Tacú le leanúnachas agus dul chun cinn i bhfoghlaim na Matamaitice san aistriú ón oideachas bunscoile chuig an oideachas iar-bhunscoile:léargais ó chigireachtaí
- Foilsithe: 17 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 17 Samhain 2025
- Réamhrá
- Leanúnachas curaclaim agus dul chun cinn
- An t-eolas atá ag múinteoirí ar na foghlaimeoirí agus ar a réamhfhoghlaim
- An tuiscint chomhroinnte atá ag múinteoirí ar an gcuraclam agus ar an oideolaíocht
- Conclúid agus breithnithe
Réamhrá
Is féidir le haistrithe idir suíomhanna agus céimeanna oideachais tionchar suntasach a imirt ar leanúnachas agus dul chun cinn in eispéiris oideachais leanaí agus daoine óga. Tá léargas uathúil ag Cigireacht na Roinne Oideachais agus Óige ar na haistrithe sin, mar gheall ar an ról meastóireachta agus an ról comhairleach atá aici maidir leis an soláthar oideachais i suíomhanna fhoghlaim agus chúram na luath-óige agus i scoileanna. Bíonn leas méadaitheach á bhaint as ionad faire trasearnála na Cigireachta, de réir mar a oibríonn cigirí a bhfuil saineolas acu ar earnálacha difriúla den chóras oideachais le chéile ar bhonn níos tráthrialta i scoileanna agus i suíomhanna.
Féachann an Roinn ar réimse fianaise agus cinntí beartais á ndéanamh aici faoin gcuraclam, faoin measúnú agus faoi fhoghlaim ghairmiúil múinteoirí. Áirítear leis seo sonraí gnóthachtála scoláirí ó mheasúnuithe náisiúnta agus idirnáisiúnta a mheas mar aon lena bhfuil ráite i dtuairiscí cigireachta maidir le cleachtas múinteoirí agus eispéiris foghlaimeoirí. I Tuarascáil Chigireacht na Roinne Oideachais (2021-2023) agus Athbhreithniú Téamach[1],mar shampla, breithníodh an dóigh a bhféadfadh eispéiris foghlaimeoirí sa bhunscoil difear a dhéanamh do phatrúin ghnóthachtála foghlaimeoirí iar-bhunscoile, mar a tuairiscíodh sa Clár um Measúnacht Idirnáisiúnta Daltaí (PISA) 2022[2] agus sa Staidéar Idirnáisiúnta ar Threochtaí i Matamaitic agus Eolaíocht (TIMSS) 2023[3]. Gabhtar dearcadh trasearnála sa Staidéar Idirnáisiúnta ar Threochtaí i Matamaitic agus Eolaíocht go háirithe, toisc go measúnaítear ann gnóthachtáil foghlaimeoirí sa Mhatamaitic san oideachas bunscoile agus san oideachas iar-bhunscoile araon.
Dírítear sa chaibidil seo ar fhoghlaim agus teagasc na Matamaitice le linn ‘nascbhlianta’ an aistrithe ón oideachas bunscoile chuig an oideachas iar-bhunscoile. D’oibrigh cigirí Matamaitice ar leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile le chéile chun súil ní ba ghéire a chaitheamh ar fhoghlaim agus teagasc na Matamaitice de réir mar a bhogann leanaí amach ó na ranganna sinsearacha sa bhunscoil agus isteach i sraith shóisearach an oideachais iar-bhunscoile. Rinne na cigirí sin sraith cigireachtaí inar díríodh ar leanúnachas curaclaim sa Mhatamaitic in aon iar-bhunscoil déag agus i bhfiche bunscoil as a bhfaigheann na hiar-bhunscoileanna sin a gcuid scoláirí de ghnáth. Is iad an bunús do na machnaimh sa chaibidil seo ná breithniú ar na cinntí ón aon mheastóireacht is tríocha sin agus na cinntí ó mheastóireachtaí curaclaim ar an Matamaitic in aon bhunscoil is seachtó agus ó chigireachtaí ábhair ar an Matamaitic in dhá iar-bhunscoil is fiche.
[1] Treonna nua a leagan amach: tacú le feidhmiú Churaclam Matamaitice Bunscoile na hÉireann’, i Tuarascáil Chigireacht na Roinne Oideachais (2021-2023) agus Athbhreithniú Téamach. Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/foilseachain/tuarasc%C3%A1il-chigireachta-na-roinne-oideachais-2021-2023-agus-athbhreithni%C3%BA-t%C3%A9amach
[2] Ar fáil ag: https://www.erc.ie/
[3] Ar fáil ag: https://www.erc.ie/studies/timss/
Leanúnachas curaclaim agus dul chun cinn
Roimh an timthriall is déanaí d’athfhorbairt curaclaim, áiríodh le Siollabas Matamaitice na Sraithe Sóisearaí 2013 nasc-chreat a forbraíodh chun aistriú réidh ón mbunscoil chuig an tsraith shóisearach a éascú do dhaoine óga[4]. Dearadh an nasc-chreat chun tacú le leanúnachas agus dul chun cinn in ábhar na siollabas idir an bhunscoil agus an iar-bhunscoil agus sna cineálacha cur chuige teagaisc a úsáidtear.
A bhuí le hathfhorbairt curaclaim le déanaí, neartaíodh leanúnachas agus dul chun cinn ar fud na sonraíochtaí curaclaim don Mhatamaitic ar leibhéal na bunscoile agus sa tsraith shóisearach. Tugadh an curaclam reatha sraithe sóisearaí don Mhatamaitic isteach sa bhliain 2018[5]. Tugadh Curaclam Matamaitice na Bunscoile isteach sa bhliain 2023[6].
Is é an comhchuspóir atá leis na sonraíochtaí curaclaim don Mhatamaitic ar leibhéal na bunscoile agus sa tsraith shóisearach araon inniúlacht mhatamaiticiúil a fhorbairt, a aithnítear sa dá shonraíocht mar rud ag a bhfuil cúig chomhpháirt idircheangailte atá fite fuaite ina chéile:
- tuiscint choincheapúil
- líofacht nóis imeachta
- inniúlacht straitéiseach
- réasúnaíocht oiriúnaitheach
- meon táirgiúil
Aithnítear go forleathan, áfach, nach ngabhann le hailíniú na sonraíochtaí aon ráthaíocht go mbainfear leanúnachas agus dul chun cinn san fhoghlaim amach. Bonn eolais faoi na timthriallta is déanaí d’fhorbairt curaclaim is ea an tuiscint ar churaclam mar rud a thógtar trí idirghníomhaíochtaí idir ábhair fhoilsithe, múinteoirí, foghlaimeoirí agus daoine eile. Féachtar ar cheapadh curaclaim mar phróiseas sóisialta um baint céille ina measc sin a bhfuil ról acu san fheidhmiú, mar aon leis na heispéiris foghlaimeoirí a eascraíonn as an bpróiseas sin[7].
Soláthraítear sna sonraíochtaí athfhorbartha curaclaim san oideachas bunscoile agus san oideachas iar-bhunscoile torthaí foghlama leathana lena gcumasaítear cinntí tábhachtacha a dhéanamh, ar leibhéal na scoile agus an tseomra ranga, faoi cad atá le teagasc, faoi cén uair atá sé le teagasc, agus faoi conas an fhoghlaim a sheicheamhú agus luas na foghlama a shocrú. Ar an mbonn seo, aithnítear cé chomh lárnach is atá cumas gníomhúcháin múinteoirí sa phróiseas déanta curaclaim, agus cuirtear ról gníomhach múinteoirí agus ceannairí scoile chun cinn i múnlú an churaclaim de réir chomhthéacs na scoile.
Tugann machnamh ar thorthaí cigireachta le tuiscint go bhfuil dhá phríomhthoisc mar bhuntaca le heispéireas foghlaimeoirí ar leanúnachas agus dul chun cinn sa Mhatamaitic san aistriú ón oideachas bunscoile chuig an oideachas iar-bhunscoile. Is iad sin:
- an t-eolas atá ag múinteoirí ar na foghlaimeoirí agus ar a réamhfhoghlaim
- an tuiscint chomhroinnte atá ag múinteoirí ar an gcuraclam agus ar an oideolaíocht.
Sna chéad rannáin eile den chaibidil seo, pléitear an dá réimse sin ceann ar cheann.
[4] An Roinn Oideachais agus Scileanna (2013). Siollabas Matamaitice an Teastais Shóisearaigh. Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/bailiuchain/an-tsraith-sh%C3%B3isearach-siollabas-agus-%C3%A1bhair-fhorordaithe/#matamaitice
[5] An Roinn Oideachais agus Scileanna (2018). Matamaitic na Sraithe Sóisearaí. Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/bailiuchain/an-tsraith-sh%C3%B3isearach-siollabas-agus-%C3%A1bhair-fhorordaithe/#matamaitice
[6] An Roinn Oideachais (2023). Curaclam Matamaitice na Bunscoile do Bhunscoileanna agus Scoileanna Speisialta. Ar fáil ag: https://www.curriculumonline.ie/ga-ie/primary/curriculum-areas/mathematics/
[7] Hayward, L., Spillane, J., Walsh, T. and Wyse, D. (2022). From Purpose to Practice – Primary Curriculum Developments in Ireland: Reflections from the Advisory Panel (Primary). Developed in collaboration with and funded by the National Council for Curriculum and Assessment. Dublin: National Council for Curriculum and Assessment. Lch.17
An t-eolas atá ag múinteoirí ar na foghlaimeoirí agus ar a réamhfhoghlaim
An fháil ar fhaisnéis ó bhunscoileanna maidir le réamhfhoghlaim sa Mhatamaitic agus an úsáid a bhaintear aisti
Chuir an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) Pas Oideachais agus ábhair threorach ghaolmhara le chéile chun tacú le faisnéis scoláirí a aistriú ón mbunscoil chuig an iar-bhunscoil[8]. Ceanglaítear ar scoileanna ábhair an Phas Oideachais a úsáid chun tacú le faisnéis daltaí a thuairisciú agus a aistriú ag deireadh rang a sé. Is é an chéad chéim sa phróiseas aistrithe faisnéise ná go n-iarrann an iar-bhunscoil an fhaisnéis ar an mbunscoil tar éis rollú an linbh san iar-bhunscoil a dheimhniú.
