Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Scéim Deontais na gClubanna Óige Áitiúla (SDCÓÁ)


Forbhreathnú

Tacaíonn Scéim Deontais na gClubanna Óige Áitiúla (SDCÓÁ) le gníomhaíochtaí clubanna/grúpaí óige atá faoi stiúir oibrithe deonacha ar leibhéal áitiúil. Tacaíonn an scéim le gníomhaíochtaí clubanna/grúpaí óige deonacha do dhaoine óga agus tugtar tosaíocht do chlubanna/ghrúpaí a fhreastalaíonn ar dhaoine óga idir 10 agus 21 bliain d’aois. Is é príomhfhócas na scéime ná cabhrú le clubanna/grúpaí óige áitiúla atá faoi stiúir oibrithe deonacha a sholáthraíonn clár gníomhaíochtaí oibre óige do dhaoine óga. An scéim a chuireann cúnamh deontais ar fáil i dtreo na gcostas a bhaineann le clubanna/grúpaí a reáchtáil. Cuireann an Roinn Oideachais agus Óige maoiniú ar fáil don scéim agus déanann Boird Oideachais agus Oiliúna í a riar go háitiúil.

Incháilitheacht don Scéim

  • Is féidir le clubanna/grúpaí óige faoi stiúir oibrithe deonacha (lena n-áirítear iad siúd a d’fhéadfadh a bheith cleamhnaithe le seirbhísí óige faoi stiúir foirne agus atá á reáchtáil ag oibrithe deonacha) iarratas a dhéanamh.
  • Ní mór 75% de bhaill den chlub/den ghrúpa a bheith idir 10 agus 21 bliain d’aois.
  • Ní mór don chlub/don ghrúpa cloí go hiomlán leis na ceanglais uile atá leagtha amach san Acht um Thús Áite do Leanaí (2015).
  • Ní mór grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána a dhéanamh ar gach oibrí deonach fásta a oibríonn le daoine óga sula dtosaíonn siad ag obair go deonach.
  • Ní mór dóibh a bheith in ann na buntáistí a bhaineann le ballraíocht chlub/ghrúpa a leagan amach go soiléir do dhaoine óga a ghlacann páirt ina gcláir.
  • Ní mór faisnéis faoi gach gné de na trí Chaighdeán NQSVLYG a chur san áireamh i do fhreagra ar an bhFoirm Iarratais.
  • D’fhéadfadh Coistí Cluichí Pobail Áitiúla a sholáthraíonn gníomhaíochtaí óige neamhspóirt a bheith incháilithe le haghaidh maoinithe.
  • Tabhair faoi deara nach bhfuil clubanna/grúpaí spóirt i dteideal maoiniú a fháil faoi théarmaí na scéime seo.
  • Caighdeáin NQSVLYG: Cáilíocht na gclár agus na ngníomhaíochtaí a chuirtear ar fáil a fheabhsú. An bealach a ndéantar cláir agus gníomhaíochtaí a phleanáil agus a sheachadadh a fheabhsú. Deis a thabhairt do dhaoine óga a dtuairimí a chur in iúl maidir le forbairt agus athbhreithniú an ghrúpa agus a ghníomhaíochtaí.

Conas Iarratas a Dhéanamh & Cathain is Ceart Iarratas a Dhéanamh

Ní mór do chlubanna/ghrúpaí a dhéanann iarratais ar an deontas iarratas a dhéanamh trína BOO agus a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis uile ar an bhfoirm iarratais cruinn agus curtha isteach in am. Déanfaidh na BOOnna an scéim a fhógairt go háitiúil gach bliain.

Teagmháil

aidir le haon cheist nó fadhb a bhaineann le Scéim Deontais na gClubanna Óige Áitiúla, déan teagmháil le do Bhord Oideachais agus Oiliúna áitiúil. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le do Bhord Oideachais agus Oiliúna áitiúil le haghaidh faisnéise - https://www.etbi.ie/etbs/directory-of-etbs/

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat