Scéim Sparánachta um Oiliúint Tosaigh Múinteoirí Comhthráthach (Sparánacht STEM)

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Scéim Sparánachta um Oiliúint Tosaigh Múinteoirí Comhthráthach (Sparánacht STEM)


Ná caill an deis! Déan Iarratas Anois

Is é meán oíche, Dé hAoine 27 Feabhra an spriocdháta le haghaidh iarratais a fháil.

Fógraíodh Sparánacht STEM i mBuiséad 2025 chun cabhrú, tacaíocht airgeadais a thabhairt duit agus tú i mbun oiliúna le bheith i do mhúinteoir.

Is fiú €2,000 in aghaidh na bliana an sparánacht. Tá sí ar fáil do mhic léinn atá cláraithe i gclár Oiliúint Tosaigh Múinteoirí (OTM) incháilithe agus atá.

ag tosú ar an gcéad bhliain dá dhá bhliain dheireanacha sa bhliain acadúil 2025/26, is féidir leo iarratas a dhéanamh.

Sna blianta amach romhainn, beidh mic léinn in aon cheann den dá bhliain dheireanacha, in ann iarratas a dhéanamh.

Má tá bliain á hathdhéanamh agat, níl tú incháilithe don sparánacht.

Is é aidhm Sparánacht STEM níos mó mac léinn a spreagadh chun oiliúint a fháil mar mhúinteoirí in ábhair STEM, ionas gur féidir le hiar-bhunscoileanna níos mó múinteoirí cáilithe a earcú.

Chun cáiliú, ní mór duit a bheith ar an mbóthar ceart chun ceann amháin ar a laghad de na hábhair seo a leanas a mhúineadh:

  • Matamaitic
  • Matamaitic Fheidhmeach
  • Fisic
  • Ceimic
  • Bitheolaíocht
  • Innealtóireacht
  • Eolaíocht Ríomhaireachta

I mbeagán focal, tugann an scéim tacaíocht duit le linn do chuid staidéir agus cabhraíonn sí le scoileanna freastal ar an éileamh a bheidh ar mhúinteoirí STEM amach anseo.

Sonraí na Scéime

Le haghaidh sonraí iomlána, féach ar Uimhir Chiorcláin 0019/2026

Is féidir ceisteanna maidir leis an scéim a sheoladh chuig: STEMBursary@education.gov.ie

Foirm Iarratais

Is féidir iarratas a dhéanamh ar íocaíocht na scéime Sparánachta STEM tríd an bhfoirm iarratais a chomhlánú ag an nasc seo a leanas: https://www.sab.ie/stembursary

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat