STAR: Tacú leis an Lucht Siúil agus leis na Romaigh in Óige Chruthaitheach
- Foilsithe: 19 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 19 Feabhra 2026
Bunaíodh treoirthionscadal STAR in 2019 faoin Straitéis Náisiúnta um Ionchuimsiú Phobal an Lucht Siúil agus an Phobail Romaigh (NTRIS) agus bhí sé d’aidhm aige feabhas a chur ar fhreastal scoile, rannpháirtíocht agus críochnú scoile i measc leanaí agus daoine óga den Lucht Siúil agus den phobal Romach.
Ag tógáil ar rath na gclár Óige Ildánach Na hEalaíona Beo a Thabhairt chuig Daltaí agus Múinteoirí (BLAST) agus Braislí Cruthaitheacha, seoladh sraith STAR de na cláir sin i mí Mheán Fómhair 2024 mar ghníomh laistigh den Straitéis Oideachais do Phobal an Lucht Siúil agus na Romach.
Bhí STAR BLAST ar siúl go dtí mí an Mheithimh 2025 agus dhírigh sé ar chultúr agus ar fhéiniúlacht a cheiliúradh d’iar-bhunscoileanna sainaitheanta ina bhfuil líon ard daoine óga den Lucht Siúil agus den phobal Romach.
Dearadh an clár dhá bhliain Braislí Cruthaitheacha (Meán Fómhair 2024 – Meitheamh 2026) go sonrach freisin do phobail STAR, ag baint úsáid as na healaíona nuálacha agus as an bhfoghlaim chruthaitheach chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist nó dúshlán coiteann STAR
Le tacaíocht ón Roinn Oideachais agus Óige agus ón Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, go dtí seo thacaigh tionscadal píolótach STAR le 55 scoil le thart ar 1,400 scoláire ón Lucht Siúil agus ón bpobal Romach i gceithre réigiún, Co. na Gaillimhe. Co. Loch Garman, Cathair Bhaile Átha Cliath Thuaidh agus Cathair Chorcaí.
An phreaseisiúint is déanaí ó mhí Dheireadh Fómhair 2024.