Faisnéis do Bhoird Bhainistíochta maidir le hAthchumrú Scoileanna
- Foilsithe: 4 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 4 Samhain 2025
- Cad atá i gceist le hAthchumrú Scoileanna don Éagsúlacht?
- Cad a tharlóidh nuair a aistrítear pátrúnacht scoile?
- Comhchomhairle agus Fógra maidir le Dlí Fostaíochta
- An Rialálaí Carthanas
- Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána
- Aistriú daltaí a éascú
Cad atá i gceist le hAthchumrú Scoileanna don Éagsúlacht?
Tá sé mar aidhm leis an bpróiseas um Athchumrú Scoileanna don Éagsúlacht líon na mbunscoileanna il-sainchreidmheacha a mhéadú. Cuidíonn an próiseas le scoileanna pátrúnacht a aistriú ó phátrúin shainchreidmheacha (reiligiúnach) go pátrúin il-sainchreidmheacha (neamh-reiligiúnach), má tá sé seo ag teastáil ó phobal na scoile. Is scoil le pátrún reiligiúnach í scoil shainchreidmheach – tá formhór mór na mbunscoileanna faoi phátrúnacht Chaitliceach. Scoil il-sainchreidmheach is ea scoil faoi phátrún neamhreiligiúnach, ina bhfoghlaimíonn leanaí faoi gach creideamh agus córas creidimh trí chlár il-sainchreidmheach. I measc na samplaí tá Pobalscoileanna Náisiúnta san earnáil BOO, scoileanna Ag Foghlaim le Chéile agus An Foras Pátrúnachta).
Cad a tharlóidh nuair a aistrítear pátrúnacht scoile?
Nuair a athraítear pátrún i scoil, tugtar ‘aistriú pátrúnachta‘ air seo. Glacann an pátrún nua an fhreagracht as an scoil.
Nuair a aistrítear pátrún i scoil, d’fhéadfadh athrú san éiteas a bheith i gceist leis seo. Mar shampla, d’fhéadfadh scoil shainchreidmheach (reiligiúnach) a bheith ina scoil il-sainchreidmheach. Le haghaidh aistrithe pátrúnachta go forais phátrúin il-sainchreidmheacha, athrófar an scoil go scoil il-sainchreidmheach. Is féidir athrú éiteas a bheith ann ag an am céanna leis an aistriú pátrúnachta, nó is féidir leis tarlú ar bhonn níos céimsí. Mar shampla, áit a leanann na naíonáin sóisir nua atá tagtha isteach clár il-sainchreidmheach, agus ag an am céanna go leanann na ranganna níos sinsearaí an clár sainchreidmheach go dtí, thar thréimhse ama, go bhfuil an clár il-sainchreidmheach á leanúint ag na daltaí uile.
Nuair a tharlaíonn aistriú pátrúnachta, d’fhéadfadh athruithe cultúrtha agus oibríochta a bheith ar shaol na scoile. D’fhéadfadh athruithe a bheith i gceist leis seo freisin maidir le conas a rialaítear an scoil. Maidir le haistriú pátrúnachta scoile, bíonn gá le ham agus le rannpháirtíocht fhiúntach ó phobal na scoile, le tacaíocht dhíreach ó phátrún na scoile.
Comhchomhairle agus Fógra maidir le Dlí Fostaíochta
Más chuig Bord Oideachais agus Oilúna atá an t-aistriú pátrúnachta mar Phobalscoil Náisiúnta, beidh athrú fostóra i gceist. Beidh ar an mbord bainistíochta atá ag imeacht mar an fostóir atá ag imeacht a riachtanais comhchomhairle agus faisnéise a chur i gcrích maidir le cúrsaí foirne arna fhorchur ag Rialacháin na gComhphobal (Fostaithe a Chosaint ar Ghnóthais a Aistriú) 2003.
In Alt 8 de na Rialacháin déantar foráil go gcuirtear an fhaisnéis ar fáil, lena n-áirítear dáta beartaithe an aistrithe, cúiseanna leis an aistriú, na himpleachtaí dlí a bhaineann leis na fostaithe a aistriú agus achoimre ar aon impleachtaí ábhartha eacnamaíocha agus sóisialta a bhaineann leis an aistriú dóibh agus aon bhearta a shamhlaítear maidir leis na fostaithe 30 lá ar a laghad sula gcuirtear an t-aistriú i gcrích, nuair is indéanta sin le réasún, agus ar aon chuma, in am trátha, sula gcuirtear an t-aistriú i gcrích.
Tagann riachtanais den chineál céanna chun cinn don fhostóir atá ag teacht isteach.
Éilítear freisin ar fhaisnéis agus comhchomhairle a sholáthar maidir le saincheisteanna a chuireann isteach go díreach ar na baill foirne faoin Acht um Fhostaithe (Faisnéis agus Comhchomhairle a Sholáthar) 2006.
An Rialálaí Carthanas
Nuair a chuireann bord bainistíochta nua tús lena théarma oifige nó nuair a dhéantar athruithe ar bhallraíocht an bhoird, ní mór na hathruithe seo a nuashonrú leis an Rialálaí Carthanas chun a chinntiú go bhfuil an liostú ar Chlár na gCarthanas atá ar fáil go poiblí cothrom le dáta agus cruinn.
Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána
Is faoi shainchúram an Aire Dlí agus Cirt a thagann reachtaíocht an ghrinnfhiosrúcháin agus na nósanna imeachta um ghrinnfhiosrúchán atá á bhfeidhmiú ag an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin.
Is féidir rochtain a dhéanamh ar Chiorclán 0031/2016 agus na Ceisteanna Coitianta lena mbaineann ag an nasc seo a leanas gov.ie - Tosú Riachtanais Reachtúla do Ghrinnfhiosrúchán an Gharda
Mar atá leagtha amach i gCiorclán 0031/2016, in Alt 12 den Acht um Ghrinnfhiosrúchán, tá oibleagáidí reachtúla ar údaráis na scoileanna chun, seachas i gcúinsí áirithe teoranta, nochtadh grinnfhiosrúcháin a fháil ón mBiúró Naisiúnta Grinnfhiosrúcháin roimh fhostaíocht, chonradh, chead nó socrúchán an duine chun tabhairt faoin obair nó gníomhaíochtaí ábhartha le leanaí nó le daoine soghonta.
Tá an fhreagracht ar gach údarás scoile a bheith sásta gur comhlíonadh aon oibleagáidí grinnfhiosrúcháin a thagann chun cinn faoin Acht um Ghrinnfhiosrúchán agus go bhfuil na nósanna imeachta agus seiceálacha earcaíochta riachtanacha agus ábhartha go forleathan i bhfeidhm aige.
Tá tuilleadh faisnéise faoi na riachtanais grinnfhiosrúcháin leagtha amach i Roinn 8.6 de na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-bhunscoileanna 2017.
Aistriú daltaí a éascú
Samhlaítear go bhfanfaidh na daltaí uile agus baill foirne uile na scoile le scoil tar éis an t-aistriú pátrúnachta a bheith déanta.
Ach, áit a mbeidh athrú éitis i gceist leis an aistriú pátrúnachta, áfach, b’fhéidir gur mian le roinnt tuismitheoirí agus caomhnóirí iarratas a dhéanamh chun a leanaí a athrollú i scoil ina bhfuil éiteas sainchreidmheach. B’fhéidir freisin gur mian le tuismitheoirí agus caomhnóirí leanaí i scoileanna sainchreidmheacha eile, sa cheantar iarratas, a dhéanamh lena leanaí a athrollú sa scoil atá ag aistriú go héiteas il-sainchreidmheach. Ba chóir do phátrúin agus boird bhainistíochta ag an leibhéal áitiúil iarrachtaí a dhéanamh chun freastal ar a leithéid d’iarratais, áit a bhfuil siad indéanta agus i gcomhréir lena bpolasaithe um ligean isteach.
Ní mór do na hiontrálacha uile a bheith i gcomhréir le polasaithe um ligean isteach de na scoileanna iomchuí mar atá leagtha amach san Acht Oideachais (Ligean Isteach go Scoileanna) 2018.
Tá an fhreagracht ar údaráis bhainistíochta na scoileanna uile polasaí rollaithe a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an Acht Oideachais 1998 agus leis an Acht Oideachais (Ligean Isteach go Scoileanna) 2018.
Is é príomhriachtanas den Acht Oideachais (Ligean Isteach go Scoileanna) 2018 go mbeidh polasaithe uile na scoile um ligean isteach cóir agus trédhearcach.
Ní mór go mbeidh nósanna imeachta san áireamh sna polasaithe chun daltaí a ligean isteach nach raibh ligthe isteach sa scoil do bhlianta seachas an bhliain ina dtógtar isteach iad, agus chun ligean isteach tar éis thús na scoilbhliana dá bhfuil an ligean isteach á lorg.
Tá an rogha ag scoileanna maidir lena gcritéir um ligean isteach agus an chaoi a chuirtear iad i bhfeidhm. Ach, i scoileanna ina bhfuil níos mó iarratasóirí ná áiteanna ar fáil, beidh gá le próiseas roghnúcháin. Ní mór don phróiseas roghnúcháin seo agus don pholasaí rollaithe ar a bhfuil sé bunaithe a bheith neamh-idirdhealaitheach ar fhorais shonraithe agus ní mór iad a chur i bhfeidhm go cóir i dtaca leis na hiarratasóirí uile. Mar sin féin, mar thoradh air seo, b’fhéidir nach n-éireoidh le roinnt daltaí áit a fháil sa scoil atá mar chéad rogha acu.
Tá tuilleadh faisnéise faoin bpróiseas nua um ligean isteach go scoileanna a bhaineann le hiontrálacha do scoilbhliain 2023/24 ar aghaidh ar fáil ag an nasc seo a leanas gov.ie Rollú scoile