Scrúduithe Stáit 2026
- Foilsithe: 3 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Nollaig 2025
- Eolas maidir le Scrúduithe na Sraithe Sóisearaí agus na hArdteistiméireachta
- Amchlár agus obair chúrsa
- Socruithe Measúnaithe do Scrúduithe Stáit 2026
Eolas maidir le Scrúduithe na Sraithe Sóisearaí agus na hArdteistiméireachta
Tá eolas maidir le scrúduithe na Sraithe Sóisearaí agus na hArdteistiméireachta, lena n-áirítear nuashonruithe rialta i rith thréimhse na scrúduithe, ar fáil ar shuíomh gréasáin Choimisiún na Scrúduithe Stáit www.examinations.ie
Is í 090 6442700 an uimhir theileafóin ba cheart a úsáid do gach fiosrúchán.
Amchlár agus obair chúrsa
Cuirfear tús le scrúduithe scríofa na hArdteistiméireachta 2026 Dé Céadaoin, an 3 Meitheamh 2026, agus cuirfear críoch leis na scrúduithe scríofa Dé Máirt, an 23 Meitheamh 2026.
Tá an t-amchlár iomlán do na scrúduithe le fáil ar shuíomh gréasáin Choimisiún na Scrúduithe Stáit.
Cuirfear tús le scrúduithe scríofa na hArdteistiméireachta Feidhmí Dé Céadaoin, an 3 Meitheamh 2026, agus cuirfear críoch leis na scrúduithe scríofa Déardaoin, an 11 Meitheamh 2026.
Tá an t-amchlár iomlán do na scrúduithe le fáil ar shuíomh gréasáin Choimisiún na Scrúduithe Stáit.
Cuirfear tús le scrúduithe scríofa na Sraithe Sóisearaí Dé Céadaoin, an 3 Meitheamh 2026, agus cuirfear críoch leis na scrúduithe scríofa Dé Luain, an 15 Meitheamh 2026.
Tá an t-amchlár iomlán do na scrúduithe le fáil ar shuíomh gréasáin Choimisiún na Scrúduithe Stáit.
Tá Rialacha agus Nósanna Imeachta d’Obair Chúrsa le haghaidh 2025/2026 foilsithe ag CSS.
Táillí scrúdaithe
Beidh táillí iontrála scrúdaithe i bhfeidhm in 2026 - €116 d’iarratas ar Ardteistiméireacht scoilbhunaithe agus €109 d’iarratas ar an tSraith Shóisearach.
Tá iarrthóirí a bhfuil cárta leighis iomlán acu, nó atá clúdaithe le haghaidh gach seirbhís ar chárta leighis iomlán tuismitheora nó caomhnóra, díolmhaithe ó tháillí scrúdaithe.
Tá rátaí níos airde táillí i bhfeidhm d’iarrthóirí seachtracha atá ag tabhairt faoi scrúdú i níos mó ná ábhar amháin i Scrúduithe na hArdteistiméireachta. Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Choimisiún na Scrúduithe Stáit.
Scrúduithe béil
Reáchtálfar Scrúduithe Béil na hArdteistiméireachta 2026 sa chéad seachtain de shaoire Cásca na scoile, idir an Satharn, an 28 Márta agus an Déardaoin, an 2 Aibreán, an dá dháta sin san áireamh. Ní mór d’iarrthóirí a bheith i láthair i rith na tréimhse ama seo. Freastalófar ar iarrthóirí atá tinn nó a bhfuil duine muinteartha leo tar éis bháis ag Scrúdú Béil a reáchtálfar ina dhiaidh sin ag deireadh mhí na Bealtaine, faoi réir fianaise.
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, tabhair cuairt ar Scrúduithe 2026.
Tástálacha taibhithe praiticiúla ceoil
Beidh na Scrúduithe Taibhithe Praiticiúla Ceoil d’Ardteistiméireacht 2026 ar siúl idir Dé Luain, an 13 Aibreán agus Dé hAoine, an 24 Aibreán.
Beidh na Scrúduithe Taibhithe Praiticiúla Ceoil don tSraith Shóisearach ar siúl idir Dé Luain, an 2 Márta agus Dé hAoine, an 13 Márta.
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Choimisiún na Scrúduithe Stáit.
Filleadh ar shocruithe réamh-Covid-19 do na Scrúduithe Stáit
Dheimhnigh an tAire Oideachais agus Óige i mí Aibreáin 2025 go mbeadh na coigeartuithe reatha ar scrúduithe agus measúnuithe, atá i bhfeidhm ón mbliain 2022, fós i bhfeidhm do chohórt na hArdteistiméireachta 2026.
Ar an 5 Samhain 2025, dheimhnigh an tAire freisin, do chohórt na hArdteistiméireachta 2027 agus ina dhiaidh, go mbeidh na coigeartuithe sin fós i bhfeidhm do gach ábhar reatha go dtí go mbeidh sonraíochtaí nua nó leasaithe ina n-áit faoi Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí.
Tá sonraí maidir leis na socruithe seo le fáil anseo.
Socruithe Measúnaithe do Scrúduithe Stáit 2026
Dheimhnigh an tAire Oideachais agus Óige go leanfar ar aghaidh leis na coigeartuithe scrúdaithe agus measúnaithe a cuireadh i bhfeidhm le blianta beaga anuas, a chur i bhfeidhm do scoláirí in 2026. Cabhraíonn siad sin le scoláirí trí struchtúr foriomlán na scrúduithe, a bhfuil taithí acu air, a fhágáil mar atá, agus ag an am céanna rogha bhreise a chur ar fáil do na scoláirí.