Brollach
- Foilsithe: 17 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 18 Samhain 2025
Fáilte.
Tugtar as dociiméad seo, Tuarascáil na Cigireachta (2024) agus Athbhreithniú Téamach, mionsonraí faoin gclár cigireachta a rinne Cigireacht na Roinne Oideachais agus Óige sa tréimhse Eanáir 2024 - Nollaig 2024. Cuirtear i láthair ann anailísí achoimre ar chinntí cigireachta ó shuíomhanna fhoghlaim agus chúram na luath-óige, ó bhunscoileanna, ó scoileanna speisialta agus ó iar-bhunscoileanna. Cuirtear i láthair ann freisin machnaimh théamacha ar ghnéithe den soláthar oideachais in Éirinn inniu, bunaithe ar an taighde agus na cigireachtaí a rinne cigirí sa bhliain 2024 agus sa chéad leath den bhliain 2025 agus ar na cuairteanna comhairleacha a thug siad le linn na tréimhse sin.
Is é seo an chéad tuarascáil bhliantúil ón gCigireacht. Roimhe seo, d’fhoilsigh an Chigireacht tuarascálacha lenar cumhdaíodh tréimhsí ní b’fhaide. Ba é an ceann ba dhéanaí díobh sin ná Tuarascáil na Cigireachta (2021-2023) agus Athbhreithniú Téamach, a foilsíodh i mí na Nollag 2024. Tá sé beartaithe tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú as seo amach.
Leanadh ar aghaidh le hathfhorbairt agus cur i bhfeidhm curaclaim sa bhliain 2024. Tháinig fás ar an soláthar ranganna speisialta agus scoileanna speisialta, agus leagadh díriú leanúnach ar iompraíocht bhulaíochta a chosc agus dul i ngleic léi i scoileanna.
Amhail i gcás na tréimhse 2021-2023, tá cuid mhór cinntí dearfacha le tuairisciú faoi cháilíocht an tsoláthair oideachais in Éirinn le linn na bliana 2024. Tá siad sin leagtha amach sa tuarascáil seo. Le linn na bliana 2024, chonaic cigirí lena súile féin cuid mhór leanaí agus daoine óga a bheith ag gabháil go gníomhach do raon gníomhaíochtaí foghlama cuí. Chonaic siad freisin díograis agus gairmiúlacht múinteoirí, oideoirí, príomhoidí, ceannairí suímh, foirne bainistíochta, cúntóirí riachtanas speisialta, agus ball foirne tacaíochta – a n-imríonn gach duine díobh ról ríthábhachtach maidir le tacaíocht a thabhairt do leanaí agus daoine óga barr a gcumais a bhaint amach.
Is ann freisin do roinnt réimsí tábhachtacha ina bhfuil feabhas agus forbairt ag teastáil. Is é is aidhm don chomhairle agus do na moltaí atá tugtha i dtuairiscí cigireachta aonair feabhas leanúnach a chothú ar leibhéal na scoile nó an tsuímh aonair. Trí chinntí cigireachta a bhailiú agus a anailísiú maidir le téamaí ar leith amhail cur i bhfeidhm curaclaim, ionchuimsiú, agus dearcthaí ar iompraíocht bhulaíochta, tugtar treoir ar leibhéal an chórais freisin maidir le conas is féidir soláthar oideachais a fheabhsú.
Tá léargais ó chigireachtaí ábhartha do scoileanna, suíomhanna, ionaid oideachais, múinteoirí, príomhoidí agus ceannairí eile suímh agus boird bhainistíochta aonair. Tá siad ábhartha freisin don lucht ceaptha curaclam, oideoirí múinteoirí, múinteoirí faoi oiliúint, seirbhísí tacaíochta gairmiúla, eagraíochtaí bainistíochta, comhairlí tuismitheoirí ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal náisiúnta, ionaid tacaíochta oideachais, riarthóirí, agus an lucht déanta beartas. Táthar ag súil go gcabhróidh an tuarascáil agus an t-athbhreithniú téamach seo le gach ceann de na grúpaí sin de réir mar a leanann siad orthu ag obair chun foghlaim, folláine agus ionchuimsiú leanaí agus daoine óga a chothú agus a fheabhsú, ionas go leanfaidh siad ag fás agus ag bláthú.
Mar fhocal scoir, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do na leanaí agus na daoine óga iontacha a mbuailimid leo inár ngnáthobair laethúil mar chigirí i scoileanna agus suíomhanna. Bíonn ríthábhacht ag baint lena gcuid léargas, cruthaitheachta agus smaointe maidir le feabhas a chur ar an bpróiseas cigireachta agus ar scoileanna agus timpeallachtaí oideachais ar deireadh. Spreagann an rannchuidiú a dhéanann leanaí agus daoine óga ár gcuid oibre, agus cuireann siad fuinneamh san obair sin, i gcónaí.
Yvonne Keating
Príomhchigire
Samhain 2025