Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Léargais luathbhlianta


Réamhrá

Lean tírdhreach an tsoláthair i réimse fhoghlaim agus chúram na luath-óige (FCLÓ) de bheith ag athrú le linn 2024. Ceann de na príomhfhorbairtí ina leith sin ba ea an nuashonrú ar Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige,[1] ina dtugtar treoir maidir le tacú foghlaim agus forbairt leanaí ó bhreith go sé bliana d’aois.

Ba é Aistear an chéad chreatchuraclam d’fhoghlaim agus cúram na luath-óige in Éirinn, agus d’fhoilsigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) é sa bhliain 2009. Nuashonraíodh Aistear sa bhliain 2024 chun na mórfhorbairtí sochaíocha, beartais agus oideachais a thit amach ó foilsíodh an leagan bunaidh a aithint agus a chur san áireamh. Tá an nuashonrú ina léiriú freisin ar an gcorp suntasach taighde oideachais a tháinig chun cinn ó dheireadh na 2000í i leith faoin dóigh a bhfoghlaimíonn agus a bhforbraíonn naíonáin, lapadáin agus leanaí óga agus faoin dóigh ar féidir le hoideoirí an fhoghlaim agus an fhorbairt sin a shaibhriú agus a spreagadh go cuí.

Leis an gcreat nuashonraithe, neartaítear an díriú a leagtar ar chearta leanaí, oideolaíocht caidrimh mhall, éagsúlacht agus ioncuimsiú, foghlaim lasmuigh, folláine agus inbhuanaitheacht. Leis an gcreat, cuirtear béim mhéadaithe ar eispéiris lena dtacaítear le cruthaitheacht leanaí agus lena rannpháirtíocht leis na healaíona, litearthacht agus uimhearthacht éiritheach, agus oideachas ETIM. Tá an creat ailínithe leis an gCéad 5[2] agus le Creatchuraclam na Bunscoile[3] do bhunscoileanna agus scoileanna speisialta, a seoladh sa bhliain 2024. Cuireann an t-ailíniú sin leanúnachas agus dul chun cinn i bhfoghlaim agus forbairt leanaí chun cinn.

Sa bhliain 2024, thug an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige ag an am[4] Tús Cothrom isteach freisin, rud ar tionscnamh nua é atá ceaptha chun a chinntiú gur féidir le leanaí atá faoi mhíbhuntáiste foghlaim agus cúram na luath-óige a rochtain, páirt a ghlacadh iontu agus tairbhe iomlán a bhaint astu.

Mar a léiríodh sa Tuarascáil Bhliantúil ar Chur Chun Feidhme na Chéad 5 don bhliain 2024,[5] áiríodh iad seo a leanas leis na príomhfhorbairtí eile in earnáil fhoghlaim agus chúram na luath-óige le linn na bliana 2024:

  • méadú 24%, nó €266 mhilliún, ar chistiú le haghaidh fhoghlaim agus chúram na luath-óige agus le haghaidh cúram leanaí in aois scoile i mBuiséad 2025, agus níos mó ná €1.3 billiún á chur ar fáil
  • an tSamhail um Rochtain agus Ionchuimsiú a leathnú chuig am lasmuigh den am a chaitear sa chlár uilíoch réamhscoile dhá bhliain darb ainm an Clár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige i gcás leanaí atá rollaithe sa chlár
  • €1.3 milliún a leithdháileadh ar sheirbhísí faoin Scéim Leathnaithe Bloc Tógála chun athchóirithe a dhéanamh nó chun spás atá ann cheana a uasghrádú ionas gur féidir leis na seirbhísí sin freastal ar thuilleadh leanaí.
  • rialacháin atá sonrach d’fheighlithe leanaí a thabhairt isteach ionas go bhféadfaidh feighlithe leanaí clárú le Tusla agus páirt a ghlacadh sa Scéim Náisiúnta Cúram Leanaí.

Is í Cigireacht Luathbhlianta Tusla an rialálaí reachtúil ar shuíomhanna fhoghlaim agus chúram na luath-óige. De na 4,045 cinn san iomlán de shuíomhanna fhoghlaim agus chúram na luath-óige a bhí cláraithe le Tusla ag deireadh 2024, bhí 3,877 gcinn á gcistiú ag an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais (RLMC). Déanann Cigireacht na Roinne Oideachais agus Óige (ROÓ) meastóireacht ar cháilíocht an tsoláthair oideachais i suíomhanna fhoghlaim agus chúram na luath-óige atá á gcistiú ag RLMC faoi mheabhrán tuisceana idir ROÓ agus RLMC. Díríonn Cigireacht ROÓ ar cháilíocht na hoideolaíochta, na ndeiseanna foghlama agus na n-eispéireas agus na n-éachtaí oideachais a bhíonn ag naíonáin, ag lapadáin agus ag leanaí óga.[6]

[1] Ar fáil ag: https://www.curriculumonline.ie/ga-ie/early-childhood/aistear-2024/

[2] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-leana%C3%AD-m%C3%ADchumais-agus-comhionannais/feachtais/na-ch%C3%A9ad-5/?referer=https://first5.gov.ie/

[3] Ar fáil ag: https://curriculumonline.ie/ga-ie/primary/

[4] Ar a dtugtar an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais (RLMC) anois

[5] Ar fáil ag:https://assets.gov.ie/static/documents/Tuarasc%C3%A1il_Bhliant%C3%BAil_ar_Chur_i_bhFeidhm_2024.pdf

[6] Cé go ndéantar i gcigireachtaí meastóireacht ar cháilíocht an tsoláthair agus an chleachtais oideachais ar fud na suíomhanna agus na gcomhthéacsanna éagsúla a bhfreastalaíonn naíonáin, lapadáin agus leanaí óga orthu ó bhreith go sé bliana d’aois, is é ‘leanaí’ an téarma a úsáidtear sa chaibidil seo chun tacú le hinléiteacht.

Cineálacha cigireachta

Úsáideann Cigireacht ROÓ dhá chineál cigireachta chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht an tsoláthair oideachais i suíomhanna fhoghlaim agus chúram na luath-óige. Is gnách go dtugtar gearrfhógra faoi na cigireachtaí, gan ach fógra dhá lá a bheith á thabhairt i gcásanna áirithe. Áirítear leis na cigireachtaí aiseolas ó bhéal a thabhairt do na hoideoirí luathbhlianta agus do cheannaire agus bainisteoir an tsuímh maidir leis na láidreachtaí atá ag baint leis an soláthar oideachais sa suíomh agus, de réir mar is iomchuí, maidir le gnéithe den soláthar ar gá feabhas a chur orthu. Foilsítear tuairisc chigireachta scríofa ina bhfuil na cinntí cigireachta freisin ar https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/education-reports/

Cineál cigireachta

Mionsonra

An fógra a thugtar

Toradh

Cigireachtaí atá dírithe ar an oideachas sna luathbhlianta (COL)

Dírítear sa chineál cigireachta seo ar mheastóireacht a dhéanamh ar an oideolaíocht luathfhoghlama i raon éagsúil de shuíomhanna fhoghlaim agus chúram na luath-óige

Dhá lá oibre ar a laghad roimh an meastóireacht de ghnáth

Foilsítear tuairisc dheiridh

Cigireachtaí leantacha

Déantar sa chineál cigireachta seo measúnú ar a mhéid a chuir suíomh fhoghlaim agus chúram na luath-óige moltaí ó chigireachtaí roimhe chun feidhme

Dhá lá oibre ar a laghad roimh an meastóireacht de ghnáth

Foilsítear tuairisc dheiridh

An líon cigireachtaí - Eanáir 2024 go Nollaig 2024

Rinne an Chigireacht 476 chigireacht san iomlán i suíomhanna fhoghlaim agus chúram na luath-óige sa bhliain 2024. Áiríodh leo seo 440 cigireacht i suíomhanna a sholáthraíonn an Clár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige[7] agus 36 chigireacht dírithe ar an oideachas sna luathbhlianta i suíomhanna cúram lae iomláin um fhoghlaim agus chúram na luath-óige (ina ndéantar cigireacht ar an soláthar oideachais do leanaí ó bhreith go sé bliana d’aois). Ba i suíomhanna lán-Ghaeilge fhoghlaim agus chúram na luath-óige, atá suite laistigh den Ghaeltacht agus lasmuigh di araon, a rinneadh 11 cheann de na cigireachtaí. Rinneadh 70 cigireacht leantach san iomlán le linn na tréimhse.

[7] Is é atá sa Chlár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige ná clár uilíoch réamhscoile dhá bhliain saor in aisce atá ar fáil do gach leanbh laistigh den aoisraon incháilithe a chistíonn RLMC. Tugann sé do leanaí an chéad eispéireas foirmiúil ar an luathfhoghlaim sula dtosaíonn siad ar an mbunscoil.

