Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Oíche na hÓige


Youth night Logo

Obair na hÓige inár bpobail a cheiliúradh

Cad is Oíche na hÓige ann?

Beidh Oíche na hÓige 2025 ar siúl Dé hAoine an 21 Samhain 2025.

Ar Oíche na hÓige cuirimid fáilte roimh chlubanna agus roimh sheirbhísí Óige ó cheann ceann na hÉireann a ndoirse a oscailt don phobal, chun ceiliúradh a dhéanamh ar bhaill de chlubanna agus de ghrúpaí óige, agus ar a n-oibrithe agus ar a saorálaithe óige, agus chun feasacht ar obair óige i do phobal a chothú. Is mian linn an luach a chuireann obair óige le saolta daoine óga agus leis an bpobal i gcoitinne a thaispeáint.

Spreagtar rannpháirtithe imeacht taispeántais a dhearadh mar a cheiliúradh agus mar shlí chun cur in iúl don phobail cad é is brí lena gclub nó seirbhís dóibh. Mar shampla, d’fhéadfadh clubanna agus seirbhísí fáilte a chur roimh an bpobal isteach ina spás chun foghlaim faoi cad is brí le hobair óige.

Tionscnamh de chuid na Roinne Oideachais agus Óige is ea Oíche na hÓige, á dhéanamh i gcomhpháirtíocht leis na Boird Oideachais agus Oiliúna (BOO), Comhairle Náisiúnta na nÓg agus earnáil na hoibre óige.

Cathain a bheidh sí ar siúl?

Beidh Oíche na hÓige ar siúl Dé hAoine an 21 Samhain.

Cé is féidir Oíche na hÓige a óstáil?

Cuirfidh an Roinn Oideachais agus Óige maoiniú ar fáil trí na Boird Oideachais agus Oiliúna gur féidir le clubanna agus le tionscadail a úsáid chun imeachtaí Oíche na hÓige a óstáil.

Cuirtear fáilte roimh clubanna agus roimh sheirbhísí a maoinítear faoi Scéim Dheontais na gClub Óige Áitiúla agus faoi UBU D’Áit Do Spás páirt a ghlacadh. Le haghaidh tuilleadh faisnéis déan teagmháil le hOifigeach Óige do BOO áitiúil.

Tá maoiniú deontais ar fáil chun cabhrú le clubanna a bheidh rannpháirteach le costais an n-imeachtaí Oíche na hÓige, lena n-áirítear:

  • Bia agus deoch.
  • Ceol agus trealamh ar cíos.
  • Ábhair.
  • Taispeántais.
  • Siamsaíocht.
  • Costais imeachtaí eile.
  • Costais chur chun cinn amhail na meáin, físeán, grianghrafadóireacht agus priontáil, lena n-áirítear ábhair a hullmhaíodh roimh Oíche na hÓige a ullmhú.

Is féidir le clubanna óige atá maoinithe faoin Scéim Deontas do Chlubanna Óige Áitiúla iarratas a dhéanamh ar dheontais suas le €500 chun gníomhaíochtaí Oíche na Óige a mhaoiniú.

Is féidir le seirbhísí óige atá maoinithe faoi UBU D’Áit Do Spás iarratas a dhéanamh ar dheontais suas le €1,200 chun gníomhaíochtaí Oíche na hÓige a mhaoiniú.

Amlínte le haghaidh deontas

  • Dáta deiridh le haghaidh iarratas ó sheirbhísí/thionscadail/chlubanna a bheidh rannpháirteach: 17 Deireadh Fómhair 2025
  • Athbhreithniú agus measúnú ar iarratais: seachtain an 20 Deireadh Fómhair 2025
  • Eiseofar íocaíochtaí an deontais d’fhaighteoirí faoin 7 Samhain 2025
  • Oíche na hÓige: 21 Samhain 2025

Cén fáth an bhfuil Oíche na hÓige ag tarlú?

Spreagtar le rath imeachtaí amhail Oíche Chultúir agus Teach Oscailte, Baile Átha Cliath, is é is cuspóir le Oíche na hÓige ná aird a tharraingt ar ghréasán bríomhar agus éagsúil na gclub agus na seirbhísí óige i gcroíthe na bpobal ar fud na hÉireann, ar féidir le daoine óga foghlaim, forbairt agus bláthú le chéile. An cuspóir atá léi ná cabhrú le clubanna agus le seirbhísí a gcuid oibre a thaispeáint agus dul i ngleic le heaspa feasachta poiblí ar obair óige in Éirinn

Tacaítear le Oíche na hÓige faoi Deiseanna don Oige: Straitéis Náisiúnta d’Obair Óige agus Seirbhísí Gaolmhara 2024 - 2028. Is éard atá i gceist leis an tionscnamh seo a dhéanamh ná dul i ngleic le saincheist na feasachta teoranta ar sheirbhísí agus ar dheiseanna sa phobal tríd an difear a dhéanann obair óige i saolta dhaoine óga ar fud na hÉireann a thabhairt chun solais.

Coinnigh suas chun dáta

Tacaigh le #YouthNight agus le #OíchenahÓige agus coinneáil súil amach le haghaidh na huasdátaithe is deireanaí ar chainéil mheán sóisialta na roinne:

x @Education_Ire

Instagram @Education_Ire

LinkedIn Department of Education – Ireland

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat