Athbhreithniú ar Ráiteas Polasaí Folláine agus ar Chreat Chleachtais na Roinne Oideachais agus Óige

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Athbhreithniú ar Ráiteas Polasaí Folláine agus ar Chreat Chleachtais na Roinne Oideachais agus Óige

Agus an Ráiteas Polasaí Folláine agus Plean Cur Chun Feidhme an Chreata Chleachtais curtha i gcrích in 2025, tá tús curtha againn le hathbhreithniú ar an dul chun cinn a rinneadh agus táimid ag pleanáil anois dá chomharba.

Is é príomhsprioc an athbhreithnithe sin ná Polasaí Folláine nuashonraithe a fhorbairt don Roinn oideachais agus Óige agus Plean Cur Chun Feidhme nua a fhorbairt agus a chomhaontú don tréimhse 2026 – 2030. Ina theannta sin, is é an sprioc ná cuspóirí agus táscairí a neartú agus cur chuige seasmhach i leith tionchar a thomhas a fhorbairt.

Páirt a ghlacadh

Beidh do mheonta agus do thaithí thábhachtach mar chuid den athbhreithniú sin. Cliceáil ar an suirbhé, chun a fháil amach conas is féidir leat cur leis.

Tá trí chéim ar leith sa suirbhé:

  • Céim 1: Athbhreithniú Inmheánach – bhailigh agus thiomsaigh Oifig Folláine na ROÓ aiseolas ó phríomhpháirtithe leasmhara inmheánacha na roinne chun fáil amach faoi 1) dhul chun cinn agus gaiscí go dtí seo, 2) faoi dhúshláin ar tugadh aghaidh orthu, 3) faoi phríomhcheachtanna a foghlaimíodh, 4) faoi mholtaí do na chéad chéimeanna eile. Tá sé seo curtha i gcrích.

  • Céim 2: Athbhreithniú ar Litríocht - choimisiúnaigh Oifig Folláine na ROÓ an ITES chun tabhairt faoi Athbhreithniú ar Litríocht a bhaineann le cur chun cinn na folláine i scoileanna ar breathnaíodh go forleathan ar:
    • Láidreachtaí chóras na hÉireann
    • Réimsí gur féidir a fheabhsú i gcóras na hÉireann
    • Fianaise idirnáisiúnta ar dhea-chleachtas
    • Tomhas agus monatóireacht a dhéanamh ar fholláine
    • Conclúidí
    • Tá sé seo i gcrích anois agus d’fhoilsigh an ITES a dtorthaí ar an 20 Eanáir 2026. Féach preaseisiúint agus tuarascáil anseo
  • Céim 3: Comhairliúchán na bPáirtithe Leasmhara – In 2026 cuirfidh Oifig Folláine na ROÓ an t-athbhreithniú i gcrích le comhairliúchán leathan na bpáirtithe leasmhara. Beidh torthaí na gcéimeanna 1 agus 2 mar bhonn eolais faoin gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara i gCéim 3.
Privacy Notice
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat