Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Saoire Díobhála Ceirde do Mhúinteoirí


Saoire Díobhála Ceirde

Faoin Scéim Saoire Díobhála Ceirde, féadfaidh an fostóir saoire le pá a dheonú do mhúinteoir a deimhníodh a bheith neamhfheidhmiúil ó thaobh leighis de chun obair mar gheall ar dhíobháil fhisiciúil a fulaingíodh mar thoradh ar thionóisc i gcomhlíonadh iarbhír a d(h)ualgas, lena n-áirítear gníomhaíochtaí ceadaithe scoile; ar díobháil í nár tharla mar gheall ar fhaillí ar thaobh an mhúinteora, agus le díobháil éigin is féidir a chur i leith chineál dhualgas an mhúinteora a chinn an fostóir a bheith ina Díobháil Cheirde agus ina leith sin amháin.

Múinteoirí

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Shaoire Díobhála Ceirde do mhúinteoirí, féach Ciorclán 0013/2025 dar teideal “An Scéim Díobhála Ceirde do Mhúinteoirí Cláraithe atá fostaithe i mBunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna Aitheanta”.

Conas iarratas a dhéanamh ar Shaoire Díobhála Ceirde

Múinteoirí

Ba cheart don mhúinteoir an t-iarratas ar Shaoire Díobhála Ceirde a dhéanamh chuig a f(h)ostóir a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná seachtain amháin (seacht lá féilire) ó tharlú na díobhála ach úsáid a bhaint as an bhFoirm Iarratais in Aguisín A de Chiorclán 0013/2025.

Mionsonraí Teagmhála

Múinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta: An Rannán Téarmaí agus Coinníollacha - Múinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta

Seoladh:

An Rannán Téarmaí agus Coinníollacha - Múinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta, An Roinn Oideachais, Corr na Madadh, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí, N37 X659

Ríomhphost:

teachersna@education.gov.ie

Uimhir theileafóin:

(090) 648 3734

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat