Faisnéis do Thuismitheoirí faoin Athchumrú Scoileanna don Éagsúlacht
- Foilsithe: 4 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 4 Samhain 2025
- Cad atá i gceist le hAthchumrú Scoileanna don Éagsúlacht?
- Clár an Rialtais
- Cad is scoil il-sainchreidmheach ann?
Cad atá i gceist le hAthchumrú Scoileanna don Éagsúlacht?
Tá sé mar aidhm leis an bpróiseas um Athchumrú Scoileanna don Éagsúlacht líon na mbunscoileanna il-sainchreidmheacha a mhéadú. Leis an gclár seo, cuidítear le scoileanna pátrúnacht a aistriú ó phátrúin shainchreidmheacha (Eaglais) go pátrúin il-sainchreidmheacha, má tá sé seo ag teastáil ó phobal na scoile. Is scoil le pátrún reiligiúnach í scoil shainchreidmheach – tá formhór mór na mbunscoileanna faoi phátrúnacht Chaitliceach. Scoil il-sainchreidmheach is ea scoil faoi phátrún neamhreiligiúnach, ina bhfoghlaimíonn leanaí faoi gach creideamh agus córas creidimh trí chlár il-sainchreidmheach. I measc na samplaí tá Pobalscoileanna Náisiúnta san earnáil BOO, scoileanna Ag Foghlaim le Chéile agus An Foras Pátrúnachta).
Tá sochaí na hÉireann ag éirí i bhfad níos éagsúla, agus meastar go bhfuil sé inmhianaithe go mbeadh an rogha le rochtain a dhéanamh ar oideachas il-sainchreidmheach ar fáil ar shlí níos forleithne. Tá faisnéis anseo faoin gcaoi a bhfuil sé beartaithe ag an Rialtas líon na scoileanna il-sainchreidmheacha in Éirinn a mhéadú. Tugaimid míniú faoi phátrúnacht a aistriú ó scoileanna reiligiúnacha go scoileanna il-sainchreidmheacha, má tá sé seo ag teastáil ó phobal na scoile, agus cad a bheidh i gceist leis na hathruithe seo. Mínítear freisin faoi shuirbhé ar líne na Roinne Oideachais do thuismitheoirí leanaí bunscoile agus do thuismitheoirí leanaí nach bhfuil ar an mbunscoil go fóill, agus táthar ag súil go dtapóidh tú an deis le bheith rannpháirteach.
Clár an Rialtais
Tá polasaí an rialtais leagtha amach i gClár an Rialtais. Áirítear i gClár an Rialtais gealltanas féachaint le rogha a mhéadú do thuismitheoirí trína chinntiú gur féidir le teaghlaigh rochtain a fháil ar oideachas il-sainchreidmheach/neamh-sainchreidmheach agus creideamh-bhunaithe araon.
Is é aidhm an phróisis athchumraithe scoileanna cuidiú le scoileanna pátrúnacht a aistriú, má tá sé seo ag teastáil ó phobail na scoileanna, agus líon na mbunscoileanna il-sainchreidmheacha in Éirinn a mhéadú
Sa tábla thíos, taispeántar éiteas na mbunscoileanna in Éirinn sa lá atá inniu ann:
| Caitliceach | 88.3% |
| Reiligiúin eile, Eaglais na hÉireann go príomha | 6.2% |
| Il-sainchreidmheach | 5.5% |
Pátrúnacht agus éiteas na scoile
Tá pátrún ag gach scoil. Is é an pátrún a dhéanann cinneadh faoi éiteas na scoile. D’fhéadfaí oideachas nó teagasc reiligiúnach a chur ar fáil sa scoil i gcomhréir le héiteas na scoile.
Is é is ‘éiteas’ scoile ann, moráltachtaí, luachanna agus creidimh na scoile sin.
Roinnt samplaí d’fhorais a reáchtálann scoileanna reiligiúnacha (nó sainchreidmheacha) ná an Eaglais Chaitliceach agus Eaglais na hÉireann. Roinnt samplaí d’fhorais a reáchtálann scoileanna il-sainchreidmheacha ná na Boird Oideachais agus Oiliúna, Oideachas Le Chéile agus An Foras Pátrúnachta. Úsáideann Pobalscoileanna Náisiúnta de chuid na mBord Oideachais agus Oiliúna curaclam oideachais ilchreidimh agus il-luachanna dar teideal “Maitheas Mise, Maitheas Thú! (Goodness Me, Goodness You!)”. Úsáideann scoileanna Ag Foghlaim Le Chéile curaclam morálta agus eiticiúil dar teideal “Ag Foghlaim le Chéile (Learn Together)”. Is é éiteas déach atá i scoileanna faoi phátrúnacht An Fhorais Phátrúnachta, an Ghaeilge agus éiteas spioradálta ar nós il-sainchreidmheach, Caitliceach nó idir-shainchreidmheach. Ina scoileanna il-sainchreidmheacha, úsáidtear Clár Chroí na Scoile mar atá scríofa ag an scoil i gcomhar leis An bhForas Pátrúnachta.
Cad is ‘aistriú pátrúnachta ann’?
Nuair a athraítear pátrún i scoil, tugtar ‘aistriú pátrúnachta‘ air seo. Glacann an pátrún nua an fhreagracht as an scoil.
Nuair a aistrítear pátrúnacht i scoil, d’fhéadfadh athrú san éiteas a bheith i gceist freisin. Mar shampla, d’fhéadfadh scoil shainchreidmheach (reiligiúnach) athrú go scoil il-sainchreidmheach. Má aistrítear pátrúnacht go forais phátrúin il-sainchreidmheacha, athrófar an scoil go scoil il-sainchreidmheach. Is féidir athrú éitis a bheith ann ag an am céanna agus a aistrítear an phátrúnacht nó d’fhéadfadh sé tarlú ar bhonn níos céimsí. Mar shampla, nuair a leanann na naíonáin sóisir nua a thagann isteach clár il-sainchreidmheach, agus ag an am céanna go leanann na ranganna níos sinsearaí an clár sainchreidmheach go dtí, thar thréimhse ama, go mbíonn clár il-sainchreidmheach á leanúint ag na daltaí ar fad.
An mbeidh athruithe eile ar scoileanna?
Nuair a aistrítear pátrúnacht i scoil, fanann an chuid is mó de na gnéithe de shaol na scoile mar an gcéanna.
Nuair a aistrítear pátrúnacht i scoil, fanfaidh an scoil oscailte, agus fanann na baill foirne agus na daltaí sa scoil, ag feidhmiú ón bhfoirgneamh scoile atá ann cheana féin.
Samhlaítear go bhfanfaidh na daltaí sa scoil tar éis an t-aistriú pátrúnachta a bheith déanta.
Ach áit a mbeidh athrú éitis i gceist leis an aistriú pátrúnachta, b’fhéidir gur mian le roinnt tuismitheoirí agus caomhnóirí iarratas a dhéanamh chun a leanaí a athrollú i scoil ina bhfuil éiteas sainchreidmheach. B’fhéidir freisin gur mian le tuismitheoirí agus caomhnóirí leanaí i scoileanna sainchreidmheacha eile sa cheantar iarratas a dhéanamh lena leanaí a athrollú sa scoil atá ag aistriú go héiteas il-sainchreidmheach. Ba chóir do phátrúin agus boird bhainistíochta ag an leibhéal áitiúil iarrachtaí a dhéanamh chun freastal ar a leithéid d’iarratais, áit a bhfuil siad indéanta agus i gcomhréir lena bpolasaithe um ligean isteach.
Cad iad na cineálacha éagsúla bunscoileanna?
