Seirbhísí Teiripe agus Cuimsitheachta
- Foilsithe: 10 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 10 Nollaig 2025
Is aonad laistigh den Oideachas Speisialta iad seirbhísí teiripe agus cuimsitheachta atá freagrach as dearadh agus seachadadh tacaíochtaí teiripe i scoileanna.
Seirbhís Teiripe Oideachais (STO)
Tá gealltanas tugtha i gClár Rialtais 2025 go dtabharfar isteach Seirbhís Teiripe Oideachais (STO). Dheimhnigh an Plean Oideachais 2025, a fógraíodh ar an 19 Meitheamh 2025, go bhfuil an Rialtas tar éis an tseirbhís seo a bhunú. Is tionscnamh claochlaitheach é seo a dhéanfaidh difríocht mhór i saol leanaí agus teaghlach.
Tosóidh an STO i scoileanna speisialta agus leathnófar de réir a chéile chuig ranganna speisialta agus suíomhanna príomhshrutha é, ag cinntiú go mbeidh rochtain ag gach leanbh ar theiripí riachtanacha ar bhonn tráthúil agus éifeachtach. Cuirfidh an STO tacaíochtaí teiripeacha ar fáil ar fud samhail ilchisealaí, ag obair ar bhealach uilíoch, spriocdhírithe agus aonair chun rannpháirtíocht agus acmhainneacht gach linbh agus duine óig san oideachas a uasmhéadú.
Díreoidh an tSeirbhís ar Theiripe Saothair (TS) agus ar Theiripe Urlabhra agus Teanga (TUT) ar dtús. Beidh an tseirbhís lonnaithe sa Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS). Cuirfear rialachas cliniciúil ar fáil trí struchtúr bainistíochta teiripe tiomnaithe.
Ní ag teacht in áit na seirbhísí atá ansin cheana féin é atá an STO, tá sé beartaithe go n-oibreoidh sé ar bhealach comhlántach le Cúram Príomhúil, seirbhísí Míchumais Leanaí agus Seirbhísí Sláinte Meabhrach do Leanaí agus do Dhéagóirí (SSMLD). Tá oifigigh ROÓ ag plé le foireann FSS chun a chinntiú go bhfuil an tsamhail seachadta seirbhíse don STO, agus seirbhísí atá ann cheana féin ailínithe agus comhordaithe.
Beidh forbairt agus seachadadh na Seirbhíse Teiripe Oideachais (STO) bunaithe ar rannpháirtíocht mhionsonraithe, agus ar chomhoibriú, le comhghleacaithe san FSS agus le páirtithe leasmhara agus tógfar ar láidreachtaí na hoibre a rinneadh roimhe seo tríd an tSeirbhís Tacaíochta Teiripe Oideachais (STTO) agus an tSamhail Chuimsithe Scoile.
Nuacht agus nuashonruithe
Nasc chuig leathanach gréasáin Teiripe CNOS
Is féidir tuilleadh sonraí faoin STO a fháil anseo
Is féidir ceisteanna coitianta faoin STO a fháil anseo
Tá sraith imeachtaí agus ceardlanna i dteannta tuismitheoirí agus grúpaí fócais a eagrú againn faoi láthair, agus uaslódálfar na tuarascálacha gaolmhara anseo a luaithe a bheidh siad ar fáil
Earcú
Is féidir tuilleadh sonraí faoin bhfeachtas earcaíochta FTO a fháil anseo
Preasráitis
Déan Teagmháil Linn
Seirbhís Teiripe Oideachais (STO)
Seoladh: Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath, D01 RC96.
Ríomhphost: therapyandinclusionservices@education.gov.ie