Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030
- Foilsithe: 14 Eanáir 2020
- An t-eolas is déanaí: 10 Márta 2026
- An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030
- Polasaí don Oideachas Gaeltachta
- Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht
- Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla
- Tionscadal Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT) don Ghaeilge
- Féach freisin
An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030
Tá cur chuige comhtháite don Ghaeilge leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ina bhfuil 9 réimse gnímh luaite, lena n-áirítear oideachas, an Ghaeltacht, an teaghlach, an pobal, na meáin, an teicneolaíocht agus an eacnamaíocht. Tá na gníomhartha ábhartha faoin Straitéis á cur i bhfeidhm ag na páirtithe leasmhara éagsúla, lena n-áirítear an Roinn seo.
Tá an straitéis uile-Rialtais an Stratéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ar fáil ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán anseo
Tá gníomhartha na Roinne Oideachais leagtha amach sa phlean gníomh thíos
Tuairisciú ar dhul chun cinn
Plean Gníomhaíochta 5 bliana don Ghaeilge 2018-2022
D'fhoilsigh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta plean gníomhaíochta chun an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a chur i bhfeidhm san tréibhse ó 2018 go 2022. Tá tuarascálacha ar dhul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ón Roinn Oideachais ó 2018 le fáil sna Tuarascálacha ar Dhul Chun Cinn don Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 seo ar leathanach gréasáin na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
www.gov.ie/ga/eolas-polasai/plean-gniomhaiochta-2018-go-2022/
Polasaí don Oideachas Gaeltachta
Is í príomhaidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta ná tacú le húsáid na Gaeilge i bpobail Ghaeltachta agus í a chur chun cinn trí sholáthar oideachais trí mheán na Gaeilge a neartú i limistéir phleanála teanga na Gaeltachta. Tá an polasaí mar fhreagairt straitéiseach chun dul i ngleic leis na dúshláin sochtheangeolaíochta atá roimh limistéir phleanála teanga na Gaeltachta. Aithnítear sa pholasaí uathúlacht na Gaeltachta mar cheantar a bhfuil tábhacht shuntasach theangeolaíoch, chultúrtha agus eacnamaíoch ag baint leis. Tá sé mar aidhm ag an bpolasaí úsáid na Gaeilge i bpobail scoileanna Gaeltachta a athbheochan, a chur chun cinn agus a leathnú.
Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht
D’foilsigh an Roinn Oideachais agus Óige Polasaí nua a fhorbairt don oOideachas lLán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht i mí na Samhna 2025. Leagtar amach fís uaillmhianach sa pholasaí:
- Go mbeidh oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do chách, i suíomhanna oideachais atá ionchuimsitheach agus ilchultúrtha.
- Go gcothófar bá agus grá ar leith don teanga agus don chultúr Gaelach sna páistí agus sna daoine óga le go leanfaidh siad ag úsáid na teanga go cumasach, mórtasach ar feadh a saoil.
- Go mbeidh éiceachóras tacaíochtaí agus acmhainní cuí ar fáil do shuíomhanna oideachais lán-Ghaeilge agus dá bpobail.
Tá réimse leathan gníomhartha á gcur i bhfeidhm faoin bpolasaí, i gcomhar le páirtithe leasmhara trasna na hearnála lán-Ghaeilge, chun tacú le fíorú na físe seo.
Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla
D’fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Óige an Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla i mí na Samhna 2025. Tá an plean dhá bhliain seo (scoilbhliain 2025-2026, 2026-2027) deartha chun cabhrú le múinteoirí curaclam na Gaeilge a mhúineadh agus chun múineadh na Gaeilge a dhéanamh níos tairbhí agus níos taitneamhaí, le béim láidir ar scileanna teanga labhartha na ndaltaí a fhorbairt.
Tá ceithre bhunchloch mar bhonn don phlean gnímh:
- Meonta dearfacha a chothú i leith na Gaeilge
- Úsáid na Gaeilge a mhéadú
- Tacú le rochtain ag gach leanbh agus duine óg ar fhoghlaim na Gaeilge
- Tacaíochtaí don Ghaeilge a chomhtháthú
Tionscadal Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT) don Ghaeilge
Cur chuige oideachasúil défhócasaithe í FCÁT ina n-úsáidtear ábhar eile chun teanga agus ábhar a fhoghlaim agus a mhúineadh.
Freastalaíonn cur chuige FCÁT ar ghnéithe den churaclam a sholáthar trí theanga eile seachas gnáthmheán teagaisc na scoile.
Tá breis eolas agus achmhainní do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna ar fáil ar shuíomh Oide - www.oide.ie/irish-medium/baile/fcat/
Is é Aoine 17 Aibreán 2026 an spriocdháta do léirithe spéis le beidh páirteach san tionscadal sa scoilbhliain 2026/27 (d’iarbhunscoileanna).
Is é Aoine 24 Aibreán 2026 an spriocdháta do léirithe spéis le beidh páirteach san tionscadal sa scoilbhliain 2026/27 (do bhunscoileanna).