Tá mé Cruthaitheach

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tá mé Cruthaitheach

Is é Táim Cruthaitheach an chéad chlár a forbraíodh go sonrach do shuíomhanna oideachais speisialta agus mar fhreagra ar mholtaí taighde a mhúnlaigh An Plean Óige Ildánach 2023-2027. Léirithe den chéad uair in 2023/2024 ar bhonn píolótach, tugann an clár múinteoirí, cleachtóirí cruthaitheacha, Cúntóirí Riachtanas Speisialta, agus ceannairí scoile le chéile. Téann siad faoi oiliúint le chéile chun tacú le seachadadh cónaitheachtaí comhoibríocha cruthaitheacha i scoileanna speisialta nó i ranganna speisialta.

Áiríodh sa chéad chlár píolótach in 2023 dhá Ionad Tacaíochta Oideachais (ESCanna) mar aon le roinnt ranganna agus scoileanna oideachais speisialta. In 2024, chuir an tionscnamh fáilte roimh sheacht scoil eile agus a gcomhpháirtithe cruthaitheacha, agus leathnaíodh é sin go sé ESC breise in 2025/2026.

Táim Cruthaitheach 2023: "Táim ag samhlú a bheith sa Churrach le héin áille'' le TCÉ

Táim Cruthaitheach 2024: "Ní Raibh le Déanamh Ach Céimeanna Beaga Tosaigh a Thógáil Chun Barr an Dréimire a Bhaint Amach"

Rinneadh athbhreithniú ar an gclár, agus foilsíodh na torthaí sa tuarascáil mheastóireachtaseo. Mar aon leis na teistiméireachtaí físe, léiríonn sé tionchar Táim Cruthaitheach, tionscnamh faoi threoir na Roinne Oideachais agus Óige chun tacú le páistí i suíomhanna oideachais speisialta chun páirt a ghlacadh i ndeiseanna cruthaitheacha.

Osclaítear iarratais i mí Aibreáin gach bliain agus dúnfar iad i mí an Mheithimh.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat