Rannpháirtíocht scoláirí i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna: cur chuige lena n-urramaítear cearta
- Foilsithe: 17 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 17 Samhain 2025
Réamhrá
Tá an ceart atá ag leanaí agus daoine óga chun páirt a ghlacadh i gcinntí ar gach ní a dhéanann difear dóibh cumhdaithe i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (UNCRC, 1989) [1]. Baineann Airteagal 12 go sonrach leis an gceart atá ag an leanbh a t(h)uairimí a chur in iúl faoi shaoirse agus a chinntiú go dtabharfar aird chuí ar a t(h)uairimí. Molann Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh go mbunódh scoileanna, agus comhlachtaí a sholáthraíonn seirbhísí do leanaí, modhanna buana le haghaidh dul i gcomhairle le leanaí maidir le gach cinneadh a bhaineann lena bhfeidhmiú [2]. Comhlacht amháin den sórt sin is ea Cigireacht na roinne. Ós rud é go ndéanann cigireacht difear do leanaí, is ní í ar ina leith atá teidlíocht ag leanaí go lorgófaí a gcuid tuairimí, go n-éistfí lena gcuid tuairimí agus go gcuirfí a gcuid tuairimí san áireamh. Léirítear i dtaighde go bhfuil tuairimí ag leanaí faoi chigireacht agus go bhfuil siad ag iarraidh na tuairimí sin a chur in iúl [3].
Ceann amháin de na príomhphrionsabail atá i Cód Cleachtais don Chigireacht (2024) [4] is ea go lorgóidh cigirí barúlacha agus tuairimí foghlaimeoirí agus go dtabharfaidh siad aird chuí orthu, de réir a n-aoise agus a n-aibíochta. Tá an gealltanas sin tógtha go díreach ó Airteagal 12. Féachann an Chigireacht ar leanaí mar ghníomhaithe sóisialta gníomhacha inniúla. Aithníonn sí an rannchuidiú uathúil luachmhar a dhéanann siad leis an bpróiseas cigireachta i ndáil le tuairimí uathúla macánta a thairiscint ar chleachtas scoile agus ar chleachtas seomra ranga.
Sa chaibidil seo, tarraingítear aird ar na tairbhí a ghabhann le rannpháirtíocht scoláirí, tugtar mionsonraí faoi na cineálacha cur chuige a glacadh chun rannpháirtíocht scoláirí i gcigireacht a spreagadh agus faoi na cinntí iarmhartacha, agus leagtar amach roinnt tionscadal gaolmhar atá ar bun sa Chigireacht agus sa roinn i gcoitinne.
[1] An Coinbhinsiún um Chearta an Linbh (1989). Uimh. Chonartha 27531. Sraith Conarthaí na Náisiún Aontaithe, 1577. Ar fáil ag: https://www.ohchr.org/en/human-rights/universal-declaration/translations/irish-gaelic
[2] An Coiste um Chearta an Linbh (2001). The aims of education (General Comments) CRC/C/GC/2001/1, 17 Aibreán 2001. Ar fáil ag: https://www.ohchr.org/en/resources/educators/human-rights-education-training/general-comment-no-1-aims-education-article-29-2001
[3] Conneely, S. (2015). Children's right to be heard during whole-school evaluation in Irish primary schools: student's and teachers' perspectives. Tráchtas Dochtúireachta, Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. https://pure.qub.ac.uk/en/studentTheses/childrens-right-to-be-heard-duringwhole-school-evaluation-in-iris
[4] An Roinn Oideachais (2024). Cód Cleachtais don Chigireacht, Baile Átha Cliath: An Chigireacht. Ar fáil ag: https://assets.gov.ie/static/documents/cod-cleachtais-do-chigireacht-na-roinne-oideachais-2024.pdf
Na tairbhí a ghabhann le rannpháirtíocht scoláirí
Aithnítear go forleathan na tairbhí a ghabhann le rannpháirtíocht scoláirí. Áirítear leo sin braistint níos láidre gníomhaithe a chruthú, áit a bhfeiceann scoláirí gur féidir leo tionchar a imirt ar rudaí atá tábhachtach [5], stádas a ardú tríd an aitheantas a thugtar don chumas atá acu mar thráchtairí géarchúiseacha [6], agus a bpróisis smaointeoireachta a bheachtú trí iad a chumasú smaoineamh go criticiúil faoina n-eispéiris [7]. Dar le Lansdown (2011)[8], cruthaítear ‘virtuous circle’, nó fáinne óir, dá bharr sin; dá mhéad a ghlacann leanaí páirt sa phróiseas is ea is éifeachtaí a rannchuidiú agus is ea is mó an tionchar ar a bhforbairt.
Tarraingíonn geallsealbhóirí oideachais aird freisin ar na tairbhí suntasacha a thagann as rannpháirtíocht scoláirí, amhail feabhsuithe ar sholáthar seirbhíse agus ar chinnteoireacht [9]. I dteannta na mbuntáistí sin, is amhlaidh a ghnóthaíonn múinteoirí, cigirí agus an lucht déanta beartas rochtain ar an saineolas atá ag scoláirí ar a scoileanna. Is saineolas é sin nár baineadh leas iomlán as go fóill, tríd is tríd [10]. Ina theannta sin, ós rud é gur ag scoláirí atá dearcadh uathúil ar an méid a tharlaíonn i scoileanna agus i seomraí ranga [11], is féidir le cuid mhór tionscadal um ghuth scoláirí athruithe a bhrú chun cinn i scoileanna, lena n-áirítear feabhsuithe ar an teagasc agus ar an gcuraclam [12].
Saibhrítear an próiseas cigireachta nuair a théitear i gcomhairle le scoláirí. I gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, cuirtear in iúl go láidir go bhfuil leanaí agus daoine óga ina saineolaí ar a saol féin agus go bhfuil cuid mhór le rá agus le comhroinnt acu chun cabhrú leis an lucht déanta cinntí cinntí a dhéanamh ar nithe a dhéanann difear dóibh. Mar chuid den phróiseas cigireachta, lorgaítear a gcuid tuairimí, éistear leo, tugtar aird chuí orthu, agus gníomhaítear dá mbun. Bunaithe ar chigireacht, is eol dúinn gur féidir leo léargais thábhachtacha a thairiscint ar réimsí amhail an fhoghlaim, saoráidí, gníomhaíochtaí, sábháilteacht, atmaisféar agus obair bhaile. Tá an fhaisnéis sin mar chuid den bhonn fianaise le haghaidh cigireachta. Féachann an Chigireacht lena chinntiú nach chun críocha institiúideacha go príomha a lorgaítear tuairimí leanaí agus daoine óga. Féachaimid lena chinntiú go dtéann rannpháirtíocht chun tairbhe do leanaí agus daoine óga, agus do scoileanna agus don Chigireacht an tráth céanna.
Creidimid go bhfuil ról tábhachtach againn maidir le tathant a dhéanamh ar son cearta scoláirí i gcoitinne. Áirítear leis na croíchuspóirí atá le tathant leanaí stádas leanaí a ardú, a bhféinchinntiúchán a fheabhsú, agus a chinntiú go mbíonn institiúidí sofhreagrach agus cuntasach dá riachtanais[13].
[5] Rudduck, J. agus Fielding, M. (2006). Student voice and the perils of popularity. Educational Review, iml. 58 (2), lgh 219-231
[6] Frost, D. agus MacBeath, J. (2010). Learning to lead: an evaluation. Dámh Oideachais Ollscoil Cambridge
[7] Roberts, J. agus Nash, A. (2009). Enabling students to participate in school improvement through students as researchers programme. Improving Schools, 2009, iml. 12(2), lgh 174-187
[8] Lansdown, G. (2011). Every Child’s Right to be Heard. Save the Children UK, lch 6.
[9] Shier, H. (2008). ‘Pathways to participation revisited Nicaragua perspective’ in New Zealand Association for Intermediate and Middle Schooling, Issue Two Dialogue and Debate. Samhain
[10] Czerniawski, G. (2012). Student voice-by-numbers. Research in Teacher Education. 2 (1), lgh. 14-18. https://doi.org/10.15123/uel.85z3x
[11] Cook-Sather, A. (2020). Student voice across contexts: Fostering student agency in today’s schools. Theory Into Practice 59.2: lgh. 182-191.
[12] Fielding, M. (2004). Transformative approaches to student voice: theoretical underpinnings, recalcitrant realities. British Educational Research Journal, 30(2), lgh.295–311. https://doi.org/10.1080/0141192042000195236
[13] Tan, M. L. K. (2007). Children's rights and early childhood education: links to theory and practice atá foilsithe san irisleabhar Early Child Development and Care.
Rannpháirtíocht scoláirí i gcigireacht
Ní rud nua é ról a thabhairt do leanaí agus daoine óga i gcigireacht. Mar chuid den phróiseas cigireachta, tá an Chigireacht ag lorg a dtuairimí go foirmiúil le blianta fada anuas trí shuirbhéanna agus fócasghrúpaí a úsáid.
Níos déanaí fós, maidir le cuspóir agus modh ár gcaidrimh, bhreithnigh an Chigireacht ar leag siad béim leordhóthanach ar ghníomhú leanaí nó ar leor iad chun freastal ar an bprionsabal atá cumhdaithe in Airteagal 12. Bhíomar ag iarraidh níos mó a dhéanamh ná caitheamh le tuairimí leanaí mar fhoinse sonraí agus mar fhoinse sonraí amháin. Bhíomar ag iarraidh cabhrú le leanaí a dtuairimí a chur in iúl faoi shaoirse le linn cigireachta agus a chinntiú go dtabharfaí aird chuí ar a dtuairimí mar chuid de phróiseas cumhachtaithe.
Ghlac an Chigireacht cur chuige incriminteach i leith feabhas a chur ar rannpháirtíocht scoláirí sa phróiseas cigireachta. Dhearamar modheolaíocht leanbhláraithe lena n-urramaítear cearta, ar modheolaíocht í lena gcuirtear guth na leanaí ar áireamh go follasach in obair na Cigireachta. Le cur chuige lena n-urramaítear cearta, aithnítear an ceart bunúsach atá ag scoláirí a bheith páirteach i ngach cinneadh a dhéanann difear dóibh mar phrionsabal [14]. Leis an gcur chuige sin, glactar tuairimí leanaí dáiríre, agus a n-aois agus a n-aibíocht á gcur san áireamh, agus aithnítear an rannchuidiú uathúil luachmhar is féidir leo a dhéanamh leis an bpróiseas cigireachta.
Le linn na tréimhse 2020-2024, d’oibrigh an Chigireacht i gcomhar le grúpaí comhairleacha leanaí agus daoine óga chun forbairt a dhéanamh ar na hábhair agus na cineálacha cur chuige le haghaidh cigireachta. Leis an gcur chuige agus na modhanna a úsáidimid, leagtar béim ar ghníomhú leanaí – fágann sé sin gur bunaithe ar láidreachtaí atá siad. Cuirimid straitéisí spriocdhírithe chun feidhme chun tacú le leanaí a dtuairimí a chumadh ar shaincheisteanna tábhachtacha, nuair is gá. Oibrímid freisin chun na dálaí cearta a chruthú ina gcumasaítear do leanaí, beag beann ar a n-aois, a dtuairimí a chur in iúl. Is as an gcur chuige sin a thagann roinnt tairbhí éagsúla do chigireachtaí agus do scoileanna, lena n-áirítear feabhas ar chinnteoireacht agus ar thorthaí.
Bonn eolais faoin modheolaíocht seo ba ea taighde a rinneadh laistigh den Chigireacht, le tacaíocht ón Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais [15], ó scoileanna agus ó shuíomhanna fhoghlaim agus chúram na luath-óige. Bhí tionchar mór ag an gCreat Náisiúnta um Rannpháirtíocht Leanaí agus Daoine Óga i gCinnteoireacht [16] agus ag Samhail Lundy (2007) [17] ar an obair seo a chur ar aghaidh. Dar le Lundy, cuimsítear in Airteagal 12 spás (deis chun tuairim a chur in iúl), guth (cabhair le tuairim a chur in iúl), lucht éisteachta (chun éisteacht le tuairimí) agus tionchar (gníomhú de bhun tuairimí, de réir mar is cuí). Bhí sé mar sprioc ag an gCigireacht feabhas a chur ar dheiseanna le haghaidh rannpháirtíocht leanaí i ngach ceann de na trí chéim de chigireacht: roimh an gcigireacht, le linn na cigireachta agus tar éis na cigireachta.
Cur chuige trí chéim
Bíonn an Chigireacht ag féachaint i gcónaí le feabhas a chur ar an dóigh a lorgaíonn sí tuairimí leanaí agus daoine óga agus ar an dóigh a n-éisteann sí leis na tuairimí sin agus a gcuireann sí san áireamh iad. San am i láthair, táimid ag glacadh cur chuige trí chéim i leith rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga a mhéadú roimh an gcigireacht, le linn na cigireachta agus tar éis na cigireachta.
[14] Lansdown, G. (2011). Every Child’s Right to be Heard. Save the Children UK
[15] An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige roimhe seo.
[16] An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige (2015). Straitéis Náisiúnta um Rannpháirtíocht Leanaí agus Daoine Óga i gCinnteoireacht, 2015 – 2020. Baile Átha Cliath: Foilseacháin Rialtais. Ar fáil ag: https://assets.gov.ie/static/documents/national-strategy-on-children-and-young-peoples-participation-in-decision-making-2015-.pdf
[17] Lundy, L. (2007). Voice is not enough’: conceptualising Article 12 of the United Nations Convention on the Rights of the Child for education. British Education Research Journal, Nollaig 2007, iml. 33(6), lgh 927-942
Roimh an gcigireacht
Sa bhliain 2024, leag an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) béim ar a thábhachtaí atá sé faisnéis a thabhairt do leanaí chun iad a chumhachtú go héifeachtach [18]. Tá ról lárnach ag aosaigh maidir le tacú leis an gceart atá ag leanaí chun guth a bheith acu i gcinnteoireacht agus maidir leis an gceart sin a éascú [19]. Tacaíonn an Chigireacht leis an bprionsabal, atá bunaithe ar Airteagal 5 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh agus a bhfuil Lundy agus McEvoy i bhfách leis (2012) [20], go bhfuil sé de cheart ag leanaí faisnéis agus treoir aosach a fháil agus a dtuairimí á gcumadh acu. Cabhraíonn sé sin leo teacht ar thuairim fhorbartha eolach agus í a chur in iúl.
Tá gá le faisnéis shoiléir a thabhairt do leanaí agus daoine óga faoi chuspóir na cigireachta, faoi ról an chigire agus faoi cad a tharlóidh le linn a rannpháirtíochta sa phróiseas cigireachta. Dúirt leanaí linn go gcabhrófaí le heagla a mhaolú, go gcinnteofaí teachtaireachtaí comhsheasmhacha agus go gcuirfí lena n-ullmhacht chun páirt a ghlacadh dá soláthrófaí faisnéis roimh ré faoi chuspóir na cigireachta agus faoi ról an chigire. Thug siad comhairle maidir leis an bhfaisnéis a bheadh ábhartha agus maidir leis na bealaí ab éifeachtaí chun an fhaisnéis sin a chomhroinnt. Forbraíodh sraith acmhainní i gcomhairle leo ina dhiaidh sin, lenar áiríodh bileoga faisnéise agus físeáin bheoite do leanaí i gcomhthéacsanna luathbhlianta, bunscoile agus iar-bhunscoile, mar aon le ríomhleabhar do na luathbhlianta. Tá na nithe sin ar fáil ag https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/feachtais/cigireacht-an-oide-oideachais/
Le linn na cigireachta
Bíonn an Chigireacht ag féachaint i gcónaí ar bhealaí inar féidir feabhas a chur ar an gcaidreamh a dhéanaimid le leanaí agus daoine óga le linn cigireachta. Leathnaigh an Chigireacht an úsáid a bhaintear as fócasghrúpaí chuig beagnach gach cineál cigireachta ina bhfaigheann scoileanna réamhfhógra faoi chigireacht. Bíonn ár gcuid oibre i bhfócasghrúpaí bunaithe ar phrionsabail áirithe, agus iad ag teacht leo sin atá molta ag an gCoiste um Chearta an Linbh: a bheith trédhearcach, faisnéiseach, deonach, measúil, ábhartha, oiriúnach do leanaí, ionchuimsitheach (neamh-idirdhealaitheach), sábháilte, agus íogair i leith riosca. Bainimid leas as an dea-chleachtas maidir le toiliú, aontú agus cumhdach leanaí.
