Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

leanaí sa bhunscoil

Ábhar: Abair Do Chuid - Suirbhé ar Bhunscoileanna

4 Samhain 2025

A Thuismitheoir/a Chaomhnóir, a chara,

Táimid ag iarraidh ort mar thuismitheoir nó mar chaomhnóir le leanaí sa bhunscoil ‘Abair Do Chuid’ faoi do bhunscoil. Tá an méid sin á dhéanamh againn trí shuirbhé gearr faoi rún. Tógfaidh sé 5 nóiméad ar a mhéad chun é a chomhlánú. Is suirbhé tábhachtach é seo agus is é seo an chéad uair atá suirbhé den scála seo á reáchtáil ag an Roinn Oideachais agus Óige. Cabhróidh torthaí an tsuirbhé leis an roinn pleanáil don chaoi ina soláthrófar oideachas ar an leibhéal bunscoile.

Conas an suirbhé a chomhlánú

Cliceáil ar an nasc thíos chun páirt a ghlacadh ann:

www.gov.ie/primaryschoolsurvey

Ní thógann sé ach 5 nóiméad!

I gcás tuismitheoirí agus caomhnóirí nach bhfuil in ann suirbhé ar líne a chomhlánú ar chúiseanna pearsanta, déan teagmháil leis an roinn ag an seoladh seo a leanas chun cabhair a fháil:

schoolsurvey@education.gov.ie

Beidh ort d’Éirchód a bheith ar eolas agat chun an suirbhé a chomhlánú. Mura bhfuil d’Éirchód ar eolas agat, is féidir leat é a aimsiú anseo: www.eircode.ie/

Ní úsáidfimid d’Éircód ach amháin le haghaidh an tsuirbhé seo agus chun críocha pleanála scoile amach anseo. Cinntigh go bhfuil d’Éirchód ag do scoil chun a chinntiú go ndéanfar do chuid roghanna a thaifeadadh do do scoil.

Cén fáth ar cheart duit páirt a ghlacadh ann?

Léiríonn pobail scoile an tsochaí shaibhir éagsúil ina mairimid. Ba mhaith linn tuiscint a fháil ar roghanna tuismitheoirí agus caomhnóirí maidir leis na bunscoileanna a bhfreastalaíonn a leanaí orthu faoi láthair nó a bhfreastalóidh siad orthu sna blianta atá le teacht.

Cé na ceisteanna a chuirfear orm?

Cuirfimid líon beag ceisteanna ort, lena n-áireofar na ceisteanna seo a leanas:

“Arbh fhearr leat go mbeadh do bhunscoil ina scoil chomhoideachais nó ina scoil aonghnéis?

Arbh fhearr leat go n-oibreodh do bhunscoil faoi phátrún sainchreidmheach (reiligiúnach) nó go n-oibreodh sí faoi phátrún il-sainchreidmheach (neamhreiligiúnach)?

Arbh fhearr leat go soláthródh do bhunscoil oideachas trí Bhéarla nó trí Ghaeilge go príomha?”

Tá tuilleadh faisnéise ar fáil anseo:

Conas a úsáidfear m’fhaisnéis?

Coinneofar do fhreagraí faoi rún agus ní chuirfear in iúl iad d’aon duine eile. Cabhróidh na freagraí ó do scoil leis an roinn agus le do scoil pleanáil don todhchaí.

Tabhair faoi deara: níl an suirbhé ina chuid den phróiseas rollaithe scoile. Má tá leanbh nach bhfuil ar scoil fós agat, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le scoileanna chun do leanbh a rollú ar an ngnáthbhealach.

Cad a dhéanfar le torthaí an tsuirbhé?

Foilseofar torthaí achoimre ardleibhéil tosaigh (rátaí freagartha) go luath 2026.

Cabhróidh torthaí an tsuirbhé leis an roinn soláthar oideachais a phleanáil ag an mbunleibhéal.

Cé leis a ndéanfaidh mé teagmháil más mian liom plé a dhéanamh ar sholáthar riachtanas speisialta oideachais do mo leanbh/leanaí?

Bunaíodh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) chun feabhas a chur ar na seirbhísí oideachais a sholáthraítear do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, le béim ar leith ar leanaí. Soláthraítear seirbhís áitiúil CNOS trína líonra náisiúnta Eagraithe Riachtanas Speisialta Oideachais (ERSOanna), a idirghníomhaíonn le tuismitheoirí agus le scoileanna. Tá méadú tagtha ar an líon ERSOanna ó 65 duine go 120 duine, agus é mar aidhm leis an méadú sin leibhéal feabhsaithe seirbhíse a sholáthar do thuismitheoirí agus do scoileanna.

Mar chuid den phleanáil chun cinn don soláthar oideachais speisialta, tá sé mar aidhm ag an CNOS cabhair a thabhairt do thuismitheoirí atá ag lorg socrúchán i rang speisialta/i scoil speisialta dá leanbh/dá nduine óg. Ba chóir do thuismitheoirí leanaí agus daoine óga atá ag lorg ranga speisialta nó áit scoile speisialta teagmháil a dhéanamh leis an CNOS agus aird a thabhairt ar an bpróiseas bliantúil agus ar na h-amlínte maidir le fógra a thabhairt don CNOS. Mar shampla, iarradh ar dhaoine atá ag lorg ranga speisialta nó áit scoile speisialta don bhliain scoile 2026/2027 é sin a chur in iúl don CNOS faoin 1 Deireadh Fómhair 2025.

Eolas teagmhála CNOS: www.ncse.ie/contact-the-ncse

An bhfuil aon cheisteanna agat?

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig www.gov.ie/primaryschoolsurvey

Ná caill an deis do Abair Do Chuid!

Dúnfar an suirbhé an 16 Nollaig 2025.

Go raibh maith agat as do chuid ama agus as d’ionchur luachmhar.

DB Signature Irl

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat