Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Machnamh ar ionchuimsiú


Réamhrá

Tarraingítear aird sa chaibidil seo ar roinnt téamaí coiteanna a d’eascair as trí chlár cigireachta a rinne an Chigireacht le linn 2024 agus atá ábhartha maidir le córas ionchuimsitheach oideachais ar ardchaighdeán a fhorbairt. Ba iad seo a leanas na trí chlár cigireachta:

  • athbhreithniú ar na beartais iontrála a bhí i bhfeidhm do chúig rang speisialta bunscoile dhéag agus do chúig rang speisialta iar-bhunscoile dhéag le haghaidh leanaí agus daoine óga uathacha, rud a rinneadh idir mí Mheán Fómhair agus mí na Nollag 2024
  • an mheastóireacht ar chláir shamhraidh 2024, rud a rinneadh i gcéad cúig scoil déag idir mí an Mheithimh agus mí Lúnasa 2024, agus cuairteanna leantacha á dtabhairt ar cheithre scoil is tríocha i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna 2024
  • an mheastóireacht ar an teicneolaíocht chúnta a úsáid chun rannpháirtíocht san fhoghlaim a chur chun cinn, rud a rinneadh i naoi scoil is tríocha idir mí Mheán Fómhair agus mí na Nollag 2024.

Cuireadh torthaí gach ceann de na cláir chigireachta i láthair i dtrí thuarascáil théamacha ar leith [1]. I dteannta a chéile, tarraingítear aird sna torthaí sin ar roinnt réimsí tábhachtacha lena bhforbairt i gcóras oideachais na hÉireann ionas go mbeidh cumas níos fearr ag gach leanbh agus duine óg rochtain a fháil ar oideachas cuí ar aon dul lena gcuid láidreachtaí, údar spéise agus riachtanas. Is iad sin:

  • an tábhacht a bhaineann le comhdhearcadh a bhaint amach i measc na ngeallsealbhóirí uile, lena n-áirítear tuismitheoirí agus leanaí agus daoine óga, maidir leis an sainmhíniú ar ionchuimsiú agus maidir leis na saintréithe atá ag córas ionchuimsitheach ardchaighdeáin
  • an gá atá le breithniú cúramach a dhéanamh ar an bhfeidhm atá ag rang speisialta laistigh de chóras ionchuimsitheach oideachais
  • an gá atá le hailíniú agus comhleanúnachas a bheith ann idir beartais atá ceaptha chun tacú le cleachtais ionchuimsitheacha
  • an tábhacht a bhaineann le cumas gníomhúcháin leanaí agus daoine óga a chur chun cinn i gcinntí faoi fhoghlaim leanaí mar aon le rannpháirtíocht fhiúntach a dtuismitheoirí
  • an gá atá leis na tacaí riachtanacha a sholáthar do cheannairí scoile ionas gur féidir leo cineálacha éifeachtacha cur chuige scoile uile a stiúradh, a fhorbairt agus a chur chun feidhme i leith cleachtais ionchuimsitheacha atá oiriúnach dá gcomhthéacsanna féin.

[1] Ar fáil ag: https://assets.gov.ie/static/documents/2.20250422_Tac%C3%BA_le_gach_leanbh_agus_duine_%C3%B3g_rochtain_a_fh%C3%A1il_ar_oideachas_cu%C3%AD.pdf; https://assets.gov.ie/static/documents/2025_Muin%C3%ADn_agus_ceangail_a_choth%C3%BA_Tuarasc%C3%A1il_%C3%B3n_gCigireacht_ar_an_gcl%C3%A1r_samhraidh_202.pdf

Tuiscint ar ionchuimsiú laistigh den oideachas

Mar a tugadh faoi deara i Tuarascáil na Cigireachta (2021–2023) agus Athbhreithniú Téamach, [2] ba é a bhí i gceist le hionchuimsiú san oideachas san am atá thart ná a chinntiú go bhféadfadh leanaí ar a raibh riachtanais speisialta oideachais rochtain a fháil ar an oideachas i scoileanna príomhshrutha in éineacht lena bpiaraí. Cuirtear san áireamh sna tuiscintí is déanaí ar ionchuimsiú oideachais an dóigh a bhfreastalaíonn an t-oideachas ar leanaí agus daoine óga ar a bhfuil riachtanais speisialta oideachais agus orthu sin freisin ó raon cúlraí eitneacha, cultúrtha agus socheacnamaíocha éagsúla, mar aon le gnéithe eile den éagsúlacht amhail a bheith i do dhuine den Lucht Siúil agus den phobal Romach, teanga, creideamh, inscne agus gnéaschlaonadh. Agus na tuiscintí sin á gcur san áireamh, ceann de na bunphrionsabail de chóras ionchuimsitheach oideachais is ea gur cheart gach leanbh agus duine óg a chumasú rochtain a fháil ar oideachas atá cuí dá gcuid údar spéise, láidreachtaí agus riachtanas. Rud ríthábhachtach, in aon chóras ionchuimsitheach oideachais, ní mór gach leanbh agus duine óg a chuimsiú, gan aon duine a fhágáil ar lár, agus ní mór an t-oideachas a bheith cuí don leanbh nó don duine óg.

Forbairt eile i ndáil leis an tuiscint ar cad is ionchuimsiú ann is ea an argóint á rá go bhfuil ionchuimsiú agus soláthar ardchaighdeáin fite fuaite ina chéile, tríd is tríd [3]. Áitítear go bhfuil sofhreagracht ina gné lárnach de chórais ardchaighdeáin agus de chórais ionchuimsitheacha araon, toisc go bhfreagraíonn córas oideachais ardchaighdeáin go héifeachtach do na riachtanais atá ag an bhfoghlaimeoir, ag a bpobal agus ag an tsochaí i gcoitinne. Mar an gcéanna, tá sé mar shaintréith ag córas ionchuimsitheach tiomantas a léiriú do sholáthar sofhreagrach ina n-aithnítear na riachtanais éagsúla atá ag foghlaimeoirí. Rud bunúsach, ceann de na príomh-shaintréithe atá ag córas oideachais ardchaighdeáin is ea an cineál ionchuimsitheach atá aige.

Cé go bhfuil an tuiscint sin ar ionchuimsiú ag teacht leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta reatha, [4] tarraingítear aird san Athbhreithniú ar an Acht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu 2024 ar an dóigh arb amhlaidh, laistigh de chóras na hÉireann, atá “an easpa soiléire maidir le cad is ionchuimsiú ann, agus an teorainn a cuireadh ar an gceart chun an ionchuimsithe, ina mórchnámh spairne ó bhí an bhliain 2004 ann” [5]. Moltar san athbhreithniú freisin gur cheart sainmhínithe ar an oideachas ionchuimsitheach a bheith “i gcomhréir go hiomlán le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD) agus leis na croíghnéithe den oideachas ionchuimsitheach atá leagtha amach ann” [6]. I gcomhthéacs plean straitéiseach fadtéarmach a fhorbairt don oideachas in Éirinn, chuir an roinn tús le hobair ar shainmhíniú a cheapadh ar an oideachas ionchuimsitheach ardchaighdeáin atá ag teacht le UNCRPD. Beidh caidreamh leis na geallsealbhóirí uile, lena n-áirítear tuismitheoirí agus leanaí agus daoine óga, maidir leis an sainmhíniú sin ina chéim thábhachtach i ndáil le tuiscint chomhroinnte ar ionchuimsiú agus cur chuige comhsheasmhach comhleanúnach i leith córas ionchuimsitheach ardchaighdeáin a fhorbairt a chothú.

[2] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/foilseachain/tuarasc%C3%A1il-chigireachta-na-roinne-oideachais-2021-2023-agus-athbhreithni%C3%BA-t%C3%A9amach/

[3] Nilholm, C. (2020). Research about inclusive education in 2020 – How can we improve our theories in order to change practice? European Journal of Special Needs Education, 36(3), lgh 358-370. https://doi.org/10.1080/08856257.2020.1754547; Navrátilová, J., Svojanovský, P., Obrovská, J., Kratochvílová, J., Lojdová, K., agus Plch, L. (2024). Who is in focus? A scoping review of themes and consistency in inclusive education for all. European Journal of Special Needs Education, 40(4), lgh 654–671. https://doi.org/10.1080/08856257.2024.2410570

[4] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/foilseachain/treoirl%C3%ADnte-set-agus-doicim%C3%A9id-taca%C3%ADochta-chun-cabhr%C3%BA-le-scoileanna-taca%C3%ADocht-a-thabhairt-do-leana%C3%ADdaoine-%C3%B3ga-a-bhfuil-riachtanais-speisialta-oideachais-acu/

[5] Ar fáil ag: https://assets.gov.ie/static/documents/Tuarasc%C3%A1il_ar_an_Athbhreithni%C3%BA_ar_an_Acht_um_Oideachas.pdf lch 20

[6] Ar fáil ag: https://assets.gov.ie/static/documents/Tuarasc%C3%A1il_ar_an_Athbhreithni%C3%BA_ar_an_Acht_um_Oideachas.pdf lch. 92

An soláthar ranganna speisialta

Ceann de na treoirphrionsabail atá sna Treoirlínte maidir le Teagasc Oideachais Speisialta [7] arna n-eisiúint ag an roinn is ea go mbeidh rochtain ag leanaí agus daoine óga a bhfuil an leibhéal is mó riachtanas acu ar an leibhéal is mó tacaíocht. Tá an prionsabal sin chomh hábhartha céanna ar leibhéal an chórais. San athbhreithniú ar bheartais iontrála a rinne an Chigireacht sa bhliain 2024, [8] fuarthas amach go raibh i mbeagnach gach ceann den tríocha beartas iontrála a ndearnadh athbhreithniú orthu clásail arbh é an toradh a d’fhéadfadh a bheith orthu, dá gcuirfí chun feidhme iad mar a bhí scríofa, ná cosc a chur ar leanaí agus daoine óga uathacha [9] a bhfuil an leibhéal is mó riachtanas acu rochtain a fháil ar áit i rang speisialta, i gcás gur measadh socrúchán den sórt sin a bheith cuí. Tarraingíodh aird sna cinntí freisin ar an ngá atá ann go mbreithneodh córas oideachais na hÉireann an cuspóir atá le rang speisialta agus próifíl na leanaí agus na ndaoine óga ar cheart tús áite a thabhairt dóibh le haghaidh áiteanna i rang speisialta. Le linn an bhreithnithe sin, is gá roinnt tosca atá san iomaíocht le chéile a chothromú go cúramach.

I dtuarascálacha roimhe ón gCigireacht, [10] tarraingíodh aird ar an bhfás ar ranganna speisialta agus tugadh léargais ar roinnt de na cúiseanna atá taobh thiar den fhás sin. Áirítear leo sin an méadú ar leitheadúlacht an uathachais agus na dearcthaí atá ag tuismitheoirí ar na tairbhí a bhaineann lena leanbh a shocrú i rang speisialta. Maidir leis sin, tá na cinntí ón gCigireacht ag teacht leo sin atá i dtaighde ón gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) [11],[12]. Is amhlaidh freisin, áfach, a dhaingnigh Éire UNCRPD. Mar sin, tá rún daingean aici córas oideachais a fhorbairt ina gcumasaítear do gach leanbh agus duine óg foghlaim in éineacht lena bpiaraí i dtimpeallacht ionchuimsitheach [13]. Chomh maith leis sin, thug CNOS comhairle beartais ina moltar go mbainfí amach de réir a chéile córas ionchuimsitheach oideachais in Éirinn ina gcumasaítear do gach scoil áitiúil oideachas a chur ar gach scoláire ina bpobal ar aon dul le láidreachtaí agus cumas na scoláirí [14].

Tá mórdhúshlán straitéiseach le sárú ag an gcóras chun an fás leanúnach ar shainsoláthar a réiteach leis an tsainrogha phearsanta láidir atá ag tuismitheoirí i bhfabhar soláthar ranga speisialta i dtimpeallachtaí foghlama ionchuimsitheacha ina bhfoghlaimíonn gach leanbh agus duine óg in éineacht lena bpiaraí. San am i láthair, tá an roinn agus an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) ag tabhairt aghaidh ar an dúshlán sin trí leanúntas soláthair oideachais a chur ar fáil atá sa raon idir oideachas i ranganna príomhshrutha, ina dtugtar cibé tacaí breise is gá, agus oideachas lánaimseartha i scoileanna speisialta.

Is í an chomhairle beartais reatha ná gur cheart socrúchán aon linbh nó aon duine óig feadh an leanúntais sin a bheith bunaithe freisin ar an bprionsabal gur cheart oideachas a chur ar leanaí agus daoine óga sa timpeallacht is ionchuimsithí is féidir [15]. Luaitear sa treoir ó CNOS go bhfuil socrúchán i rang speisialta ceaptha do na leanaí agus na daoine óga sin nach bhfuil in ann an curaclam a rochtain i rang príomhshrutha, fiú amháin le tacaíocht, ar feadh an lae scoile ar fad nó ar feadh na coda is mó de [16]. San athbhreithniú ar bheartais iontrála a rinne an Chigireacht sa bhliain 2024, tarraingíodh aird ar an ngá a bhí ann go gcinnteodh an roinn, i gcomhairle le CNOS, go bhfuil comhthuiscint ann ar an gcuspóir atá le ranganna speisialta feadh an leanúntais soláthair sin agus, rud ba thábhachtaí fós, nach rollaítear i rang speisialta ach leanaí agus daoine óga a dteastaíonn socrúchán i rang speisialta uathu.

[7] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/foilseachain/treoirl%C3%ADnte-set-agus-doicim%C3%A9id-taca%C3%ADochta-chun-cabhr%C3%BA-le-scoileanna-taca%C3%ADocht-a-thabhairt-do-leana%C3%ADdaoine-%C3%B3ga-a-bhfuil-riachtanais-speisialta-oideachais-acu/

[8] Ar fáil ag: https://assets.gov.ie/static/documents/2.20250422_Tac%C3%BA_le_gach_leanbh_agus_duine_%C3%B3g_rochtain_a_fh%C3%A1il_ar_oideachas_cu%C3%AD.pdf

[9] Aithníonn an Chigireacht gur ann do dhearcthaí difriúla i ndáil leis an téarmaíocht a úsáidtear agus cur síos á dhéanamh ar an uathachas. I gcásanna áirithe, úsáidtear teanga ina dtugtar tús áite don duine (leanbh a bhfuil uathachas air/uirthi), toisc go n-aithníonn an teanga sin nach ionann tréithe an uathachais do gach duine. I gcásanna eile, tagraítear do leanaí uathacha, toisc go nglacann an teanga sin le difríocht néareolaíoch an duine. Úsáideann an Chigireacht teanga néaraidhearfach sa tuarascáil seo, agus tagairt á déanamh aici do leanaí agus daoine óga uathacha.

[10] Féach, mar shampla, Ranganna Luath-Idirghabhála do Leanaí a bhfuil Uathachas orthu: I dtreo córas comhleanúnach, ionchuimsitheach. Ar fáil ag: https://assets.gov.ie/static/documents/early-intervention-classes-for-children-with-autism.pdf

[11] Ar fáil ag: https://ncse.ie/ga/policy-advice lch 115

[12] Choimisiúnaigh CNOS tuilleadh taighde ar na tosca atá taobh thiar den fhás ar an éileamh ar áiteanna i scoileanna speisialta agus ranganna speisialta. Tá an taighde sin ar bun ag Coláiste Hibernia agus é seo á fhoilsiú.

[13] Ar fáil ag: https://www.ohchr.org/en/documents/general-comments-and-recommendations/general-comment-no-4-article-24-right-inclusive

[14] Ar fáil ag: https://ncse.ie/ga/policy-advice lch 115

[15] An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) (2014). Soláthar do Dhaltaí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu: Bealach níos fearr agus níos cothroime. Ar fáil ag: https://ncse.ie/wp-content/uploads/2014/11/Solathar-do-Dhaltai-17_06_14web-accessible-Irish.pdf; CNOS (2024). Oideachas Ionchuimsitheach do Shochaí Ionchuimsitheach, CNOS (2024). Ar fáil ag: https://ncse.ie/ga/policy-advice

[16] Ar fáil ag: https://ncse.ie/wp-content/uploads/2024/02/CNOS-Treoirlinte-chun-Ranganna-Speisialta-a-Bhunu-agus-a-Eagru-2024.pdf

Comhleanúnachas agus ailíniú beartais

Sna cigireachtaí a bhí dírithe ar an teicneolaíocht chúnta, tarraingíodh aird ar an ngá atá le hailíniú agus comhleanúnachas a bheith ann idir na scéimeanna de chuid na roinne atá ceaptha chun tacú le cleachtais ionchuimsitheacha i scoileanna.

