Mar fhocal scoir
- Foilsithe: 17 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 17 Samhain 2025
- Cinntí foriomlána
- An t-aistear i dtreo an ionchuimsithe
- Cur chun feidhme curaclaim
- An próiseas féinmheastóireachta scoile (FMS) a úsáid chun tacú le cur chun feidhme curaclaim ment
- Folláine agus frithbhulaíocht
- Claochlú digiteach
- Ráitis deiridh
Is é is aidhm do Tuarascáil na Cigireachta (2024) agus Athbhreithniú Téamach de chuid na Roinne Oideachais agus Óige forbhreathnú a thabhairt ar obair na Cigireachta i suíomhanna fhoghlaim agus chúram na luath-óige, bunscoileanna, scoileanna speisialta, iar-bhunscoileanna, ionaid oideachais agus suíomhanna eile oideachais. Tugtar sa doiciméad seo léargais ar cháilíocht an tsoláthair oideachais in Éirinn do leanaí agus daoine óga óna luathbhlianta go dtí go gcríochnóidh siad an iar-bhunscoil.
Níl sé mar aidhm leis na léargais, na machnaimh agus na cinntí sa tuarascáil agus athbhreithniú téamach seo meastóireacht iomlán a sholáthar ar an gcóras oideachais ar fad. Ina ionad sin, tá sé mar aidhm leo anailís fhianaisebhunaithe a thairiscint ar ghnéithe den soláthar oideachais sa tréimhse idir mí Eanáir 2024 agus mí na Nollag 2024.
Cinntí foriomlána
Is dearfach atá na cinntí foriomlána ó chlár cigireachta na bliana 2024. Bhí ardchaighdeáin sa soláthar oideachais le feiceáil, rud atá ag teacht le measúnuithe náisiúnta agus idirnáisiúnta ina léirítear go bhfuil ag éirí go maith le hÉirinn ó thaobh gnóthachtáil oideachasúil de. Ní féidir beag is fiú a dhéanamh den ról a imríonn oideoirí luathbhlianta agus pobail scoile maidir leis an méid sin a bhaint amach. Tá athrú agus forbairt leanúnach i réim i gcomhthéacsanna sóisialta, oideachais agus curaclaim faoi láthair. Leanann ceannairí scoile agus suímh, boird bhainistíochta, múinteoirí, oideoirí luathbhlianta, príomhoidí agus cúntóirí riachtanas speisialta le tiomantas gairmiúil ollmhór a léiriú chun eispéiris foghlama ardchaighdeáin a sholáthar do leanaí agus daoine óga.
D’ainneoin na láidreachtaí atá le feiceáil inár gcóras oideachais, is ann do ghnéithe den soláthar ar gá dúinn aird a thabhairt orthu agus féachaint le feabhas a chur orthu.
An t-aistear i dtreo an ionchuimsithe
Tugtar faoi deara i gCaibidil 8 den tuarascáil agus athbhreithniú téamach seo a thiomanta atá Éire do chóras oideachais ardchaighdeáin a fhorbairt, áit ar féidir le gach leanbh agus duine óg rochtain a fháil ar oideachas atá cuí dá gcuid údar spéise, láidreachtaí agus riachtanas i dtimpeallacht ionchuimsitheach. San obair a rinne an Chigireacht sa bhliain 2024, tarraingíodh aird ar na héachtaí a gnóthaíodh maidir leis an sprioc sin a bhaint amach. Forbairtí dearfacha ina leith sin is ea an obair atá ar bun ag cuid mhór suíomhanna agus scoileanna chun cumas gníomhúcháin leanaí agus daoine óga a chur chun cinn, an méadú ar rannpháirtíocht tuismitheoirí i bhfoghlaim a leanaí, agus an leabú breise ar an gcomhad tacaíochta scoláire chun tacú le dul chun cinn san fhoghlaim. Cé go bhfeicimid tiomantas méadaitheach do chleachtais ionchuimsitheacha, is amhlaidh atá dúshláin ann go fóill maidir leis na luachanna sin a bhaint amach.
I mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna, is ann do neamh-chomhsheasmhacht sa dóigh a bpleanáiltear agus a soláthraítear gníomhaíochtaí foghlama fiúntacha chun freastal ar na riachtanais foghlama éagsúla atá ag leanaí agus daoine óga. Ionas go mbíonn cleachtais teagaisc ionchuimsitheach agus éifeachtach, is gá do mhúinteoirí an curaclam a oiriúnú ar shlite a gcaomhnaíonn sláine an churaclaim agus, an tráth céanna, a n-éascaíonn solúbthacht agus sofhreagracht do riachtanais scoláirí agus a dtugann rochtain do gach duine ar eispéiris foghlama lánbhrí saibhrithe. Is gá dóibh freisin a aithint nach rud coimhdeach é an t-ionchuimsiú; is cuid lárnach é den dóigh a soláthraítear foghlaim lánbhrí do gach leanbh agus duine óg.
Beidh caidreamh leis na geallsealbhóirí uile, lena n-áirítear tuismitheoirí, leanaí agus daoine óga, maidir le tuiscint chomhroinnte ar an ionchuimsiú ina chéad chéim thábhachtach eile i ndáil le córas oideachais ionchuimsitheach ardchaighdeáin a fhorbairt tuilleadh.
Léiríodh i dtuarascálacha téamacha a d'fhoilsigh an Chigireacht in 2024 nach n-úsáideann scoileanna na hacmhainní breise teagaisc a fhaigheann siad i gceart i gcónaí. Mar shampla, fuarthas amach i dtuarascáil na Cigireachta ar an soláthar do leanaí agus do dhaoine óga a bhfuil riachtanais speisialta acu i scoileanna príomhshrutha [1] gur imscaradh múinteoirí oideachais speisialta go mícheart chun Matamaitic nó Béarla a mhúineadh do ranganna príomhshrutha i mbeagnach aon trian de na bunscoileanna a ndearnadh cigireacht orthu in 2024. Rinne ceannairí iar-bhunscoile múinteoirí a imscaradh go neamhoiriúnach i dtrí cheathrú de na scoileanna a ndearnadh cigireacht orthu. Ba í an phríomhcheist sna scoileanna seo ná mí-úsáid uaireanta teagaisc oideachais speisialta chun ranganna ábhair ní ba lú a chruthú do gach scoláire, nó chun roghanna ábhair breise a chruthú. Níl an t-imscaradh mícheart acmhainní teagaisc teoranta do theagasc oideachais speisialta; leagadh béim ar shaincheisteanna den chineál céanna sa tuarascáil théamach maidir le soláthar do leanaí agus do dhaoine óga a bhfuil riachtanais bhreise teanga acu [2].
De réir mar a chuireann an Roinn forbairt córais ionchuimsithigh ar ardchaighdeán chun cinn, is gá do lucht déanta beartais plé a dhéanamh faoi conas na próisis reatha a neartú maidir le múinteoirí a leithdháileadh ar scoileanna agus a imscaradh laistigh díobh chun a chinntiú go mbaintear an úsáid is fearr as na hacmhainní i scoileanna agus go mbaintear na spriocanna beartais a ceapadh dóibh amach.
[1] Ar fáil ag: https://assets.gov.ie/static/documents/i-dtreo-eispeiris-foghlama-ar-ardchaighdeain-do-chach-solathar-do-leanai-agus-do-dhaoi.pdf
[2] Ar fáil ag: https://assets.gov.ie/static/documents/freastal-a-dheanamh-ar-riachtanais-bhreise-teanga.pdf
Cur chun feidhme curaclaim
Leanadh ar aghaidh le dul chun cinn a dhéanamh ar athfhorbairt agus cur i bhfeidhm curaclaim. Tá straitéisí náisiúnta maidir leis an litearthacht, leis an uimhearthacht, leis an ionchuimsiú agus leis an bhfoghlaim dhigiteach ag tarraingt ar an gcéim cur chun feidhme. Tugann athchóiriú curaclaim ar leibhéal na luathbhlianta, na bunscoile agus na hiar-bhunscoile deis iontach dúinn an comhrá gairmiúil a athnuachan faoi cad is aidhm don oideachas agus faoi conas is fearr is féidir linn freastal ar fhoghlaimeoirí i ndomhan a bhíonn ag athrú.
I gcomhthéacs an athchóirithe, is éasca an rud é díriú ar struchtúir, ar chreataí agus ar straitéisí. Ar deireadh thiar, áfach, is ar cháilíocht na gcinntí a dhéanann múinteoirí agus ar cháilíocht na n-eispéireas a sholáthraíonn siad do leanaí agus daoine óga a bhíonn rath aon churaclaim ag brath, cibé acu i ndáil le foghlaim agus cúram na luath-óige, le Creatchuraclam na Bunscoile nó le hathfhorbairt na sraithe sinsearaí.
Bíonn gnóthú aon fhíse le haghaidh cur chun feidhme curaclaim ag brath ar idirghníomhaíocht rathúil idir gníomhaithe éagsúla: scoileanna, Oide agus seirbhísí eile tacaíochta, comhlachtaí curaclaim agus measúnaithe, soláthraithe oideachais tosaigh múinteoirí, an Chigireacht, Ionaid Tacaíochta Oideachais, teaghlaigh agus pobail. Bíonn sé ag brath freisin ar rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga, ar rannpháirtíocht í a bhfuil cuspóir léi.
Ceann de na príomhnithe a ndírítear orthu sa tuarascáil seo is ea cur i bhfeidhm Curaclam Teanga na Bunscoile, a mhéid a bhaineann sé leis an nGaeilge. Léirítear i gcinntí cigireachta go bhfuil gá práinneach ann le tacú le ceannairí scoile agus le múinteoirí feabhas a chur ar a n-inniúlacht teanga sa Ghaeilge. Tá ríthábhacht ag baint le hinniúlacht sa Ghaeilge maidir le prionsabail agus cleachtais oideolaíocha Curaclam Teanga na Bunscoile a chur i bhfeidhm go rathúil. Is gá iarracht chomhbheartaithe a dhéanamh múinteoirí a spreagadh úinéireacht a ghlacadh ar a bhfoghlaim ghairmiúil féin ar mhaithe lena n-inniúlacht teanga sa Ghaeilge a neartú agus a chothabháil, a mhéid a bhaineann lena gcomhthéacs seomra ranga agus scoile féin.
An próiseas féinmheastóireachta scoile (FMS) a úsáid chun tacú le cur chun feidhme curaclaim ment
Mar a mheabhraíonn scoláirí amhail Mark Priestley agus Gert Biesta dúinn, ní ionann an curaclam agus táirge atá le soláthar [3]. Is ionann é agus próiseas; ceann ina léirítear ár luachanna agus ina n-iarrtar breithiúnas gairmiúil agus nach mór a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs. Cé nach mbíonn sé ina chuid dár ngnáth-theanga laethúil i gcónaí, tugann an coincheap maidir le ceapadh curaclaim modh úsáideach dúinn chun smaoineamh faoin dóigh a n-éascaítear an fhoghlaim trí ábhar agus tascanna cuí, trí thimpeallachtaí spreagúla agus trí phróisis teagaisc agus eispéiris foghlama leanbhlárnacha ina gcuirtear comhthéacsanna baile, scoile agus pobail san áireamh.
I gceapadh curaclaim, socraítear múinteoirí mar ghníomhairí gníomhacha maidir le múnlú a dhéanamh ar an gcuma a bheidh ar an gcuraclam sa chleachtas. Inár gcuid cigireachtaí, leanaimid le samplaí cumhachtacha a fheiceáil de chomhoibriú agus ceapadh curaclaim inmheánach. Feicimid múinteoirí a bheith ag obair le chéile ar fud leibhéil ranga nó ábhar, ceannairí a bheith ag cumasú am pleanála comhroinnte, agus scoileanna a bheith ag baint úsáid éifeachtach as na próisis FMS chun comhoibriú agus machnamh a dhéanamh ar shonraíochtaí nua, ar an ionchuimsiú, ar dhul chun cinn agus ar an bhfolláine.
D’ainneoin na láidreachtaí sin, is ann do ghnéithe den soláthar ar cheart plé leo mar ábhar tosaíochta i gcónaí chun a chinntiú go mbíonn cáilíocht eispéiris foghlaimeoirí bunaithe ar ábhar an churaclaim agus ar an dóigh a gcuirtear i bhfeidhm é araon. Ní eachtraí aonuaire iad FMS ná ceapadh curaclaim. Is próisis leanúnacha atriallacha um oiriúnú agus um fheabhsú iad a bhíonn bunaithe ar aiseolas agus ar riachtanais athraitheacha. Ionas go n-éireoidh le FMS agus nach bhféachfar é mar rud atá san iomaíocht le tosaíochtaí eile, is gá nasc láidir a bheith ann idir FMS agus an teagasc, an fhoghlaim agus an measúnú.