Thug leanaí comhairle maidir leis na rudaí a chabhródh leo ar an mbealach is fearr a chinneadh cé acu ba cheart nó nár cheart dóibh páirt a ghlacadh i bhfócasghrúpaí. Mar gheall air sin, d’fhorbraíomar físeáin faisnéise faoin dóigh a n-oibríonn fócasghrúpaí le linn cigireachta. Sheolamar seimineár Gréasáin do mhúinteoirí sa bhliain 2024 freisin faoin gcur chuige a ghlacann an Chigireacht i leith treisiú le rannpháirtíocht scoláirí i gcigireacht. Tá na hacmhainní uile ar fáil ag https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/feachtais/cigireacht-an-oide-oideachais/
Tar éis na cigireachta
Tugann cigirí faoi chruinnithe iarmheastóireachta leis an lucht ceannaireachta agus le baill foirne teagaisc i scoileanna chun na cinntí agus na moltaí a phlé tar éis cigireachta. Ina dhiaidh sin, eisítear tuairisc chuig na ceannairí scoile chun freagraí a fháil uathu. Uaslódáiltear an tuairisc sin isteach ar shuíomh Gréasáin na roinne ansin ionas go mbeidh an pobal in ann rochtain a fháil uirthi.
Suas go dtí an bhliain 2024, ba d’aosaigh agus d’aosaigh amháin a scríobh cigirí na tuairiscí sin. Mhol leanaí agus daoine óga go leathnóimis ár gcleachtas tuairiscithe chun iad féin a chur ar áireamh freisin. I mí Mheán Fómhair 2024, thug an Chigireacht leathanach atá sothuigthe ag scoláirí isteach laistigh de gach tuairisc mheastóireachta curaclaim i mbunscoileanna agus laistigh de gach tuairisc chigireachta ábhair in iar-bhunscoileanna.
D’fhreagair leanaí agus daoine óga go han-dearfach don leathanach, go háirithe a mhéid a aithníonn sé an ceart atá acu chun faisnéis a fháil agus an ról a imríonn siad laistigh de scoileanna agus den chóras oideachais.
Ba trí chomhairliúchán le ceannairí scoile, múinteoirí agus scoláirí a forbraíodh an leathanach. Rinne siad moltaí eile maidir le conas feabhas eile a chur ar chomhroinnt faisnéise le scoláirí tar éis cigireachta, lena n-áiríodh cruinnithe iarmheastóireachta. Tá sé mar aidhm againn iniúchadh a dhéanamh ar a indéanta atá sé na smaointe sin a chur chun feidhme amach anseo trí thaighde breise a dhéanamh.
[18] ECFE (2024). What Does Child Empowerment Mean Today? Implications for Education and Well-being, Educational Research and Innovation, Foilsitheoireacht ECFE, Páras, https://doi.org/10.1787/8f80ce38-en
[19] An Coinbhinsiún um Chearta an Linbh (1989). Uimh. Chonartha 27531. Airteagal 5
[20] Lundy, L. agus McEvoy, L. (2012). Children’s rights and research processes: Assisting children to (in) formed views. Childhood, 19(1), lgh 129-144
Torthaí ó shuirbhéanna ar scoláirí le linn cigireachta
Le linn meastóireacht scoile uile (MSU), déantar suirbhéanna ar scoláirí chun tuairimí a fháil ar a n-eispéireas ar an scoil agus ar an bhfoghlaim. Riar an Chigireacht 6,121 suirbhé i mbunscoileanna agus 7,350 suirbhé in iar-bhunscoileanna sa bhliain 2024. Tugtar le fios sna suirbhéanna go mbraitheann sciar ard de leanaí agus daoine óga go n-éistear lena dtuairimí ar scoil.
I mbunscoileanna, d’aontaigh beagán os cionn 50% gur éisteadh lena dtuairimí ar scoil an t-am ar fad, agus d’aontaigh 38% gur éisteadh leo an chuid is mó den am. Thug 10% le fios gur éisteadh leo ó am go ham, agus bhí beagán os cionn 1% den tuairim nár éisteadh leo in am ar bith.
Sa suirbhé in iar-bhunscoileanna, fiafraíodh de scoláirí ar cheap siad gur éist múinteoirí leo. D’aontaigh beagnach 69% gur éisteadh leo an t-am ar fad, agus d’aontaigh beagnach 21% gur éisteadh leo an chuid is mó den am. Thug beagnach 10% de fhreagraithe iar-bhunscoile le fios gur éist múinteoirí leo ó am go ham. Bhí ní ba lú ná 1% den tuairim nár éist múinteoirí leo in am ar bith.
Léirítear i gcuid mhór den litríocht taighde gur ann do chlaonadh an-dearfach i leith guth leanaí i gcoitinne [21]. Dearfadh daoine eile, áfach, nach nglactar go huilíoch le guth leanaí mar chuid dhílis de shaol na scoile [22]. Tá acmhainneacht ann tuairimí scoláirí a fháil faoi chineálacha cur chuige teagaisc, faoi chur chun feidhme curaclaim agus faoi straitéisí measúnaithe, arb acmhainneacht í nár baineadh leas aisti go fóill [23] [24].
Tá sé mar aidhm leis an gCreat Náisiúnta um Rannpháirtíocht [25] agus leis an bPlean Gníomhaíochta 2024-2028 [26] leanaí a chumhachtú chun ról níos gníomhaí agus níos fiúntaí a imirt sna próisis chinnteoireachta laistigh dá scoil. Cé go dtugtar le fios sna torthaí ó shuirbhéanna cigireachta a rinneadh sa bhliain 2024 gur bhraith formhór na leanaí agus na ndaoine óga gur éist a múinteoirí leo agus gur tugadh aird ar a dtuairimí, ba cheart do bhaill foirne agus don lucht ceannaireachta i scoileanna measúnú a dhéanamh ar cé chomh maith agus a chumhachtaíonn siad leanaí chun tionchar a imirt ar a bhfoghlaim féin agus páirt a ghlacadh i gcinnteoireacht. Mar lárionad sármhaitheasa agus comhordúcháin náisiúnta maidir le rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga i gcinnteoireacht, tairgeann Hub na nÓg [27] uirlisí bunriachtanacha chun cúnamh a thabhairt do scoileanna tionscnaimh rannpháirtíochta a phleanáil, a chur chun feidhme agus a mheasúnú. Ina theannta sin, tá sé beartaithe ag an aonad nuabhunaithe um rannpháirtíocht scoláirí laistigh den roinn tuilleadh treorach a thabhairt do scoileanna. Tá an t-aonad sin pléite níos déanaí sa chaibidil seo.
Cad a d’fhoghlaimíomar ó fhócasghrúpaí le scoláirí
Léirítear i dtuairiscí cigireachta ón mbliain 2024 a thoilteanaí atá leanaí páirt a ghlacadh i bhfócasghrúpaí agus a rannpháirtíocht dhearfach réidh i bplé faoina gcuid foghlama. Tá tuairiscí cigireachta ar fáil lena léamh ag https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/feachtais/cigireacht-an-oide-oideachais/
Le linn fócasghrúpaí, labhair scoláirí faoi shaincheisteanna éagsúla a bhaineann lena gcomhthéacs scoile. I roinnt iar-bhunscoileanna, mar shampla, mhol scoláirí an dóigh ar chomhroinn múinteoirí na rúin foghlama agus na critéir ratha, agus iad ag rá gur gnéithe úsáideacha de cheachtanna iad sin. Labhair siad faoi eispéiris dhearfacha ar mheasúnuithe rangbhunaithe, ar lena linn a bhí deis acu taighde a dhéanamh ar ábhair ar leith a raibh suim acu iontu agus an dúspéis a bhí acu sna hábhair sin a chomhroinnt. In iar-bhunscoileanna eile, labhair scoláirí faoi na hardleibhéil tacaíochta saincheaptha a bhí ar fáil óna múinteoirí nuair a bhí aon deacracht acu. Mar shampla:
“Labhair siad … faoin raon ábhar tacaíochta a cuireadh ar fáil dóibh ar líne. Áiríodh leo sin láithreoireachtaí ranga, nótaí staidéir, gearrthóga ar líne, agus samplaí oibrithe a sholáthair na múinteoirí. Rinneadh trácht freisin ar an gclub matamaitice a reáchtáladh ag am lóin, áit a bhféadfadh scoláirí tacaíocht bhreise a fháil.” (Tuairisc iar-bhunscoile)
Ba ar bhealach dearfach a labhair daltaí bunscoile agus scoláirí iar-bhunscoile faoi na hacmhainní a úsáideadh ar leibhéal na scoile chun tacú lena gcuid foghlama. Mar shampla:
“Luaigh siad gur thacaigh an úsáid a baineadh as físeáin agus as analacha leis an tuiscint a bhí acu ar choincheapa deacra, agus iad ag rá gur treisíodh a gcuid foghlama freisin trí quizeanna ar líne a dhéanamh agus trí úsáid a bhaint as ardán digiteach na scoile chun nótaí agus ábhar eile tacaíochta a chomhroinnt.” (Tuairisc iar-bhunscoile)
“I measc na ngnéithe den soláthar a mheas daltaí a bheith an-tairbheach bhí an úsáid mhéadaithe a bhí á baint as cluichí matamaitice agus as an teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide i gceachtanna agus comhtháthú na Matamaitice le réimsí eile den churaclam. Bhain siad taitneamh freisin as feidhmchláir mhatamaitice a úsáid, agus mheas siad glaonna Zoom le saineolaithe in Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic (STEM) a bheith an-spéisiúil.” (Tuairisc bhunscoile)
Shainaithin scoláirí freisin cad a thacódh arís eile lena gcuid foghlama. Mar shampla:
“I measc na gcleachtas breise ar mheas siad go dtacódh siad arís eile lena gcuid foghlama bhí deiseanna chun leabhair a fháil ar iasacht ag am lóin, tuilleadh rogha agus cuimsithe maidir leis na dánta agus na téacsanna a ndéantar staidéar orthu, agus tuilleadh tacaí amhairc agus fuaime don fhoghlaim.” (Tuairisc iar-bhunscoile)
“… thug siad faoi deara go mbíonn sé níos éasca dóibh coincheapa a thuiscint trí phlé agus trí obair phraiticiúil. Tharraing siad aird ar roinnt eispéireas foghlama tairbheach a bhí acu roimhe sin, amhail an t-am a chuaigh siad amach chun achar agus imlíne a iniúchadh, tríd an bpáirc, na cuaillí báire agus an binse a thomhas, agus chun cruthanna a aimsiú sa timpeallacht.” (Tuairisc bhunscoile)
[21] Martinez Sainz, G., Devine, D., Sloan, S., Symonds, J., Moore, B., Barrow, N. agus Ioannidou, O. (2024). A rights-based exploration of children’s pedagogic voice in the classroom. Education 3-13, 52(6), lgh. 874–890. https://doi.org/10.1080/03004279.2024.2331953
[22] Brown, M., McNamara, G., Cinkir, S., Fadar, J., Figuiredo, M., Vanhoof, J., Skerrit, C., O’Brien, S., Kurum, G., O’Hara, J. agus Rocha, J. (2020). Parent and student voice in evaluation and planning in schools. Improving Schools, 32(1), lgh 85-102
[23] Martinez Sainz, G., Devine, D., Sloan, S., Symonds, J., Moore, B., Barrow, N., … Ioannidou, O. (2024). A rights-based exploration of children’s pedagogic voice in the classroom. Education 3-13, 52(6), lgh. 874–890. https://doi.org/10.1080/03004279.2024.2331953
[24] Fleming, D. P. (2013). Student voice in Irish post-primary schools: a drama of voices. Tráchtas PhD, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
[25] An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ) (2019). Creat um Rannpháirtíocht: An Creat Náisiúnta um Rannpháirtíocht Leanaí agus Daoine Óga i gCinnteoireacht. Ar fáil ag: https://hubnanog.ie/wp-content/uploads/2023/06/Participation-Framework__IRISH.pdf
[26] RLCMLÓ (2024). Rannpháirtíocht Leanaí agus Daoine Óga i gCinnteoireacht: Plean Gníomhaíochta 2024-2028
[27] Is tionscnamh de chuid na Roinne Leanaí, Míchumais agus Comhionannais é Hub na nÓg: https://hubnanog.ie/
Forbairtí a thit amach le déanaí sa Chigireacht agus sa roinn
Feabhas a chur ar dheiseanna do leanaí óga bunscoile
Le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, ní fhorchuirtear aon íosteorainn aoise ar an gceart chun páirt a ghlacadh. Ina theannta sin, cuireann an Coiste um Chearta an Linbh i gcoinne aoisteorainneacha a thabhairt isteach, cibé acu sa dlí nó sa chleachtas, i gcás go gcuireann siad sin srian ar cheart an linbh chun páirt a ghlacadh i gcinnteoireacht. Aithnítear in Airteagal 12 gur ag leanaí a bhíonn leibhéil dhifriúla inniúlachta ag céimeanna difriúla dá saol, faoi mar a tharlaíonn i gcás aosach. Molann an Coiste um Chearta an Linbh go nglacaimid leis ar dtús gur ag an leanbh atá an cumas chun a t(h)uairimí féin a chumadh agus an ceart chun na tuairimí sin a chur in iúl; ní faoin leanbh atá sé cumas a chruthú ar dtús (CRC/C/GC/12, 2009). Deimhnítear i dtaighde gur féidir le leanaí óga léargais luachmhara a thabhairt ar a n-eispéiris oideachais féin [28]. A mhéid a bhaineann leis an gcumas atá ag leanaí dul i mbun comhairliúcháin, is mó difear a dhéanann a n-eispéireas ná a n-aois [29].
Sa scoilbhliain 2023-2024, rinne an Chigireacht taighde i roinnt bunscoileanna sóisearacha, a bhfuil nócha ceann díobh suite ar fud na hÉireann. Roimhe sin, níor bhain an Chigireacht aon úsáid as fócasghrúpaí ná as suirbhéanna chun tuairimí leanaí i mbunscoileanna sóisearacha a fháil. Rinne an fhoireann taighde breithniú ar chineálacha cuí cur chuige agus uirlisí chun leanaí óga a chumasú a dtuairimí a chur in iúl go hiomlán, go sábháilte, faoi shaoirse agus ar bhealaí cuí, lenar áiríodh frapaí cainte agus spreagthaigh chainte a úsáid. Tabharfar fócasghrúpaí le haghaidh meastóireachtaí curaclaim isteach i mbunscoileanna sóisearacha ó mhí Mheán Fómhair 2025 i leith.
An tAonad um Rannpháirtíocht Scoláirí
Dar leis an Ollamh Laura Lundy, tá Éire ina ceannaire idirnáisiúnta maidir leis na hiarrachtaí atá ar bun aici ról fiúntach a thabhairt do leanaí i bhforbairt beartais agus i gcinnteoireacht phoiblí [30]. Mar atá leagtha amach i Tuarascáil an Phríomhchigire 2016-2020 [31], tharla sé sa bhliain 2015 gur tháinig Éire chun bheith ar an chéad tír san Eoraip a d’fhorbair straitéis náisiúnta um rannpháirtíocht leanaí i gcinnteoireacht [32]. Tháinig Éire Óg: An Creat Beartais Náisiúnta do Leanaí agus do Dhaoine Óga (2023-2028) agus Rannpháirtíocht Leanaí agus Daoine Óga i gCinnteoireacht: Plean Gníomhaíochta (2024-2028) i gcomharbas ar an straitéis sin. Buntaca leis an gcreat agus leis an bplean gníomhaíochta araon is ea Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, agus gealltar iontu go n-éistfear le leanaí agus daoine óga maidir le nithe a dhéanann difear dóibh agus go dtabharfar aird ar a dtuairimí ina leith sin [33].
I mí Aibreáin 2023, d’fhoilsigh an Roinn Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht 2023-2027 [34]. Ba é a bhí sa phlean sin príomhghníomh a raibh i gceist leis aonad tiomnaithe a bhunú chun guth leanaí a chur chun cinn sa roinn, lena n-áiríodh i bhforbairt curaclaim, i bpróisis forbartha beartais agus i gcigireacht, agus chun a chinntiú go mbeadh ionchur fiúntach acu i mbeartais na roinne a fhorbairt. Bhunaigh an roinn an t-aonad um rannpháirtíocht na scoláirí i mí Aibreáin 2023.
Thug sainghrúpa a bhí faoi stiúir ag an Ollamh Laura Lundy, agus a raibh an Chigireacht páirteach ann, comhairle maidir le bunú an aonaid um rannpháirtíocht na scoláirí. Threoraigh ionchur ó 174 leanbh obair an tsainghrúpa. Bonn eolais faoi obair an aonaid is ea tuarascálacha ón sainghrúpa, eadhon Tuarascáil an tSainghrúpa ar Rannpháirtíocht na Scoláirí [35], Tuarascáil Chúlra an tSainghrúpa ar Rannpháirtíocht na Scoláirí [36], agus an Tuarascáil ar Chomhairliúcháin le Leanaí agus Daoine Óga [37]. D’fhoilsigh an t-aonad an Plean Cur Chun Feidhme maidir le Rannpháirtíocht Scoláirí ón Roinn i mí Dheireadh Fómhair 2024 [38].
Tá sa phlean cur chun feidhme caoga gníomh atá ceaptha chun tacú leis an roinn cultúr rannpháirtíochta leanaí agus daoine óga a leabú isteach tuilleadh i bhforbairt beartais ó fhómhar na bliana 2024 go deireadh na bliana 2026. Áirítear leo sin gealltanas chun feasacht a mhúscailt i measc scoláirí, tuismitheoirí, múinteoirí, ceannairí scoile, baill foirne scoile agus boird bhainistíochta ar an tábhacht agus na tairbhí a bhaineann le rannpháirtíocht leanaí i gcinnteoireacht. Foilseoidh an roinn tuarascáil cur chun feidhme ag deireadh na tréimhse, rud a bheidh bunaithe go mór ar thuairimí leanaí.
[28] Ring, E. agus O’ Sullivan, L. (2018). Play as learning - implications for educators and parents from findings of a national evaluation of school readiness in Ireland. Ar fáil ag: https://www.researchgate.net/publication/328330480
[29] Alderson, P. (1995). Listening to Children: Children, Ethics and Social Research. Barnardos, Illford
[30] Lundy, L. (2024). Réamhrá le Tuarascáil Chúlra an tSainghrúpa ar Rannpháirtíocht na Scoláirí. An Roinn Oideachais, Éire, lch 8. An Roinn Oideachais. Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/foilseachain/rannph%C3%A1irt%C3%ADocht-na-scol%C3%A1ir%C3%AD-san-oideachas/
[31] An Roinn Oideachais (2022). Tuarascáil an Phríomhchigire 2016-2020. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair. Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/feachtais/cigireacht-an-oide-oideachais/
[32] An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige (RLGÓ) (2015). Straitéis Náisiúnta um Rannpháirtíocht Leanaí agus Daoine Óga i gCinnteoireacht 2015-2020. Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-leana%C3%AD-m%C3%ADchumais-agus-comhionannais/foilseachain/national-strategy-on-children-and-young-peoples-participation-in-decision-making/
[33] An Roinn Oideachais (2024). Tuarascáil Chúlra an tSainghrúpa ar Rannpháirtíocht na Scoláirí, lch 15. Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/foilseachain/rannph%C3%A1irt%C3%ADocht-na-scol%C3%A1ir%C3%AD-san-oideachas/
[34] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/foilseachain/cine%C3%A1ltas-plean-gn%C3%ADomha%C3%ADochta-ar-an-mbula%C3%ADocht/
[35] Ar fáil ag: https://assets.gov.ie/static/documents/tuarascail-an-tsainghrupa-ar-rannphairtiocht-na-scolairi.pdf
[36] Ar fáil ag: https://assets.gov.ie/static/documents/tuarascail-chulra-an-tsainghrupa-ar-rannphairtiocht-na-scolairi.pdf
[38] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/foilseachain/rannph%C3%A1irt%C3%ADocht-na-scol%C3%A1ir%C3%AD-san-oideachas/
Gníomhartha na Cigireachta i bplean cur chun feidhme na roinne
Sa phlean cur chun feidhme, ghabh an Chigireacht uirthi féin trí ghníomh shonracha a dhéanamh:
1. Nuachtlitir bhliantúil do leanaí agus daoine óga a fhoilsiú faoi obair na Cigireachta agus tuairiscí eile atá sothuigthe ag scoláirí a fhoilsiú bunaithe ar na torthaí a bheidh ar obair agus taighde na Cigireachta i scoileanna
2. Sraith físeán a eisiúint ina dtarraingítear aird ar dhea-chleachtas maidir le rannpháirtíocht agus ceannaireacht leanaí agus daoine óga agus maidir lena ról i bhforbairt beartais, bunaithe ar ar bhreathnaigh an Chigireacht i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna.
3. Leathanach achoimre atá sothuigthe ag scoláirí a chur ar áireamh i dtuairiscí cigireachta ar mheastóireachtaí curaclaim i mbunscoileanna agus i dtuairiscí cigireachta ar chigireachtaí ábhair in iar-bhunscoileanna.
Agus na trí ghníomh sin á mbreithniú ceann ar cheann:
Gníomh 1: Sa bhliain 2023, agus arís eile sa bhliain 2024, d’fhoilsigh an Príomhchigire nuachtlitir do leanaí agus daoine óga inar cuireadh iad ar an eolas faoi obair na Cigireachta agus faoin gclár cigireachta don bhliain lena mbaineann [39]. Ina seimineár Gréasáin do mhúinteoirí sa scoilbhliain 2023/2024, leag an Chigireacht amach freisin cén fáth agus cén dóigh a lorgaíonn sí tuairimí leanaí le linn cigireachta. Foilsíodh dhá fhíseán sa bhliain 2024 freisin, inar chuir leanaí agus daoine óga an Príomhchigire faoi agallamh maidir leis an gceart atá acu chun éisteacht a fháil le linn cigireachta.
Gníomh 2: D’oibrigh an Chigireacht i ndlúthchomhar le bunscoileanna agus le hiar-bhunscoileanna sa scoilbhliain 2023-2024 chun samplaí de rannpháirtíocht agus ceannaireacht scoláirí a chomhroinnt. D’fhoilsíomar ceithre fhíseán, a taifeadadh i scoileanna, ina labhraíonn ceannairí scoile, múinteoirí agus scoláirí faoina n-eispéireas ar rannpháirtíocht scoláirí. Agus iad ar fáil ag https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/foilseachain/eolas-le-haghaidh-leana%c3%ad-agus-daoine-%c3%b3ga-maidir-le-cigireacht/, is é is aidhm do na físeáin a léiriú cad atá ar bun sna scoileanna ar mhaithe le scoileanna eile a spreagadh rannpháirtíocht agus ceannaireacht scoláirí a fheabhsú. Tá cúigiú físeán le foilsiú sa bhliain 2025. Cuirfear físeáin sa bhreis leis an tsraith le himeacht ama.
Gníomh 3: Mar a luadh cheana, tugadh an leathanach achoimre atá sothuigthe ag scoláirí isteach i dtuairiscí cigireachta.
An tEolas is Deireanaí ar an mBille Oideachais (Cairt Mac Léinn agus Tuismitheoirí), 2019
Rith an Seanad an Bille Oideachais (Cairt Mac Léinn agus Tuismitheoirí) agus, tráth fhoilsiú na tuarascála seo, táthar ag fanacht leis an dáta a phléifear é ag céim an choiste sa Dáil. Is é aidhm an Bhille leibhéal caidrimh an phobail scoile a fheabhsú trí aiseolas, tuairimí agus barúlacha a lorg ó leanaí agus ó thuismitheoirí agus trí chultúr éisteachta a fhorbairt tuilleadh i scoileanna [40]. Tá an Bille ina léiriú ar thiomantas na roinne chun an caidreamh a dhéanann scoileanna le leanaí, le tuismitheoirí agus leis an bpobal scoile uile a chur chun cinn. Leis an reachtaíocht seo, tabharfar tuilleadh soiléire do leanaí agus dá dtuismitheoirí maidir leis na nithe ar féidir leo a bheith ag súil leo ó scoileanna, agus cabhrófar lena chinntiú go leanfaidh scoileanna, leanaí agus tuismitheoirí le hobair go héifeachtach i gcomhpháirt le chéile.
A luaithe a bheidh an Bille rite, agus tar éis dul i gcomhairle le geallsealbhóirí oideachais, foilseoidh an tAire Oideachais agus Óige treoirlínte maidir leis an gcairt chun bonn eolais a chur faoin dóigh a rachaidh scoileanna i gcomhairle le leanaí agus lena dtuismitheoirí, faoin dóigh a lorgóidh siad aiseolas uathu agus faoin dóigh a bhfreagróidh siad dóibh. Is ag an reachtaíocht agus na treoirlínte maidir leis an gcairt atá an acmhainneacht chun tacú le rannpháirtíocht scoláirí agus tuismitheoirí i bhféinmheastóireacht scoile (FMS), agus leanfar le hiad a úsáid chun bonn eolais a chur faoin obair forbartha atá ar bun ag an gCigireacht chun feabhas a chur ar an gcaidreamh a dhéanann sí le scoláirí agus tuismitheoirí le linn próisis chigireachta.
[39] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/feachtais/cigireacht-an-oide-oideachais/
[40] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/poist-pholasai/cairt-mac-l%C3%A9inn-agus-tuismitheoir%C3%AD/
Mar fhocal scoir
Cuireann an Chigireacht rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga chun cinn go gníomhach ina cuid cigireachtaí, ina cuid foilseachán agus sna láithreoireachtaí éagsúla a thugann sí do gheallsealbhóirí. Moltar sna treoracha foilsithe cigireachta uainn, mar shampla, go dtabharfaí aird ar thuairimí gach linbh, á aithint gur príomh-gheallsealbhóirí iad. Le linn cigireacht scoile, tugtar deis do scoláirí a dtuairimí a chur in iúl faoi cháilíocht an tsoláthair a fhaigheann siad. Trína rannpháirtíocht a chumasú, cabhraítear le tathant a dhéanamh ar son cearta leanaí i scoileanna/suíomhanna i gcoitinne.
Creidimid gur féidir leis an gCigireacht, le leanaí, le daoine óga agus le scoileanna cuid mhór tairbhí a bhaint as rannpháirtíocht scoláirí i gcigireacht. Bíonn an Chigireacht ag féachaint i gcónaí le feabhas a chur ar an dóigh a lorgaímid tuairimí leanaí agus daoine óga agus ar an dóigh a n-éistimid leis na tuairimí sin agus a gcuirimid san áireamh iad. Roghnaíomar cur chuige ‘Déan agus ansin Déan Níos Mó’ a ghlacadh. Agus an méid sin á dhéanamh againn, gabhaimid orainn féin athbhreithniú a dhéanamh ar an gcur chuige a ghlacaimid i leith gach ceann de na trí chéim de chigireacht agus, trí phróisis chomhairliúcháin, níos mó a dhéanamh gach uair. Táimid tiomanta do chothromas agus sármhaitheas a bhaint amach sa dóigh a n-oibrímid le leanaí agus daoine óga.
Aistear foghlama don Chigireacht agus do scoileanna araon is ea rannpháirtíocht a bhfuil cuspóir léi a chinntiú do leanaí agus daoine óga. Is gá níos mó a dhéanamh; agus leanfaidh rannpháirtíocht scoláirí de bheith ina gné den chroímhisean atá againn mar Chigireacht.