Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Léargais bhunscoile


Réamhrá

Leanadh ar aghaidh le hathfhorbairt agus cur chun feidhme churaclam na bunscoile le linn na bliana 2024. Tar éis bliain a chaitheamh ag cur eolas air, tosaíodh ar Curaclam Matamaitice na Bunscoile[1] a chur chun feidhme i mí Mheán Fómhair 2024. Lean an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta leis na cúig cinn de shonraíochtaí nua curaclaim bunscoile a fhorbairt: Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic; Teangacha (lena n-áirítear Nuatheangacha Iasachta); Oideachas Imshaoil agus Comhshaoil; Oideachas Ealaíon; agus Folláine.

Tháinig deiseanna agus dúshláin araon chun cinn don chóras mar thoradh ar na ranganna speisialta agus na scoileanna speisialta sa bhreis a osclaíodh le linn na bliana 2024. I gcás scoileanna speisialta, ba é an toradh a bhí ar mhodúil leibhéal a haon agus leibhéal a dó na Sraithe Sinsearaí a thabhairt isteach ná gur tacaíodh le múinteoirí cláir foghlama phearsantaithe a sholáthar a bhí curtha in oiriúint do riachtanais foghlama aonair leanaí agus scoláirí.

Lean fadhbanna soláthair múinteoirí i mbunscoileanna ar aghaidh le linn na bliana 2024, agus dúshláin ar leith le sárú i suíomhanna uirbeacha. Tuairiscíodh brúnna a bheith an-ghéar do roinnt scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna speisialta.

D’fhoilsigh an roinn nósanna imeachta nua do scoileanna i mí an Mheithimh 2024 – Bí Cineálta: Nósanna Imeachta chun Iompraíocht Bhulaíochta a Chosc agus Dul i nGleic léi do Bhunscoileanna agus d’Iar-bhunscoileanna.[2] Beidh éifeacht leis na nósanna imeachta ó mhí Mheán Fómhair 2025.

Cuirtear i láthair sa chaibidil seo sonraí ó chigireachtaí a rinneadh i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta le linn na bliana 2024, na príomhchinntí cigireachta i ndáil leis an teagasc, leis an bhfoghlaim agus leis an measúnú, agus roinnt téamaí a d’eascair as anailís a dhéanamh ar mheastóireachtaí curaclaim ar Chorpoideachas agus ar Cheol.

[1] Ar fáil ag: https://www.curriculumonline.ie/ga-ie/primary/curriculum-areas/mathematics/

[2] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/poist-pholasai/n%C3%B3sanna-imeachta-chun-iompra%C3%ADocht-bhula%C3%ADochta-a-chosc-agus-dul-i-ngleic-l%C3%A9i-do-bhunscoileanna-agus-diarbhunscoileanna/

Cineálacha cigireachta

Úsáideann an Chigireacht raon cineálacha cigireachta chun meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht an tsoláthair oideachais i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta. Tugtar gearrfhógra faoi bheagnach gach cineál cigireachta. Is é is aidhm dó sin bailiú faisnéise a éascú trí shuirbhéanna a riar agus cruinnithe a thionól le leanaí agus daoine óga, tuismitheoirí, múinteoirí, ceannairí scoile agus an bord bainistíochta. Áirítear na cineálacha cigireachta seo a leanas le cigireachtaí fógartha, i.e. cigireachtaí a dtugtar gearrfhógra fúthu:

Tábla 1 Cineálacha cigireachta

Cineál Cigireachta

Mionsonra

An Fógra a Thugtar

Toradh

Meastóireacht curaclaim

Dírítear sa chineál cigireachta seo ar mheastóireacht a dhéanamh ar réimsí sonracha curaclaim agus ar ábhair shonracha

Cúig lá oibre roimh an meastóireacht de ghnáth roimh an meastóireacht

 

Foilsítear tuairisc dheiridh

 

Meastóireacht scoile uile – bainistíocht, ceannaireacht agus foghlaim (MSU-BCF)

Déantar sa chineál cigireachta seo meastóireacht ar phríomhghnéithe d’obair na scoile – teagasc, foghlaim daltaí, tacaíocht d’fhoghlaim agus folláine daltaí, ceannaireacht, bainistíocht, agus féinmheastóireacht scoile

 

 

Deich lá oibre roimh an meastóireacht de ghnáth

 

 

 

Foilsítear tuairisc dheiridh

 

Meastóireacht ar chleachtais ionchuimsitheacha agus ar sholáthar ionchuimsitheach do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu

 

 

 

 

Déantar sa chineál cigireachta seo meastóireacht ar an soláthar do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu i ranganna príomhshrutha agus i suíomhanna tacaíochta

Deich lá oibre roimh an meastóireacht de ghnáth

 

 

 

Foilsítear tuairisc dheiridh

 

Cigireacht um chosaint agus chumhdach leanaí

Déantar sa chineál cigireachta seo scrúdú ar a mhéid a chomhlíonann scoil na príomhghnéithe de na nósanna imeachta um chosaint leanaí

 

Is gnách go dtugtar fógra idir ceithre uair is fiche an chloig agus ocht n-uair is daichead an chloig roimh an gcigireacht. Déantar na cigireachtaí seo gan aon fhógra freisin

Foilsítear tuairiscí tosaigh agus deiridh

 

 

 

 

Cigireacht leantach

Déantar sa chineál cigireachta seo measúnú ar a mhéid a chuir scoil moltaí ó chigireachtaí roimhe chun feidhme

Cé go dtugtar fógra dhá lá oibre roimh an gcigireacht, déantar na cigireachtaí seo gan aon fhógra freisin

Foilsítear tuairisc dheiridh

Meastóireacht ar phleanáil gníomhaíochta le haghaidh feabhsúcháin i scoileanna DEIS

Déantar sa chineál cigireachta seo meastóireacht ar an dóigh a gceapann scoileanna pleananna gníomhaíochta le haghaidh feabhsúcháin faoi théamaí sonracha DEIS agus ar an dóigh a gcuireann siad na pleananna sin chun feidhme agus a ndéanann siad faireachán orthu

Deich lá oibre roimh an meastóireacht de ghnáth

 

 

 

Foilsítear tuairisc dheiridh

 

Tar éis gach cigireachta fógartha, tugtar aiseolas ó bhéal don scoil maidir leis na láidreachtaí atá ag baint leis an soláthar oideachais sa scoil agus, de réir mar is iomchuí, maidir le gnéithe den soláthar ar gá feabhas a chur orthu. Foilsítear tuairisc chigireachta scríofa ina bhfuil na cinntí cigireachta ón gcigireacht fhógartha freisin ar https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/feachtais/cigireacht-an-oide-oideachais/

Chomh maith leis sin, déanann an Chigireacht cigireachtaí neamhfhógartha aon lae ar a dtugtar cigireachtaí teagmhasacha. I gcigireachtaí neamhfhógartha, tugtar deis do chigirí breathnú agus meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na gcleachtas teagaisc, foghlama agus measúnaithe le linn an ghnáthlae scoile. Is amhlaidh tar éis cigireachtaí neamhfhógartha freisin a thugtar aiseolas ó bhéal do cheannairí agus baill foirne scoile maidir leis na láidreachtaí atá ag baint leis an soláthar oideachais sa scoil agus, de réir mar is iomchuí, maidir le gnéithe den soláthar ar gá feabhas a chur orthu. Tá fócas téamach ag cuid de na cigireachtaí neamhfhógartha. Cuirtear torthaí na gcigireachtaí seo le chéile chun tuarascálacha téamacha a sholáthar ar ghnéithe den soláthar oideachais.

I gcigireachtaí fógartha agus i gcigireachtaí neamhfhógartha araon ar bhunscoileanna agus ar scoileanna speisialta, tugann cigirí cuairt ar sheomraí ranga agus ar thimpeallachtaí foghlama eile, agus labhraíonn siad le leanaí agus daoine óga, múinteoirí agus ceannairí scoile. Tionóltar cruinnithe idir cigirí agus bord bainistíochta na scoile agus idir cigirí agus tuismitheoirí freisin le linn cineálacha áirithe cigireachtaí fógartha, amhail meastóireachtaí scoile uile. Tá cigireachtaí fógartha agus cigireachtaí neamhfhógartha araon deartha chun machnamh gairmiúil a spreagadh, chun tacú le féinmheastóireacht scoile, agus chun rannchuidiú le feabhas a chur ar thorthaí oideachais do leanaí agus daoine óga.

Gníomhaíochtaí cigireachta: Eanáir 2024 - Nollaig 2024

Rinne cigirí 1,042 mheastóireacht i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta le linn na bliana 2024. Díobh sin, bhí 838 gcinn ina gcigireachtaí fógartha agus bhí 204 cinn ina gcigireachtaí neamhfhógartha. Maidir leis na scoileanna a ndearnadh cigireacht orthu, bhí 204 cinn ina scoileanna speisialta nó ina scoileanna príomhshrutha a raibh ranganna speisialta acu. Bhreathnaigh cigirí 5,079 gceacht san iomlán le linn an 1,042 mheastóireacht a rinneadh i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta.

Cinntí cigireachta fógartha: Eanáir 2024 go Nollaig 2024

Cinneadh cáilíocht an teagaisc a bheith go maith nó ní b’fhearr i 93.9% de na ceachtanna a breathnaíodh le linn cigireachtaí fógartha. Cinneadh cáilíocht fhoghlaim na leanaí agus na ndaoine óga a bheith go maith nó ní b’fhearr i 94.8% de na ceachtanna. Cinneadh cáilíocht an mheasúnaithe a bheith go maith nó ní b’fhearr i 90.0% de na ceachtanna.

Chapt 3 Image 1 IRL
Fíor 1: Cinntí cigireachta fógartha, Eanáir 2024 – Nollaig 2024

Cinntí cigireachta neamhfhógartha: Eanáir go Nollaig 2024

Bhí cáilíocht an teagaisc go maith nó ní b’fhearr in 87.6% de na ceachtanna a breathnaíodh le linn cigireachtaí neamhfhógartha. Cinneadh cáilíocht na foghlama a bheith go maith nó ní b’fhearr in 89.4% de na ceachtanna. Ní raibh na cinntí i ndáil le cleachtais mheasúnaithe chomh dearfach céanna leis na cinntí foriomlána i ndáil leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim. Cinneadh cáilíocht an mheasúnaithe a bheith go maith nó ní b’fhearr i 79.8% de na ceachtanna a breathnaíodh le linn cigireachtaí neamhfhógartha i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta.

Chapt 3 Image 2 IRL
Fíor 2: Cinntí cigireachta neamhfhógartha, Eanáir 2024 – Nollaig 2024

An scéal taobh thiar de na huimhreacha: Díriú ar mheastóireacht curaclaim

Is é is meastóireacht curaclaim ann samhail meastóireachta a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht an tsoláthair oideachais in ábhar nó i réimse curaclaim ar leith i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta. Is é atá i gceist leis an bpróiseas ná cigirí a bheith ag gabháil do ghníomhaíochtaí amhail breathnóireachtaí ranga, athbhreithnithe doiciméid agus cruinnithe le leanaí agus daoine óga, príomhoidí, múinteoirí agus, i gcás gurb iomchuí, grúpaí tuismitheoirí. Tar éis gach meastóireachta curaclaim, foilsítear tuairisc ina dtarraingítear aird ar na láidreachtaí atá ag baint leis an soláthar don ábhar nó don réimse curaclaim a ndearnadh cigireacht air, ina sainaithnítear réimsí lena bhfeabhsú, agus ina ndéantar moltaí sonracha ar mhaithe leis an soláthar a fheabhsú.

Le linn na paindéime, ba ar chúiseanna sláinte agus sábháilteachta a cuireadh srian ar eispéiris foghlama leanaí agus daoine óga i ngnéithe den churaclam, go háirithe Corpoideachas agus Ceol. Mar chuid dá clár cigireachta don bhliain 2024, rinne an Chigireacht meastóireacht ar an soláthar i gCorpoideachas agus i gCeol i sampla de bhunscoileanna tríd an tsamhail meastóireachta curaclaim. Tá na cinntí curtha i láthair thíos.

Corpoideachas

Rinneadh cigireacht ar 160 ceacht Corpoideachais san iomlán ar fud naoi mbunscoil déag le linn meastóireachtaí curaclaim sa bhliain 2024.

Ba dhearfach a bhí na cinntí foriomlána i ndáil leis an soláthar do Chorpoideachas sna scoileanna a ndearnadh cigireacht orthu. Tríd is tríd, d’ullmhaigh múinteoirí go maith do na ceachtanna, agus bhain siad leas as modheolaíochtaí cuí chun tacú le forbairt scileanna na leanaí. I measc na láidreachtaí i dteagasc an Chorpoideachais, bhí an samhaltú éifeachtach a rinne múinteoirí ar ghluaiseacht agus ar scileanna, an úsáid a baineadh as trealamh cuí chun tacú le foghlaim leanaí, agus an chothromaíocht chuí a baineadh amach idir gníomhaíochtaí aonair agus gníomhaíochtaí grúpa. I líon beag scoileanna, shainaithin cigirí gur ghá do mhúinteoirí dul i mbun tuilleadh comhoibrithe ar leibhéal na scoile agus iad ag pleanáil don churaclam Corpoideachais a sholáthar. I roinnt scoileanna, cinneadh snáitheanna na gleacaíochta agus an damhsa a bheith tearcfhorbartha.

Cinneadh foghlaim leanaí i gCorpoideachas a bheith go maith nó go han-mhaith i mórán ceachtanna Corpoideachais a ndearnadh cigireacht orthu. Léirigh leanaí taitneamh, muinín agus dea-fhorbairt scileanna sna ceachtanna. I líon beag scoileanna, moladh do mhúinteoirí tuilleadh béime a leagan ar theanga ábharshonrach le linn ceachtanna Corpoideachais. Moladh do roinnt scoileanna teicneolaíochtaí digiteacha a chomhtháthú isteach i gceachtanna Corpoideachais, go háirithe chun tacú le measúnú agus rianú a dhéanamh ar fhoghlaim leanaí san ábhar. Cé go raibh cleachtais mheasúnaithe i ndáil leis an teagasc agus i ndáil le tacú le foghlaim leanaí i gCorpoideachas ar chaighdeán maith i gcoitinne, moladh i roinnt tuairiscí meastóireachta curaclaim Corpoideachais go ndéanfaí cineálacha cur chuige measúnaithe a fhorbairt tuilleadh chun cur leis an luach atá orthu maidir le bonn eolais a chur faoi na chéad chéimeanna eile i bhfoghlaim leanaí.

Ceol

Rinneadh cigireacht ar 113 cheacht Ceoil san iomlán ar fud ceithre bhunscoil déag le linn meastóireachtaí curaclaim sa bhliain 2024.

Léirítear sna meastóireachtaí seo roinnt láidreachtaí mar a bhaineann leis an soláthar do Cheol i mbunscoileanna. Chinn cigirí gur soláthraíodh eispéiris spéisiúla foghlama ceoil do leanaí go ginearálta, go háirithe i snáithe an léirithe den churaclam. I measc na n-eispéireas sin, bhí deiseanna chun seinm agus léiriú a dhéanamh ag baint úsáid as réimse uirlisí ceoil. Thug cigirí faoi deara go raibh léiriú ceoil mar chuid cheiliúrtha de shaol na scoile i roinnt scoileanna.

Cé go raibh snáithe an léirithe láidir i gcoitinne, ba ghá snáithe na cumadóireachta a fhorbairt ar bhealach ní b’fhearr i roinnt scoileanna. Chuir cigirí in iúl, mar shampla, gur ghá do mhúinteoirí tuilleadh deiseanna a thabhairt do leanaí tobchumadh agus a gceol féin a chruthú agus a léiriú.

Ba ghá snáithe na héisteachta agus na freagartha a fhorbairt i roinnt scoileanna freisin. Níor léir cuspóir na dtascanna éisteachta i roinnt de na ceachtanna. D’aithin cigirí freisin gur gá do roinnt scoileanna cur chuige níos struchtúrtha agus níos céimnithí a ghlacadh i leith litearthacht ceoil a theagasc. Mhol cigirí go ndéanfaí an tuiscint atá ag leanaí ar nodaireacht chaighdeánach ceoil agus nodaireacht rithimeach a fhorbairt ar bhonn céimnitheach de réir mar a bhogann siad tríd an scoil.

Mar achoimre, tugtar le fios sna meastóireachtaí curaclaim ó 2024 go bhfuil roinnt gnéithe dearfacha ag baint leis an soláthar ceoil i mbunscoileanna na hÉireann, go háirithe i ndáil le snáithe an léirithe. Léirítear iontu freisin gur gá do gach scoil a chinntiú go ndéanfar soláthar leordhóthanach do shnáithe na héisteachta agus na freagartha agus do shnáithe na cumadóireachta agus go mbeidh dúshlán, leanúnachas agus dul chun cinn cuí ann i bhfoghlaim leanaí ar fud gach ceann de na trí shnáithe ceoil de réir mar a bhogann siad ó rang na naíonán go rang a sé.

2

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat