Polasai don Oideachas Lan-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht
- Foilsithe: 4 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 6 Samhain 2025
Réamhrá
Is sainghné shaibhir luachmhar de chóras oideachais na hÉireann é an t-oideachas lán-Ghaeilge. Tá áthas ar an Roinn Oideachais agus Óige an Polasaí don Oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a fhoilsiú, a thacóidh le fás agus forbairt na hearnála lán-Ghaeilge.
Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht
Leagtar amach sa pholasaí fís na roinne:
- Go mbeidh oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do chách, i suíomhanna oideachais atá ionchuimsitheach agus ilchultúrtha.
- Go gcothófar bá agus grá ar leith don teanga agus don chultúr Gaelach sna páistí agus sna daoine óga le go leanfaidh siad ag úsáid na teanga go cumasach, mórtasach ar feadh a saoil.
Go mbeidh éiceachóras tacaíochtaí agus acmhainní cuí ar fáil do shuíomhanna oideachais lán-Ghaeilge agus dá bpobail.
Chun tacú leis an bhfís atá leagtha amach sa pholasaí, cuirfear gníomhartha i bhfeidhm faoin bpolasaí sna réimsí gnímh seo a leanas:
- An earnáil a fhás
- Caighdeáin agus treoir a fhorbairt
- Tacú leis an gcleachtas gairmiúil
- Inniúlacht teanga a chothú
- Acmhainní foghlama, teagaisc agus measúnaithe a sholáthar
- Teaghlaigh agus pobail a spreagadh.
Bhí forbairt an pholasaí bunaithe ar phróiseas cuimsitheach comhairliúchán
a reáchtáil an roinn agus ar thaighde náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Tascfhórsa ar Mhúnlaí Soláthair don Oideachas lán-Ghaeilge
Tá tascfhórsa á bhunú, mar phríomhghníomh faoin bpolasaí seo, chun moltaí a chur faoi bhráid na Roinne Oideachais agus Óige maidir le bunú, forbairt agus inbhuanaitheacht múnlaí do sholáthar oideachais lán-Ghaeilge.
Cuirfidh an tascfhórsa ardán ar fáil do chomhoibriú idir an roinn agus príomhpháirtithe leasmhara chun cur chuige a aithint agus a chomhdhearadh chun soláthar oideachais lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán a mhéadú.
Sonraí teagmhála
Má tá tuilleadh eolais ag teastáil, déan teagmháil ar ríomhphost le aog@education.gov.ie nó ar an nguthán ar (01) 889 6408.
Próiseas comhairliúcháin chun polasaí a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht