Scéim Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL)
- Foilsithe: 2 Márta 2022
- An t-eolas is déanaí: 18 Samhain 2025
I mí an Mhárta 2022, d’fhógair an tAire Oideachais ag an am, Norma Foley, agus an tAire Stáit a raibh freagracht uirthi as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú Josepha Madigan sonraí faoi chur i bhfeidhm na chéad chéime de scéim Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ) a sholáthraíonn tacaíocht TCÉ ionscoile do dhaltaí atá Bodhar agus arb í an TCÉ a bpríomh-mhodh cumarsáide.
Tugadh isteach an scéim tacaíochta nua feabhsaithe ar bhonn céimnithe ar dtús chun tacú leis na daltaí sin atá ag freastal ar scoil phríomhshrutha agus arb í Teanga Chomharthaíochta na hÉireann a bpríomh-mhodh cumarsáide
Leis an gcéad chéim seo den scéim, bhíothas in ann acmhainní a dhíriú ar thacaíocht a thabhairt do scoláirí agus do theaghlaigh a raibh tacaíocht dhian shonrach ag teastáil uathu chun rochtain a fháil ar an gcuraclam agus chun foghlaim agus feabhsú na scéime a éascú amach anseo. Mar chuid de leathnú an CNOS a fógraíodh i mBuiséad 2023, leithdháileadh 40 ball foirne nua tiomnaithe don chéad chéim den scéim TCÉ.
Faoin scéim, cruthaíodh dhá phost nua, TCÉ – Tacaíocht Speisialaithe sa Seomra Ranga (dá ngairtear TCÉ – SCS) agus Comhairleoir Bodhar/Breacbhodhar (ISL) (dá ngairtear Comhairleoir TCÉ).
Is é an ról atá ag TCÉ – Tacaíocht Speisialaithe sa Seomra Ranga ná spiorad agus ábhar na cumarsáide a tharlaíonn sa seomra ranga a chur in iúl go comhsheasmhach agus rannpháirtíocht ghníomhach an scoláire san fhoghlaim agus i saol na scoile a fheabhsú.
Is é an ról atá ag an gComhairleoir TCÉ ná acmhainn a thógáil i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann ar fud phobal na scoile, lena n-áirítear múinteoirí, Cúntóirí Riachtanas Speisialta, baill foirne eile na scoile agus daltaí.
D’fhógair an tAire Oideachais agus Óige Helen McEntee agus an tAire Oideachais Speisialta Michael Moynihan an dara céim den scéim i mí na Samhna 2025 ina leagtar amach na feabhsuithe ar sholáthar Scéim Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL).
Leagtar amach sa dara céim den scéim soláthar Scéim Feabhsúcháin ar Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ). Deimhníonn Ciorclán 0072/2025 sonraí faoin gcaoi a bhfuil an scéim á cur i bhfeidhm, agus tugann sé breac-chuntas ar athbhreithnithe ar na critéir chun scoláirí a áireamh sa chéad chéim eile den scéim. Tá an próiseas iarratais don scéim leagtha amach sa chiorclán freisin.
Tá an scéim á leathnú chun tacaíocht TCÉ a thabhairt do na scoláirí sin atá ag freastal ar scoil phríomhshrutha agus a chomhlíonann na critéir shonracha seo a leanas:
- Deimhniú go bhfuil an scoláire Bodhar tar éis measúnacht liachta nó measúnacht le haghaidh áiseanna éisteachta, agus,
- Meastar gurb í Teanga Chomharthaíochta na hÉireann an príomh-mhodh cumarsáide agus teanga don scoláire.