Féadfaidh bunscoileanna a bheith ina scoileanna atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla nó gaelscoileanna atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Áirítear i measc na mbunscoileanna:
- Bunscoileanna príomhshrutha agus scoileanna speisialta aitheanta, agus
- Bunscoileanna príobháideacha nach bhfaigheann maoiniú ón Stát.
Áirítear i measc na mbunscoileanna a fhaigheann maoiniú ón Stát:
- scoileanna sainchreidmheacha (scoileanna le pátrún reiligiúnach – is bunscoileanna faoi phátrúnacht Chaitliceach a bhformhór, mar shampla scoileanna paróiste ina bhfuil an t-easpag Caitliceach áitiúil mar phátrún);
- scoileanna il-sainchreidmheacha (scoileanna faoi phátrún neamhreiligiúnach, ina bhfoghlaimíonn leanaí faoi gach creideamh agus córas creidimh trí chlár il-sainchreidmheach. I measc na samplaí tá Pobalscoileanna Náisiúnta san earnáil BOO, scoileanna Foghlaim le Chéile agus scoileanna An Foras Pátrúnachta). Ní sholáthraíonn scoileanna dá leithéid ranganna teagasc reiligiúnach/múnlú creidimh i rith an lae scoile); agus
- scoileanna idir-shainchreidmheacha (scoileanna faoi phátrúnacht níos mó ná pátrún reiligiúnach amháin).
Cad is scoil il-sainchreidmheach ann?
Déanann bunscoileanna il-sainchreidmheacha an curaclam náisiúnta a sheachadadh ar an tslí chéanna leis na scoileanna uile, beag beann ar an bpátrún, agus tá siad faoi réir rialacha agus rialacháin na Roinne Oideachais. Foghlaimíonn leanaí i scoileanna il-sainchreidmheacha faoi na creidimh agus na córais chreidimh uile mar chuid den lá scoile. I scoileanna il-sainchreidmheacha, ní bhíonn ranganna teagasc reiligiúnach/cruthú creidimh ar siúl i rith an lae scoile.
Mar thuismitheoirí, beidh ort an teagasc reiligiúnach a phlé le d’eaglais áitiúil. Mar shampla, don teagasc reiligiúnach Caitliceach, beidh ort labhairt le do shagart paróiste nuair atá ullmhúchán á dhéanamh don Chéad Chomaoineach agus don Chóineartú.
D’fhéadfadh na cleachtais a bheith difriúil do gach scoil.
Samplaí de na pátrúin il-sainchreidmheacha
San áireamh sna samplaí de na príomhfhorais phátrúin il-sainchreidmheacha, tá siad seo a leanas:
- an 16 bhord oideachais agus oiliúna (BOO);
- Ag Foghlaim Le Chéile; agus
- An Foras Pátrúnachta (an pátrún de roinnt de na scoileanna lán-Ghaeilge).
Cinneadh á dhéanamh má tá an pátrún le hathrú i scoil
Déanann pátrún reatha na scoile an cinneadh maidir le haon aistriú pátrúnachta. Is féidir le gach cineál scoile pátrúnacht a aistriú. Mar shampla, d’fhéadfadh pátrún scoile cinneadh a dhéanamh an phátrúnacht de scoil shainchreidmheach (reiligiúnach) a aistriú go pátrún il-sainchreidmheach (neamh-reiligiúnach).
Is rud ar leith é aistriú pátrúnachta i ngach scoil. Tá tábhacht le mianta na dtuismitheoirí, na gcaomhnóirí, na mball foirne scoile agus phobal na scoile i ngach cás, mar atá cúinsí na scoile. D’fhéadfadh tosca (gnéithe) eile a bheith i gceist nach bhfuil luaite anseo.
