Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Oideachas trí mheán na Gaeilge

Cuireann 92% de bhunscoileanna oideachas ar fáil trí mheán an Bhéarla. Cuireann an 8% eile atá fágtha oideachas ar fáil trí mheán na Gaeilge. San áireamh san fhigiúr seo tá gaelscoileanna atá lonnaithe lasmuigh den Ghaeltacht agus scoileanna a chuireann oideachas ar fáil trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Leanann daltaí i scoileanna ina gcuirtear oideachas ar fáil trí mheán na Gaeilge an curaclam céanna leo siúd i scoileanna eile ach déantar na hábhair uile (seachas Béarla agus teangacha eile) a theagasc as Gaeilge. Foghlaimíonn na daltaí Gaeilge go nádúrtha – trí bheith ag súgradh agus í a úsáid gach lá – agus bíonn siad dátheangach. Is í an Ghaeilge teanga na scoile agus úsáideann na daltaí agus na múinteoirí í i rith an lae, i gclós na scoile san áireamh.

Freastalaíonn leanaí as gach cúlra ag gach leibhéal ar scoileanna a chuireann oideachas ar fáil as Gaeilge; cuimsíonn sé seo leanaí nach labhraíonn a dtuismitheoirí ná caomhnóirí aon Ghaeilge agus leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

Sa tábla thíos, leagtar amach briseadh síos na mBunscoileanna de réir na teanga:

An Teanga Teagaisc Céatadán Bunscoileanna
Oideachas trí mheán an Bhéarla 92%
Oideachas trí mheán na Gaeilge 8%

Sa Suirbhé Bunscoile, tá an cheist seo a leanas maidir le rogha oideachais trí mheán na Gaeilge:

Arbh fhearr leat go gcuirfeadh do bhunscoil oideachas ar fáil go príomha trí mheán an Bhéarla nó trí mheán na Gaeilge?

Ní céim deiridh é an suirbhé. Cuirfidh roghanna sa suirbhé maidir le teanga (oideachas trí mheán an Bhéarla nó oideachas trí mheán na Gaeilge) le comhairliúchán áitiúil a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo maidir le deiseanna chun athrú a dhéanamh le hoideachas méadaithe a chur ar fáil as Gaeilge.

Tá pátrún ag gach scoil, a cheapann Bord Bainistíochta chun an scoil a bhainistiú thar a cheann. Faoin Acht Oideachais 1998, déanann an pátrún cinneadh ar éiteas na scoile agus is é an t-údarás cinnteoireachta é ar chinntí suntasacha ar nós ó oideachas a chur ar fáil go príomha trí mheán an Bhéarla go dtí oideachas a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge, faoi réir fhaomhadh na Roinne Oideachais.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat