Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Léargais iar-bhunscoile


Réamhrá

B’airde an líon scoláirí a bhí rollaithe in iar-bhunscoileanna sa bhliain 2024 ná ag am ar bith riamh. Bhí 425,412 scoláire san iomlán rollaithe i mí Mheán Fómhair 2024[1]. Bhí sé sin cothrom le méadú 8,781 scoláire, nó méadú 2%, ó mhí Mheán Fómhair 2023 (416,631)[2].

Tháinig deiseanna agus dúshláin araon chun cinn don chóras mar thoradh ar na ranganna speisialta sa bhreis a osclaíodh in iar-bhunscoileanna le linn na bliana 2024.

Lean fadhbanna soláthair múinteoirí in iar-bhunscoileanna ar aghaidh le linn na bliana 2024, agus dúshláin ar leith le sárú i suíomhanna uirbeacha. Tuairiscíodh brúnna a bheith an-ghéar do roinnt réimsí ábhair iar-bhunscoile agus do scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna speisialta araon.

Rinneadh dul chun cinn suntasach i ndáil le hathfhorbairt na Sraithe Sinsearaí le linn na bliana 2024. Foilsíodh leagan athbhreithnithe de Ráiteas Chlár na hIdirbhliana[3] i mí Lúnasa 2024. Soláthraítear sa ráiteas sin cur chuige solúbtha i leith cláir Idirbhliana a phleanáil do gach scoláire. Sa scoilbhliain 2024/25, bhí deis ag gach scoil a dtairiscint Idirbhliana reatha a iniúchadh agus í a athbhreithniú i gcás gur ghá ar aon dul le ráiteas an chláir.

Foilsíodh ráiteas an chláir agus na modúil tosaigh do Chláir Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 na Sraithe Sinsearaí do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i mí Mheán Fómhair 2024. Leis na cláir sin, soláthraítear roghanna feabhsaithe ionas gur féidir le scoláirí tabhairt faoi na conairí atá ar na cinn is cuí dá riachtanais.

Foilsíodh sonraíochtaí do naoi gcinn nua nó athbhreithnithe d’ábhair Ardteistiméireachta. Áiríodh dhá ábhar nua leo sin: Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe, agus Drámaíocht, Scannánaíocht agus Amharclannaíocht. Foilsíodh sonraíocht nua d’Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) na Sraithe Sinsearaí freisin[4].

D’fhoilsigh an roinn nósanna imeachta nua do scoileanna i mí an Mheithimh 2024 – Bí Cineálta: Nósanna Imeachta chun Iompraíocht Bhulaíochta a Chosc agus Dul i nGleic léi do Bhunscoileanna agus d’Iar-bhunscoileanna.[5] Beidh éifeacht leis na nósanna imeachta ó mhí Mheán Fómhair 2025.

Cuirtear i láthair sa chaibidil seo sonraí ó chigireachtaí a rinneadh in iar-bhunscoileanna le linn na bliana 2024, na príomhchinntí cigireachta i ndáil leis an teagasc, leis an bhfoghlaim agus leis an measúnú, agus roinnt téamaí a d’eascair as anailís a dhéanamh ar chigireachtaí ábhair ar Chorpoideachas agus ar Ríomheolaíocht.

[1] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/seirbhisi/an-tionscadal-bunachar-sonra%C3%AD-ar-l%C3%ADne-diar-bhunscoileanna-p-pod/

[2] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/foilseachain/tuarasc%C3%A1il-chigireachta-na-roinne-oideachais-2021-2023-agus-athbhreithni%C3%BA-t%C3%A9amach/

[3] Ar fáil ag: https://www.curriculumonline.ie/getmedia/5a5c7025-840d-498d-92b5-d109a461e812/IB-Raiteas-an-Chlair-GA-INT.pdf

[4] Ar fáil ag: https://ncca.ie/ga/an-tsraith-shinsearach/abhair-agus-creata-faoi-fhorbairt/oideachas-soisialta-pearsanta-agus-slainte-osps-na-sraithe-sinsearai/

[5] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/poist-pholasai/n%C3%B3sanna-imeachta-chun-iompra%C3%ADocht-bhula%C3%ADochta-a-chosc-agus-dul-i-ngleic-l%C3%A9i-do-bhunscoileanna-agus-diarbhunscoileanna/