Tá beartas agus cleachtas na roinne ag aistriú ar shiúl ón tsamhail liachta, lenar ceanglaíodh ar leanbh nó duine óg diagnóis maidir le míchumas a bheith aige/aici sula bhféadfadh sé/sí tacaíocht a rochtain, agus i dtreo cur chuige atá bunaithe ar riachtanais oideachais. Leis an gcur chuige sin atá bunaithe ar riachtanais, treoraítear an leanúntas tacaíochta, [17] agus aithnítear go dteastaíonn leibhéil dhifriúla tacaíochta ó leanaí agus daoine óga, ag brath ar a riachtanais shainaitheanta. Aithnítear leis freisin gur féidir go dtiocfaidh athrú ar na riachtanais tacaíochta atá ag leanbh nó duine óg le himeacht ama. Is bunaithe ar an gcur chuige sin freisin atá na treoirlínte arna soláthar ag an roinn chun bonn eolais a chur faoin dóigh a n-imscarann scoileanna na hacmhainní teagaisc breise le haghaidh teagasc oideachais speisialta. Leis na treoirlínte sin, [18] ceanglaítear ar mhúinteoirí, i gcomhar le tuismitheoirí, leis an leanbh nó an duine óg féin agus le gairmithe ábhartha, riachtanais foghlama agus láidreachtaí ábhartha a shainaithint go cúramach agus pleanáil le haghaidh idirghabhálacha fianaisebhunaithe atá ceaptha chun freastal ar na riachtanais sin. Rud tábhachtach, ní cheanglaítear leo ar an leanbh diagnóis maidir le míchumas a bheith aige/aici sula bhféadfaidh sé/sí tacaíocht a rochtain.

De réir mar a fhorbraíonn an córas oideachais, tá sé tábhachtach go mbeadh gach scéim atá ceaptha chun tacú le cleachtais ionchuimsitheacha teagaisc agus foghlama bunaithe ar láidreachtaí, údair spéise agus riachtanais a shainaithint, ar idirghabhálacha fianaisebhunaithe a chur chun feidhme agus ar fhaireachán a dhéanamh ar an bhfreagairt don idirghabháil. Ba cheart do scéimeanna atá ceaptha chun tacú leis an teagasc ionchuimsitheach agus leis an bhfoghlaim ionchuimsitheach a bheith ag teacht leis an bpróiseas leanúntais tacaíochta freisin, agus ba cheart dóibh leas a bhaint as an gcomhad gaolmhar tacaíochta scoláire. Braitheann éifeachtacht an chuir chuige sin ar chineálacha éifeachtacha cur chuige measúnaithe a bheith á n-úsáid ag múinteoirí agus ar an gcomhad tacaíochta scoláire a bheith á úsáid acu chun conair oideachais scoláire a rianú agus chun dul chun cinn an scoláire a thaifeadadh le himeacht ama.

I dtuarascáil a d’fhoilsigh an Chigireacht [19] sa bhliain 2024 maidir leis an soláthar do leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, cuireadh in iúl gur ghá do mhúinteoirí feabhas a chur ar an úsáid a bhaineann siad as an measúnú chun pleanáil don teagasc agus don fhoghlaim. Cé go ndearnadh dul chun cinn éigin maidir le húsáid an chomhaid tacaíochta scoláire a leabú isteach i scoileanna, cuirtear in iúl i gCaibidil 10 den tuarascáil seo freisin gur gá tuilleadh oibre a dhéanamh ina leith sin.

Dar le taighde, [20] is minic a tharlaíonn athchóirithe oideachais ar bhealach scoite nach dtugann aird leordhóthanach ar thionchair an athraithe ar fud an tírdhreacha soláthair. Dá bhrí sin, maidir le hailíniú níos fearr a chur ar aghaidh idir an scéim teicneolaíochta cúnta agus an cur chuige foriomlán atá bunaithe ar riachtanais i leith tacú le cleachtais ionchuimsitheacha i scoileanna, tá sé tábhachtach go mbeadh an obair sin mar chuid de chur chuige uile-chórais i leith cur leis an acmhainn measúnaithe atá ag múinteoirí agus i leith feabhas a chur ar an úsáid a bhaintear as an gcomhad tacaíochta scoláire i ngach scoil.

[17] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/bailiuchain/riachtanais-speisialta-oideachaisa-contanam-taca%C3%ADochta/

[18] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/foilseachain/treoirl%C3%ADnte-set-agus-doicim%C3%A9id-taca%C3%ADochta-chun-cabhr%C3%BA-le-scoileanna-taca%C3%ADocht-a-thabhairt-do-leana%C3%ADdaoine-%C3%B3ga-a-bhfuil-riachtanais-speisialta-oideachais-acu/

[19] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/foilseachain/foilseach%C3%A1in-na-cigireachta/#oideachas-speisialta

[20] Gleeson, J. (2010). Curriculum in Context: Partnership, Power and Praxis in Ireland. An Eilvéis: Peter Lang; Banks, J., Frawley, D. agus McCoy, S. (2015). in Kenny, N., McCoy, S. agus Mihut. G. (2020): Special education reforms in Ireland: changing systems, changing schools. International Journal of Inclusive Education, DOI: 10.1080/13603116.2020.1821447, lch 7

Cumas Gníomhúcháin leanaí agus daoine óga

Luaitear i gCaibidil 12 den tuarascáil seo gur bunaithe ar Shamhail Lundy (2007) atá an obair a dhéanann an Chigireacht le leanaí agus daoine óga [21]. Le Samhail Lundy, glactar cur chuige lena n-urramaítear cearta, ar cur chuige é lena n-aithnítear an ceart atá ag leanaí agus daoine óga a bheith páirteach i ngach cinneadh a dhéanann difear dóibh. Sna cigireachtaí ar chláir shamhraidh a rinneadh sa bhliain 2024, tarraingíodh aird ar shamplaí praiticiúla den dóigh ar chuir scoileanna an tsamhail sin i bhfeidhm sa chleachtas trí ról a thabhairt do leanaí agus daoine óga i gcinntí faoina gcuid foghlama.

Le linn a gcuairteanna ar chláir shamhraidh, [22] fuair cigirí amach go raibh córais an-mhaith i bhfeidhm ag roinnt clár chun léargais leanaí agus daoine óga a ghabháil ar a gcuid foghlama. Mar shampla, reáchtáil roinnt eagraithe cláir fócasghrúpaí leis na leanaí agus na daoine óga chun gníomhaíochtaí roghnaithe a phlé, agus rinne roinnt eagraithe suirbhé ar leanaí agus daoine óga ag deireadh na chéad seachtaine den chlár. Rinne siad amhlaidh chun a fháil amach cé na rudaí a raibh ag éirí leo agus cé na rudaí a d’fhéadfaí a fheabhsú. I gcláir eile, inar breathnaíodh cleachtas sármhaith, cuireadh ar chumas leanaí agus daoine óga spriocanna a shocrú dá gcuid foghlama féin agus roghanna a dhéanamh faoi na cineálacha gníomhaíochtaí a thacódh leo na spriocanna sin a bhaint amach.

Chomh maith leis sin, thug cigirí tuairisc ar roinnt samplaí an-mhaith de mhúinteoirí a bheith ag labhairt le leanaí agus daoine óga faoina gcuid foghlama agus de mhúinteoirí a bheith ag tabhairt deiseanna fiúntacha do leanaí agus daoine óga machnamh a dhéanamh ar a gcuid éachtaí san fhoghlaim agus ar na dúshláin ar tháinig siad orthu. Ba ar roinnt bealaí difriúla a éascaíodh sin sna cláir shamhraidh. Bhain roinnt díobh úsáid as teimpléid agus bhain roinnt eile díobh úsáid as leabhair nótaí, irisleabhair dhigiteacha nó taispeántais ealaíne. I roinnt clár, chomhroinn na leanaí agus na daoine óga a machnamh lena dtuismitheoirí. D’eagraigh roinnt clár tionóil inar labhair na leanaí agus na daoine óga os comhair an mhórghrúpa agus inar chuir siad síos ar na scileanna a d’fhorbair siad agus ar conas a d’fhorbair siad iad.

Is straitéis an-éifeachtach é labhairt le leanaí agus daoine óga faoina gcuid foghlama agus iad a éascú machnamh a dhéanamh ar a gcuid ratha mar fhoghlaimeoirí. Ar an tslí sin, forbraítear cumas gníomhúcháin leanaí agus daoine óga, agus cabhraítear leo freagracht a ghlacadh as a gcuid foghlama féin agus feasacht a fhorbairt orthu féin mar fhoghlaimeoirí.

Sa tuarascáil ón gCigireacht maidir leis an teicneolaíocht chúnta, [23] tarraingíodh aird freisin ar roinnt scoileanna inar tugadh ról fiúntach do leanaí agus daoine óga i gcinntí faoi conas is fearr is féidir an teicneolaíocht chúnta a úsáid. Aithníodh sa tuarascáil an dea-chleachtas an-mhaith a bhí ar bun ag roinnt múinteoirí a d’iarr tuairimí leanaí agus daoine óga go tráthrialta ar a n-eispéiris leis an teicneolaíocht a úsáid agus a leasaigh a gcur chuige teagaisc ar bhonn an aiseolais a fuarthas. Ba as an gcleachtas sin a tháinig cineálacha ionchuimsitheacha an-éifeachtach cur chuige teagaisc agus foghlama. Ní raibh sé sin ina ghné chomhsheasmhach den chleachtas ar fud na naoi scoil is tríocha a ndearnadh cigireacht orthu, áfach. I gcuid mhór scoileanna, níor tugadh aon ról fiúntach do na leanaí ná na daoine óga i gcinntí faoi conas agus cén uair ba cheart dóibh an teicneolaíocht chúnta a úsáid. I roinnt bheag scoileanna, b’fhíorbheag an méid aiseolais a fuair leanaí ar an obair a chríochnaigh siad tríd an teicneolaíocht chúnta a úsáid agus ar fhorbairt a gcuid scileanna teicneolaíochta. Dá bhrí sin, ceann de na príomh-mholtaí sa tuarascáil ba ea gur cheart do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile dul i gcomhairle go tráthrialta le leanaí agus daoine óga faoina n-eispéiris leis an teicneolaíocht a úsáid agus faoi aon oiriúnuithe a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun tacú lena gcuid foghlama.

Tacaítear leis na cinntí agus na moltaí sin i dtaighde a d’fhoilsigh an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta, [24] inar cuireadh béim ar a thábhachtaí atá rannpháirtíocht scoláirí sna próisis chinnteoireachta agus ar a thábhachtaí atá sé go dtabharfadh scoileanna aghaidh ar an tsaincheist sin araon.

[21] Lundy, L. (2007). ‘Voice is not enough’: conceptualising Article 12 of the United Nations Convention on the Rights of the Child for education. British Education Research Journal, Nollaig 2007, iml. 33(6), lgh 927-942

[22] Soláthraíonn an roinn acmhainní do gach scoil ionas gur féidir leo clár samhraidh dhá sheachtain a thairiscint. Iarrtar ar scoileanna tús áite a thabhairt do leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus dóibh sin atá i mbaol míbhuntáiste oideachasúil agus áiteanna ar an gclár samhraidh á leithdháileadh acu.

[23] An Roinn Oideachais agus Óige (2025). An Teicneolaíocht Chúnta a Úsáid chun Ionchuimsiú, Rochtain agus Rannpháirtíocht san Fhoghlaim a Chur Chun Cinn.

[24] Ar fáil ag: Carroll, E., McCoy, S., agus Ye, K. (2024). ‘Embracing diversity in all its forms’: The voluntary secondary sector in Irish education, ESRI Research Series 182, Baile Átha Cliath: ESRI. https://doi.org/10.26504/rs182

Comhoibriú le tuismitheoirí

Is féidir le comhoibriú éifeachtach idir tuismitheoirí agus múinteoirí torthaí níos fearr a bhaint amach do leanaí agus daoine óga i roinnt réimsí éagsúla, lena n-áirítear freastal ar an scoil agus rannpháirtíocht san fhoghlaim [25]. Sna cigireachtaí a bhí dírithe ar an teicneolaíocht chúnta, fuarthas amach go raibh comhoibriú an-mhaith ar bun idir tuismitheoirí agus múinteoirí i roinnt scoileanna chun tacú leis an teicneolaíocht chúnta a úsáid. I níos mó ná trí cheathrú de na naoi scoil is tríocha a ndearnadh cigireacht orthu, áfach, ba bheag struchtúir a bhí i bhfeidhm chun tacú le tuismitheoirí. Sna scoileanna sin, thuairiscigh tuismitheoirí go raibh sé dúshlánach dóibh tacú le foghlaim a linbh sa bhaile. Mar shampla, thuairiscigh roinnt tuismitheoirí go raibh siad trí chéile tráth nuair a d’iarr a leanbh cabhair orthu sa bhaile, agus thuairiscigh tuismitheoirí eile gurbh údar frustrachais acu tráth gur ghá dóibh an scéal a réiteach leo féin. Dá bhrí sin, ceann de na príomh-mholtaí a rinneadh sa tuarascáil maidir leis an teicneolaíocht chúnta ba ea gur cheart do thuismitheoirí ról dílis a bheith acu i ngach céim de scéim athbhreithnithe teicneolaíochta cúnta, rud a chuirfeadh ar a gcumas tacú ar bhealach níos éifeachtaí le foghlaim a linbh.

Le linn a gcuairteanna ar chláir shamhraidh, fuair cigirí amach go ndeachaigh formhór na n-eagraithe clár samhraidh i gcomhairle le tuismitheoirí maidir le láidreachtaí, údair spéise agus riachtanais a leanaí. Ba trí chruinnithe duine le duine a rinneadh amhlaidh den chuid is mó, agus úsáid á baint as teimpléid ó threoirlínte an chláir agus as suirbhéanna digiteacha. Le linn an phróisis sin, fuair tuismitheoirí deiseanna fiúntacha chun léargais thábhachtacha a chomhroinnt le múinteoirí maidir lena leanaí. Rud tábhachtach, úsáideadh na léargais sin chun bonn eolais a chur faoi ghníomhaíochtaí an chláir samhraidh. Neartaíodh an comhoibriú le tuismitheoirí arís eile sna cláir sin inar tugadh cuireadh do thuismitheoirí freastal ar thionóil inar labhair a leanaí faoina gcuid foghlama. Bhí cleachtais chomhoibríocha dhearfacha le feiceáil freisin sna cásanna sin inar thug tuismitheoirí cúnamh do mhúinteoirí gníomhaíochtaí foghlama a sholáthar i réimsí amhail ealaín, ceardaíocht, drámaíocht agus ceol. De réir mar a oibríonn scoileanna chun treisiú le rannpháirtíocht tuismitheoirí i bhfoghlaim a leanaí, is féidir go mbeidh na straitéisí dearfacha atá tuairiscithe thuas úsáideach dóibh.

[25] Kantova, K. (2024). Parental involvement and education outcomes of their children. Applied Economics, 56(48), 5683–5698. https://doi.org/10.1080/00036846.2024.2314569

Cineálacha cur chuige scoile uile

Sna cinntí ó chigireachtaí, [26] is minic a chuirtear in iúl a thábhachtaí atá sé go ndéanfadh scoileanna cineálacha cur chuige scoile uile a cheapadh, a ghlacadh agus a chur chun feidhme go comhsheasmhach. Nuair a dhéantar é sin go héifeachtach, cabhraítear le múinteoirí agus baill foirne eile machnamh a dhéanamh ar a gcleachtas féin agus é a phlé. Le cineálacha cur chuige scoile uile a chuirtear chun feidhme go comhsheasmhach, soláthraítear eispéireas foghlama comhleanúnach do leanaí agus daoine óga ar fud na suíomhanna foghlama uile, agus tugtar soiléire do gach duine den phobal scoile faoi ionchais chuí maidir le cleachtais teagaisc, foghlama agus mheasúnaithe.

Bhí cineálacha éifeachtacha cur chuige scoile uile le feiceáil i mbeagán faoi bhun aon chúigiú de na scoileanna (18%) a ndearnadh cigireacht orthu mar chuid de na cigireachtaí a bhí dírithe ar an teicneolaíocht chúnta. Chomhoibrigh baill foirne sa líon beag scoileanna sin le chéile chun cineálacha comhchoiteanna cur chuige a cheapadh agus a chur chun feidhme, agus fuair na daoine óga comhsheasmhacht ó thaobh ionchais agus tacaíochta de ó na múinteoirí uile agus an teicneolaíocht chúnta á húsáid acu. Thar aon rud eile, ba é an toradh a bhí ar an gcur chuige scoile uile sin ná an teicneolaíocht chúnta a chomhtháthú go héifeachtach isteach i gcur chuige foriomlán na scoile i leith na foghlama agus an mheasúnaithe do chách. Mar sin féin, fuarthas amach freisin sna cigireachtaí gur ghá do bhaill foirne, do thuismitheoirí agus do na leanaí agus na daoine óga i bhformhór na scoileanna obair le chéile chun cur chuige scoile uile a cheapadh agus a chur chun feidhme i leith an teicneolaíocht chúnta a úsáid. Ba é an príomhthoradh a bhí ar an easpa cineálacha coiteanna soiléire cur chuige i leith na teicneolaíochta cúnta ná neamh-chomhsheasmhacht ó thaobh cleachtais de maidir leis an dóigh a raibh múinteoirí ag úsáid na teicneolaíochta cúnta chun tacú leis an bhfoghlaim agus leis an measúnú ina gcuid ceachtanna.

Ní ábhar iontais ar bith é a fháil amach gur fearr eispéiris foghlama do leanaí agus daoine óga i scoileanna ina gcuirtear cineálacha comhaontaithe cur chuige scoile uile chun feidhme ná eispéiris foghlama i scoileanna nach bhfuil cineálacha cur chuige scoile uile comhaontaithe iontu nó nach gcuirtear iad chun feidhme go comhsheasmhach iontu. Ní mór aitheantas a thabhairt freisin, áfach, do na dúshláin atá le sárú ag ceannairí scoile chun cabhrú lena bpobail scoile cineálacha cur chuige scoile uile a cheapadh go comhchoiteann ar fud an churaclaim ar fad. Baineann na dúshláin sin go príomha le cultúr an chomhoibrithe a neartú i measc múinteoirí agus le dóthain ama a chur ar fáil le haghaidh comhoibriú fiúntach ina measc, gan am teagaisc a chreimeadh. Ceann de na príomhdhúshláin atá roimh chóras oideachais na hÉireann is ea na hacmhainní riachtanacha a sholáthar do gach ceannaire scoile ionas gur féidir leo cabhrú le cineálacha éifeachtacha cur chuige scoile uile a fhorbairt agus a chur chun feidhme i leith cleachtais teagaisc, foghlama agus mheasúnaithe atá ionchuimsitheach agus ar ardchaighdeán.

[26] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/foilseachain/foilseach%C3%A1in-na-cigireachta/; https://assets.gov.ie/static/documents/torthai-agus-eispeiris-a-fheabhsu-le-haghaidh-leanai-agus-daoine-oga-meastoireacht-ar-.pdf

Mar fhocal scoir

Faoi Airteagal 24 UNCRPD, tá rún daingean ag Éirinn a chinntiú go bhfaigheann gach leanbh rochtain ar an oideachas i dtimpeallacht ionchuimsitheach, gan aon idirdhealú. Go bunúsach, is ionann córas ionchuimsitheach oideachais agus córas ina ndéantar freastal ar gach scoláire, beag beann ar a gcumas nó ar a riachtanais, ag gach leibhéal – réamhscoil, bunscoil, meánscoil, oideachas tríú leibhéal, agus foghlaim ar feadh an tsaoil [27]. Tarraingíodh aird sa chaibidil seo ar roinnt gníomhartha tábhachtacha is gá a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonfar an fhís sin in Éirinn. Is iad sin:

  • beidh caidreamh leis na geallsealbhóirí uile, lena n-áirítear tuismitheoirí agus leanaí agus daoine óga, ina chéim thábhachtach i ndáil le teacht ar chomhdhearcadh uile-chórais maidir leis an sainmhíniú ar chuimsiú agus maidir leis na saintréithe atá ag córas ionchuimsitheach ardchaighdeáin
  • is gá do phríomhpháirtithe, lena n-áirítear rannóg oideachais speisialta na roinne, CNOS, an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais, ionadaithe tuismitheoirí, leanaí agus daoine óga agus múinteoirí, obair le chéile chun a chinntiú go bhfuil comhthuiscint ann ar an gcuspóir atá le ranganna speisialta laistigh den chóras agus nach rollaítear i rang speisialta ach leanaí agus daoine óga a dteastaíonn socrúchán i rang speisialta uathu.
  • is gá don lucht déanta beartas a chinntiú go bhfuil ailíniú agus comhleanúnachas ann idir na scéimeanna uile atá ceaptha chun tacú le cleachtais ionchuimsitheacha teagaisc agus foghlama i suíomhanna agus i scoileanna. Ba cheart é sin a dhéanamh mar chuid de chur chuige uile-chórais i leith cur leis an acmhainn measúnaithe atá ag múinteoirí agus i leith feabhas a chur ar an úsáid a bhaintear as an gcomhad tacaíochta scoláire i ngach scoil.
  • ba cheart do cheannairí scoile agus do mhúinteoirí a chinntiú go dtugtar ról fiúntach cuí do leanaí agus daoine óga i gcinntí faoi chineál agus saghas na tacaíochta breise a fhaigheann siad.
  • ba cheart do scoileanna treisiú le rannpháirtíocht tuismitheoirí i bhfoghlaim a leanaí.
  • ba cheart do gheallsealbhóirí oideachais breithniú a dhéanamh ar conas is fearr is féidir na hacmhainní riachtanacha a sholáthar do gach ceannaire scoile ionas gur féidir leo cabhrú le cineálacha éifeachtacha cur chuige scoile uile a fhorbairt agus a chur chun feidhme i leith cleachtais teagaisc, foghlama agus mheasúnaithe atá ionchuimsitheach agus ar ardchaighdeán. Níor cheart aon laghdú a bheith ann ar am teagmhála ranga mar thoradh ar na deiseanna chun cineálacha éifeachtacha cur chuige scoile uile a fhorbairt.

Tugann Walsh (2023) [28] faoi deara go bhfuil forbairt agus cur chun feidhme beartais i gcóras na hÉireann déabhlóidithe chuig raon leathan gníomhaithe, rud as a dtagann feasacht neamhleor uaireanta ar an dóigh a mbaineann agus a luíonn beartais éagsúla le chéile. Tarraingíonn sé aird ar an ngá atá le hailíniú agus comhleanúnachas a bheith ann idir fís, ábhar, oideolaíocht agus cleachtais mheasúnaithe laistigh den chóras. Iarrtar sa chaibidil seo go ndéanfaí gníomhartha ar fud cúig réimse thábhachtacha chun forbairt córais oideachais ionchuimsithigh ardchaighdeáin a chur chun cinn tuilleadh. Beidh ríthábhacht ag baint le hailíniú agus comhleanúnachas a áirithiú idir na gníomhartha éagsúla maidir le rath a chinntiú sna cúig réimse sin.

[27] Ar fáil ag: https://www.unicef.org/eca/sites/unicef.org.eca/files/IE_summary_accessible_220917_0.pdf

[28] Walsh, T. (2023). Alignment and Coherence in the Context of Policy and Curriculum Development in Ireland: Tensions, Debates, and Future Directions. https://doi.org/10.1007/978-3-030-82976-6_10-1, lch 1

Breathnú chun cinn

Tuarascáil bhliantúil ar bheartais iontrála i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna ina bhfuil ranganna speisialta le haghaidh leanaí agus daoine óga uathacha

Ag teacht sna sála ar fhoilsiú na tuarascála ón gCigireacht maidir le beartais iontrála do ranganna speisialta, [29] d’iarr an tAire Oideachais agus Óige ar an gCigireacht tuarascáil bhliantúil scríofa a sholáthar ar chur chun feidhme na mbeartas iontrála i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna ina bhfuil ranganna speisialta le haghaidh leanaí agus daoine óga uathacha. Tá an Chigireacht ag déanamh caidreamh le CNOS agus le rannóg oideachais speisialta na roinne maidir leis an athbhreithniú sin faoi láthair, agus foilseoidh sí an chéad cheann de na tuarascálacha bliantúla sa bhliain 2026.

Soláthar do leanaí agus daoine óga den Lucht Siúil agus den phobal Romach

Tá sé mar ardaidhm ag an Straitéis Oideachais don Lucht Siúil agus na Romaigh córas oideachais a chruthú atá ar oscailt do chách agus atá fáilteach roimh chách, beag beann ar chúlra nó ar chumas, agus lena chuirtear daoine de gach aois ag foghlaim ar bhealach fiúntach i dtimpeallacht dhearfach foghlama ina seastar leis an gcomhionannas agus ina n-urramaítear an éagsúlacht [30].

Thug an Chigireacht comhairle agus tacaíocht le linn fhorbairt na Straitéise Oideachais don Lucht Siúil agus na Romaigh, agus chuir sí tús le sraith cigireachtaí ina ndírítear ar na heispéiris agus na torthaí foghlama i measc leanaí agus daoine óga den Lucht Siúil agus den phobal Romach. Cuirfear na cigireachtaí sin i gcrích sa dara leath den bhliain 2025, agus áireofar le Tuarascáil na Cigireachta (2025) agus Athbhreithniú Téamach tuarascáil ar na torthaí cigireachta.

Tacú le scoileanna feabhas a chur ar an soláthar do gach leanbh agus duine óg

Le linn na scoilbhliana 2023-2024, rinne an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) athbhreithniú ar an gcur chuige a ghlacann an roinn i leith scoileanna a acmhainniú chun aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste oideachasúil. Sa tuarascáil deiridh a foilsíodh i mí Iúil 2024, tarraingíodh aird mar a leanas ar cheann de na príomhdhúshláin atá le sárú ag scoileanna: “Tagann roinnt scoileanna ar dhúshláin maidir le spriocanna atá sonrach, intomhaiste, inghnóthaithe, réalaíoch agus faoi cheangal ama a cheapadh, ar spriocanna iad atá fiúntach agus réalaíoch araon laistigh dá gcomhthéacsanna sonracha. Is ann go fóill do na dúshláin sin mar gheall ar an éiginnteacht atá ann i ndáil le sonraí a úsáid agus a anailísiú agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar na spriocanna a leagtar síos” [31].

Tá an cinneadh sin ó ECFE ag teacht le cinntí a rinneadh i dtuarascálacha roimhe ón gCigireacht maidir le pleanáil le haghaidh feabhsuithe i scoileanna atá sa chlár DEIS [32]. Is spéisiúil an rud é go bhfuil na cinntí ag teacht freisin leis na cinntí a rinne an Chigireacht ar fud raon comhthéacsanna éagsúla soláthair oideachais, lena n-áirítear an soláthar do leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu [33].

Tá sé mar phríomhthosaíocht ag an gCigireacht tacú le scoileanna aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin agus feabhas a chur ar a soláthar. Chun an méid sin a dhéanamh, tharla sé le linn na 2024 gur bheachtaigh an Chigireacht na cineálacha cur chuige a ghlacann sí i leith meastóireacht a dhéanamh ar ghnéithe den soláthar i scoileanna atá sa chlár DEIS agus den soláthar do leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Leis na cineálacha athbhreithnithe cur chuige, leagtar díriú soiléir ar cháilíocht fhoghlaim na scoláirí agus ar an acmhainn atá ag an scoil pleanáil le haghaidh feabhsuithe. Cuirfear na cineálacha cur chuige sin chun feidhme ó mhí na Samhna 2025 ar aghaidh, agus déanfar breithniú agus machnamh ar na torthaí cigireachta i dTuarascáil na Cigireachta (2025) agus Athbhreithniú Téamach.

[29] Ar fáil ag: https://assets.gov.ie/static/documents/2.20250422_Tac%C3%BA_le_gach_leanbh_agus_duine_%C3%B3g_rochtain_a_fh%C3%A1il_ar_oideachas_cu%C3%AD.pdf

[30] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/comhairliuchain/strait%C3%A9is-oideachais-do-phobal-an-lucht-si%C3%BAil-agus-na-romach/

[31] ECFE (2024). Athbhreithniú ó ECFE ar Acmhainniú Scoileanna chun Aghaidh a thabhairt ar Mhíbhuntáiste Oideachasúil in Éirinn, Athbhreithnithe ar Bheartais Náisiúnta Oideachais. Foilsitheoireacht ECFE, Páras, https://doi.org/10.1787/3433784c-en, lch 297

[32] Ar fáil ag: https://assets.gov.ie/static/documents/torthai-agus-eispeiris-a-fheabhsu-le-haghaidh-leanai-agus-daoine-oga-meastoireacht-ar-.pdf

[33] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/foilseachain/foilseach%C3%A1in-na-cigireachta/#oideachas-speisialta

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat