English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Féinmheastóireachta Scoile - Próises Sé Chéim - Bailiú Fianaise

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 8 Iúil 2021
  • An t-eolas is déanaí: 1 Meán Fómhair 2021

Ba chóir an chuid seo den suíomh gréasáin a úsáid i gcomhair le Caibidil a Cúig de na Treoirlínte FMS. Ar an leathanach seo tá acmhainní samplacha chun tacú le scoileanna de réir mar a bhailíonn siad fianaise mar chuid dá bpróiseas FMS. Bunphrionsabal den phróiseas FMS is ea go mbíonn sé bunaithe ar fhianaise.

Sula mbaileofar fianaise ar bith, ba chóir do scoileanna fócas na meastóireachta a shainmhíniú go soiléir. Cuideoidh na réimsí agus caighdeáin sna Treoirlínte FMS agus in Ag Breathnú ar an Scoil Againne 2016le scoileanna díriú ar a mbailiú fianaise. Is den tábhacht é gan an-iomarca fianaise a bhailiú nó gan fianaise a bhailiú nach mbaineann le fócas na meastóireachta.

Scrúdaíonn Caibidil a Cúig na cuir chuige meastóireachta a d’fhéadfadh scoil a ghlacadh. Luaitear na huirlisí meastóireachta seo a leanas ann. Bíonn nasc ó gach ceann acu le roinn ina bhfuil eolas faoin uirlis agus roinnt uirlisí samplacha a d’fhéadfadh scoil a úsáid i meastóireacht.

Bileoga Athmhachnaimh

Athbhreithniú Gairmiúil Comhoibríoch

Grúpaí Fócais

Agallaimh

Ceistneoirí

Seicliostaí

Anseo thíos tá na hacmhainní ar fad eagraithe ina gceithre chatagóir, fianaise ó mhúinteoirí, ó scoláirí, ó thuismitheoirí agus ó fhoinsí eile. Ba chóir do scoileanna déileáil leis na hacmhainní seo mar shamplaí agus iad a chur in oiriúint de réir mar is gá chun a gcomhthéacs féin agus fócas a meastóireachta féin a léiriú.

Bailiú Fianaise - Acmhainní


Féinmheastóireachta Scoile - Próiseas Sé-Chéim