Cineálacha cigireachta

Déanann an Chigireacht cigireacht in iar-bhunscoil thart ar gach dhá bhliain, agus cineálacha éagsúla cigireachta á n-úsáid aici. Tugtar gearrfhógra faoi bheagnach gach cineál cigireachta. Is é is aidhm dó sin bailiú faisnéise a éascú trí shuirbhéanna a riar agus cruinnithe a thionól le leanaí agus daoine óga, tuismitheoirí, múinteoirí, ceannairí scoile agus an bord bainistíochta. Áirítear na cineálacha cigireachta seo a leanas le cigireachtaí fógartha, i.e., cigireachtaí a dtugtar gearrfhógra fúthu:

Tábla 1: Cineálacha cigireachta

Cineál Cigireachta

Mionsonra

An Fógra a Thugtar

Toradh

Cigireacht ábhair/Meastóireacht cláir

Dírítear sa chineál cigireachta seo ar mheastóireacht a dhéanamh ar ábhair agus cláir shonracha

 

Cúig lá oibre roimh an meastóireacht de ghnáth

Foilsítear tuairisc dheiridh

 

Meastóireacht scoile uile – bainistíocht, ceannaireacht agus foghlaim (MSU-BCF)

Déantar sa chineál cigireachta seo meastóireacht ar phríomhghnéithe d’obair na scoile – teagasc, foghlaim scoláirí, tacaíocht d’fhoghlaim agus folláine scoláirí, ceannaireacht, bainistíocht, agus féinmheastóireacht scoile

Deich lá oibre roimh an meastóireacht de ghnáth

 

 

 

Foilsítear tuairisc dheiridh

Meastóireacht ar phleanáil gníomhaíochta le haghaidh feabhsúcháin i scoileanna DEIS

Déantar sa chineál cigireachta seo meastóireacht ar an dóigh a gceapann scoileanna pleananna gníomhaíochta le haghaidh feabhsúcháin i leith spriocanna DEIS agus ar an dóigh a gcuireann siad na pleananna sin chun feidhme agus a ndéanann siad faireachán orthu

Deich lá oibre roimh an meastóireacht de ghnáth

Foilsítear tuairisc dheiridh

 

Meastóireacht ar chleachtais ionchuimsitheacha agus ar sholáthar ionchuimsitheach do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu

Déantar sa chineál cigireachta seo meastóireacht ar an soláthar do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu i ranganna príomhshrutha agus i suíomhanna tacaíochta

Deich lá oibre roimh an meastóireacht de ghnáth

 

 

 

Foilsítear tuairisc dheiridh

 

Cigireacht um chosaint agus chumhdach leanaí

Déantar sa chineál cigireachta seo scrúdú ar a mhéid a chomhlíonann scoil na príomhghnéithe de na nósanna imeachta um chosaint leanaí do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna

Is gnách go dtugtar fógra idir ceithre uair is fiche an chloig agus ocht n-uair is daichead an chloig roimh an gcigireacht. Déantar na cigireachtaí seo gan aon fhógra freisin

Foilsítear tuairiscí tosaigh agus deiridh

Cigireacht leantach

Déantar sa chineál cigireachta seo measúnú ar a mhéid a chuir scoil moltaí ó chigireachtaí roimhe chun feidhme

Cé go dtugtar fógra dhá lá oibre roimh an gcigireacht, déantar na cigireachtaí seo gan aon fhógra freisin

Foilsítear tuairisc dheiridh

Tar éis gach cigireachta fógartha, tugtar aiseolas ó bhéal don scoil maidir leis na láidreachtaí atá ag baint leis an soláthar oideachais sa scoil agus, de réir mar is iomchuí, maidir le gnéithe den soláthar ar gá feabhas a chur orthu. Foilsítear tuairisc chigireachta scríofa ina bhfuil na cinntí cigireachta ón gcigireacht fhógartha freisin ar https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/feachtais/cigireacht-an-oide-oideachais/

Chomh maith leis sin, déanann an Chigireacht cigireachtaí neamhfhógartha aon lae ar a dtugtar cigireachtaí teagmhasacha. I gcigireachtaí neamhfhógartha, tugtar deis do chigirí breathnú agus meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na gcleachtas teagaisc, foghlama agus measúnaithe le linn an ghnáthlae scoile. Is amhlaidh tar éis cigireachtaí neamhfhógartha freisin a thugtar aiseolas ó bhéal do cheannairí agus baill foirne scoile maidir leis na láidreachtaí atá ag baint leis an soláthar oideachais sa scoil agus, de réir mar is iomchuí, maidir le gnéithe den soláthar ar gá feabhas a chur orthu. Is ar théama ar leith a dhírítear i sciar de na cigireachtaí neamhfhógartha. Cuirtear na cinntí ó na cigireachtaí sin le chéile chun tuarascálacha téamacha a sholáthar ar ghnéithe den soláthar oideachais[6]

I gcigireachtaí fógartha agus i gcigireachtaí neamhfhógartha araon ar iar-bhunscoileanna, tugann cigirí cuairt ar sheomraí ranga agus ar thimpeallachtaí foghlama eile, agus labhraíonn siad le leanaí agus daoine óga, múinteoirí agus ceannairí scoile. Tionóltar cruinnithe idir cigirí agus bord bainistíochta na scoile agus idir cigirí agus tuismitheoirí freisin le linn cineálacha áirithe cigireachtaí fógartha, amhail meastóireachtaí scoile uile. Tá cigireachtaí fógartha agus cigireachtaí neamhfhógartha araon deartha chun machnamh gairmiúil a spreagadh, chun tacú le féinmheastóireacht scoile, agus chun rannchuidiú ar deireadh le feabhas a chur ar thorthaí oideachais do leanaí agus daoine óga.

[6] Ar fáil ag: https://assets.gov.ie/static/documents/20250630_Beartas_Cigireachta.pdf

Gníomhaíochtaí cigireachta: Eanáir 2024 - Nollaig 2024

An líon cigireachtaí

Rinne cigirí 529 meastóireacht i suíomhanna iar-bhunscoile le linn na bliana 2024. Díobh sin, bhí 380 ceann[7] ina gcigireachtaí fógartha agus bhí 149 gcinn ina gcigireachtaí neamhfhógartha. Bhreathnaigh cigirí 3,045 cheacht[8] san iomlán le linn na 529 meastóireacht a rinneadh i suíomhanna iar-bhunscoile.

[7] Ní áirítear leis an bhfigiúr seo ach na meastóireachtaí sin ina mbreathnaítear an teagasc agus an fhoghlaim.

[8] Níl ceachtanna a breathnaíodh mar chuid de chigireachtaí leantacha ar áireamh san fhigiúr seo.

Chapt 4 Image 1 IRL
Fíor 1: Cigireachtaí fógartha, Eanáir 2024 – Nollaig 2024

Cinntí cigireachta fógartha

Cinneadh cáilíocht an teagaisc a bheith go maith nó ní b’fhearr in 88.2% de na ceachtanna a breathnaíodh le linn cigireachtaí fógartha. Cinneadh cáilíocht na foghlama a bheith go maith nó ní b’fhearr in 87.6% de na ceachtanna. Cinneadh cáilíocht an mheasúnaithe a bheith go maith nó ní b’fhearr in 83.6% de na ceachtanna. Tugtar le fios sna cinntí, tríd is tríd, go raibh an cleachtas go maith nó ní b’fhearr i bhformhór na scoileanna agus na seomraí ranga. Ba ghá feabhas a chur ar ghnéithe áirithe den chleachtas i dtuairim is ceann amháin as gach seacht gceacht, áfach.

Chapt 4 Image 2 IRL
Fíor 2: Cáilíocht na foghlama, an teagaisc agus an mheasúnaithe – cigireachtaí fógartha

Cinntí cigireachta neamhfhógartha

Cinneadh cáilíocht an teagaisc a bheith go maith nó ní b’fhearr i 91.3% de na 520 ceacht a breathnaíodh le linn 149 gcigireacht theagmhasacha a rinneadh sa bhliain 2024. Bhí cáilíocht na foghlama go maith nó ní b’fhearr i 90.8% de na ceachtanna. Cinneadh cáilíocht an mheasúnaithe a bheith go maith nó ní b’fhearr in 85.6% de na ceachtanna. Tugtar le fios sna cinntí, tríd is tríd, go raibh an cleachtas go maith nó ní b’fhearr i bhformhór na scoileanna agus na seomraí ranga. Ba ghá feabhas a chur ar ghnéithe áirithe den chleachtas i dtuairim is ceann amháin as gach naoi gcás, áfach.

Chapt 4 Image 3 IRL
Fíor 3: Cáilíocht na foghlama, an teagaisc agus an mheasúnaithe – cigireachtaí neamhfhógartha

An scéal taobh thiar de na huimhreacha: Díriú ar chigireacht ábhair

Is é is cigireacht ábhair ann cineál cigireachta ina ndírítear ar réimsí ábhair aonair laistigh de scoil d’fhonn dea-chleachtas a dhearbhú agus d’fhonn moltaí a dhéanamh, i gcás gurb iomchuí, chun cabhrú leis an réimse a fhorbairt tuilleadh. Is é a bhíonn i gceist leis an bpróiseas de ghnáth ná go dtugann cigire cuairt ar sheomraí ranga chun an teagasc agus an fhoghlaim a bhreathnú, go mbuaileann sé/sí le múinteoirí agus le lucht ceannaireachta na scoile, agus go seolann sé/sí cruinnithe fócasghrúpa le scoláirí. Chomh maith leis sin, déanann an cigire athbhreithniú ar dhoiciméid pleanála ábhair, agus seiceálann sé/sí nósanna imeachta um chosaint leanaí. Tar éis gach cigireachta ábhair, foilsítear tuairisc ina dtarraingítear aird ar na láidreachtaí atá ag baint leis an soláthar don ábhar, ina sainaithnítear réimsí lena bhfeabhsú, agus ina ndéantar moltaí sonracha ar mhaithe leis an soláthar oideachais a fheabhsú.

Úsáideann cigirí contanam cáilíochta chun cur síos a dhéanamh ar sholáthar na scoile sna réimsí fiosrúcháin seo a leanas: teagasc, foghlaim agus measúnú; an soláthar don ábhar agus tacaíocht scoile uile; agus pleanáil agus ullmhúchán.

Tríd is tríd, ba dhearfach a bhí na cinntí i ndáil le cáilíocht an teagaisc, na foghlama agus an mheasúnaithe a breathnaíodh le linn cigireachtaí ábhair. Cinneadh cáilíocht an teagaisc a bheith go maith nó ní b’fhearr in 89.4% de na ceachtanna, agus cinneadh cáilíocht na foghlama a bheith go maith nó ní b’fhearr in 88.3% díobh. Is fiú a thabhairt faoi deara go raibh cáilíocht an teagaisc agus na foghlama araon go han-mhaith nó go sármhaith i ní ba mhó ná leath na gceachtanna a breathnaíodh. Bhí cáilíocht an mheasúnaithe go maith nó ní b’fhearr in 84.7% de na ceachtanna a breathnaíodh.

Chapt 4 Image 4 IRL
Fíor 4: Cáilíocht an teagaisc, na foghlama agus an mheasúnaithe – ceachtanna a breathnaíodh le linn cigireachtaí ábhair, Eanáir 2024 – Nollaig 2024

Tá Corpoideachas na hArdteistiméireachta agus Ríomheolaíocht á dtairiscint ag líon méadaitheach iar-bhunscoileanna. Mar chuid dá clár cigireachta don bhliain 2024, rinne an Chigireacht meastóireacht ar an soláthar sa dá ábhar sin i sampla d’iar-bhunscoileanna trí leas a bhaint as an tsamhail cigireachta ábhair. Tá na cinntí curtha i láthair thíos.

Corpoideachas

Comhpháirt sheanbhunaithe den churaclam iar-bhunscoile i bhformhór na scoileanna in Éirinn is ea Corpoideachas. Bíonn athrú ag teacht ar an soláthar mar gheall ar thosaíochtaí náisiúnta i ndáil le folláine, ionchuimsiú agus rannpháirtíocht ar feadh an tsaoil i ngníomhaíocht fhisiciúil. I gcás Chorpoideachas na Sraithe Sóisearaí, ceanglaítear ar iar-bhunscoileanna 135 uair an chloig ar a laghad den ábhar a sholáthar ar feadh na tréimhse trí bliana, agus Corpoideachas á sholáthar i ngach ceann de na trí bliana mar chuid den réimse Folláine. I gcás na Sraithe Sinsearaí, tá dhá phríomhrogha ann: Corpoideachas na hArdteistiméireachta atá inscrúdaithe, a theagasctar thar thart ar 180 uair an chloig; agus Creat Corpoideachais na Sraithe Sinsearaí nach bhfuil inscrúdaithe.

Mhéadaigh an líon iar-bhunscoileanna a thairgeann Corpoideachas na hArdteistiméireachta mar ábhar roghnach ó 63 cinn sa bhliain 2018 go 398 gcinn sa bhliain 2024. Tá an méadú sin ina léiriú ar an spéis láidir atá ag ceannairí scoile, múinteoirí agus scoláirí san ábhar agus ar an tiomantas láidir atá acu dó.

Rinneadh cigireachtaí ábhair ar Chorpoideachas i bhfiche iar-bhunscoil le linn na bliana 2024, lenar áiríodh 15 scoil a sholáthair Corpoideachas na hArdteistiméireachta. Ba é a bhí i gceist leis sin meastóireacht a dhéanamh ar 113 cheacht Corpoideachais san iomlán ar fud na scoileanna lena mbaineann, lenar áiríodh Corpoideachas na Sraithe Sóisearaí (50 ceacht), Corpoideachas na hArdteistiméireachta (32 ceacht), Creat Corpoideachais na Sraithe Sinsearaí (27 ceacht) agus An Ardteistiméireacht Fheidhmeach (ATF) Cúrsa Fóillíochta agus Caitheamh Aimsire (4 ceacht).

Ba dhearfach a bhí na cinntí foriomlána ó fhormhór na gceachtanna Corpoideachais a ndearnadh cigireacht orthu. Bhí ceannaireacht láidir ann sa soláthar Corpoideachais i gcuid mhór de na scoileanna a ndearnadh cigireacht orthu, agus tacaíocht láidir scoile uile á tabhairt do Chorpoideachas na hArdteistiméireachta mar rogha sraithe sinsearaí. Bhí ranna dea-struchtúrtha Corpoideachais ag roinnt mhaith de na scoileanna, agus pleanáil chomhoibríoch éifeachtach agus cleachtais mhachnamhacha le feiceáil i measc múinteoirí Corpoideachais.

Tríd is tríd, sholáthair na scoileanna a ndearnadh cigireacht orthu curaclam leathan Corpoideachais. Chuir líon beag scoileanna an iomarca béime ar spóirt foirne, agus chruthaigh sé sin éagothroime maidir le doimhneacht agus leithead an tsoláthair. Ar fud na scoileanna a ndearnadh cigireacht orthu, bhí samplaí ann de naisc láidre a bheith ar bun le clubanna agus eagraíochtaí áitiúla spóirt; chuir sé sin leis an gcumas a bhí ag na scoileanna deiseanna éagsúla spéisiúla a thairiscint mar chuid dá soláthar seach-churaclaim.

Ní raibh amchlárú na gceachtanna Corpoideachais sásúil i líon beag scoileanna. Mar shampla, ní raibh an soláthar íosta riachtanach d’ochtó nóiméad de cheachtanna corpoideachais in aghaidh na seachtaine amchláraithe do scoláirí sraithe sinsearaí i roinnt scoileanna. Ní raibh aon Chorpoideachas sraithe sinsearaí amchláraithe do scoláirí i scoil amháin.

Bhí cáilíocht an teagaisc i gCorpoideachas go maith nó ní b’fhearr i 75.3% de na ceachtanna a ndearnadh cigireacht orthu. Bhí scóip ann feabhas a chur ar an teagasc i gceann amháin as gach ceithre cheacht. Thaispeáin formhór na múinteoirí go raibh siad díograiseach i dtaobh Corpoideachais agus gur bhain siad taitneamh as. Thaispeáin siad dea-eolas ar an ábhar agus dea-scileanna oideolaíocha freisin. Ina lán ceachtanna, bhain múinteoirí úsáid as ceistiú ardoird éifeachtach chun dúshlán cuí a thabhairt do scoláirí agus chun iad a spreagadh tuilleadh a rá agus iad ag tabhairt freagraí. Léirigh siad luailí tábhachtacha, agus bhain siad úsáid as teanga a bhí oiriúnach d’aois agus céim forbartha a scoláirí. I roinnt de na ceachtanna, ba ghá do mhúinteoirí na gníomhaíochtaí praiticiúla a nascadh ar bhealach ní b’fhollasaí le coincheapa teoiriciúla ar mhaithe le feabhas a chur ar thuiscint agus smaointeoireacht chriticiúil na scoláirí.

Ba dhearfach a bhí na cinntí i ndáil le foghlaim scoláirí i gCorpoideachas i 74.4% de na ceachtanna. Tugadh faoi deara gur ghá feabhas a chur ar fhoghlaim scoláirí i dtuairim is aon cheathrú de na ceachtanna. Tríd is tríd, bhí ról gníomhach ag scoláirí sna ceachtanna agus léirigh siad ardleibhéil rannpháirtíochta agus díograise. Ba léir an caidreamh measúil a bhí ar bun idir múinteoirí agus scoláirí agus i measc na scoláirí féin. Le linn fócasghrúpaí le cigirí, chuir cuid mhór scoláirí in iúl go mbaineann siad taitneamh as ceachtanna Corpoideachais.

Níor cinneadh cáilíocht na gcleachtas measúnaithe i ndáil le Corpoideachas a bheith go maith nó ní b’fhearr ach i 66.4% de na ceachtanna. I measc na samplaí de mheasúnú éifeachtach a thug cigirí faoi deara bhí an dóigh a ndearna scoláirí féinmheasúnú ar a bhfeidhmíocht féin agus an dóigh a ndearna siad anailís bhreathnaitheach i gcomhar lena bpiaraí. A bhuí leis an úsáid a bhain siad as leabhráin dhea-dheartha measúnaithe ranga agus as cártaí gníomhaíochta a bhaineann leis an tsláinte, cuireadh ar chumas na scoláirí úinéireacht a ghlacadh ar a bpleananna oiliúna agus feabhsúcháin féin.

Shainaithin cigirí go raibh scóip ann feabhas a chur ar chleachtais mheasúnaithe i 33.6% de na ceachtanna Corpoideachais. I gcásanna áirithe, ba ghá do mhúinteoirí feabhas a chur ar an aiseolas foirmitheach taifeadta a thug siad dá scoláirí, go háirithe i ndáil lena gcuid oibre scríofa i gCorpoideachas na hArdteistiméireachta. Cé go raibh roinnt fianaise ann gur úsáideadh teicneolaíochtaí digiteacha chun tacú leis an soláthar do Chorpoideachas i ndornán scoileanna, ba thearcfhorbartha a bhí an úsáid fhoriomlán a baineadh as na teicneolaíochtaí sin. Tugtar le fios sna cinntí cigireachta go bhfuil gá le bonneagar digiteach níos fearr i hallaí Corpoideachais nó i saotharlanna Corpoideachais ar mhaithe le tacaíocht níos fearr a thabhairt do theagasc, foghlaim agus measúnú an Chorpoideachais.

Ríomheolaíocht agus ábhair dhigiteacha

Tairgeann cuid mhór scoileanna raon cuimsitheach ábhar digiteach ar leibhéal na sraithe sóisearaí agus ar leibhéal na sraithe sinsearaí araon, agus tá méadú ag teacht ar an líon scoláirí atá ag gabháil do Ríomheolaíocht, ar gné measartha nua de churaclam na Sraithe Sinsearaí í[9]. Mhéadaigh an líon iar-bhunscoileanna a thairgeann Ríomheolaíocht ó 36 gcinn sa bhliain 2018 go 194 cheann sa bhliain 2024.

I measc na n-ábhar digiteach a breathnaíodh le linn na meastóireachtaí bhí:

  • Gearrchúrsa Litearthachta sna Meáin Dhigiteacha sa tSraith Shóisearach
  • Gearrchúrsa Códaithe na Sraithe Sóisearaí
  • ATF Bunchúrsa ar TFC
  • ATF Speisialtóireacht Ghairmiúil TFC
  • Sampláil Ríomheolaíochta na hIdirbhliana
  • Cúrsa folláine dhigiteach na Sraithe Sóisearaí atá deartha ag an scoil
  • Cúrsaí TFC ó aon bhliainghrúpa, deartha ag an scoil nó eile, lena n-áirítear ranganna speisialta.

Rinneadh cigireachtaí ábhair ar Ríomheolaíocht agus ar ábhair dhigiteacha in dhá iar-bhunscoil déag le linn na bliana 2024. Ba é a bhí i gceist leis sin meastóireacht a dhéanamh ar 47 gcinn san iomlán de cheachtanna Ríomheolaíochta agus de cheachtanna ábhair dhigitigh.

B’an-dearfach a bhí na cinntí cigireachta foriomlána. Cinneadh cáilíocht an teagaisc agus cáilíocht fhoghlaim na scoláirí a bheith go maith nó go han-mhaith ar fud na gceachtanna Ríomheolaíochta agus na gceachtanna ábhair dhigitigh a ndearnadh cigireacht orthu. Ba chomh dearfach céanna a bhí na cinntí i ndáil le cleachtais mheasúnaithe i Ríomheolaíocht agus in ábhair dhigiteacha.

Bhí plean foghlama digití i bhfeidhm i bhformhór na scoileanna ina raibh Ríomheolaíocht ar fáil, rud ar léiriú é ar an tús áite a bhí á thabhairt don fhoghlaim dhigiteach ar fud an churaclaim i gcoitinne. Chruthaigh múinteoirí timpeallachtaí foghlama a bhí tacúil agus measúil agus inar cothaíodh inspreagadh agus rannpháirtíocht scoláirí, go háirithe i ndáil le scileanna digiteacha a fhorbairt. Bhí caidrimh dhearfacha agus cineálacha cur chuige teagaisc chomhoibríoch ag teacht le cleachtais fíorshaoil i réimse na forbartha bogearraí.

Bhí dea-dhul chun cinn á dhéanamh ag scoláirí, tríd is tríd, agus iad ag léiriú scileanna láidre smaointeoireachta ríomhaireachtúla agus scileanna láidre réiteach fadhbanna. Bhí an fhoghlaim chomhoibríoch ina gné shuntasach, agus thairg a lán scoileanna raon leathan ábhair dhigiteacha ar fud na mbliainghrúpaí uile. Ina lán cásanna, bhí ábhair dhigiteacha ar áireamh i gcláir Idirbhliana chun cabhrú le roghanna ábhair Ardteistiméireachta a threorú. Chuir roinnt mhaith scoileanna modúil dhigiteacha chun cinn go gníomhach trí ghníomhaíochtaí seach-churaclaim amhail clubanna códaithe agus rannpháirtíocht i gcomórtais náisiúnta. Chothaigh siad naisc le gnólachtaí áitiúla agus leis an lucht tionscail áitiúil chomh maith. Rinne roinnt scoileanna scoláirí a chumhachtú freisin trí chláir ceannairí digiteacha a reáchtáil, agus iad ag spreagadh piarmheantóireachta agus ag cothú cultúr inniúlachta digití.

Sainaithníodh i dtuairiscí cigireachta roinnt réimsí lena bhfeabhsú. Mar shampla, ba ghá do líon beag de na scoileanna a ndearnadh cigireacht orthu saineolas a fhorbairt tuilleadh i measc baill foirne teagaisc, go háirithe mar gheall ar an éileamh méadaitheach ar Ríomheolaíocht. Moladh teagasc foirne comhoibríoch agus piarbhreathnóireacht mar straitéisí chun an saineolas sin a fheabhsú. Moladh do líon beag scoileanna agus múinteoirí tuilleadh deiseanna a sholáthar le haghaidh foghlaim neamhspleách agus le haghaidh neamhspleáchas scoláirí, rud a laghdódh an méid teagaisc atá faoi threoir ag an múinteoir agus a mhéadódh an líon gníomhaíochtaí atá faoi threoir ag an scoláire.

[9] Ar fáil ag: https://curriculumonline.ie/ga-ie/senior-cycle/

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat