríd, a d’fhéach tuismitheoirí, múinteoirí agus scoláirí ar scoileanna mar áiteanna nár glacadh le bulaíocht iontu. Sainaithníodh dúshláin freisin - go háirithe san oideachas iar-bhunscoile, áit ar bhraith líon suntasach scoláirí (beagnach aon trian díobh) nach raibh fáilte rompu. Chuir cuid mhór scoláirí iar-bhunscoile a ndearnadh suirbhé orthu do thuarascáil na bliana 2023 ábhair imní in iúl faoi cé chomh héifeachtach agus a bhainistigh scoileanna iompraíocht bhulaíochta.
Tá an dara tuarascáil seo ón gCigireacht dar teideal Dearcthaí ar Iompar Bulaíochta (2024) bunaithe ar shonraí a bailíodh trí shuirbhé ar líne a seoladh le linn na Seachtaine Frithbhulaíochta 2024. Bailíodh freagraí ó 4,818 nduine de leanaí agus daoine óga, ó 5,155 thuismitheoir agus ó 1,336 dhuine de phríomhoidí agus de mhúinteoirí [8]. Sa suirbhé, rinneadh iniúchadh ar raon dearcthaí ar iompraíocht bhulaíochta a bhain leis an scoil agus ar an tionchar a bhí ag tionscnaimh frithbhulaíochta scoile uile. Áiríodh leis an suirbhé ceisteanna ilroghanna, scálaí rátála agus ceisteanna ceannoscailte a bhí ceaptha chun sonraí uimhriúla agus freagraí tuairisciúla araon a bhailiú. Úsáideadh ceisteanna iata chun sonraí fíorasacha cainníochtúla a bhailiú.
Sa tuarascáil seo, úsáidtear na sonraí suirbhé chun iniúchadh a dhéanamh ar na straitéisí ar bhain scoileanna leas astu le linn na bliana 2024 chun iompraíocht bhulaíochta a chosc agus dul i ngleic léi. Cuirtear i láthair inti na dearcthaí a bhí ag leanaí, daoine óga, tuismitheoirí, múinteoirí agus príomhoidí ar thionchar na n-iarrachtaí sin, agus tarraingítear aird inti ar réimsí ina bhfuil tuilleadh feabhsuithe ag teastáil. Leagtar amach sa tuarascáil cineálacha cur chuige ar éirigh leo cultúr a chothú ina mbraitheann gach leanbh go bhfuil meas orthu agus go bhfuil siad cuimsithe agus sábháilte. Dírítear ar chibearbhulaíocht inti freisin.
Cosúil le tuarascáil na bliana 2023, aithnítear sa tuarascáil seo go ndéanann an comhthéacs sóisialta ina maireann siad difear as cuimse do leanaí agus daoine óga. Imríonn leanaí agus daoine óga tionchar ar chaidreamh sóisialta agus ar an mórchultúr, agus imríonn caidreamh sóisialta agus an mórchultúr tionchar orthu féin [9]. Leagadh amach i bPlean Forfheidhmithe Cineáltas raon bealaí éagsúla ina mbeadh rochtain ag múinteoirí ar oiliúint chuí cothrom le dáta maidir le bearta chun bulaíocht a chosc agus dul i ngleic léi. Ba sna míonna deiridh den bhliain 2024 a tosaíodh ar oiliúint a chur ar cheannairí scoile chun tacú leo nósanna imeachta Bí Cineálta a chur chun feidhme. Tá sé ríthábhachtach go dtabharfadh ceannairí scoile deiseanna tráthrialta do mhúinteoirí teacht le chéile agus plé a dhéanamh ar chineálacha cur chuige scoile uile i leith iompraíocht bhulaíochta. Tá freagracht ghairmiúil ar mhúinteoirí freisin aird a tharraingt ar aon bhearnaí a mheasann siad a bheith ann ina gcuid oiliúna. Le tacaíocht ó lucht ceannaireachta na scoile, ba cheart múinteoirí a chumasú rochtain a fháil ar dheiseanna foghlama gairmiúla atá ag teacht go cuí lena riachtanais reatha. Ar deireadh thiar, tá freagracht ghairmiúil ar mhúinteoirí timpeallacht foghlama atá sábháilte agus ionchuimsitheach a sholáthar do na leanaí agus na daoine óga atá faoina gcúram.
Cosúil le tuarascáil na bliana 2023, tá torthaí na tuarascála seo bunaithe ar na ceithre phríomhréimse atá sainaitheanta sa Ráiteas Polasaí Folláine agus Creat Cleachtais ón roinn, is iad sin: cultúr agus timpeallacht; curaclam (teagasc agus foghlaim); polasaí agus pleanáil; agus caidrimh agus páirtnéireachtaí.
[5] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/foilseachain/cine%C3%A1ltas-plean-gn%C3%ADomha%C3%ADochta-ar-an-mbula%C3%ADocht/
[6] Ar fáil ag: https://assets.gov.ie/static/documents/cinealtas-plean-forfheidhmithe-2023-2027.pdf
[7] Ar fáil ag: https://assets.gov.ie/static/documents/dearcthai-ar-iompar-bulaiochta-2023.pdf
[8] Nóta: Tá na céatadáin bunaithe ar na freagraí bailí a fuarthas ar gach ceist aonair (1,039 ndalta bunscoile/scoile speisialta agus 3,779 scoláire iar-bhunscoile). Bhí difríochtaí beaga ann maidir leis an líon freagraí a fuarthas ar gach ceist. Ní dhearnadh aon tástáil suntasachta staitistiúla.
[9] Bronfenbrenner, U. (1979). The Ecology of Human Development: Experiments by Nature and Design. Cambridge, MA: Preas Ollscoil Harvard
Laigí na tuarascála seo
Ba cheart roinnt laigí a chur san áireamh agus na torthaí atá sa tuarascáil seo á léirmhíniú. Tá an tuarascáil bunaithe ar na freagraí a bailíodh agus orthu sin amháin. Ós rud é gur úsáideadh sampláil bhreithiúnais, ní féidir na torthaí a chur síos ach amháin don phobal sampláilte, agus ní don mhórphobal. Tá roinnt tuairimí an-éagsúil le feiceáil sna sonraí agus tá siad sin pléite sna rannáin ábhartha.
Cuirtear i láthair sa tuarascáil seo freagraí suirbhé ó phointe ama ar leith, agus braitear inti ar chuntais phearsanta agus léirmhínithe pearsanta na rannpháirtithe ar iompraíocht bhulaíochta. D’fhéadfadh éagsúlacht a bheith ann maidir leis na cuntais agus na léirmhínithe sin, ag brath ar an gcomhthéacs. Ní dhearnadh aon chomparáidí staitistiúla le sonraí suirbhé na bliana 2023, agus d’fhéadfadh na rátaí difriúla freagartha idir an dá bhliain claontacht a chruthú agus difear a dhéanamh d’inghinearálaitheacht. Dá bhrí sin, ní shuitear aon chomhghaol díreach ná aon chúisíocht dhíreach sa tuarascáil. Tugtar treochtaí atá comhchosúil nó atá i gcodarsnacht leo sin a breathnaíodh sa bhliain 2023 faoi deara nuair is iomchuí, áfach.
Eispéiris leanaí agus daoine óga ar iompraíocht bhulaíochta:
— Bhraith 25% de dhaltaí bunscoile/scoile speisialta go raibh taithí acu ar iompraíocht bhulaíochta tráth (duine amháin as gach ceathrar)
— Bhraith 17% de scoláirí iar-bhunscoile go raibh taithí acu ar iompraíocht bhulaíochta tráth (duine amháin as gach seisear)
— Thuairiscigh 29% de thuismitheoirí go raibh a leanbh páirteach i dteagmhas mar a bhain le hiompraíocht bhulaíochta tráth
Bulaíocht a thuairisciú do dhuine fásta iontaofa:
— I gcás 63% de dhaltaí bunscoile a bhraith go raibh taithí acu ar iompraíocht bhulaíochta tráth, d’inis siad do dhuine fásta faoin iompraíocht bhulaíochta
— I gcás 50% de scoláirí iar-bhunscoile a bhraith go raibh taithí acu iompraíocht bhulaíochta tráth, d’inis siad do dhuine fásta faoin iompraíocht bhulaíochta
Éifeachtacht na n-idirghabhálacha:
— Bunscoileanna: I gcás 70% de na scoláirí a d’inis do dhuine fásta faoin iompraíocht bhulaíochta, fuair siad tacaíocht ansin agus, i gcás 45% de na scoláirí sin a d’inis do dhuine fásta faoin iompraíocht bhulaíochta, cuireadh stop leis an mbulaíocht ansin
— Iar-bhunscoileanna: I gcás 67% de scoláirí a d’inis do dhuine fásta faoin iompraíocht bhulaíochta, fuair siad tacaíocht ansin agus, i gcás 43% de scoláirí a d’inis do dhuine fásta faoin iompraíocht bhulaíochta, cuireadh stop leis an mbulaíocht ansin.
Cultúr agus timpeallacht
Timpeallacht scoile atá dearfach agus fáilteach a chruthú
De réir na bhfreagraí suirbhé, thug beagnach gach príomhoide agus múinteoir (92%) le fios go raibh atmaisféar dearfach ann ina scoil agus gur chuir a scoil fáilte roimh gach leanbh agus duine óg (97%). Tugtar sa tuarascáil ar an staidéar náisiúnta Children’s School Lives (CSL) (2019 – 2023) [10] fianaise inchomparáide atá ag teacht leis an toradh sin.
[10] Ar fáil ag: https://ncca.ie/ga/foilseachain-taighde/ar-dtaighde/children-s-school-lives-csl/
Is scoil ionchuimsitheach í ár scoil: tá an meas céanna againn ar gach scoláire agus glacaimid cur chuige comhsheasmhach i leith déileáil go pras agus go héifeachtach le bulaíocht.
Príomhoide scoile
Thug formhór na leanaí agus na ndaoine óga a bhí ag freastal ar bhunscoileanna agus ar scoileanna speisialta (88%) le fios go raibh a scoil ina háit dhearfach, figiúr atá ar aon dul le torthaí na bliana 2023. D’aontaigh formhór na scoláirí iar-bhunscoile (73%) go raibh a scoil ina háit dhearfach. Mar sin féin, ba lú i bhfad an dearfacht ina leith sin i measc na bhfreagraithe ba shine in iar-bhunscoileanna, go háirithe iad sin san idirbhliain agus sa séú bliain, ná i measc freagraithe sa chéad bhliain. Tá seans ann gur léiriú é sin ar na héilimh acadúla mhéadaithe a bhíonn ann sa séú bliain nó ar na dúshláin an-chasta a bhaineann do leanaí níos sine a mhéid a bhaineann le caidreamh sóisialta nó le caidreamh lena bpiaraí.
