Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Príomhoide/Ball Foirne Scoile/Ball den Bhord Bainistíochta

Ábhar: Abair Do Chuid - An Suirbhé ar Bhunscoileanna

4 Samhain 2025

A Phríomhoide/A Bhaill Foirne Scoile/A Bhaill den Bhord Bainistíochta, a chara,

Tugaimid cuireadh duit mar Phríomhoide, mar bhall d’fhoireann na scoile agus/nó mar bhall den bhord bainistíochta ‘Abair Do Chuid’ faoi do bhunscoil. Tá an méid sin á dhéanamh againn trí shuirbhé gearr faoi rún. Tógfaidh sé 5 nóiméad ar a mhéad chun é a chomhlánú. Is suirbhé tábhachtach é seo agus is é seo an chéad uair atá suirbhé den scála seo á reáchtáil ag an Roinn Oideachais agus Óige. Úsáidfidh an roinn torthaí an tsuirbhé chun pleanáil faoin gcaoi a sholáthrófar oideachas ar an leibhéal bunscoile.

Conas an suirbhé a dhéanamh

Cliceáil ar an nasc thíos chun páirt a ghlacadh ann:

www.gov.ie/primaryschoolsurvey

Ní thógann sé ach 5 nóiméad!

Tá an roinn ag seoladh uimhir aitheantais phearsanta (UAP) suirbhé atá uathúil do do scoil chuig príomhoide do scoile do gach ball foirne agus do gach ball den bhord bainistíochta. Tá an uimhir sin ag teastáil chun rochtain a fháil ar an suirbhé agus chun do rogha a chlárú.

Mura bhfuair tú uimhir aitheantais phearsanta na scoile faoin 14 Samhain 2025 is féidir leat ríomhphost a chur chuig: schoolsurvey@education.gov.ie

Cén fáth ar cheart duit páirt a ghlacadh ann?

Léiríonn pobail scoile an tsochaí shaibhir éagsúil ina mairimid. Ba mhaith linn tuiscint a fháil ar roghanna pobal scoile, lena n-áirítear baill foirne scoile agus baill de bhoird bhainistíochta, maidir lena scoil agus ar roghanna tuismitheoirí agus caomhnóirí maidir leis na bunscoileanna a bhfreastalaíonn a leanaí orthu faoi láthair nó a bhfreastalóidh siad orthu sna blianta atá le teacht.

Cé na ceisteanna a chuirfear orm?

Cuirfimid líon beag ceisteanna ort, lena n-áireofar na ceisteanna seo a leanas:

“Arbh fhearr leat go mbeadh do bhunscoil ina scoil chomhoideachais nó ina scoil aonghnéis?

Arbh fhearr leat go n-oibreodh do bhunscoil faoi phátrún sainchreidmheach (reiligiúnach) nó go n-oibreodh sí faoi phátrún il-sainchreidmheach (neamhreiligiúnach)?

Arbh fhearr leat go soláthródh do bhunscoil oideachas trí Bhéarla nó trí Ghaeilge go príomha?”

Tá tuilleadh faisnéise ar fáil anseo: www.gov.ie/primaryschoolsurvey

Conas a úsáidfear m’fhaisnéis?

Coinneofar do fhreagraí faoi rún agus ní chuirfear in iúl iad d’aon duine eile. Cabhróidh na freagraí ó do scoil leis an roinn agus le do scoil pleanáil don todhchaí.

Cad a dhéanfar le torthaí an tsuirbhé?

Foilseofar torthaí achoimre ardleibhéil tosaigh (rátaí freagartha) go luath 2026.

Cabhróidh torthaí an tsuirbhé leis an roinn soláthar oideachais a phleanáil ag an mbunleibhéal.

Molaimid do gach scoil tacaíocht a thairiscint, más cuí agus ar an ngnáthbhealach, d’aon tuismitheoirí nó d’aon chaomhnóirí a bhféadfadh deacracht a bheith acu an suirbhé a chomhlánú.

Sa litir chuig tuismitheoirí agus chuig caomhnóirí, thugamar an fhaisnéis seo a leanas maidir le riachtanais speisialta oideachais:

Cé leis a ndéanfaidh mé teagmháil más mian liom plé a dhéanamh ar sholáthar riachtanas speisialta oideachais do mo leanbh/leanaí?

Bunaíodh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) chun feabhas a chur ar na seirbhísí oideachais a sholáthraítear do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, le béim ar leith ar leanaí. Soláthraítear seirbhís áitiúil CNOS trína líonra náisiúnta Eagraithe Riachtanas Speisialta Oideachais (ERSOanna), a idirghníomhaíonn le tuismitheoirí agus le scoileanna. Tá méadú tagtha ar an líon ERSOanna ó 65 duine go 120 duine, agus é mar aidhm leis an méadú sin leibhéal feabhsaithe seirbhíse a sholáthar do thuismitheoirí agus do scoileanna.

Mar chuid den phleanáil chun cinn don soláthar oideachais speisialta, tá sé mar aidhm ag an CNOS cabhair a thabhairt do thuismitheoirí atá ag lorg socrúchán i rang speisialta/i scoil speisialta dá leanbh/dá nduine óg. Ba chóir do thuismitheoirí leanaí agus daoine óga atá ag lorg ranga speisialta nó áit scoile speisialta teagmháil a dhéanamh leis an CNOS agus aird a thabhairt ar an bpróiseas bliantúil agus ar na h-amlínte maidir le fógra a thabhairt don CNOS. Mar shampla, iarradh ar dhaoine atá ag lorg ranga speisialta nó áit scoile speisialta don bhliain scoile 2026/2027 é sin a chur in iúl don CNOS faoin 1 Deireadh Fómhair 2025.

Eolas teagmhála NCSE: www.ncse.ie/contact-the-ncse

An bhfuil aon cheisteanna agat?

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig www.gov.ie/primaryschoolsurvey

Ná caill an deis do Abair Do Chuid!

Dúnfar an suirbhé an 16 Nollaig 2025.

Go raibh maith agat as do chuid ama agus as d’ionchur luachmhar.

DB Signature Irl

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat