Saoire Foréigin Baile do Mhúinteoirí agus do Chúntóirí Riachtanas Speisialta
- Foilsithe: 22 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 23 Eanáir 2026
- Saoire Foréigin Baile
- Conas iarratas a dhéanamh ar Shaoire Foréigin Baile
- Teagmháil
- Polasaí um Fhoréigean agus mí-úsáid teaghlaigh agus tacaíochtaí do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna aitheanta agus BOOanna
Saoire Foréigin Baile
Féadfaidh múinteoir/cúntóir riachtanas speisialta ar íospartach foréigin baile é/í leas a bhaint as Saoire Foréigin Baile. Féadfaidh múinteoir/cúntóir riachtanas speisialta leas a bhaint as Saoire Foréigin Baile freisin i gcás go bhfuil sé/sí ag tabhairt tacaíocht do dhuine iomchuí. Is tréimhse saoire íoctha í Saoire Foréigin Baile agus cuimsíonn sí lá scoile amháin nó níos mó, ach ní mór nach mó í ná cúig lá scoile ar a mhéad i dtréimhse 12 mhí as a chéile.
Múinteoirí
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Shaoire Foréigin Baile do mhúinteoirí, féach Ciorclán 0059/2023 dar teideal “Saoire Foréigin Baile do Mhúinteoirí Cláraithe atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna Aitheanta”.
Cúntóirí Riachtanas Speisialta
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Shaoire Foréigin Baile do chúntóirí riachtanas speisialta, féach Ciorclán 0060/2023 dar teideal “Saoire Foréigin Baile do Chúntóirí Riachtanas Speisialta atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna Aitheanta”.
Conas iarratas a dhéanamh ar Shaoire Foréigin Baile
Múinteoirí
Ceanglaítear ar mhúinteoir a bhaineann leas as Saoire Foréigin Baile an Fhoirm Iarratais in Aguisín A a ghabhann le Ciorclán 0059/2023 a chomhlánú. Ba cheart an Fhoirm Iarratais a chomhlánú agus a chur isteach chuig an bhfostóir a luaithe is indéanta le réasún sula mbainfear leas as saoire den sórt sin nó tar éis leas a bhaint aisti.
Cúntóirí Riachtanas Speisialta
Ceanglaítear ar chúntóir riachtanas speisialta a bhaineann leas as Saoire Foréigin Baile an Fhoirm Iarratais in Aguisín A a ghabhann le Ciorclán 0060/2023 a chomhlánú. Ba cheart an Fhoirm Iarratais a chomhlánú agus a chur isteach chuig an bhfostóir a luaithe is indéanta le réasún sula mbainfear leas as saoire den sórt sin nó tar éis leas a bhaint aisti.
Teagmháil
Teacher and SNAs: Teacher/SNA Terms and Conditions Section
- Seoladh:
- Teacher/SNA Terms & Conditions, Department of Education and Youth, Cornamaddy, Athlone, Co. Westmeath N37 X659
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
(090) 648 3734
- Achoimre:
- Special Needs Assistants (SNAs) are encouraged to submit queries regarding SNA Leave Schemes to their employers in the first instance. All employers have access to applicable Circulars relating to SNA Leave Schemes. Queries relating to statutory and non-statutory SNAs Leave Schemes can be submitted to Leave Admin Section, Teacher/SNA Terms and Conditions Section at the email address above. Recruitment and Appointment Unit in Teacher/SNA Terms and Conditions Section sets out the recruitment and appointment procedures for SNAs for the primary and post primary sector. Queries should be submitted to PORqueries@education.gov.ie
Polasaí um Fhoréigean agus mí-úsáid teaghlaigh agus tacaíochtaí do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna aitheanta agus BOOanna
Leagtar amach sa pholasaí atá I gceangal leis seo gur cheart do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna aitheanta agus do BOOanna a bheith tiomanta do thacú le baill foirne a bhfuil tionchar ag foréigean agus mí-úsáid teaghlaigh orthu agus chuige sin feasacht a chruthú agus tacaíochtaí san ionad oibre a sholáthar, lena n-áirítear saoire reachtúil um fhoréigean teaghlaigh. Soláthraíonn an cháipéis bheartais faisnéis faoin gcineál tacaíochtaí is féidir a sholáthar, breithnithe eile nach mór d’fhostóir a chur san áireamh, amhail saincheisteanna maidir le rúndacht agus oiliúint, agus soláthraíonn sé foinse tagartha do thacaí eile a bhféadfadh daoine atá ag fulaingt ó fhoréigean agus mí-úsáid teaghlaigh rochtain a fháil orthu.