Socruithe Measúnachta Do na Scrúduithe Teastais 2024
- Foilsithe: 18 Meán Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Faisnéis Thábhachtach faoi Scrúduithe Ardteistiméireachta na bliana 2024
- Táillí scrúdaithe
- Scrúduithe iarchurtha Ardteistiméireachta
- Scrúduithe cainte
- Trialacha Léirithe Praiticiúla Ceoil
Faisnéis Thábhachtach faoi Scrúduithe Ardteistiméireachta na bliana 2024
Beidh torthaí Ardteistiméireachta na bliana 2024 ar fáil d’iarrthóirí ó 10am Dé hAoine an 23 Lúnasa tríd an Tairseach Féinseirbhíse Iarrthóra. Beidh iarrthóirí in ann amharc ar a dtorthaí, mar aon le ráiteas ar a dtorthaí a phriontáil.
Na Tacaí atá ar Fáil do Dhaltaí
Beidh líne chabhrach Choimisiún na Scrúduithe Stáit d’Iarrthóirí ar fáil ar 1800 111135 nó 1800 111136 ó 9am go 5pm ón Aoine an 23 Lúnasa go dtí an Luan an 2 Meán Fómhair. Beidh an líne ar fáil le haghaidh ceisteanna a bhaineann leis an Tairseach Féinseirbhíse Iarrthóra agus leis na seirbhísí a sholáthraítear tríd an tairseach. Lasmuigh de na huaireanta sin, is féidir ceisteanna a chur trí ríomhphost a sheoladh chuig candidateportal@examinations.ie.
Beidh an Líne Chabhrach Náisiúnta Ardteistiméireachta do Thuismitheoirí agus Daltaí ar 1800 265 165 i mbun feidhme ón Aoine an 23 Lúnasa go dtí an Satharn an 31 Lúnasa, agus an dá lá sin san áireamh (seachas an Domhnach an 25 Lúnasa). Beidh sí ar oscailt idir 10am agus 5pm gach lá, seachas an Satharn an 31 Lúnasa, ar lena linn a bheidh sí ar oscailt ó 10am go 2pm.
Is é atá sa Líne Chabhrach ná seirbhís saorfhóin a sholáthraítear do dhaltaí Ardteistiméireachta agus dá dtuismitheoirí agus dá gcaomhnóirí. Beidh an Líne Chabhrach faoi stiúir ag treoirchomhairleoirí cáilithe seanchleachta, a thabharfaidh tacaíocht duine le duine do thuismitheoirí agus do dhaltaí. Is baill d’Institiúid na dTreoirchomhairleoirí iad na treoirchomhairleoirí a bheidh ag obair ar an líne chabhrach.
Is féidir le treoirchomhairleoirí cabhrú le daltaí agus le tuismitheoirí/caomhnóirí le haon saincheist a bhaineann le torthaí ardteistiméireachta agus leis an iliomad roghanna/conairí atá ar fáil dóibh.
Faigheann an Líne Chabhrach Náisiúnta Ardteistiméireachta do Thuismitheoirí agus Daltaí tacaíocht ó Chomhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí agus ó Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann, agus urraíonn Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, í.
Tá raon acmhainní folláine ar fhorbair an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO) iad ar fáil freisin ag: Item was unpublished or removed.
Tá síceolaithe de chuid SNSO ar fáil chun tacú le múinteoirí agus treoirchomhairleoirí i scoileanna le linn dóibh tacaíocht a thabhairt do dhaltaí Ardteistiméireachta na bliana 2024 de réir mar a eisítear na torthaí agus mar a bhreithníonn daltaí a roghanna don todhchaí.
Is féidir amharc ar thuilleadh acmhainní Folláine anseo: Item was unpublished or removed
Áirítear leo sin:
• Smaointe agus Braistintí a Bhainistiú – Treoir do Dhaltaí
• Déileáil le hImní
• Déileáil le hEagla: Straitéisí Déileála
• Scaoll a Bhainistiú
Beidh soláthraithe seirbhíse de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)/soláthraithe seirbhíse atá á gcistiú ag FSS ar fáil chun tacú le daltaí trí sheirbhísí meabhairshláinte a sholáthar.
Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun tuilleadh faisnéise a fháil: www2.hse.ie/mental-health/services-support/
• Turn2me don Óige: turn2me.ie/exam-results-day-tips-on-how-to-manage-the-stress-and-anxiety/
• Spunout: spunout.ie/
• Jigsaw: www.jigsaw.ie/
Freagraí ar do Cheisteanna
Conas is féidir liom amharc ar mo scripteanna scrúdaithe?
Glacfar le hiarratais ar amharc ar scripteanna scrúdaithe Ardteistiméireachta tríd an Tairseach Féinseirbhíse Iarrthóra idir 5pm, Dé Máirt an 27 Lúnasa, agus 8pm, Dé Céadaoin an 28 Lúnasa.
Ní mór iarratais Ardteistiméireachta Feidhmí a dhéanamh tríd an ríomhphost. Beidh feidhm ag an amlíne chéanna iarratais.
Beidh an próiseas amhairc ar líne do scripteanna a marcáladh ar líne ar fáil tríd an Tairseach Féinseirbhíse Iarrthóra ó 9am, Dé Sathairn an 31 Lúnasa, go 9am, Dé Domhnaigh an 1 Meán Fómhair.
Maidir le scripteanna a marcáladh ar pháipéar, is féidir amharc orthu i scoileanna ag ceann amháin de dá sheisiún a bheidh ar siúl Dé Sathairn an 31 Lúnasa – ó 9.30am go 12.30pm agus ó 2pm go 5pm.
An bhféadfaidh mé achomharc a dhéanamh in aghaidh mo thorthaí?
Ní mór iarratais ar achomharc a dhéanamh a chur isteach tríd an Tairseach Féinseirbhíse Iarrthóra idir 10am, Dé Domhnaigh an 1 Meán Fómhair 2024, agus 5pm, Dé Luain an 2 Meán Fómhair 2024.
Cén uair a eiseofar torthaí na n-achomharc?
Tá sé beartaithe ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit torthaí na n-achomharc Ardteistiméireachta a eisiúint Dé hAoine an 27 Meán Fómhair. Beidh tuilleadh mionsonraí maidir le hamharc ar scripteanna a ndearnadh achomharc ina n-aghaidh agus faoi phróiseas na Scrúdanóirí Neamhspleácha Achomhairc ar fáil tríd an Tairseach Féinseirbhíse Iarrthóra tráth a eiseofar na Torthaí Achomhairc.
An bhfuil aon táille achomhairc ann?
Beidh feidhm ag ráta achomhairc a bheidh cothrom le €40 in aghaidh an ábhair Ardteistiméireachta agus le €15.50 in aghaidh an ábhair Ardteistiméireachta Feidhmí. Is é a bheidh in iarratas bailí ná an t-iarratas ar achomharc a dhéanamh agus íocaíocht na táille achomhairc araon. Aisíocfar an táille i gcás go n-éireoidh leis an achomharc.
Cad a fhéadfaidh mé a dhéanamh más rud é go mbeidh mé míshásta leis an toradh a bheidh ar m’achomhairc?
Más rud é go mbeidh iarrthóir míshásta leis an toradh a bheidh ar an bpróiseas achomhairc, féadfaidh sé/sí a roghnú leas a bhaint as ceann amháin nó an dá cheann de na próisis seo a leanas nó féadfaidh sé/sí a roghnú gan leas a bhaint as ceachtar acu;
a) Amharc ar Scripteanna Athmharcáilte Scrúdaithe.
b) Rochtain ar Scrúdanóirí Neamhspleácha Achomhairc – Achomhairc Oideachais
Cad a fhéadfaidh mé a dhéanamh más rud é go mbeidh mé fós míshásta leis an toradh a bheidh ar m’achomhairc?
Más rud é go measfaidh iarrthóir nár próiseáladh a c(h)ás i gceart, sa phróiseas achomhairc agus san athbhreithniú ó na Scrúdanóirí, féadfar gearán a dhéanamh leis an Ombudsman nó, más rud é go mbeidh an t-iarrthóir faoi bhun 18 mbliana d’aois, féadfar gearán a dhéanamh leis an Ombudsman do Leanaí.
Coigeartuithe Iarmharcála ar Scrúduithe Ardteistiméireachta na bliana 2024
Rinneadh dhá chineál coigeartuithe – ar an gcéad dul síos, rinneadh coigeartuithe ar na comhpháirteanna measúnaithe scrúdaithe féin, lena n-áirítear scrúdpháipéir Ardteistiméireachta. Rinneadh coigeartú iarmharcála ansin chun déileáil leis na torthaí sa chomhiomlán. Mar thoradh ar an gcoigeartú iarmharcála, coinníodh na torthaí foriomlána, sa chomhiomlán, ag an leibhéal céanna leis an mbliain seo caite. Rinneadh amhlaidh mar chuid den ghealltanas a thug an tAire Foley nach mbeadh aon fhilleadh aille ann ar na noirm réamhphaindéime.
Níl aon bhoilsciú grád ann, i gcomparáid lenar tharla an bhliain seo caite nó an bhliain roimhe sin. Tar éis an choigeartaithe iarmharcála, is ionann na torthaí foriomlána, sa chomhlán, agus na torthaí a bhí ann sna blianta 2021, 2022 agus 2023 – níl siad níos ísle ná iad agus níl siad níos airde ná iad.
Conas is féidir liom a fheiceáil cén difear a dhéanfaidh mo thorthaí don Lár-Oifig Iontrála?
Is trí phróiseas iarratais atá faoi stiúir ag an Lár-Oifig Iontrála a dhéantar iarratas ar iontráil san ardoideachas in Éirinn.
Is féidir faisnéis a fháil ar www.cao.ie faoin dóigh a ríomhtar na pointí le haghaidh iontráil i gcúrsaí ardoideachais.
Iarratasóirí ar chláir ardoideachais lasmuigh d’Éirinn
Tá sé tábhachtach go gcuirfeadh iarratasóirí an dáta torthaí – is é sin an 23 Lúnasa 2024 – in iúl d’Oifig Iontrála na hinstitiúide ardoideachais ábhartha chuig a bhfuil siad ag déanamh iarratais. Is féidir leat aon cheisteanna a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: LCinfo@education.gov.ie
Torthaí Scrúdaithe Sraithe Sóisearaí na bliana 2024
Tá sé beartaithe ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit torthaí na Scrúduithe Sraithe Sóisearaí a eisiúint Dé Céadaoin an 9 Deireadh Fómhair.
Ardteistiméireacht na bliana 2025
I mí Aibreáin i mbliana, d’fhógair an tAire gur sa bhliain 2025 a thosódh an filleadh céimnithe ar ghnáth-thorthaí, agus filleadh measartha diaidh ar ndiaidh ann ar an leibhéal coigeartaithe iarmharcála a chuirtear i bhfeidhm chun an tionchar ar dhaltaí a íoslaghdú a mhéid is féidir.
Fillfear ar an ngnáthphróiseas ar bhonn céim ar chéim thar na blianta atá le teacht, agus an méid sin ag tarlú ar bhealach céimnithe a bheidh dírithe ar an dalta. Is é an aidhm a bheidh leis an gcoigeartú a dhéanfar an bhliain seo chugainn ná an tacar foriomlán torthaí sa chomhiomlán a thabhairt go pointe nach ísle ná leath bealaigh idir leibhéil na mblianta 2020 agus 2021, tríd is tríd.
I gcás na gcoigeartuithe céanna ar chomhpháirteanna measúnaithe, lena n-áirítear scrúdpháipéir Ardteistiméireachta – mar shampla, tuilleadh rogha – beidh feidhm acu maidir le daltaí na bliana seo chugainn freisin.
Táillí scrúdaithe
Tarscaoileadh na táillí iontrála scrúdaithe do scrúdú Ardteistiméireachta agus Sraithe Sóisearaí na bliana 2024. Ní raibh ar dhaltaí a bhí ag tabhairt faoi na scrúduithe sa bhliain 2024 na táillí sin a íoc, arbh ionann iad de ghnáth agus €116 agus €109 do na scrúduithe Ardteistiméireachta agus do na scrúduithe Sraithe Sóisearaí faoi seach.
Scrúduithe iarchurtha Ardteistiméireachta
Sa bhliain 2024, tosaíodh tacar malartach scrúduithe Ardteistiméireachta tar éis an phríomhthacair scrúduithe, agus é mar aidhm leo freastal ar dhaltaí nach raibh in ann an chéad tacar páipéar a dhéanamh ar chúiseanna amhail bás dlúthdhuine dá dteaghlach, timpiste thromaí, díobháil thromaí nó tinneas tromaí.
Bhí na scrúduithe iarchurtha Ardteistiméireachta Bunaithe ar siúl ón gCéadaoin an 26 Meitheamh go dtí an Satharn an 13 Iúil, agus an dá lá sin san áireamh, lenar áiríodh an Satharn an 29 Meitheamh agus an Satharn an 6 Iúil. I gcás na hArdteistiméireachta Feidhmí, rinneadh na scrúduithe ón gCéadaoin an 26 Meitheamh go dtí an Déardaoin an 4 Iúil, lenar áiríodh an Satharn an 29 Meitheamh.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig suíomh Gréasáin Choimisiún na Scrúduithe Stáit, www.examinations.ie.
Scrúduithe cainte
I gcás Ardteistiméireacht na bliana 2024, rinne Coimisiún na Scrúduithe Stáit na socruithe do scrúduithe cainte a fhadú go ceann bliain eile chun go mbeadh siad ar siúl le linn na chéad seachtaine de thréimhse saoire na Cásca, ar feitheamh athbhreithniú iomlán ar uainiú na scrúduithe cainte. Bhí scrúduithe cainte ar siúl ón Satharn an 23 Márta go dtí an Déardaoin an 28 Márta 2024, agus an dá lá sin san áireamh, sa bhliain 2024. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig suíomh Gréasáin Choimisiún na Scrúduithe Stáit, www.examinations.ie.
Trialacha Léirithe Praiticiúla Ceoil
Rinneadh trialacha Léirithe Praiticiúla Ceoil na hArdteistiméireachta le linn am téarma, tar éis shaoire na Cásca, ón Luan an 8 Aibreán go dtí an Aoine an 19 Aibreán. Thosaigh trialacha Léirithe Praiticiúla Ceoil na Sraithe Sóisearaí tar éis shaoire na Cásca, agus iad ar siúl ón Luan an 22 Aibreán go dtí an Aoine an 3 Bealtaine. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig suíomh Gréasáin Choimisiún na Scrúduithe Stáit, www.examinations.ie.