Leanaí nach bhfuil sa scoil go fóill
- Foilsithe: 4 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 4 Samhain 2025
Ábhar: Abair Do Chuid - Suirbhé ar Bhunscoileanna
4 Samhain 2025
A Thuismitheoir/a Chaomhnóir, a chara,
Táimid ag iarraidh ort mar thuismitheoir nó mar chaomhnóir leanaí nach bhfuil sa bhunscoil go fóill ‘Abair Do Chuid’ faoi bhunscoil do linbh sa todhchaí. Tá sé sin á dhéanamh againn trí shuirbhé gearrm faoi rún a thógfaidh 5 nóiméad ar a mhéad chun é a chomhlánú. Is suirbhé tábhachtach é seo agus is é seo an chéad uair atá suirbhé den scála seo á reáchtáil ag an Roinn Oideachais agus Óige. Cabhróidh torthaí an tsuirbhé leis an roinn pleanáil don chaoi a sholáthróimid oideachas ar an leibhéal bunscoile.
Conas an suirbhé a chomhlánú
Cliceáil ar an nasc thíos chun páirt a ghlacadh:
www.gov.ie/primaryschoolsurvey
Ní thógann sé ach 5 nóiméad!
I gcás tuismitheoirí agus caomhnóirí nach bhfuil in ann suirbhé ar líne a chomhlánú ar chúiseanna pearsanta, déan teagmháil leis an roinn chun cúnamh a fháil ag:
Beidh ort d’Éirchód a bheith ar eolas agat chun an suirbhé a chomhlánú. Mura bhfuil d’Éirchód ar eolas agat, is féidir leat é a aimsiú anseo:www.eircode.ie/.
Ní úsáidfimid d’Éircód ach amháin le haghaidh an tsuirbhé seo agus chun críocha pleanála scoile amach anseo.
Cén fáth ar cheart duit páirt a ghlacadh?
Léiríonn pobail scoile an tsochaí shaibhir éagsúil ina mairimid. Ba mhaith linn tuiscint a fháil ar roghanna tuismitheoirí agus caomhnóirí maidir leis na bunscoileanna a bhfreastalaíonn a leanaí orthu faoi láthair nó a bhfreastalóidh siad orthu sna blianta atá le teacht.
Cé na ceisteanna a chuirfear orm?
Cuirfimid líon beag ceisteanna ort, lena n-áireofar na ceisteanna seo a leanas:
“Arbh fhearr leat go mbeadh do bhunscoil ina scoil chomhoideachais nó ina scoil aonghnéis?
Arbh fhearr leat go n-oibreodh do bhunscoil faoi phátrún sainchreidmheach (reiligiúnach) nó go n-oibreodh sí faoi phátrún il-sainchreidmheach (neamhreiligiúnach)?
Arbh fhearr leat go soláthródh do bhunscoil oideachas trí Bhéarla nó trí Ghaeilge go príomha?”
Tá tuilleadh faisnéise ar fáil anseo:
Conas a úsáidfear m’fhaisnéis?
Coinneofar do fhreagraí faoi rún agus ní chuirfear in iúl iad d’aon duine eile. Cabhróidh na freagraí ó do scoil leis an roinn agus le do scoil pleanáil don todhchaí.
Tabhair faoi deara: Níl an suirbhé ina chuid den phróiseas rollaithe scoile. Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le scoileanna chun do leanbh a rollú ar an ngnáthbhealach.
Cad a dhéanfar le torthaí an tsuirbhé?
Foilseofar torthaí achoimre ardleibhéil tosaigh (rátaí freagartha) go luath 2026.
Cabhróidh torthaí an tsuirbhé leis an roinn soláthar oideachais a phleanáil ag an mbunleibhéal.
Cé leis a ndéanfaidh mé teagmháil más mian liom plé a dhéanamh ar sholáthar riachtanas speisialta oideachais do mo leanbh/leanaí?
Bunaíodh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) chun feabhas a chur ar na seirbhísí oideachais a sholáthraítear do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, le béim ar leith ar leanaí. Soláthraítear seirbhís áitiúil CNOS trína líonra náisiúnta Eagraithe Riachtanas Speisialta Oideachais (ERSOanna), a idirghníomhaíonn le tuismitheoirí agus le scoileanna. Tá méadú tagtha ar an líon ERSOanna ó 65 duine go 120 duine, agus é mar aidhm leis an méadú sin leibhéal feabhsaithe seirbhíse a sholáthar do thuismitheoirí agus do scoileanna.
Mar chuid den phleanáil chun cinn don soláthar oideachais speisialta, tá sé mar aidhm ag an CNOS cabhair a thabhairt do thuismitheoirí atá ag lorg socrúchán i rang speisialta/i scoil speisialta dá leanbh/dá nduine óg. Ba chóir do thuismitheoirí leanaí agus daoine óga atá ag lorg ranga speisialta nó áit scoile speisialta teagmháil a dhéanamh leis an CNOS agus aird a thabhairt ar an bpróiseas bliantúil agus ar na h-amlínte maidir le fógra a thabhairt don CNOS. Mar shampla, iarradh ar dhaoine atá ag lorg ranga speisialta nó áit scoile speisialta don bhliain scoile 2026/2027 é sin a chur in iúl don CNOS faoin 1 Deireadh Fómhair 2025.
Eolas teagmhála NCSE: www.ncse.ie/contact-the-ncse
An bhfuil aon cheisteanna agat?
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig www.gov.ie/primaryschoolsurvey
Ná caill an deis do Abair Do Chuid!
Dúnfar an suirbhé ar an 16 Nollaig 2025.
Go raibh maith agat as do chuid ama agus as d’ionchur luachmhar.