Chapt 2 Image 1 IRL
Fíor 1: An líon cigireachtaí, Eanáir 2024 - Nollaig 2024

Cinntí cigireachta atá dírithe ar an oideachas sna luathbhlianta

Tá cigireacht atá dírithe ar an oideachas sna luathbhlianta[8] bunaithe ar chreat cáilíochta atá bunaithe ar phrionsabail Aistear: Creatchuraclam nua Luath-Óige[9] agus Síolta, an Chreatlach Náisiúnta Cáilíochta d’Oideachas na Luath-Óige,[10] mar aon le taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaineann leis an luathoideachas agus cigireacht. Le linn cigireachtaí atá dírithe ar an oideachas sna luathbhlianta, déanann cigirí meastóireacht agus cur síos ar ghnéithe ríthábhachtacha den oideachas sna luathbhlianta a bhaineann leis na ceithre réimse cleachtais den chreat cáilíochta:

  • Réimse 1: Cáilíocht an chomhthéacs chun tacú le foghlaim agus forbairt leanaí
  • Réimse 2: Cáilíocht na bpróiseas chun tacú le foghlaim agus forbairt leanaí
  • Réimse 3: Cáilíocht eispéireas foghlama agus éachtaí leanaí
  • Réimse 4: Cáilíocht na bainistíochta agus na ceannaireachta don fhoghlaim

Tá cinntí do gach réimse den chreat cáilíochta le haghaidh cigireachtaí atá dírithe ar an oideachas sna luathbhlianta leagtha amach thíos, agus iad bunaithe ar anailís ar na 476 cigireacht a rinneadh i suíomhanna fhoghlaim agus chúram na luath-óige a sholáthraíonn an Clár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige agus ar na 36 chigireacht a rinneadh i suíomhanna cúram lae iomláin.

[8] Ar fáil ag: https://assets.gov.ie/static/documents/treoir-um-chigireacht-oideachais-luathbhlianta-col-uasdataithe-i-mi-eanair-2025.pdf

[9] Ar fáil ag: https://curriculumonline.ie/ga-ie/early-childhood/aistear-2024/https://curriculumonline.ie/early-childhood/aistear-2024/

[10] Ar fáil ag: https://siolta.ie/

Réimse 1 – Cáilíocht an chomhthéacs chun tacú le foghlaim agus forbairt leanaí

Sa réimse seo den chreat cáilíochta, déantar meastóireacht ar an atmaisféar, an timpeallacht agus na caidrimh i suíomh fhoghlaim agus chúram na luath-óige, agus díriú á leagan ar an dóigh a gcuireann na nithe sin idirghníomhaíochtaí dearfacha chun cinn, a gcothaíonn siad braistint féiniúlachta agus chómhuintearais leanaí agus a gceiliúrann siad cúlraí cultúrtha.

Ba dhearfach a bhí na cinntí foriomlána maidir le cáilíocht an chomhthéacs foghlama sna suíomhanna a ndearnadh cigireacht orthu, agus cinneadh an cháilíocht a bheith go maith nó ní b’fhearr i 98.1% díobh. Is suntasach an rud é gur thaispeáin 16.8% de shuíomhanna cleachtas sármhaith sa réimse seo agus nár measadh cáilíocht an chleachtais a bheith ní ba mheasa ná go maith ach in 1.9% díobh.

Chapt 2 Image 2 IRL
Fíor 2: Réimse 1 – Cáilíocht an chomhthéacs chun tacú le foghlaim agus forbairt leanaí

Thug cigirí faoi deara cuid mhór gnéithe soláthair a bhí taobh thiar de chomhthéacs foghlama ardchaighdeáin a chruthú do na leanaí ar fud na suíomhanna éagsúla. Ceann de na príomhláidreachtaí i roinnt mhaith suíomhanna, mar shampla, ba ea cáilíocht na n-idirghníomhaíochtaí, áit a raibh caidrimh an-dearfach idir oideoirí agus leanaí agus timpeallachtaí cothaitheacha cairdiúla le feiceáil. I gcás na suíomhanna ab éifeachtaí, bhain siad cothromaíocht an-mhaith amach idir gníomhaíochtaí leanbhthionscanta agus gníomhaíochtaí aosachthionscanta. Bhain siad leas chomh maith as cur chuige an phríomhtheagmhálaí chun ceangail dhaingne a chothú idir na leanaí agus na hoideoirí. Bhí dlúthbhaint ag teaghlaigh agus pobail le hobair na suíomhanna; chothaigh sé sin braistint féiniúlachta agus chómhuintearais na leanaí.

Bhain líon beag suíomhanna an iomarca úsáide as gnáthaimh aosachthreoraithe, rud a chuir srian le gníomhú na leanaí ina gcuid foghlama. Cé gur éirigh le roinnt mhaith suíomhanna dea-chleachtas a thaispeáint maidir le hamanna béile a úsáid mar dheiseanna foghlama agus forbartha sóisialta do na leanaí, níor éirigh le roinnt suíomhanna an rud céanna a dhéanamh.

Réimse 2 – Cáilíocht na bpróiseas chun tacú le foghlaim agus forbairt leanaí

Sa réimse seo, déantar measúnú ar na cineálacha cur chuige a úsáideann oideoirí luathbhlianta chun eispéiris foghlama lánbhrí saibhrithe a chothú. Áirítear leis pleanáil curaclaim agus idirghníomhaíochtaí. Áirítear leis freisin an dóigh a mbreathnaítear foghlaim leanaí agus an dóigh a measúnaítear agus a dtreoraítear í.

Ba dhearfach a bhí na cinntí foriomlána don réimse seo freisin. Bhí próisis mhaithe (39.5%) nó próisis an-mhaith (46.2%) i bhfeidhm i mbeagnach gach ceann de na suíomhanna chun tacú le foghlaim agus forbairt leanaí. Bhí cleachtas sármhaith ina leith seo le feiceáil i 7.8% de shuíomhanna. I 6.5% de shuíomhanna, bhí feabhas le cur ar cháilíocht na bpróiseas a bhí i bhfeidhm chun tacú le foghlaim agus forbairt leanaí.

Chapt 2 Image 3 IRL
Fíor 3: Réimse 2 – Cáilíocht na bpróiseas chun tacú le foghlaim agus forbairt leanaí

Rud a bhí i gcroílár na gcleachtas éifeachtach a chonacthas i roinnt mhaith suíomhanna chun tacú le foghlaim agus forbairt leanaí ba ea an t-aitheantas go bhfuil an súgradh ina chuid lárnach d’fhoghlaim leanaí. Soláthraíodh timpeallachtaí foghlama spreagúla do leanaí, bhí rogha acu maidir lena ngníomhaíochtaí súgartha, agus tacaíodh lena bhforbairt éirithí teanga agus uimhearthachta trí eispéiris phraiticiúla. Tríd is tríd, tugtar le fios sna cigireachtaí go bhfuil soláthar éifeachtach atá eolasach faoi Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige[11] san earnáil luathoideachais.

Mhol cigirí do roinnt suíomhanna gan an iomarca úsáide a bhaint as modhanna teagaisc foirmiúla. Rinneadh moltaí maidir le forbairt curaclam fiosrúbhunaithe éiritheach ag oideoirí bunaithe ar údair spéise leanaí agus go mbainfeadh siad úsáid níos fearr as amhráin agus rímeanna ar mhaithe le forbairt teanga. Thug cigirí faoi deara freisin nach raibh dóthain acmhainní foghlama ann i roinnt seomraí do naíonáin agus lapadáin.

Réimse 3 – Cáilíocht eispéireas foghlama agus éachtaí leanaí

Sa réimse seo den chreat cáilíochta, féachtar ar eispéiris foghlama leanaí i suíomh fhoghlaim agus chúram na luath-óige. Déantar meastóireacht ann ar a mhéid a bhíonn rogha agus gníomhú ag leanaí ina gcuid foghlama agus a rannpháirtíocht ghníomhach i ngníomhaíochtaí foghlama. Déanann cigirí measúnú ar an dóigh a gcothaítear rannpháirtíocht, taitneamh agus folláine leanaí agus ar an dóigh a n-aithníonn gach suíomh acmhainneacht gach linbh.

Cinneadh cáilíocht fhoriomlán eispéireas foghlama agus éachtaí leanaí a bheith go maith nó ní b’fhearr i 97.3% de shuíomhanna. Cinneadh cáilíocht sa réimse seo a bheith go maith i 27.9% de na suíomhanna sin, a bheith go han-mhaith i 54.2% díobh agus a bheith sármhaith i 15.1% díobh. Ní raibh cáilíocht eispéireas foghlama agus éachtaí leanaí le feabhsú ach i 2.7% de shuíomhanna chun caighdeán maith a bhaint amach.

[11] Ar fáil ag: https://www.curriculumonline.ie/ga-ie/early-childhood/aistear-2024/

Chapt 2 Image 4 IRL
Fíor 4: Réimse 3 – Cáilíocht eispéireas foghlama agus éachtaí leanaí

I suíomhanna ina raibh eispéiris foghlama agus éachtaí leanaí dearfach, thaispeáin na leanaí fiosracht, diongbháilteacht, cruthaitheacht agus seiftiúlacht. Ghabh siad go domhain sa súgradh agus sa taiscéaladh. Bhí súgradh comhoibríoch agus réiteach éifeachtach coinbhleachta le feiceáil. D’éascaigh oideoirí léiriú cruthaitheach na leanaí trí raon saibhir meán mar ábhair ealaíne, ábhar tógála nithiúla, fearas um shúgradh drámata agus ábhar ceannoscailte. Tacaíodh go maith le forbairt fhisiciúil na leanaí trí shúgradh laistigh agus trí shúgradh lasmuigh araon.

I roinnt suíomhanna, rinneadh moltaí maidir le foghlaim mhatamaiticiúil na leanaí. Mar aon le rochtain a thabhairt do na leanaí ar raon ní ba leithne gníomhaíochtaí praiticiúla chun tacú lena dtuiscint mhatamaiticiúil, moladh d’oideoirí gníomhú agus guth leanaí i bhfoghlaim mhatamaiticiúil a chur chun cinn ar bhealach ní b’fhearr. Thug cigirí faoi deara freisin nár baineadh dóthain úsáide as spásanna lasmuigh i roinnt suíomhanna; mhol siad go dtabharfaí do na leanaí rochtain ní b’fhearr ar acmhainní lasmuigh.

Réimse 4 – Cáilíocht na bainistíochta agus na ceannaireachta don fhoghlaim

Sa réimse seo den chreat cáilíochta, déantar measúnú ar an dóigh a dtacaíonn an lucht ceannaireachta agus bainistíochta le gnáthghníomhaíochtaí laethúla agus an dóigh a gcothaíonn siad feabhsú leanúnach. Dírítear ann freisin ar an tacaíocht a sholáthraítear le haghaidh aistrithe in aistir foghlama leanaí agus iad ag aistriú isteach sa suíomh agus laistigh de agus de réir mar a bhogann siad ar aghaidh chuig an mbunscoil nó scoil speisialta.

Cinneadh cáilíocht na bainistíochta agus na ceannaireachta don fhoghlaim a bheith go maith i 25.2% de shuíomhanna, a bheith go han-mhaith i 53.8% díobh agus a bheith sármhaith i 16.2% díobh. Chinn cigirí go raibh feabhas le déanamh ag 4.8% de shuíomhanna sa réimse cáilíochta seo.

Chapt 2 Image 5 IRL
Fíor 5: Réimse 4 – Cáilíocht na bainistíochta agus na ceannaireachta don fhoghlaim

Cinneadh sna cigireachtaí gurbh ann i gcuid mhór suíomhanna do ghairmiúlacht, d’obair bhuíne agus do chomhbhraistint freagrachta i measc baill foirne i leith foghlaim leanaí. Ina lán cásanna, chuir baill foirne na suíomhanna cúrsaí i gcrích i réimsí amhail Ceannaireacht um Ionchuimsiú sna Luathbhlianta,[12] Han en[13] agus Lámh[14] agus chuaigh siad i ngleic leis an Treoir Aistear Síolta[15] ar líne chomh maith. Bhí cumarsáid láidir le teaghlaigh ar bun ag a lán suíomhanna, agus d’éascaigh siad rannpháirtíocht ghníomhach tuismitheoirí sa suíomh.

Réimse ar shainaithin cigirí é lena fhorbairt i roinnt suíomhanna ba ea cleachtais féinmheastóireachta. Tugtar le fios sna cigireachtaí go bhfuil gá leis an bpróiseas féinmheastóireachta a leabú isteach i suíomhanna ar bhealach níos córasaí, go háirithe i ndáil le cur chun feidhme a dhéanamh ar chinntí a dhéantar de bhun próisis féinmhachnaimh agus féin-athbhreithnithe.

[12] Ar fáil ag: https://lincprogramme.ie/

[13] Ar fáil ag: https://www.hanen.org

[14] Ar fail ag: https://www.lamh.org

[15] Ar fáil ag: https://www.nurturingskills.ie/ga/treoir-chleachtais-aistear-siolta/

Cinntí cigireachta leantaí

Is é an cuspóir atá le cigireacht leantach meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag suíomh fhoghlaim agus chúram na luath-óige maidir leis na moltaí nó an chomhairle ó chigireacht roimhe a chur chun feidhme. Is é atá i gceist leis an bpróiseas sin caidreamh comhairleach gairmiúil idir an cigire agus lucht bainistíochta, ceannairí, oideoirí agus baill foirne an tsuímh lena mbaineann. Is é atá i gceist leis freisin an soláthar oideachais sa suíomh a bheith á bhreathnú ag cigirí lena súile féin. Tugann cigirí comhairle don suíomh freisin maidir le straitéisí agus gníomhartha lena gcuirtear ar chumas an tsuímh aghaidh iomlán a thabhairt ar na moltaí nó na gníomhartha a cuireadh in iúl sa chigireacht roimhe.

Mar atá tugtha faoi deara thuas, rinneadh 70 cigireacht leantach i suíomhanna fhoghlaim agus chúram na luath-óige sa bhliain 2024. Tríd is tríd, bhí fianaise ann go ndearna suíomhanna dul chun cinn dearfach maidir le haghaidh a thabhairt ar na moltaí a d’eascair as cigireachtaí roimhe, go háirithe i ndáil le comhthéacs foghlama an tsuímh, leis na próisis a bhí in úsáid ag suíomhanna chun tacú le foghlaim agus forbairt leanaí agus le heispéiris foghlama agus éachtaí leanaí.

Chapt 2 Image 6 IRL
Fíor 6: Cigireachtaí leantacha sa bhliain 2024: dul chun cinn maidir le moltaí agus comhairle ó chigireachtaí roimhe a chur chun feidhme

Áirítear iad seo a leanas le roinnt gnéithe soláthair a bhí i gceist leis na moltaí a rinne cigirí i gcigireachtaí leantacha:

  • an gá atá le húdair spéise leanaí a dhoiciméadú agus leis an bhfaisnéis sin a úsáid chun na heispéiris foghlama a phleanáiltear dóibh a threorú
  • an gá atá le cleachtais mheasúnaithe a fhorbairt chun tuilleadh airde a thabhairt ar mheonta agus dul chun cinn foghlama leanaí
  • an gá atá le próisis mhachnamhacha féinmheastóireachta a fhorbairt i suíomhanna
  • an gá atá le feabhas a chur ar an dóigh a léirítear éagsúlacht chultúrtha agus teangacha baile na leanaí i dtimpeallacht an tsuímh

Mar fhocal scoir

Is dearfach atá na torthaí foriomlána ó na cigireachtaí atá dírithe ar an oideachas sna luathbhlianta a rinneadh sa bhliain 2024, agus bhí roinnt mhaith láidreachtaí suntasacha le feiceáil ar fud shuíomhanna fhoghlaim agus chúram na luath-óige i leith gach ceann de na ceithre réimse den chreat cáilíochta don oideachas sna luathbhlianta. Is léir go bhfuil oideoirí luathbhlianta tiomanta do thimpeallachtaí cothaitheacha comhbhácha a fhorbairt inar féidir le naíonáin, lapadáin agus leanaí óga bláthú.

Tugtar le tuiscint sna cinntí cigireachta go bhfuil gá le forbairt sa bhreis ar churaclam fiosrúbhunaithe éiritheach atá bunaithe ar údair spéise leanaí agus feabhas a chur ar phróisis féinmheastóireachta ar fud shuíomhanna fhoghlaim agus chúram na luath-óige. Beidh ríthábhacht ag baint le cleachtais féinmheastóireachta a leabú, mar a shamhlaítear sa straitéis An Chéad 5,[16] maidir le heispéiris oideachais agus foghlama ardchaighdeáin a chinntiú agus a chothú dár saoránaigh is óige. Tarraingítear aird sna cinntí freisin ar an tábhacht a bhaineann le feabhas a chur ar na timpeallachtaí foghlama ar mhaithe le héagsúlacht chultúrtha agus cúlraí teanga na leanaí uile a léiriú agus a cheiliúradh.

[16] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-leana%C3%AD-m%C3%ADchumais-agus-comhionannais/feachtais/na-ch%C3%A9ad-5/?referer=https://first5.gov.ie/

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat