Léarscáil de sheirbhísí treorach
- Foilsithe: 30 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 30 Bealtaine 2025
Tá sé mar aidhm leis an léarscáil idirghníomhach seo infheictheacht agus feasacht a mhéadú ar na seirbhísí comhairleacha treorach ar feadh an tsaoil, na seirbhísí comhairleacha fostaíochta agus na seirbhísí comhairleacha gairme atá ar fáil ar fud na hÉireann. Scag de réir catagóir seirbhíse, inrochtaineacht phoiblí agus modh soláthair, i measc nithe eile, chun ceangal le seirbhísí treorach ar fud na tíre.
Léarscáil de Sheirbhísí Treorach ar feadh an tSaoil in Éirinn
Príomhaidhmeanna
Is é an cuspóir atá leis an léarscáil seo infheictheacht agus feasacht a mhéadú ar sheirbhísí treorach ar feadh an tsaoil:
- ó thaobh cleachtóirí treorach de
- ó thaobh déantóirí beartas agus geallsealbhóirí eile de
- ó thaobh úsáideoirí seirbhíse de
Cleachtóirí
- cleachtóirí treorach a chumasú comhghleacaithe agus seirbhísí eile ina limistéar áitiúil a shainaithint go soiléir
- soiléire a thabhairt maidir le cé na daoine ar cheart úsáideoirí seirbhíse a tharchur chucu i gcás go dteastaíonn uathu seirbhísí malartacha atá níos oiriúnaí dá riachtanas reatha.
- eolaire a sholáthar maidir le mionsonraí teagmhála cleachtóirí treorach eile
Déantóirí Beartas
- cabhrú le bearnaí agus dúbláil seirbhísí a shainaithint
- cabhrú le bonn eolais a chur faoi anailís fhianaisebhunaithe beartais
- infheictheacht agus feasacht a chur chun cinn maidir le seirbhísí lasmuigh dá n-earnáil shonrach féin
Úsáideoirí seirbhíse
- a shainaithint cé na seirbhísí treorach ar feadh an tsaoil atá ar fáil ina limistéar féin agus cé na daoine a bhfuil siad ar fáil dóibh
- seirbhísí a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu agus seirbhísí a bhfuil atreorú ag teastáil dóibh a shainaithint
- a shainaithint cé na seirbhísí a sholáthraíonn modhanna soláthair atá oiriúnach dá riachtanais