Thug beagnach gach leanbh agus duine óg i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta (93%) agus formhór na ndaoine óga in iar-bhunscoileanna (82%) le fios gur chuir a scoil fáilte roimh na scoláirí go léir, beag beann ar chuma, ar chumas, ar chúlraí, ar údair spéise nó ar stíl mhaireachtála. Thug a bhformhór (79%) le fios go raibh focail agus íomhánna lena spreagtar meas ar taispeáint ar fud a scoile.
Thug formhór na dtuismitheoirí (87%) le fios go raibh atmaisféar dearfach ann i scoil a linbh. Dúirt beagnach gach tuismitheoir (93%) freisin gur chuir scoil a linbh fáilte roimh gach leanbh agus duine óg. Thug beagnach gach príomhoide agus múinteoir le fios go raibh atmaisféar dearfach ann ina scoil (92%) agus go raibh fáilte roimh gach scoláire ina scoil (97%).
Dheimhnigh formhór na leanaí agus na ndaoine óga i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta (74%) agus formhór na ndaoine óga in iar-bhunscoileanna (82%) gur eagraíodh imeachtaí le linn na bliana chun a scoil a dhéanamh ina háit níos fáiltí. Thug formhór na leanaí agus na ndaoine óga i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta (83%) agus formhór na ndaoine óga in iar-bhunscoileanna (83%) le fios gur tugadh tacaíocht agus spreagadh dóibh páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí ag am lóin agus tar éis na scoile.
Iarradh ar fhreagraithe samplaí a chomhroinnt de ghníomhaíochtaí a rannchuidigh lena scoil a dhéanamh ina timpeallacht fháilteach dhearfach. Rinne leanaí agus daoine óga trácht ar raon éagsúil tionscnamh sna freagraí uathu, lenar áiríodh imeachtaí agus ócáidí ceiliúrtha ioncuimsitheacha, cláir phiarthacaíochta amhail córais pháirtíochta agus piarmheantóireacht, gníomhaíochtaí seach-churaclaim, agus cleachtais ranga amhail tionscadail ghrúpa. Rinne siad trácht freisin ar ghníomhaíochtaí a spreag rannpháirtíocht agus ceannaireacht scoláirí i saol na scoile, mar aon le tionscnaimh scoile uile amhail feachtais frithbhulaíochta.
Clár páirtíochta do naíonáin shóisearacha agus do rang a sé
Scoláire bunscoile
A lán spórt agus clubanna ar fáil le páirt a ghlacadh iontu
Scoláire iar-bhunscoile
Pobal measúil scoile a chruthú
Thug beagnach gach leanbh agus duine óg i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta (90%) le fios nach raibh focail ná frásaí dímheasúla ceadaithe ina scoil. Thuairiscigh freagraithe i ranganna sinsearacha bunscoile rátaí ní b’airde teanga dímheasúla, áfach. Cé gur dheimhnigh 82% de scoláirí i rang a trí nach raibh teanga dhímheasúil ceadaithe, níor thug ach 58% de scoláirí i rang a sé an freagra céanna.
In iar-bhunscoileanna, thug formhór na scoláirí (76%) le fios nach raibh teanga dhímheasúil ceadaithe ina scoil. Tá na torthaí sin ag teacht le CSL Report 6 (2023) [11], ina ndoiciméadaítear go bhféachann formhór mór na leanaí i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta ar a dtimpeallacht scoile mar cheann nach nglactar le teanga dhímheasúil ann. Cosúil le torthaí na tuarascála seo, áfach, faightear amach sa staidéar CSL freisin go dtuairiscíonn na leanaí is sine, go háirithe iad sin i ranganna sinsearacha, úsáid níos minice teanga dímheasúla, rud a thugann le fios go bhféadfadh laghdú teacht ar fhorfheidhmiú braite de réir mar a dhéanann leanaí agus daoine óga a mbealach tríd an gcóras scoile.
Thug formhór na bpríomhoidí agus na múinteoirí (88%) agus formhór na dtuismitheoirí (80%) le fios go raibh caighdeáin iompraíochta go maith i gcoitinne. Thug formhór na leanaí agus na ndaoine óga (68%) i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta le fios gur iompair formhór na scoláirí ina rang nó ina mbliainghrúpa iad féin go maith. Ní raibh daoine óga in iar-bhunscoileanna chomh dearfach céanna, áfach, agus 57% díobh ag rá go raibh sé sin fíor i gcás scoláirí ina mbliainghrúpa. Thug beagnach aon trian (31%) le fios go raibh sé sin fíor ó am go ham, agus dúirt ní ba mhó ná aon deichiú (13%) gurbh annamh a bhí sé fíor, nó nach raibh sé fíor in am ar bith, i gcás scoláirí ina mbliainghrúpa.
Dheimhnigh formhór na leanaí agus na ndaoine óga i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta (77%) gur tugadh spreagadh do scoláirí ina scoil iad féin a iompar go maith agus gur tugadh luach a saothair dóibh as déanamh amhlaidh. Mar sin féin, bhí 13% éiginnte faoi sin agus níor aontaigh 10% go raibh sé sin ina chleachtas seanbhunaithe ina scoil. In iar-bhunscoileanna, thug ní ba mhó ná leath na bhfreagraithe (58%) le fios go raibh dreasachtaí dearfacha den sórt sin i bhfeidhm. Dúirt beagnach aon chúigiú (19%) nár tharla sé sin ar chor ar bith, agus bhí an 23% eile éiginnte.
Thug beagnach gach leanbh agus duine óg i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta (94%) agus formhór na scoláirí iar-bhunscoile (82%) le fios gur bhraith siad go raibh meas ag a múinteoirí orthu. Bunaithe ar a dtaithí féin, thug formhór na dtuismitheoirí (85%) le fios gur caitheadh go cothrom agus go measúil le leanaí agus daoine óga i scoil a linbh. Thug beagnach gach príomhoide agus múinteoir (94%) le fios go raibh sé sin fíor i gcás a scoile féin.
[11] Ar fáil ag: https://cslstudy.wpenginepowered.com/wp-content/uploads/2023/12/CSL-Report-Number-6-v6.pdf
Úsáidtear atreisiú dearfach laistigh den scoil gach lá. Dírítear le duaiseanna ‘Maith thú!’ ar an dóigh a gcaitear le daoine eile, seachas rudaí a bhaineann le cúrsaí acadúla
Príomhoide scoile
Muinín as rialacha na scoile
Thug beagnach gach leanbh agus duine óg i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta (92%) le fios go raibh rialacha soiléire i bhfeidhm ina scoil maidir le gan daoine eile a ghortú. D’aontaigh a bhformhór (80%) gur chabhraigh na rialacha le bulaíocht a chosc ina scoil. Dúirt ní ba mhó ná trí cheathrú (76%) gur chloígh formhór na scoláirí ina scoil le rialacha na scoile a bhaineann le bulaíocht.
Thug formhór na scoláirí iar-bhunscoile (83%) le fios go raibh rialacha soiléire i bhfeidhm ina scoil maidir le gan daoine eile a ghortú. Dúirt dhá thrian de scoláirí iar-bhunscoile (66%) go bhfuil muinín acu as rialacha a scoile. Rud ar chúis imní é ba ea gur thug ní ba mhó ná duine amháin as gach cúigear scoláirí iar-bhunscoile (21%) le fios nár chloígh na scoláirí ina scoil leis na rialacha maidir le bulaíocht.
Cé gur thug formhór na bpríomhoidí agus na múinteoirí (77%) le fios go raibh an cód iompraíochta á chur chun feidhme ar bhealach comhsheasmhach ina scoil, níor aontaigh beagnach duine amháin as gach ochtar príomhoidí (12%) leis an ráiteas sin.
Mar scoil speisialta, bíonn sé deacair rialacha comhsheasmhacha a chur chun feidhme do gach scoláire. Déileáiltear le hiompraíocht gach linbh dá réir laistigh de mo sheomra ranga.
Príomhoide scoile
Braistint chómhuintearais
Thug beagnach gach príomhoide agus múinteoir (96%) le fios go bhfuil sé mar sprioc thábhachtach ag a bpobal scoile tacú le scoláirí braistint chómhuintearais agus nascachta a bheith acu. Thug formhór na leanaí agus na ndaoine óga i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta (87%) le fios go raibh braistint chómhuintearais acu lena scoil. Dúirt ní ba lú ná aon deichiú (9%) go raibh sé sin fíor ó am go ham ina gcás féin. I gcás na 4% eile, dúirt siad gurbh annamh a bhí braistint chómhuintearais acu lena scoil (2.5%) nó nach raibh braistint chómhuintearais acu in am ar bith (1.7%).
Thug aon deichiú de scoláirí iar-bhunscoile (10%) le fios gurbh annamh a bhí braistint chómhuintearais acu lena scoil nó nach raibh braistint chómhuintearais acu in am ar bith. Dúirt thart ar aon chúigiú (21%) go raibh braistint chómhuintearais acu ó am go ham. Bhí muinín ag formhór na dtuismitheoirí (84%) go raibh braistint chómhuintearais agus nascachta ag a leanbh lena scoil.
Thug formhór na dtuismitheoirí (85%) le fios gur lig a bpiaraí dá leanbh a bheith páirteach i saol an tseomra ranga agus na scoile, dá mba mhian leis an leanbh é sin. Mar an gcéanna, thug formhór na leanaí agus na ndaoine óga (89%) le fios gur lig a bpáirtithe ranga dóibh a bheith páirteach sa seomra ranga agus le linn amanna áineasa, dá mba mhian leo é sin. Ní raibh scoláirí in iar-bhunscoileanna chomh dearfach céanna. Cé gur thug 78% le fios gur lig a bpáirtithe ranga dóibh a bheith páirteach, dúirt 15% nár tharla sé sin ach ó am go ham. Dúirt 7% gurbh annamh a tharla sé sin nó nár tharla sé in am ar bith.
A bhrath go bhfuil sé sábháilte a bheith ar do nós féin
Thug 5% de leanaí agus daoine óga i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta le fios gurbh annamh a bhí sé sábháilte, nó nach raibh sé sábháilte in am ar bith, a bheith ar a nós féin ar scoil. Bhraith 8% go raibh sé sábháilte ó am go ham. Cé gur thug formhór na ndaoine óga in iar-bhunscoileanna (71%) le fios go raibh sé sábháilte a bheith ar a nós féin ar scoil, dúirt 18% go raibh sé sin fíor ó am go ham. Tá na torthaí ar leibhéal na hiar-bhunscoile ag teacht le torthaí thuarascáil na bliana 2023. I gcás na 11% eile de scoláirí iar-bhunscoile, b’annamh a bhí sé sábháilte, nó ní raibh sé sábháilte in am ar bith, a bheith ar a nós féin ar scoil.
Sa taighde a rinne Porter et al (2021) [12] sa Ríocht Aontaithe, leagtar béim ar an gceangal domhain idir a bhrath go bhfuil tú mar chuid den scoil agus a bhrath go bhfuil tú sábháilte. Cabhraíonn caidrimh thacúla le múinteoirí agus piaraí le leanaí agus daoine óga a bhrath go n-aithnítear iad agus go nglactar leo. Tá ríthábhacht ag baint leis sin maidir lena chinntiú go mbraitheann leanaí agus daoine óga go bhfuil sé sábháilte a bheith ar a nós féin. Gníomhaíonn an bhraistint sábháilteachta síceolaíche sin mar mhaolán ar mhagadh nó ar bhagairtí féideartha ar fhéinmheas, agus tá ceangal aici le raon torthaí dearfacha, lena n-áirítear feabhas ar mheabhairshláinte, féinmheas agus rath acadúil.
[12] Porter, T., McDermott, H., Daniels, H. agus Ingram, J. (2021). Feeling part of the school and feeling safe: Further development of a tool for investigating school belonging. Educational Studies. lch 3
A bhrath go bhfuil tú sábháilte agus go dtugtar aire duit ar scoil
Dheimhnigh beagnach gach leanbh agus duine óg i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta (93%) go ndearna a múinteoirí maoirseacht orthu le linn tréimhsí áineasa. Bhraith sciar suntasach díobh, áfach, nár cuireadh a dtuairimí san áireamh maidir le limistéir agus amanna ag a bhféadfadh go mbeadh maoirseacht bhreise ag teastáil. I gcás 71% de leanaí agus daoine óga, bhí siad éiginnte maidir le cibé acu ar iarradh orthu smaointe a chur in iúl nó níor aontaigh siad gur iarradh orthu déanamh amhlaidh. In iar-bhunscoileanna, thug beagnach gach scoláire (91%) le fios go ndearna a múinteoirí maoirseacht orthu i ndorchlaí agus i limistéir choiteanna le linn amanna sosa agus lóin. I gcás 70% díobh, bhí siad éiginnte maidir le cibé acu ar iarradh orthu a dtuairimí a chur in iúl maidir lena éifeachtúla a bhí cleachtais maoirseachta scoile uile nó níor aontaigh siad gur iarradh orthu déanamh amhlaidh.
Bhí muinín ag formhór na leanaí agus na ndaoine óga i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta (75%) gur fhair a múinteoir amach do thréithe iompraíochta bulaíochta. Bhí beagnach aon chúigiú (19%) éiginnte. Is suntasach an rud é gur dheimhnigh ní ba mhó ná duine amháin as gach beirt leanaí agus daoine óga in iar-bhunscoileanna (54%) gur fhair baill foirne ina scoil amach do thréithe iompraíochta bulaíochta. Níor aontaigh ní ba mhó ná aon deichiú (14%) go ndearna siad amhlaidh, agus bhí thart ar aon trian (32%) éiginnte. Is toradh spéisiúil é sin, toisc go léirítear ann dearcadh na leanaí agus na ndaoine óga i ndáil le cibé acu an raibh na daoine fásta ag tabhairt aire dóibh go comhfhiosach agus an raibh siad san airdeall ar thréithe iompraíochta bulaíochta. D’fhéadfadh an dearcadh go bhfuil duine fásta ag tabhairt aire dó/di rannchuidiú go díreach le braistint sábháilteachta an linbh nó an duine óig.
Sna freagraí suirbhé uathu, thug formhór na dtuismitheoirí (89%) le fios gur bhraith siad go raibh a leanbh sábháilte ar scoil. Dheimhnigh beagnach gach príomhoide agus múinteoir (96%) go raibh sé mar thosaíocht ag a scoil timpeallacht shábháilte a chruthú do leanaí agus daoine óga. Sa tráchtaireacht cháilíochtúil uathu, leag cuid mhór príomhoidí béim ar a thábhachtaí atá sé a chinntiú go bhfuil leibhéil leordhóthanacha mhaoirseachta i bhfeidhm:
Cosc. Cosc. Cosc. Is é mo mhantra go bhfuil maoirseacht agus forairdeall ar na bealaí is fearr chun bulaíocht a chosc i scoileanna.
Príomhoide scoile
Freagairt d’iompraíocht bhulaíochta
Thug beagnach gach leanbh agus duine óg i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta (92%) le fios nár glacadh le bulaíocht ina scoil. Mar an gcéanna, dheimhnigh formhór na scoláirí in iar-bhunscoileanna (86%) nár glacadh le bulaíocht ina scoil. Bhí muinín ag formhór na dtuismitheoirí (82%) nár glacadh le bulaíocht i scoil a linbh. Bhí na leibhéil mhuiníne ní b’airde fós i measc príomhoidí agus múinteoirí, agus beagnach gach duine díobh (95%) ag rá nach raibh bulaíocht inghlactha ina scoil.
Thug beagnach gach leanbh agus duine óg i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta (94%) le fios gur tugadh spreagadh dóibh ábhair imní bulaíochta a thuairisciú. In iar-bhunscoileanna, thug beagnach dhá thrian de na freagraithe (64%) le fios gur thuig na scoláirí ina scoil go raibh ról le himirt acu maidir le bulaíocht a chosc. Mar sin féin, bhí beagnach aon cheathrú (23%) éiginnte faoi sin agus níor aontaigh ní ba mhó ná aon deichiú (13%) leis. Ar leibhéal na hiar-bhunscoile, fuarthas freagraí comhchosúla i ndáil le mír suirbhé inar fiafraíodh ar thuig scoláirí sa scoil an tábhacht a bhaineann le bulaíocht a thuairisciú. Cé gur thug 65% le fios gur thuig scoláirí an méid sin, níor aontaigh 14% leis agus bhí an 21% eile éiginnte.
Sa tráchtaireacht cháilíochtúil uathu, leag príomhoidí agus múinteoirí béim ar a thábhachtaí atá sásraí inrochtana tuairiscithe, tacaíocht agus seirbhísí atreoraithe.
Bíonn scoláirí ar a gcompord labhairt faoi bhulaíocht agus í a thuairisciú. Tríd an gcóras teagascóra, bíonn teagmhálaí ar fáil do scoláirí nuair a bhíonn fadhb acu, agus déileálann cinn bhliana go han-tapa le hábhair imní
Múinteoir iar-bhunscoile
Thug mionlach suntasach de na tuismitheoirí uile a ndearnadh suirbhé orthu (29%) le fios go raibh a leanbh páirteach i dteagmhas bulaíochta ar scoil tráth. De na tuismitheoirí sin, dúirt ní ba mhó ná a leath (56%) gur láimhseáil an scoil an teagmhas sin go héifeachtach, agus níor aontaigh 29% leis an ráiteas sin. Thug ní ba mhó ná leath na dtuismitheoirí sin (53%) le fios freisin gur chloígh an scoil leis na nósanna imeachta atá leagtha amach ina beartas frithbhulaíochta.
Curaclam: Teagasc agus foghlaim
Eispéiris foghlama
Dheimhnigh formhór na leanaí agus na ndaoine óga i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta (89%) gur thug a múinteoirí deiseanna tráthrialta dóibh comhoibriú le scoláirí eile ina mbeirteanna nó ina ngrúpaí beaga. Thug formhór na bhfreagraithe ar leibhéal na hiar-bhunscoile (80%) le fios gur chabhraigh a múinteoirí leo gabháil d’fhoghlaim chomhoibríoch lena bpiaraí. Níor aontaigh ní ba mhó ná aon deichiú de na scoláirí (11%) leis an ráiteas sin.
Sna freagraí suirbhé uathu, thug beagnach gach freagraí (92%) i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta le fios gur fhoghlaim siad faoi conas idirghníomhú go cairdiúil cineálta ina rang. Ní raibh na freagraí a fuarthas ó scoláirí iar-bhunscoile chomh dearfach céanna, áfach, agus 76% díobh ag rá go bhfuair siad treoir chomhchosúil.
Ar aon dul le tuarascáil na bliana 2023, dheimhnigh formhór na scoláirí iar-bhunscoile (79%) go bhfuair siad deiseanna chun a fhoghlaim conas idirghníomhú go measúil ar líne. Thug ní ba mhó ná aon deichiú (12%) le fios nár tharla sé sin ina scoil. Bhí torthaí comhchosúla le feiceáil i measc scoláirí i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta; dheimhnigh a bhformhór (79%) gur fhoghlaim siad faoi idirghníomhaíochtaí measúla ar líne, agus níor aontaigh 10% leis an ráiteas sin.
Bhí muinín ag príomhoidí agus múinteoirí gur teagascadh do leanaí agus daoine óga ina scoil conas cumarsáid a dhéanamh agus iad féin a iompar go measúil (91%). Ní raibh siad chomh muiníneach céanna, áfach, faoi leanaí agus daoine óga a bheith ag foghlaim conas iad féin a iompar go measúil i dtimpeallacht ar líne; dheimhnigh 84% gur fhoghlaim scoláirí ina scoil conas iad féin a iompar go measúil ar líne.
A fhoghlaim conas iompraíocht bhulaíochta a aithint agus freagairt di
I mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta, dheimhnigh formhór na leanaí agus na ndaoine óga (87%) gur chabhraigh a múinteoirí leo foghlaim faoi chineálacha difriúla bulaíochta. Thug siad le fios gur fhoghlaim siad conas a aithint an raibh duine éigin ag déanamh iarracht bulaíocht a dhéanamh orthu féin nó ar dhuine eile (85%) agus gur phléigh siad cad ba cheart dóibh a dhéanamh dá mbeadh bulaíocht á déanamh orthu (89%).
Dheimhnigh formhór na scoláirí iar-bhunscoile freisin gur fhoghlaim siad faoi chineálacha difriúla bulaíochta (83%), gur fhoghlaim siad conas iompraíocht bhulaíochta a aithint (74%) agus gur fhoghlaim siad faoi na gníomhartha ba cheart dóibh a dhéanamh dá mbeadh bulaíocht á déanamh orthu (72%).
Sna freagraí suirbhé a fuarthas ó bheagnach gach príomhoide agus múinteoir, tugadh le fios gur fhoghlaim leanaí agus daoine óga ina scoil conas bulaíocht a aithint (91%) agus conas freagairt do bhulaíocht (90%) agus gur fhoghlaim siad faoi na cineálacha difriúla bulaíochta atá ann (93%). D’aontaigh formhór na dtuismitheoirí gur thug scoil a linbh deiseanna dá leanbh foghlaim faoi bhulaíocht (84%), gur fhoghlaim a leanbh conas é a aithint nuair a bhí duine éigin ag déanamh iarracht bulaíocht a dhéanamh air/uirthi féin nó ar dhuine eile (79%) agus gur fhoghlaim a leanbh conas freagairt do bhulaíocht (68%). D’aontaigh a bhformhór (75%) freisin gur fhoghlaim a leanbh faoi chineálacha difriúla bulaíochta ar scoil.
Thug cuid mhór príomhoidí agus múinteoirí samplaí d’fheabhsuithe a thug siad faoi deara ar chumas na leanaí agus na ndaoine óga iompraíocht bhulaíochta a aithint agus freagairt di.
Bíonn scoláirí i bhfad níos compordaí teacht chun cinn nuair a dhéantar bulaíocht orthu.
Príomhoide scoile
An luach atá ag baint le foghlaim faoi bhulaíocht
Mheas formhór na leanaí agus na ndaoine óga i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta (81%) go raibh a gceachtanna ar bhulaíocht cabhrach. I gcodarsnacht leis sin, ní raibh scoláirí iar-bhunscoile chomh dearfach céanna, agus beagnach dhá thrian (63%) ag aontú go raibh a gcuid foghlama faoi bhulaíocht sa seomra ranga cabhrach. I gcás na scoláirí eile, níor aontaigh siad leis an ráiteas sin (18%) nó bhí siad éiginnte faoi (19%).
Sa tráchtaireacht cháilíochtúil uathu, leag cuid mhór múinteoirí béim ar an luach atá ag baint leis an gcuraclam oideachais shóisialta, phearsanta agus sláinte (OSPS), agus roinnt díobh ag labhairt faoina dhúshlánaí atá sé a chinntiú go bhfuil an curaclam ábhartha go fóill tráth atá mífhaisnéis ar na meáin shóisialta agus athruithe polaitiúla i réim, go háirithe ó thionchair antoisceacha. Rinne roinnt múinteoirí trácht freisin ar an ngá atá le hoideachas a chur ar leanaí agus daoine óga faoina thábhachtaí atá idirghabhálacha dearfacha ó fhéachadóirí i gcás teagmhais bhulaíochta.
Is iad na rudaí a tharlaíonn sa tsochaí i gcoitinne na rudaí is mó a imríonn tionchar ar a dtarlaíonn ar scoil. Má thagann méadú ar homafóibe sa tsochaí, is amhlaidh a fheicfimid méadú ar homafóibe ar scoil.
Príomhoide scoile
Polasaí agus pleanáil
Rannpháirtíocht i bhforbairt agus athbhreithniú beartais
Dheimhnigh beagnach gach tuismitheoir (90%) gur chomhroinn scoil a linbh beartais scoile leo. Bhí ní ba lú ná a leath (41%) in ann a dheimhniú, áfach, gur lorg an scoil a n-ionchur le linn di na beartais sin a fhorbairt. Thug thart ar aon trian de thuismitheoirí (34%) le fios gur iarradh orthu a gcuid tuairimí a chur in iúl maidir leis an obair a bhí ar bun ag an scoil chun bulaíocht a chosc agus dul i ngleic léi. Bhí 44% éiginnte faoin ráiteas sin, agus níor aontaigh thart ar aon chúigiú (22%) leis. Thug 22% de thuismitheoirí le fios go ndearna scoil a linbh athruithe bunaithe ar an méid a chuir tuismitheoirí in iúl maidir le bulaíocht. Dúirt 65% nach raibh a fhios acu, agus níor aontaigh na 12% eile leis an ráiteas sin.
Cé go raibh muinín ag príomhoidí agus múinteoirí go raibh an beartas frithbhulaíochta ar fáil go héasca don phobal scoile (94%), ní raibh siad chomh cinnte céanna faoi na deiseanna a bhí ag tuismitheoirí rannchuidiú lena fhorbairt agus lena athbhreithniú (60%). Thug a bhformhór (81%) le fios gur tugadh deis do mhúinteoirí an beartas frithbhulaíochta a fhorbairt agus a athbhreithniú. Cé go raibh muinín ag 78% de phríomhoidí agus múinteoirí go ndearnadh athbhreithniú ar bheartas frithbhulaíochta a scoile gach bliain, dúirt beagnach aon chúigiú (18%) nach raibh aon tuairim láidir acu ar an mír suirbhé seo, rud a thugann le tuiscint gurbh fhéidir nach raibh aon ról fiúntach acu sa phróiseas.
Thug formhór na scoláirí bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna óga (79% agus 83% faoi seach) le fios go raibh cur amach acu ar bheartas frithbhulaíochta a scoile. Thug 61% de phríomhoidí agus múinteoirí le fios go raibh ról ag scoláirí sa phróiseas um beartas frithbhulaíochta a fhorbairt agus a athbhreithniú. Bhraith ní ba lú ná leath na scoláirí iar-bhunscoile (49%), áfach, gur iarr a múinteoirí orthu a gcuid smaointe a chur in iúl maidir le bulaíocht a chosc agus dul i ngleic léi. De na scoláirí sin ar iarradh orthu a gcuid smaointe a chomhroinnt, chreid 55% go ndearna a scoil athruithe bunaithe ar na moltaí sin. I mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta, thug 60% le fios gur iarradh orthu a gcuid smaointe a chur in iúl. Bhraith ní ba lú ná leath na leanaí agus na ndaoine óga sin (44%) gur tháinig aon athruithe suntasacha as na moltaí sin, áfach.
Bhraith ní ba lú ná leath na scoláirí iar-bhunscoile (49%) gur iarr a múinteoirí orthu a gcuid smaointe a chur in iúl maidir le bulaíocht a chosc agus dul i ngleic léi.
Dearcthaí ar éifeachtacht beartais
D’aontaigh formhór na bpríomhoidí agus na múinteoirí gur chuir a mbeartas frithbhulaíochta bonn eolais iomlán faoin obair a bhí ar bun ag a scoil chun iompraíocht bhulaíochta a chosc agus dul i ngleic léi (89%), gur cuireadh an beartas chun feidhme go comhsheasmhach (82%) agus go raibh an beartas éifeachtach maidir le haghaidh a thabhairt ar ábhair imní bulaíochta (79%).
Cé gur thug formhór na leanaí agus ndaoine óga i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta (71%) le fios gur thuig na scoláirí ina rang go raibh ról le himirt acu maidir le bulaíocht a chosc, níor aontaigh 8% leis an ráiteas sin agus bhí ní ba mhó ná aon chúigiú (21%) éiginnte faoi.
Dheimhnigh formhór na leanaí agus na ndaoine óga i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta (75%) nár bhain aon iompraíocht bhulaíochta dóibh ar scoil riamh, agus bhraith 25% go ndearnadh bulaíocht orthu tráth. I dtéarmaí uimhriúla, ciallaíonn sé sin gur thug 259 nduine de na leanaí a ndearnadh suirbhé orthu le fios gur baineadh bulaíocht dóibh.
Thug 250 leanbh i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta freagra ar an mír suirbhé maidir le cé acu a d’inis nó nár inis siad do dhuine fásta ina scoil go raibh bulaíocht á déanamh orthu. De na leanaí sin, thug a bhformhór (63%) le fios gur inis siad do dhuine fásta faoin mbulaíocht, agus dúirt ní ba mhó ná aon trian (37%) nach ndearna siad amhlaidh.
Fuarthas 158 bhfreagra ó leanaí i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta ar an mír suirbhé maidir le cé acu a d’fhreagair nó nár fhreagair an scoil a luaithe a cuireadh í ar an eolas faoin mbulaíocht. Dúirt 70% díobh sin a thug freagra ar an gceist seo gur cabhraíodh leo tar éis dóibh insint do dhuine fásta faoin mbulaíocht, agus dúirt 45% gur cuireadh stop leis an mbulaíocht ansin. Mar sin féin, bhraith 30% nár cabhraíodh leo, agus thug 45% le fios gur lean an bhulaíocht ar aghaidh in ainneoin gur thuairiscigh an freagraí don scoil í. Léirítear go soiléir sna figiúirí sin gur gá do scoileanna tuilleadh iontaoibhe a chothú i measc scoláirí agus gur gá dóibh a chinntiú go mbíonn córais tacaíochta sofhreagrach, infheicthe agus éifeachtach i gcónaí maidir le dul i ngleic le bulaíocht nuair a thuairiscítear í.
Nochtar sna freagraí suirbhé a fuarthas ó leanai agus daoine óga i mbunscoileanna agus scoileanna speisialta sa bhliain 2023 agus sa bhliain 2024 araon gur ann do dhúshláin leanúnacha maidir leis an dóigh a dtéitear i ngleic le bulaíocht laistigh de scoileanna. Cé go mbraitheann cuid mhór leanaí agus daoine óga go bhfuil siad in ann bulaíocht a thuairisciú do dhaoine fásta agus tacaíocht a fháil ina leith, is amhlaidh i gcás mionlach suntasach go fóill atá drogall orthu a n-eispéiris a nochtadh nó nach bhfuil siad sásta leis an dóigh a láimhseálann scoileanna cásanna den sórt sin. I measc na n-ábhar imní leanúnach tá moilleanna ar fhreagairtí scoile, braistintí nach dtugtar dóthain tacaíochta, agus bulaíocht leanúnach beag beann ar an idirghabháil. Cé go ndearnadh iarracht tacaíocht a thabhairt do scoláirí, tugann na patrúin sin le tuiscint go bhfuil gá ann go fóill le cuir chuige níos éifeachtaí atá dírithe ar an scoláire, lena n-áirítear rannpháirtíocht i gceapadh beartais, chun a chinntiú go mbraitheann gach leanbh agus duine óg go bhfuil siad sábháilte agus go dtacaítear leo ina scoil.
Thug duine amháin as gach ceathrar leanaí agus daoine óga i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta a ndearnadh suirbhé orthu (25%) le fios go raibh siad páirteach i dteagmhas bulaíochta ar scoil tráth
Dheimhnigh 83% de scoláirí iar-bhunscoile nach ndearnadh bulaíocht orthu riamh. Bhraith 17%, nó 650 scoláire, go ndearnadh bulaíocht orthu tráth.
Thug 599 scoláire iar-bhunscoile freagra ar an mír suirbhé maidir le cé acu a d’inis nó nár inis siad do dhuine fásta ina scoil go raibh bulaíocht á déanamh orthu. De na scoláirí sin, thug 50% le fios gur inis siad do dhuine fásta ina scoil go raibh bulaíocht á déanamh orthu. Dúirt an 50% eile nach ndearna siad amhlaidh.
Chomhlánaigh 292 scoláire iar-bhunscoile an mhír suirbhé maidir leis an dóigh ar ghníomhaigh an scoil a luaithe a d’fhoghlaim sí faoin mbulaíocht. Díobh sin, dheimhnigh 64% gur fhreagair an scoil go tapa, agus thug 36% le fios gur dhéileáil an scoil leis an mbulaíocht ar bhealach tráthúil. Nuair a fiafraíodh díobh ar chabhraigh an scoil leo nuair a bhí bulaíocht á déanamh orthu, thug 67% de scoláirí le fios gur cabhraíodh leo, agus bhraith 33% nár tacaíodh leo. Cé gur dheimhnigh 43% gur scoireadh den bhulaíocht mar gheall ar na gníomhartha a rinne an scoil, bhraith 57% gur lean an bhulaíocht ar aghaidh ina ainneoin sin.
Tugtar le fios sna freagraí suirbhé a fuarthas ó scoláirí iar-bhunscoile gur thuairiscigh duine amháin as gach seisear go ndearnadh bulaíocht orthu tráth. Cé go bhfuil sé fíor go fóill nár bhraith ach thart ar leath na scoláirí a ndearnadh difear dóibh go raibh siad in ann insint do dhuine fásta ar scoil faoin mbulaíocht, is dearfach an rud é gur bhraith formhór na scoláirí a chuir daoine eile ar an eolas faoin mbulaíocht go raibh an freagra ón bhfoireann tráthúil agus tacúil. Mar sin féin, braitheann líon suntasach leanaí agus daoine óga go fóill nach gcuireann idirghabhálacha deireadh leis an mbulaíocht i ngach cás. Léiríonn sé sin gur gá do scoileanna cur arís eile leis na gnóthachain sin ionas go mbeidh muinín ag gach scoláire cabhair a lorg agus go mbraithfidh siad go dtacófar leo.
In iar-bhunscoileanna, bhraith thart ar dhuine amháin as gach seisear scoláirí a ndearnadh suirbhé orthu (17%) go ndearnadh bulaíocht orthu tráth.
Aistriú isteach san iar-bhunscoil
Sa Ráiteas Polasaí Folláine agus Creat Cleachtais [13], sainaithnítear aistrithe a bheith ar cheann de na príomhthosca atá taobh thiar d’fholláine leanaí agus daoine óga. Cé gur thug formhór na leanaí agus na ndaoine óga i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta (72%) le fios gur thacaigh a scoil le leanaí i rang a sé agus iad ag aistriú ón mbunscoil chuig an iar-bhunscoil, bhí ní ba mhó ná aon cheathrú (26%) éiginnte faoi sin nó níor aontaigh siad (2%) gur tharla sé sin ina scoil. Bhí leibhéil an-ard éiginnteachta le feiceáil i measc leanaí rang a sé, agus éiginnteacht á cur in iúl ag aon trian (33%) maidir leis an dóigh a n-ullmhófaí iad don aistriú sin. Is toradh suntasach é sin do bhunscoileanna. Léiríonn sé a thábhachtaí atá sé leanaí a ullmhú dá n-aistriú chuig an oideachas iar-bhunscoile, iad a chur ar an eolas roimh ré faoi na pleananna agus na gníomhaíochtaí atá i bhfeidhm chun cabhrú leis an aistriú sin a dhéanamh chomh réidh agus is féidir dóibh.
Tá córais éifeachtacha aistrithe idir bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna ina sásraí ríthábhachtacha maidir le tacú le himeascadh rathúil leanaí agus daoine óga isteach ina dtimpeallachtaí nua scoile. Is féidir le léargais a bhailítear maidir le riachtanais acadúla, shóisialta agus mhothúchánacha scoláirí a bheith an-luachmhar maidir le haistriú réidh a éascú. Sainaithnítear i gCaibidil 6 den tuarascáil seo laigí sna socruithe reatha le haghaidh faisnéis mheasúnaithe a bhaineann le Matamaitic a aistriú ó bhunscoileanna chuig iar-bhunscoileanna. Léirítear ann na bealaí ina bhféadfaí réimsí láidreachta agus laige coibhneasta i measc chohóirt na chéad bhliana a fheabhsú agus acmhainní teagaisc a leithdháileadh ar shlí níos spriocdhírithe a shainaithint. Cuirtear in iúl i gcaibidil a sé freisin gur gá do scoileanna díriú méadaithe a leagan ar dhearcthaí, creidimh agus ionchais inscneshonracha maidir le Matamaitic. Le linn dóibh tacú lena riachtanais acadúla, is féidir le scoileanna tacú freisin le haistriú sóisialta agus mothúchánach leanaí chuig an iar-bhunscoil trí imní a bhaineann le nithe acadúla a mhaolú.
I gcodarsnacht leis sin, chuir scoláirí iar-bhunscoile ardleibhéil dearfachta in iúl maidir leis an dóigh ar bhainistigh a scoil an t-aistriú ón mbunscoil chuig an iar-bhunscoil. Thug 87% de scoláirí iar-bhunscoile le fios gur tacaíodh le scoláirí a bhí ag dul isteach sa chéad bhliain ag an bpointe ríthábhachtach sin dá n-aistear oideachais.
Sna freagraí cáilíochtúla uathu, tharraing a lán scoláirí iar-bhunscoile aird ar thionscnaimh ar chreid siad go raibh siad ag imirt ról lárnach maidir le timpeallacht ionchuimsitheach thacúil a chothú do scoláirí na chéad bhliana. Rinne siad trácht ar leith ar ghníomhaíochtaí a d’eagraigh bliainghrúpaí ní ba shine do scoláirí na chéad bhliana.
[13] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/feachtais/foll%C3%A1ine-san-oideachas/
Caidrimh agus páirtnéireachtaí
Caidrimh laistigh den phobal scoile
Meastar an fháil ar dhuine fásta iontaofa a bheith ina toisc chosantach láidir maidir le folláine linbh nó duine óig [14]. Ar fud na n-earnálacha uile, thug beagnach gach príomhoide agus múinteoir (98%) le fios go bhféadfadh scoláirí ina scoil labhairt le duine fásta laistigh den phobal scoile dá mbeadh imní orthu nó dá mbeadh siad trí chéile faoi chairdeas. D’aontaigh beagnach gach duine (95%) go raibh dea-chórais tacaíochta i bhfeidhm do leanaí agus daoine óga ina scoil. Thug formhór na dtuismitheoirí (86%) le fios gurbh eol dóibh cén duine sa scoil lenar cheart dóibh teagmháil a dhéanamh dá mbeadh imní orthu nó dá mbeadh siad trí chéile faoi chairdeas a linbh.
I mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta, thug formhór na leanaí agus na ndaoine óga (76%) le fios go mbeadh siad ar a gcompord labhairt lena múinteoir dá mbeadh bulaíocht á déanamh orthu, agus beagnach gach duine (90%) ag rá go raibh a múinteoir cabhrach agus tacúil. In iar-bhunscoileanna, thug 60% de scoláirí le fios go mbeadh siad ar a gcompord labhairt le duine fásta ina scoil faoi ábhair imní bulaíochta, agus dúirt 17% go mbeadh siad ar a gcompord déanamh amhlaidh ó am go ham. Mar sin féin, thug ní ba mhó ná aon chúigiú de scoláirí in iar-bhunscoileanna (22%) le fios gurbh annamh a bheadh siad ar a gcompord, nó nach mbeadh siad ar a gcompord in am ar bith, dul i dteagmháil le duine fásta ina scoil dá mbeadh imní orthu faoi bhulaíocht. D’aontaigh formhór na scoláirí (78%) go raibh baill foirne ina scoil cabhrach agus go dtairgfeadh siad treoir agus tacaíocht i gcás go gcuirfeadh scoláire ábhar imní a bhaineann le bulaíocht in iúl dóibh.
Cé go raibh muinín ag formhór na bpríomhoidí, na múinteoirí agus na dtuismitheoirí gur féidir le leanaí agus daoine óga dul i muinín duine fhásta iontaofa in amanna an ghátair agus gur chreid siad go raibh córais láidre tacaíochta i bhfeidhm, nochtadh sna freagraí ó scoláirí nach bhfuil an scéal chomh simplí céanna. Tugann an chodarsnacht sin le tuiscint nach é an toradh a bhíonn ar struchtúir thacaíochta i ngach cás go mbraitheann scoláirí go bhfuil siad in ann, nó go bhfuil siad réidh, na struchtúir sin a rochtain, go háirithe i gcás na gcohórt is sine.
Rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga
Bhí muinín ag beagnach gach príomhoide agus múinteoir (98%) gur thug a scoil deiseanna do scoláirí páirt a ghlacadh agus ról a imirt i ngnáthshaol laethúil na scoile.
Thug ní ba mhó ná leath na leanaí agus na ndaoine óga i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta (54%) le fios go raibh comhairle scoláirí ann ina scoil. Dúirt thart ar aon deichiú de na freagraithe sin (11%) go raibh siad ina gcomhalta de chomhairle na scoláirí. De na freagraithe sin, bhraith a bhformhór (87%) gur éist príomhoide agus múinteoirí na scoile le smaointe chomhairle na scoláirí. Thug beagnach gach duine (92%) le fios gur rannchuidigh a gcuid moltaí le háit ní b’fhearr a dhéanamh dá scoil. Bhí muinín ni ba lú le feiceáil i measc comhaltaí de chomhairlí scoláirí a bhí sna ranganna sinsearacha bunscoile. Níor chreid ach 37% de na freagraithe sin gur chabhraigh a gcuid moltaí le feabhas a chur ar shaol na scoile.
Thug beagnach gach scoláire in iar-bhunscoileanna (93%) le fios go raibh comhairle scoláirí ann ina scoil. Dúirt sciar beag de na freagraithe sin (6.5%) go raibh siad ina gcomhalta de chomhairle na scoláirí ina scoil. Thug formhór na scoláirí sin (79%) le fios gur chabhraigh na moltaí ó chomhairle na scoláirí le háit ní b’fhearr a dhéanamh den scoil. Sna freagraí uathu ar mhír suirbhé maidir le cibé acu ar éist ceannairí agus múinteoirí a scoile le smaointe chomhairle na scoláirí, áfach, thug thart ar aon chúigiú le fios gur éist siad leo ó am go ham (12%), gurbh annamh a d’éist siad leo (5%) nó nár éist siad leo in am ar bith (3%).
Foghlaim ghairmiúil múinteoirí
Thug thart ar dhá thrian de phríomhoidí agus múinteoirí (66%) le fios go bhfuair na múinteoirí ina scoil comhairle agus oiliúint maidir le bulaíocht a chosc agus dul i ngleic léi. Thug beagnach aon chúigiú (19%) le fios nach raibh aon tuairim láidir acu ar an tsaincheist sin, agus dúirt na 15% eile nár aontaigh siad leis an ráiteas sin. Mar a luadh cheana, cuireadh sraith chuimsitheach deiseanna agus tacaí foghlama gairmiúla i bhfeidhm faoi Phlean Forfheidhmithe Cineáltas. Tosaíodh ar oiliúint spriocdhírithe a chur ar cheannairí scoile agus múinteoirí ag deireadh na bliana 2024, agus tá sásraí faoi na nósanna imeachta Bí Cineálta i bhfeidhm chun a chinntiú go dtéann baill foirne agus an pobal scoile i mbun plé tráthrialta ar chineálacha cur chuige scoile uile i leith iompraíocht bhulaíochta i scoileanna a chosc agus dul i ngleic léi Tá sé mar aidhm leis na bearta sin a chinntiú go bhfuil na baill foirne uile breá ábalta chun timpeallachtaí foghlama atá sábháilte agus ionchuimsitheach a chruthú, agus tá siad ina léiriú ar an tiomantas leanúnach atá ann acmhainneacht a fhothú sa réimse ríthábhachtach seo.
[14] Reinke, W.M., Herman, K.C., Huang, F.L., Glenn-Perez, A.L., Raut, P., Aguayo, D., Venkat, S., Boddie, D., Harris, J.M. agus Owens, S. (2024). Having a trusted adult in school: Concurrent and predictive relations with internalizing problems across development. Journal of Positive Behavior Interventions, 27(3), lgh 135–144. doi:10.1177/10983007241276534. (Foilsíodh an saothar bunaidh sa bhliain 2025).
Dul i ngleic le cibearbhulaíocht: Straitéisí le haghaidh todhchaí níos sábháilte
Bonn eolais faoin gcreat beartais le haghaidh Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht [15] ba ea an Cur Chuige Oideachais Uile i leith Bulaíocht a Chosc agus Dul i nGleic léi ó UNESCO [16]. Leis an gcur chuige sin, cuirtear in iúl go láidir gur saincheist oideachais uile í bulaíocht, seachas dúshlán ar féidir le scoileanna aonair é a réiteach leo féin [17]. Trí fhéachaint ar bhulaíocht ar an mbonn sin, aistrítear an díriú ar shiúl ó ghnéithe sonracha d’iompraíocht aonair agus i dtreo na mórthimpeallachta sóisialta. Ar an tslí sin, tarraingítear aird ar an dóigh ar féidir le struchtúir agus noirm shochaíocha gníomhartha ionsaitheacha a normalú, a bhuanú agus a threisiú.
Is cuid dhílis de shaol leanaí agus daoine óga iad uirlisí digiteacha agus meán. Ó luathaois, arb aois í a bhíonn ag éirí níos óige i gcónaí, bíonn leanaí ag teacht i dteagmháil le teicneolaíocht a bhíonn ag éirí níos casta, níos sofaisticiúla agus níos soghluaiste. Is rud coitianta é fón cliste a bheith ag duine anois, agus bíonn rochtain ag formhór na ndéagóirí ar ghléasanna digiteacha gach lá [18]. Mar thoradh ar an úsáid fhorleathan a bhaintear as an teicneolaíocht shoghluaiste, is féidir le cuid mhór leanaí agus daoine óga dul isteach sa domhan digiteach gach tráth, a bheag nó a mhór [19]. Pléadh an úsáid leathan a bhaintear as an saghas teicneolaíochta seo maidir leis na leibhéil ardaithe d’iompraíocht bhulaíochta sna scoileanna. Tá an fhianaise fós meascaithe áfach, ainneoinn trasnú méidithe idir bulaíocht ar scoil agus ar líne, i mbeagnach gach cás eascraíonn an bhulaíocht fós ó chásanna aghaidh ar aghaidh agus ar line [20].
Ós rud é go ndéantar í de ghnáth trí ghléasanna leictreonacha a úsáid chun daoine aonair a chiapadh, a bhagairt nó a náiriú, is minic is ar bhealach discréideach a dhéantar cibearbhulaíocht. Fágann sé sin go mbíonn sé an-deacair do mhúinteoirí í a bhrath [21]. Áirítear leis na tréithe uathúla atá ag cibearbhulaíocht anaithnideacht na ndéantóirí, an acmhainneacht atá ann dul i bhfeidhm ar spriocphobal níos leithne, agus an deacracht shuntasach a thagann ar na daoine is ábhair don chiapadh éalú uaidh [22]. Is féidir éifeachtaí díchoisc a bheith ag baint le cibearbhulaíocht freisin, amhail dul i muinín anaithnideachta, iarmhairtí láithreacha a sheachaint, agus a bhrath go bhfuil tú scartha agus scoite ón duine is ábhar don chibearbhulaíocht [23]. Áirítear leis na gnéithe eile di gan rialuithe leordhóthanacha duine fhásta ná córais a bheith ann i gcoitinne chun tacú le daoine is ábhair do chibearbhulaíocht. Déantar an scéal níos measa mar gheall ar chineál forleatach na timpeallachta ar líne, rud a fhágann go mbíonn sé beagnach dodhéanta ag an duine is ábhar don chibearbhulaíocht é/í féin a bhaint den eispéireas. Amhail i gcás cineálacha eile bulaíochta, is laistigh de ghrúpa daoine a bhfuil aithne acu ar a chéile a tharlaíonn cibearbhulaíocht; is feiniméan caidrimh í a tharlaíonn laistigh de líonra daoin [24]. Ní mór a thabhairt faoi deara go ndéantar bulaíocht as líne ar an bhformhór acu siúd ar a ndéantar bulaíocht ar líne agus gur annamh a thosnaítear ar bhulaíocht a dhéanamh ar dhaoine as an nua leis an cibearbhulaíocht [25].
Tá an tábhacht a bhaineann le féachadóirí is piaraí i gcásanna bulaíochta á haithint ag taighdeoirí agus ag oideoirí le fada. Mar sin féin, leag Ionad Frithbhulaíochta DCU [26] béim ar an ngá atá le tabhairt faoi thuilleadh taighde a bhaineann go sonrach leis an gcomhthéacs Éireannach, mar gheall ar an easpa litríochta atá ann i gcoitinne ar ról na bhféachadóirí i gcibearbhulaíocht [27]. Tá sé cruthaithe gurb é an modh is éifeachtaí chun dul i ngleic le bulaíocht agus chun tacú le folláine na ndaoine lena mbaineann ná iompraíocht bhulaíochta a phlé le daoine eile, go háirithe duine fásta iontaofa [28]. Bíonn claonadh ag leanaí agus daoine óga in Éirinn gan rud ar bith a rá le daoine eile nuair a bhíonn cibearbhulaíocht á déanamh orthu féin nó nuair a fhéachann siad cibearbhulaíoch [29].
Rinneadh staidéar fairsing ar choincheap ‘na láithreacha achrainn’ – limistéir ina mbíonn iompraíocht bhulaíochta níos leitheadúla ná limistéir eile – i gcomhthéacs na bulaíochta traidisiúnta scoile [30]. Tá easpa taighde ann, áfach, ar chibearbhulaíocht sa chomhthéacs seo. Díríodh i dtaighde go príomha ar anailís a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as teanga mhaslach ar na meáin shóisialta, [31] agus ní ar shainaithint a dhéanamh ar na spásanna ar líne ina n-éascaítear cibearbhulaíocht [32].
I mí an Mhárta 2024, d’fhoilsigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, an Eoraip, an dara himleabhar den staidéar Health Behaviour in School-aged Children, [33] inar díríodh ar phatrúin bhulaíochta agus ar fhoréigean piaraí ar fud ceithre cinn is daichead de thíortha agus de réigiúin. Ceann de na príomhthorthaí sa staidéar sin ba ea gur tháinig méadú ar leitheadúlacht na cibearbhulaíochta ó bhí an bhliain 2018 ann, cé go raibh na treochtaí foriomlána i mbulaíocht scoile measartha cobhsaí sa tréimhse chéanna. Cuireadh an méadú sin síos do dhigitiú méadaitheach na n-idirghníomhaíochtaí i measc daoine óga, rud a bhféadfadh impleachtaí ollmhóra a bheith aige dá bhfolláine. Amhail i gcás gach cineál bulaíochta, is le cineálacha éagsúla díobhála mothúchánaí, sóisialta agus/nó fisiciúla a bhaineann déanamh agus íospairt na cibearbhulaíochta [34]. Cé nach meastar go bhfuil cibearbhulaíocht chomh leitheadúil céanna le cineálacha traidisiúnta eile bulaíochta as líne, is cosúil gur mó tionchar síceasóisialta a imríonn cibearbhulaíocht ná é sin a imríonn bulaíocht as líne [35]. Léiríonn sé sin go soiléir an gá atá le straitéisí éifeachtacha um chosc agus idirghabháil a fhorbairt [36].
I staidéir ar úinéireacht agus úsáid fón cliste i measc leanaí, leagtar béim ar a thábhachtaí atá tosca comhthéacsúla agus timpeallachta, amhail iompraíocht teaghlaigh agus cairde, an timpeallacht bhaile agus an timpeallacht níos faide i gcéin [37]. Dírítear sa chuid is mó den taighde ar an tionchar a imríonn fóin chliste ar leanaí agus ní ar na próisis chinnteoireachta ná an t-uainiú i ndáil le cén uair a fhaigheann leanaí fón cliste den chéad uair. Tarraingnítear aird na cinntí sin ar a thábhachtaí atá an aois nó an chéim saoil ag a bhfaigheann leanbh rochtain den chéad uair ar an teicneolaíocht fóin chliste agus, ar an tslí sin, ar an domhan digiteach. Is ar shlite difriúla ag céimeanna difriúla is féidir le rochtain ar fhóin chliste tionchar a imirt ar iompraíocht, amhail cibearbhulaíocht [38].
[15] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/foilseachain/cine%C3%A1ltas-plean-gn%C3%ADomha%C3%ADochta-ar-an-mbula%C3%ADocht/
[16] UNESCO (2020). International Conference on School Bullying: recommendations by the Scientific Committee on preventing and addressing school bullying and cyberbullying - Leabharlann Dhigiteach UNESCO. Ar fáil ag: https://unesdoc.unesco.org/ark:/48223/pf0000374794
[17] Ibid
[18] An Coimisiún Eorpach (2023). An Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr, Well-being in the digital age, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh https://data.europa.eu/doi/10.2766/03746
[19] Livingstone, S. agus Smith, P.K. (2014).Annual research review: Harms experienced by child users of online and mobile technologies - The nature, prevalence and management of sexual and aggressive risks in the digital age. lch 636. Journal of Child Psychology and Psychiatry, 55(6), lgh 635–654. doi:10.1111/jcpp.12197.
[20] Rose, I.D., Lesesne, C.A., Sun, J., Johns, M.M., Zhang, X., Hertz, M. agus Theriot, M. (2022). The relationship of school connectedness to adolescents’ engagement in co-occurring health risks: A meta-analytic review. The Journal of School Nursing, 40(1), lgh 58–73. doi:10.1177/10598405221096820.
[21] Smale, W.T., Hutcheson, R. agus Russo, C.J. (2021). Cell phones, student rights, and school safety: Finding the right balance. Canadian Journal of Education Administration and Policy, 195, lgh 49–64. lch 51. doi:10.7202/1075672ar.
[22] Baldry, A.C., Farrington, D.P. agus Sorrentino, A. (2017). School bullying and cyberbullying among boys and girls: Roles and overlap. Journal of Aggression, Maltreatment & Trauma, 26(9), lgh 937–951. lch 939. doi:10.1080/10926771.2017.1330973.
[23] Achoimre ó Pharlaimint na hEorpa (2024). Cyberbullying among young people: Laws and policies in selected Member States, Cyberbullying among young people: Laws and policies in selected Member States
[24] UNESCO (2020). International Conference on School Bullying: recommendations by the Scientific Committee on preventing and addressing school bullying and cyberbullying. lch 2.
[25] Wolke, D., Lee, K.S., and Guy, A. (2017). Cyberbullying: a storm in a teacup? in European Child and Adolescent Psychiatry Volume 26, lgh. 899–908
[26] Is lárionad taighde náisiúnta é Lárionad Frith-bhulaíochta DCU (ABC) laistigh de Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhóthar Átha Cliath. Ar fáil ag: https://antibullyingcentre.ie/
[27] Sanmartin Feijóo, S., Sargioti, A., Sciacca, B. agus McGarrigle, J. (2023). Bystander behaviour online among young people in Ireland. lch 6. Ionad Frithbhulaíochta DCU, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Beavon, E., Jenkins, L., Bradley, M. agus Verma, K. (2024). Understanding adolescents’ bystander intervention in cyberbullying. Contemporary School Psychology, 28(2), lgh 270–281. lch 270.
[28] Bjereld, Y., Daneback, K. agus Mishna, F. (2019). Adults’ responses to bullying: the victimized youth’s perspectives. Research Papers in Education, 36(3), lgh 257–274. doi:10.1080/02671522.2019.1646793.
[29] An Chomhairle Chomhairleach Náisiúnta um Shábháilteacht ar Líne, lch 136. Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-cult%C3%BAir-cumars%C3%A1ide-agus-sp%C3%B3irt/foilseachain/comhairle-chomhairleach-n%C3%A1isi%C3%BAnta-um-sh%C3%A1bh%C3%A1ilteacht-ar-l%C3%ADne-ccnsl/;
Sanmartin Feijóo, S., Sargioti, A., Sciacca, B. agus McGarrigle, J. (2023). Bystander behaviour online among young people in Ireland. lch 6. Ionad Frithbhulaíochta DCU, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
[30] Rapp-Paglicci, L., Dulmus, C.N., Sowers, K.M. agus Theriot, M.T. (2004). “Hotspots” for bullying: exploring the role of environment in school violence. Journal of Evidence Based Social Work, 1(2–3), lgh 131–141.
[31] Ho, S.M., Kao, D., Chiu-Huang, M.J., Li, W. agus Lai, C.J. (2020). Detecting cyberbullying “hotspots” on Twitter: A predictive analytics approach. Forensic Science International: Digital Investigation, 32, 300906.
[32] Sanmartin Feijóo, S., Sargioti, A., Sciacca, B. agus McGarrigle, J. (2023). Bystander behaviour online among young people in Ireland. lch 6. Ionad Frithbhulaíochta DCU, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
[33] World Health Organisation (2024). One in six school-aged children experiences cyberbullying, finds new WHO/Europe study. World Health Organization Regional Office for Europe, 27 March. Ar fáil ag: https://www.who.int/europe/news/item/27-03-2024-one-in-six-school-aged-children-experiences-cyberbullying--finds-new-who-europe-study
[34] UNESCO (2020). International Conference on School Bullying: recommendations by the Scientific Committee on preventing and addressing school bullying and cyberbullying - Leabharlann Dhigiteach UNESCO
[35] Gaffney, H., Farrington, D.P., Espelage, D.L. agus Ttofi, M.M. (2019). Are cyberbullying intervention and prevention programs effective? A systematic and meta-analytical review. Aggression and Violent Behavior, 45, lgh 134–153. doi:10.1016/j.avb.2018.07.002.
[36] Sanmartin Feijóo, S., Sargioti, A., Sciacca, B. agus McGarrigle, J. (2023). Bystander behaviour online among young people in Ireland. lch 5. Ionad Frithbhulaíochta DCU, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
[37] Terras, M.M. agus Ramsay, J. (2016). Family digital literacy practices and children’s mobile phone use. Frontiers in Psychology, 7, 1957. lgh 6-9. doi:10.3389/fpsyg.2016.01957; Perowne, R. agus Gutman, L.M., (2023). Parents’ perspectives on smartphone acquisition amongst 9- to 12-year-old children in the UK – a behaviour change approach. Journal of Family Studies, 30(1), lgh 63–81. lch 65. doi:10.1080/13229400.2023.2207563.
[38] Cebollero-Salinas, A., Cano-Escoiraza, J. agus Orejudo, S. (2022). Are emotional e-competencies a protective factor against habitual digital behaviors (media multitasking, cybergossip, phubbing) in Spanish students of secondary education? Computers & Education, 181, 104464. lch 10. doi:10.1016/j.compedu.2022.104464.
Is ar an tionchar a imríonn fóin chliste ar leanaí a dhírítear sa chuid is mó den taighde atá ann cheana, agus ní ar na próisis chinnteoireachta ná an t-uainiú i ndáil le cén uair a fhaigheann leanaí fón cliste den chéad uair.
Tá Cineáltas bunaithe ar thaighde idirnáisiúnta ina dtugtar le fios gurb é an bealach is fearr chun cláir rathúla chibearbhulaíochta a chur chun feidhme ná leas a bhaint as cur chuige oideachais uile. Cinntítear leis an gcur chuige sin go n-aithníonn tionscnaimh áitiúla scoile an tábhacht a bhaineann le hidircheangailteacht idir an scoil agus an mórphobal [39].
Tháinig borradh mór faoi thoirmisc phobaltreoraithe ar fhóin chliste laistigh de scoileanna agus lasmuigh díobh araon ar fud na hÉireann sa bhliain 2024. Chomhordaigh cumainn tuismitheoirí roinnt mhaith tionscnaimh agus iad ag súil le tionscnamh deonach pobaltreoraithe agus scoilbhunaithe darb ainm It Takes a Village a chóipeáil, rud ar bhunaigh ocht mbunscoil ar na Clocha Liatha agus i nDeilgne, Contae Chill Mhantáin, é sa bhliain 2023. Dar leis an tionscnamh It Takes a Village, déanann cineálacha cur chuige pobaltreoraithe i leith tabhairt isteach fón póca a chur ar atráth difear dearfach d’fholláine leanaí agus daoine óga. Tá sé mar aidhm leis an tionscnamh sin agus le tionscnaimh chomhchosúla eile tuismitheoirí agus leanaí agus a múinteoirí a chumhachtú tríd an eolas, na scileanna agus an teanga a bhaineann le húsáid na meán sóisialta a thabhairt dóibh.
Thacaigh an tAire Oideachais ag an am sin go gníomhach leis an tionscnamh It Takes a Village agus le tionscnaimh chomhchosúla eile atá faoi threoir ag tuismitheoirí a bhaineann le cibearbhulaíocht sa bhliain 2024. Le linn na bliana sin, tháinig méadú ar ábhair imní faoin tionchar a bhíonn ag fóin phóca, lena n-áirítear an acmhainneacht a bhíonn acu scoláirí a chur ar seachrán le linn ranga, cibearbhulaíocht agus rochtain ar ábhar míchuí a éascú agus caidreamh sóisialta a laghdú i measc piaraí. Mar fhreagra ar na hábhair imní sin, d’ordaigh an tAire ag an am sin do scoileanna toirmeasc ar úsáid fón póca le linn an lae scoile a chur chun feidhme. Moladh do scoileanna dul i gcomhairle leis an mórphobal scoile, tuismitheoirí san áireamh, chun a chinntiú go gcuirfí na beartais sin chun feidhme go comhsheasmhach.
I mí Dheireadh Fómhair 2024, leithdháileadh €9 milliún ar iar-bhunscoileanna i mBuiséad 2025 chun tacú leis an toirmeasc ar úsáid fón póca a chur chun feidhme. Cuireadh an cistiú imfhálaithe sin i leataobh le haghaidh réitigh shlána stórála a cheannach d’fhóin scoláirí, rud a chabhródh le scoileanna an beartas a fhorfheidhmiú go héifeachtach. Ba é aidhm an tionscnaimh sin folláine scoláirí a chur chun cinn trí thimpeallacht a chothú ina bhféadfadh scoláirí dícheangal ó ghléasanna, díriú ar an bhfoghlaim, agus cairdeas a fhorbairt gan an seachrán a ghabhann leis an domhan ar líne. I dtaighde a rinne Ionad Frithbhulaíochta DCU ina dhiaidh sin, [40] tarraingíodh ábhair imní anuas faoina éifeachtaí a bhíonn toirmisc uileghabhálacha ar fhóin chliste, á rá go bhféadfadh bearta den sórt sin srian a chur leis na deiseanna a bhíonn ag leanaí nósanna digiteacha freagracha a fhorbairt. Tá suntas tugtha ag oifig an Ombudsman do Leanaí don luach a ghabhann le straitéisí tras-chórais lena chumasaítear leanaí agus daoine óga dul i ngleic leis an domhan digiteach ar bhealach sábháilte agus muiníneach agus ag am céanna aghaidh a thabhairt ar na tosca bunúsacha a cothaíonn na deacrachtaí a ghabhann lena n-eispéiris ar líne [41].
Rinne an oinn bearta suntasacha le linn na bliana 2024 (ag gníomhú di trí Oide) chun tacú le scoileanna dul i ngleic le cibearbhulaíocht. Tugadh spreagadh do bhaill foirne teagaisc dhá chúrsa nua cibearbhulaíochta ar líne a chur i gcrích. Bhí sé mar aidhm leis na cúrsaí sin an t-eolas, na hacmhainní agus an mhuinín ba ghá a thabhairt do mhúinteoirí ionas go bhféadfadh siad dul i ngleic le cibearbhulaíocht mar chuid dá mórchlár um bulaíocht a chosc, rud a chuirfeadh ar a gcumas teagmhais a bhainistiú go héifeachtach. Bhí sé mar aidhm leis na cúrsaí freisin breac-chuntas a thabhairt ar an ról a imríonn an scoil maidir le cultúr frith-chibearbhulaíochta a chruthú agus maidir le folláine leanaí agus daoine óga, a bhfolláine ar líne san áireamh, a chur chun cinn. Mar chuid de Cineáltas, leanadh ar aghaidh leis na hiarrachtaí atá ar bun chun a chinntiú go bhfuil rochtain ag gach scoil ar Clár Frithbhulaíochta agus Sábháilteachta ar Líne FUSE [42]. Is é is aidhm do FUSE cur leis an gcumas atá ag scoileanna aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna bulaíochta agus sábháilteachta ar líne. Tá sé mar aidhm leis leanaí agus daoine óga a chumhachtú a n-iompraíocht féin a thuiscint, bulaíocht agus rioscaí sábháilteachta ar líne a aithint agus an mhuinín a bheith acu tuairisciú agus tacaíocht a lorg nuair is gá [43].
Sa Tuarascáil maidir le Dearcthaí ar Iompar Bulaíochta 2023, chuir a lán príomhoidí agus múinteoirí ábhair imní in iúl faoi shábháilteacht leanaí agus daoine óga ar líne. Dar le príomhoidí agus múinteoirí, cé gur laistigh den timpeallacht scoile a dhéantaí cibearbhulaíocht de ghnáth, d’imir iarmhairtí na cibearbhulaíochta sin tionchar diúltach ar eispéireas laethúil na leanaí agus na ndaoine óga ar scoil. Bhí ábhair imní den chineál céanna le feiceáil sna sonraí a bailíodh chun bonn eolais a chur faoin dara tuarascáil bhliantúil seo. Sa sliocht thíos ó mhúinteoir, tarraingítear aird ar chineál forleatach dúshlánach na cibearbhulaíochta agus ar an difear a dhéanann sí do leanaí agus daoine óga, dá dtuismitheoirí agus do phobail scoile.
[39] UNESCO (2020) International Conference on School Bullying: recommendations by the Scientific Committee on preventing and addressing school bullying and cyberbullying - Leabharlann Dhigiteach UNESCO
[40] Reynolds, M., Esfandiari, M. and O'Higgins Norman, J. (2025). Restriction or Resilience? Smartphone Bans in Schools: A Qualitative Study of the Experiences of Students. lgh 43-44. An tIonad Frithbhulaíochta, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. 10.13140/RG.2.2.35638.41286
[41] Ar fáil ag: https://www.oco.ie/ga/library/one-size-does-not-fit-all-youth-friendly-version
[42] Ag fáil ag: https://antibullyingcentre.ie/fuse/
[43] O’Higgins, N., J., Viejo Otero, P., Canning, C., Kinehan, A., Heaney, D. agus Sargioti, A., (2023). FUSE anti-bullying and online safety programme: measuring self-efficacy amongst post-primary students. Irish Educational Studies, 43(4), lgh. 865–882. https://doi.org/10.1080/03323315.2023.2174573
Cé gur ar bhealach ceilte téaltaitheach a dhéantar cuid mhór bulaíochta, is amhlaidh a leathnaíonn sí amach go gnáthshaol laethúil na scoile.
Múinteoir
Dúshlán suntasach do scoileanna agus don tsochaí i gcoitinne araon go fóill is ea dul i ngleic le cibearbhulaíocht. Is gá cur chuige ilghnéitheach a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist seo, ar cur chuige é lena chuimsítear foghlaim shóisialta agus mhothúchánach, rannpháirtíocht tuismitheoirí agus cláir éifeachtacha idirghabhála. Ba cheart do mhúinteoirí agus tuismitheoirí obair le chéile chun iompraíocht féachadóirí a chothú, agus oideachas á chur ar leanaí agus daoine óga maidir le conas comhbhá a fhorbairt agus idirghabháil a dhéanamh mar fhéachadóirí gníomhacha [44]. Beidh ríthábhacht ag baint le taighde agus comhoibriú leanúnach i measc scoláirí, múinteoirí, an lucht déanta beartas, gairmithe meán agus cuideachtaí meán sóisialta go fóill maidir le timpeallacht dhigiteach níos sábháilte a chruthú do leanaí agus daoine óga.
[44] An Coimisiún Eorpach 2023: An Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr, What can schools do about bullying?, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh. Ar fáil ag: https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/30a85458-e3e4-11ed-a05c-01aa75ed71a1/language-en
Mar fhocal scoir
I dtorthaí na tuarascála seo, tarraingítear aird ar na láidreachtaí suntasacha atá ann laistigh de scoileanna maidir le timpeallacht atá dearfach, ioncuimsitheach agus fáilteach a chothú. Tuairiscíonn formhór na bpríomhoidí, na múinteoirí, na dtuismitheoirí agus na scoláirí braistintí láidre cómhuintearais agus sábháilteachta, agus ardleibhéil sástachta ann i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta maidir le caidrimh mheasúla, maidir le hionchais shoiléire iompraíochta agus maidir le córais tacaíochta. Maidir leis na tosca cosantacha a sainaithníodh a bheith éifeachtach i ndáil le folláine a chur chun cinn agus i ndáil le hiompraíocht bhulaíochta a chosc agus dul i ngleic léi, áiríodh leo daoine fásta iontaofa a bheith ann laistigh den phobal scoile, rannpháirtíocht ghníomhach scoláirí, feasacht agus oiliúint foirne, agus cur chun feidhme comhsheasmhach beartas frithbhulaíochta.
Beag beann air sin, is ann go fóill do roinnt réimsí lena bhforbairt agus is fiú aird leanúnach a thabhairt orthu sin. Is gnách go mbíonn na heispéiris is lú dearfacht le feiceáil i measc na scoláirí is sine, go háirithe ar leibhéal na hiar-bhunscoile, agus ábhair imní ann faoina mhéid a bhraitear gur spás fáilteach í an scoil agus faoin méid muiníne as caighdeáin mharthanacha mheasúla chumarsáide agus iompraíochta. Tugadh ábhair imní faoi deara freisin faoi mhinicíocht agus éifeachtúlacht na bhfreagairtí do bhulaíocht, áit ar thug sciar mór scoláirí le fios gur lean an bhulaíocht ar aghaidh, fiú amháin i gcás gur tuairiscíodh í, nó go raibh moill ar fhreagairtí na scoile nó nach raibh na freagairtí sin leordhóthanach. Réimse lena fhorbairt go fóill is ea caidreamh fiúntach a dhéanamh le scoláirí agus tuismitheoirí i bhforbairt agus athbhreithniú beartais.
Tríd is tríd, tá tiomantas inmholta ag scoileanna tabhairt faoi bhearta folláine scoláirí agus faoi bhearta frithbhulaíochta. Tá deis ann go fóill, áfach, an chomhsheasmhacht ó thaobh eispéireas dearfach de a neartú arís eile de réir mar a bhogann leanaí tríd an gcóras oideachais agus rannpháirtíocht scoláirí, tuismitheoirí agus ball foirne a dhoimhniú i ndáil le timpeallachtaí atá cuimsitheach agus sofhreagrach do chách a mhúnlú.
Mar gheall ar thionchar méadaitheach na cibearbhulaíochta, is gá cur chuige meáite réamhghníomhach a ghlacadh ar fud an phobail scoile uile. Trí chibearbhulaíocht a chomhtháthú isteach sa churaclam, is féidir cur chuige scoile uile a chothú i leith dul i ngleic le bulaíocht, á chinntiú go mbíonn scoláirí agus baill foirne ar an eolas faoin tsaincheist agus gurb eol dóibh conas freagairt di. Sa Straitéis Dhigiteach do Scoileanna go dtí 2027, [45] cuirtear béim láidir ar dheiseanna cuimsitheacha foghlama gairmiúla agus tacaí cuimsitheacha curaclaim a sholáthar ionas go mbeidh scoileanna in ann beartais agus cleachtais éifeachtacha a fhorbairt maidir leis an Idirlíon a úsáid go sábháilte, agus díriú ar leith á leagan ar dhul i ngleic le bulaíocht, le cibearbhulaíocht agus le ciapadh. Tugtar tús áite inti freisin do mhuinín agus inniúlacht múinteoirí a fheabhsú i ndáil le teicneolaíochtaí digiteacha a chomhtháthú isteach i gcleachtas ranga, á chinntiú go mbíonn an comhtháthú sin fianaisebhunaithe agus go mbíonn sé ag teacht go dlúth le haidhmeanna an churaclaim, go háirithe iad sin a bhaineann le folláine scoláirí agus le saoránacht dhigiteach a chur chun cinn. Ba cheart comhoibriú a bheith ann idir scoláirí agus tuismitheoirí agus rialacha soiléire á mbunú le haghaidh an teicneolaíocht a úsáid sa bhaile agus ar scoil araon. Dá réir sin, ba cheart tacú le tuismitheoirí rioscaí ar líne a thuiscint agus spreagadh a thabhairt dóibh nósanna dearfacha sábháilteachta digití a chur chun cinn sa bhaile.
Ar deireadh, ba cheart do scoileanna fíordheiseanna a thabhairt do leanaí agus daoine óga tionscnaimh frithbhulaíochta a threorú, amhail piarmheantóireacht, feachtais atá faoi threoir ag scoláirí, nó rannpháirtíocht ghníomhach i gcinnteoireacht scoile. Trí scoláirí a chumhachtú ar an mbealach sin, neartaítear cosc, cothaítear braistint úinéireachta agus cuirtear cultúr níos dearfaí agus níos measúla chun cinn. Cabhróidh cur chun feidhme córasach comhoibríoch na ngníomhartha sin lena chinntiú go mbeidh gach leanbh agus duine óg in ann bláthú i dtimpeallachtaí cuimsitheacha sábháilte, ar líne agus as líne araon, áit a dtabharfar tús áite dá bhfolláine agus nach nglacfar le hiompraíocht bhulaíochta.
[45] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/foilseachain/strait%C3%A9is-dhigiteach-do-scoileanna-go-dt%C3%AD-2027/