Fighting Words
- Foilsithe: 9 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 19 Feabhra 2026
Is eagraíocht scríbhneoireachta cruthaithí é Fighting Words a bunaíodh in 2009 a sholáthraíonn cláir saor in aisce atá deartha chun tacú le leanaí, daoine óga agus daoine fásta a bhfuil riachtanais bhreise acu a gcuid scileanna scríbhneoireachta a fhorbairt agus an grá atá acu don scríbhneoireacht a thaiscéaladh.
Oibríonn Fighting Words le scoláirí bunscoile agus dara leibhéal trí réimse leathan de cheardlanna cuimsitheacha a chuireann cruthaitheacht agus scríbhneoireacht chun cinn mar bhealach spraíúil agus cumhachtach féinléirithe. Tá na cláir uile saor in aisce agus cuirtear ar fáil iad in áiteanna ar fud na hÉireann.
Cuireann an Roinn Oideachais agus Óige roinnt maoinithe ar fáil chun tacú le Fighting Words gach bliain.
Is féidir tuilleadh sonraí a fháil ar shuíomh greasáin Fighting Words.