Suirbhé Bunscoile
Tá suirbhé ar líne a bhaineann go sonrach le scoileanna ar bun ag an Roinn Oideachais. Chun tuilleadh eolais a fháil cliceáil anseo: www.gov.ie/primaryschoolsurvey
Má léiríonn an suirbhé gur fearr le formhór na dtuismitheoirí agus na gcaomhnóirí scoil le héiteas ilchreidmheach, tacóidh an Roinn leis an scoil trí acmhainn a chur ar fáil chun cabhrú leis na scoileanna seo:
- cinneadh a dhéanamh ar a rogha pátrún il-sainchreidmheach agus
- bheith ina scoil il-sainchreidmheach
Má léirítear sa suirbhé gur fearr le formhór na dtuismitheoirí agus na gcaomhnóirí go mbeidh éiteas il-sainchreidmheach ann, tabharfaidh an Roinn tacaíocht don scoil trí acmhainn a chur ar fáil dóibh chun cuidiú leis na scoileanna seo:
- cinneadh a dhéanamh faoin bpátrún il-sainchreidmheach is fearr leo, agus
- a bheith ina scoil il-sainchreidmheach.
Ag aistriú ó scoileanna a chuireann oideachas ar fáil trí an mheán an Bhéarla go scoileanna a chuireann oideachas ar fáil trí mheán na Gaeilge
Ar nós formhór na scoileanna in Éirinn, is éiteas sainchreidmheach (reiligiúnach) atá ina lán scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge. B’fhéidir gur mian le pobail scoileanna trí mheán na Gaeilge pátrúnacht a athrú go pátrún il-sainchreidmheach agus ag an am céanna leanúint ar aghaidh mar scoil atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Tá an cineál aistrithe seo indéanta.
Leis an bpróiseas um Athchumrú Scoileanna don Éagsúlacht, tá deis ann go mbeidh níos mó scoileanna il-sainchreidmheacha ar fáil trí cheachtar teanga (Gaeilge nó Béarla). Tá rogha ann freisin do scoileanna a chuireann oideachas ar fáil trí mheán an Bhéarla aistriú go scoileanna a chuireann oideachas ar fáil trí mheán na Gaeilge.
An curaclam bunscoile
Caithfidh gach bunscoil agus scoil speisialta na rialacha céanna atá leagtha síos ag an Roinn Oideachais a leanúint. Tá Curaclam na Bunscoile ann do gach foghlaimeoir sna scoileanna seo.
I mí an Mhárta 2023, tugadh isteach Creatchuraclam na Bunscoile chun an curaclam a nuashonrú. Tá sé mar aidhm ag an gcreat seo an t-eolas agus na scileanna a thabhairt do leanaí a theastaíonn uathu chun déileáil le dúshláin a bhaineann leis an gcomhshaol, leis an ngeilleagar agus leis an tsochaí.
Oideachas reiligiúnach i mbunscoileanna
Ag leibhéal na bunscoile, is ar chomhlachtaí pátrúnachta na scoileanna aonair agus ní ar an Stát atá an fhreagracht creideamh a sholáthar. Tá roinnt clár pátrún laistigh den chóras bunscoile a léiríonn éagsúlacht na pátrúnachta.
Tá Creatchuraclam na Bunscoile deartha chun tacú le foghlaim agus le forbairt leanaí ó chúlraí reiligiúnacha éagsúla agus ó chúlraí neamhreiligiúnacha. Clúdaíonn an curaclam cúig réimse curaclaim:
- Teanga
- Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice (ETIM)
- Folláine
- Oideachas Ealaíon
- Oideachas Sóisialta agus Comhshaoil
Mar aon leis na réimsí seo, tá an ceart dlíthiúil ag pátrúin scoile a gcláir oideachais reiligiúnaigh féin a dhearadh a thagann lena gcreideamh. Tá an clár seo mar chuid d’eispéiris foghlama leanaí i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta.
Laghdaíonn Creat nua Churaclam na Bunscoile an t-am do Chlár an Phátrúin
- idir 50 nóiméad agus 1 uair agus 40 nóiméad in aghaidh na seachtaine do naíonáin shóisearacha agus naíonáin mhóra, agus
- idir 30 nóiméad agus dhá uair an chloig in aghaidh na seachtaine do rang 1 go rang 6.
Scoileanna sainchreidhmheacha
Is scoileanna ‘sainchreidmheacha’ iad tromlach na mbunscoileanna (88.3%) faoi phátrúnacht na hEaglaise Caitlicí. Is é éiteas Caitliceach atá sna scoileanna seo. Tá cruthú creidimh agus ullmhúchán do na sacraimintí mar chuid den lá scoile
Scoileanna il-sainchreidmheacha
Foghlaimíonn leanaí i scoileanna il-sainchreidmheacha faoi na creidimh agus na córais chreidimh uile (mar shampla dearcthaí aindiacha agus daonnachacha) mar chuid den lá scoile.
I scoileanna il-sainchreidmheacha, ní bhíonn ranganna teagasc reiligiúnach/cruthú creidimh ar siúl i rith an lae scoile.
Mar thuismitheoirí, beidh ort an teagasc reiligiúnach a phlé le d’eaglais áitiúil. Mar shampla, don teagasc reiligiúnach Caitliceach, beidh ort labhairt le do shagart paróiste nuair atá ullmhúchán á dhéanamh don Chéad Chomaoineach agus don Chóineartú. D’fhéadfadh na cleachtais a bheith difriúil do gach scoil.
D’fhéadfaí ceiliúradh a dhéanamh ar chuid mhór de na himeachtaí reiligiúnacha agus neamhreiligiúnacha i scoileanna il-sainchreidmheacha i rith an téarma scoile, mar shampla an Nollaig, Eid, Díbheálaí no Lá Darwin. D’fhéadfaidís íomhánna a chur ar taispeáint sa scoil chun na reiligiúin agus na creidimh éagsúla de na leanaí atá ag freastal ar an scoil a léiriú, nó amanna speisialta den bhliain a chomóradh le híomhánna agus déantúsáin, mar shampla, mainséar um Nollaig, nó taispeántais ealaíne Ioslamach agus Eid ar siúl.
Tá na socruithe atá luaite againn thuas éagsúil ó scoil go scoil.
Scoileanna inar aistríodh a bpátrúnacht
D'athraigh 20 scoil pátrúnacht agus/nó éiteas go il-sainchreidmheach le blianta beaga anuas. Mar thoradh air seo tá:
- 17 bpobalscoil náisiúnta il-sainchreidmheach faoi phátrúnacht an bhoird áitiúil oideachais agus oiliúna. Áirítear leis an uimhir seo trí scoil il-sainchreidmheacha nua a d’aistrigh pátrúnacht i mí Mheán Fómhair 2024
- 1 scoil faoi phátrúnacht Ag Foghlaim le Chéile
- in 2021, aistríodh pátrúnacht de ghaelscoil lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath (Scoil Chaitlín Maude) óna pátrún Caitliceach go dtí An Foras Pátrúnachta.
- aistríodh gaelscoil i nGuaire faoi phátrúnacht An Fhorais Phátrúnachta (Gaelscoil Moshíológ) go dtí éiteas il-sainchreidmheach, ar bhonn céimnithe ó mhí Mheán Fómhair 2022.
Roghanna don aistriú ó éiteas reiligiúnach go héiteas il-sainchreidmheach
Sa chás go léiríonn torthaí an tSuirbhé ar Bhunscoileanna gur fearr le tuismitheoirí agus caomhnóirí éiteas il-sainchreidmheach a bhreithniú, cuirfidh an Roinn éascaitheoir a bhfuil eolas leathan aige/aici ar an gcóras oideachais ar fáil chun cabhrú le pobal na scoile (pátrún, bord bainistíochta, foireann, tuismitheoirí agus caomhnóirí) agus iad ag breithniú a bheith ina scoil il-sainchreidmheach agus ag breithniú na roghanna pátrúnachta il-sainchreidmheacha éagsúla atá ar fáil. Is féidir leis an éascaitheoir cabhrú le pobal na scoile na roghanna féideartha thíos a mheas.
Rogha 1
Is é atá i gceist leis seo ná aistriú pátrúnachta agus/nó athrú éitis go pátrúnacht agus éiteas il-sainchreidmheach do phobal na scoile uile (na ranganna ar fad) agus tosaíonn sé ón dáta a athraítear an pátrún. Go dtí seo, is í an rogha seo a bhí i gceist leis an gcuid is mó d’aistrithe pátrúnachta na mbunscoileanna.
Sampla: Mar chuid de phróiseas rannpháirtíochta 2022/23 le pobail na scoileanna i líon ceantar phíolótacha, lean dhá scoil an rogha seo agus athraíodh pátrúnacht na scoile ó phátrúnacht Chaitliceach go phátrúnacht il-sainchreidmheach. Rinneadh pobalscoileanna náisiúnta il-sainchreidmheacha díobh agus rinneadh scoil Ag Foghlaim le Chéile de cheann amháin. Is iad seo a leanas na scoileanna sin:
- Pobalscoil Náisiúnta Chorr na Madadh i mBaile Átha Luain, agus
- Pobalscoil Náisiúnta na Cathrach Theas i Sráid na mBráthar Bán, Baile Átha Cliath 8
- Scoil Náisiúnta an Chaoil, An Caol, Eochaill, Co Chorcaí
- Bunscoil Plás Paradise Sráid Dorset Baile Átha Cliath 7
Rogha 2
Is athrú éitis ar bhonn céimneach é seo go héiteas il-sainchreidmheach in imeacht ama. Mar shampla, tarlaíonn sé seo nuair a thugann na naíonáin sóisir nua a thagann isteach faoi chlár Eitice agus Moráltachta, agus ag an am céanna go leanann na ranganna níos sinsearaí an clár sainchreidmheach. Faoi dheireadh, leanann na daltaí uile an clár il-sainchreidmheach.
Sampla: Athraíodh Gaelscoil Moshíológ i nGuaire (gaelscoil faoi phátrúnacht An Fhorais Phátrúnachta) go héiteas il-sainchreidmheach ar bhonn céimnithe ó mhí Mheán Fómhair 2022.
Rogha 3
Tarlaíonn sé seo nuair atá pátrúin scoileanna toilteanach an rogha a thairiscint do thuismitheoirí na naíonán sóisir le go ndéanfaidh a leanaí an Clár Eitice nó Moráltachta nó clár il-sainchreidmheach.
Tá roinnt pátrún il-sainchreidmheacha toilteanach tacú le roinnt de na roghanna thuas, ach níl siad toilteanach tacú leo ar fad.
Beidh an rogha is oiriúnaí do gach scoil ag brath ar mhianta phobal na scoile, agus ar dhearcthaí na bpátrún atá ag imeacht agus ag teacht isteach.
Tacaíocht ó Phátrúin Chaitliceacha
D’éascaigh roinnt Easpag Chaitliceacha aistrithe pátrúnachta cheana féin, mar atá déanta ag roinnt Easpag de chuid Eaglais na hÉireann.
Luaigh ionadaithe na bpátrún Caitliceach “gur mhaith le hEaspaig bogadh chomh tapa agus is féidir go dtí cás ina dtugann an Stát tacaíocht do thuismitheoirí ina ndéantar scoileanna a sholáthar ina léirítear an t-éiteas i ndáiríre faoi cad atá ag teastáil uathu dá leanaí”.
Chuir pátrúin Chaitliceacha in iúl go dtacaíonn siad le tírdhreach oideachasúil ina léirítear an saol mar atá den tsochaí atá ag éirí níos éagsúla inár dtír, agus gur chóir d’fhíoriolacht pátrúnachta ar fud na tíre an rogha tuismitheora a chinntiú agus ag an am céanna a chur ar chumas pátrúin a bheith dílis dá n-éiteas agus dá spiorad sainiúil féin.