[3] Biesta, G., Priestley, M. agus Robinson, S. (2017). Talking about education: exploring the significance of teachers’ talk for teacher agency. Journal of Curriculum Studies, 49, lgh 38–54.; Biesta, G., Priestley, M. agus Robinson, S. (2015). The role of beliefs in teacher agency. Teachers and Teaching, 21(6), lgh 624–640; Priestley, M., Alvunger, D., Philippou, S. agus Soini, T. (2021). Curriculum making in Europe: policy and practice within and across diverse contexts. Bingley: Emerald, lgh 1–28.
Folláine agus frithbhulaíocht
Dearbhaítear i roinnt de na cinntí cigireachta i gCaibidil 7, Dearcthaí ar iompar bulaíochta (2024), an obair shuntasach atá ar bun ag scoileanna maidir le timpeallachtaí foghlama atá sábháilte, ionchuimsitheach agus fáilteach a chothú. Cuid lárnach den obair sin is ea na nósanna imeachta Bí Cineálta ón Roinn Oideachais agus Óige, ina dtugtar creat struchtúrtha tacaí lena gcabhraítear le scoileanna iompraíocht bhulaíochta a chosc agus dul i ngleic léi araon. Trí threisiú le tosca cosantacha amhail daoine fásta iontaofa, guth an scoláire, oiliúint foirne, agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach beartas frithbhulaíochta, is é an toradh a bhíonn ar na nósanna imeachta Bí Cineálta ná go gcabhraítear le scoileanna caidrimh mheasúla a fhorbairt agus a chothú tuilleadh agus folláine scoláirí a threisiú.
Aithnítear freisin an dúshlán leanúnach a bhaineann le cibearbhulaíocht. Soláthraítear tacaí tábhachtacha ina leith sin leis an Straitéis Dhigiteach do Scoileanna, ina dtugtar tús áite don fhoghlaim ghairmiúil, do shábháilteacht dhigiteach, agus do chaidreamh comhoibríoch le tuismitheoirí agus scoláirí ar mhaithe le hiompraíocht fhreagrach ar líne a mhúnlú.
Claochlú digiteach
Leanann claochlú digiteach le gach gné den oideachas a mhúnlú, agus é ag cur leis an móiminteam atá ar bun ó thús na 2020í. De réir mar a oiriúnaíonn scoileanna agus suíomhanna na hÉireann do theicneolaíochtaí a bhíonn ag athrú, is gá a chinntiú go fóill go n-úsáidtear uirlisí digiteacha chun feabhas a chur ar na caidrimh dhaonna agus na cleachtais chruthaitheacha atá mar chuid dhílis den teagasc éifeachtach agus nach nglacann siad áit na gcaidreamh ná na gcleachtas sin.
Cé go dtairgtear le hardáin dhigiteacha deiseanna gan fasach chun tascanna riaracháin a chuíchóiriú agus chun tacú le hoideolaíocht nuálach, ní mór éirim an teagaisc – a bhfuil caidreamh, comhbhá, ealaíontacht agus rannpháirtíocht dhílis mar shaintréithe aici – a chaomhnú agus a ardú laistigh den chomhthéacs seo. Leanann an Chigireacht le tús áite a thabhairt don inniúlacht dhigiteach a fhorbairt lena dtugtar de chumhacht d’fhoghlaimeoirí ceistiú agus bláthú i ndomhan idirnasctha casta. An tráth céanna, leanann sí lena chinntiú go n-úsáidtear an teicneolaíocht chun sláine oideolaíoch agus ceangail dhaonna a chomhlánú agus nach nglacann an teicneolaíocht áit na sláine ná na gceangal sin.
Ráitis deiridh
Tá an Chigireacht buíoch de gach duine sa phobal oideachais a ndearnamar caidreamh leo trínár gcuid oibre cigireachta, comhairlí agus taighde chun teacht ar na léargais atá sa tuarascáil agus athbhreithniú téamach seo. Táimid ag tnúth le caidreamh gairmiúil cómhalartach a choinneáil ar bun le comhpháirtithe agus geallsealbhóirí oideachais, lena n-áirítear leanaí agus daoine óga.
Mar Chigireacht, is é an ardaidhm atá againn córas oideachais a bhaint amach ina mbraitheann gach leanbh agus duine óg go bhfuil ardmheas orthu agus ina gcothaítear go gníomhach iad chun barr a gcumais a bhaint amach. Táthar ag súil go spreagfar le Tuarascáil na Cigireachta (2024) agus Athbhreithniú Téamach machnamh, díospóireacht agus gníomhartha a rannchuideoidh le córas oideachais ionchuimsitheach ardchaighdeáin a sholáthar.