Fuair cigirí amach go raibh éagsúlacht mhór ann ó scoil go scoil maidir leis an gcleachtas i ndáil leis an bPas Oideachais. I líon beag cásanna, d’iarr na hiar-bhunscoileanna na Pasanna Oideachais agus soláthraíodh iad sin go pras, agus an fhaisnéis ábhartha á cur san áireamh ansin le linn eispéiris foghlama agus cláir oibre sa Mhatamaitic a ullmhú do scoláirí na chéad bhliana. I bhformhór na gcásanna, áfach, ní raibh faisnéis ón bPas Oideachais mar bhonn eolais faoi theagasc agus foghlaim na Matamaitice san iar-bhunscoil. Ba iad na príomhchúiseanna leis sin ná nár iarradh an fhaisnéis ábhartha ar chor ar bith nó nár aistríodh an fhaisnéis laistigh den chreat ama riachtanach. I roinnt cásanna, aistríodh faisnéis mheasúnaithe go héifeachtach ach níor cuireadh san áireamh í le linn an teagasc agus an fhoghlaim sa Mhatamaitic a phleanáil do scoláirí na chéad bhliana.
Fiú amháin i gcás go n-aistrítear an Pas Oideachais, is beag cumas atá aige faoi láthair tacú le leanúnachas agus dul chun cinn i bhfoghlaim na Matamaitice. Is do scór foriomlán Standard Ten (STen) atá an fhaisnéis mheasúnaithe don Mhatamaitic teoranta faoi láthair. Ní áirítear léi aon fhaisnéis faoi ghnóthachtáil sna snáitheanna éagsúla curaclaim ná i scileanna próisis. Bíonn an fhaisnéis sin ar fáil, áfach, ó thrialacha caighdeánaithe gnóthachtála a dhéantar suas go rang a sé sa bhunscoil agus sa rang sin san áireamh. Dá bhrí sin, ina fhormáid reatha, is beag úsáid is féidir le múinteoirí Matamaitice a bhaint as an bPas Oideachais agus iad ag iarraidh cur leis an réamheolas atá ag foghlaimeoirí agus aghaidh a thabhairt ar réimsí laige coibhneasta.
Cleachtais measúnaithe ranga
Is ábhar imní í an easpa faisnéise a bhíonn ar fáil faoi réamhfhoghlaim daltaí ar theacht isteach san iar-bhunscoil dóibh. Tá úsáid an mheasúnaithe chun tacú leis an bhfoghlaim sa Mhatamaitic iar-bhunscoile á sainaithint mar réimse lena fhorbairt le tamall maith anuas freisin. Tá cleachtais measúnaithe ranga ina modh tábhachtach inar féidir le múinteoirí eolas a ghnóthú ar na scoláirí agus ar a réamhfhoghlaim. Sna cuairteanna cigireachta a tugadh ar bhunscoileanna agus ar iar-bhunscoileanna le déanaí maidir le leanúnachas curaclaim sa Mhatamaitic, fuarthas amach gurbh ísle cáilíocht an mheasúnaithe ná cáilíocht an chleachtais i réimsí eile den teagasc. B’airde i bhfad sciar na mbunscoileanna ná sciar na n-iar-bhunscoileanna ina raibh cáilíocht an mheasúnaithe go maith nó ní b’fhearr fós.
Sna cásanna sin ina raibh cleachtais measúnaithe ranga éifeachtach i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna araon, bhí siad ina mbonn eolais faoin ullmhúchán do na chéad chéimeanna eile sa teagasc agus san fhoghlaim agus thacaigh siad le dul chun cinn an ranga ar fad agus na bhfoghlaimeoirí aonair. Léirigh múinteoirí dea-eolas ar an áit a raibh na foghlaimeoirí san aistear i dtreo na dtorthaí foghlama de na snáitheanna agus na snáithaonaid ábhartha curaclaim. Bhí téacsleabhair i measc na n-acmhainní a úsáideadh chun tacú leis an bhfoghlaimeoir ar an gconair foghlama atá leagtha amach sa churaclam. Sna seomraí ranga sin, áfach, ba é an toradh a bhí ar an eolas a bhí ag na múinteoirí ar an gconair foghlama a bhí le leanúint ina n-ábhar féin ná nach raibh siad ag brath ar théacsleabhair na scoláirí chun an fhoghlaim a sheicheamhú ná chun luas na foghlama a shocrú.
Gné lárnach de chleachtas measúnaithe éifeachtach i ngach cás ar leibhéal na bunscoile agus ar leibhéal na hiar-bhunscoile araon ba ea gur thomhais na múinteoirí rath bunaithe ar fhianaise ar dhul chun cinn san fhoghlaim. Thug faisnéis mheasúnaithe (meascán den eolas a bhí ag an múinteoir ar an bhfoghlaimeoir agus ar an gcuraclam) eolas don chinneadh ón múinteoir maidir leis an eispéireas foghlaimeoirí ba ghá chun tacú le daltaí/scoláirí sna chéad chéimeanna eile dá n-aistear foghlama.
Sna cásanna sin ina raibh an cleachtas measúnaithe thar a bheith maith, úsáideadh aiseolas ón múinteoir chun cur leis an gcumas a bhí ag foghlaimeoirí féinmheasúnú a dhéanamh agus úinéireacht a ghnóthú ar a bhfoghlaim féin agus freagracht a ghlacadh as an bhfoghlaim sin. Tríd an bhfoghlaimeoir a chur ar áireamh sa phróiseas measúnaithe ar an tslí sin, tacaítear le príomhinniúlachtaí agus príomhscileanna a fhorbairt san oideachas bunscoile, sa tsraith shóisearach agus sa tsraith shinsearach. Bhí an gá le haiseolas a sholáthar ar bhealach ní b’éifeachtaí ina ghné choitianta de na moltaí a rinne cigirí do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna araon le linn na gcigireachtaí ar an Matamaitic.
Sna moltaí a rinneadh do scoileanna aonair, cuireadh in iúl gur ghá do mhúinteoirí feabhas a chur ar a gcuid cleachtais maidir leis na príomhstraitéisí measúnaithe fhoirmithigh seo a leanas ar shainaithin an tOllamh Dylan William iad[9].
- intinní foghlama agus critéir ratha a shoiléiriú, a chomhroinnt agus a thuiscint
- fianaise foghlama a fháil
- aiseolas a thabhairt lena gcuirtear an fhoghlaim chun cinn
- foghlaimeoirí a ghníomhachtú mar acmhainní teagaisc dá chéile
- foghlaimeoirí a ghníomhachtú mar úinéirí ar a bhfoghlaim féin.
Mar a mhaígh William (2017), "Is éard atá i gceist le measúnú foirmitheach ná an fhianaise is fearr is féidir a fháil faoi na rudaí a d'fhoghlaim scoláirí agus ansin an fhaisnéis seo a úsáid chun cinneadh a dhéanamh faoi céard atá le déanamh ina dhiaidh sin."[10] Mar thoradh ar na laigí atá sna socruithe reatha i gcóras oideachais na hÉireann le haghaidh faisnéis mheasúnaithe a aistriú ón mbunscoil chuig an iar-bhunscoil, is annamh a bhíonn fáil ann ar fhianaise gur féidir le múinteoirí Matamaitice iar-bhunscoile a úsáid chun eolas a thógáil ar an scoláire agus ar a réamhfhoghlaim. Fágann sé sin nach mbíonn cinntí faoin gcéad chéim eile chomh heolach agus ba cheart i ngach cás. Tugtar le fios i bhfianaise ó chigireacht gurb é an toradh a bhíonn air sin uaireanta ná am agus acmhainní a leithdháileadh gan ghá ar thorthaí foghlaimeoirí a baineadh amach cheana féin sa bhunscoil, mar aon le leibhéil dúshláin nach gcuirtear láidreachtaí ná laigí i réamhfhoghlaim scoláirí aonair nó grúpaí scoláirí san áireamh iontu. Is bacainn shuntasach é sin ar eispéireas na scoláirí ar leanúnachas agus dul chun cinn i bhfoghlaim na Matamaitice. Ní cosúil go n-éiríonn leis na cleachtais measúnaithe ranga a dhéantar tar éis an aistrithe chuig an oideachas iar-bhunscoile an t-easnamh sin a chúiteamh.
Fuarthas amach sna cigireachtaí freisin go raibh tuiscint ar riachtanais foghlama na scoláirí amach anseo mar thacaíocht thábhachtach do leanúnachas agus dul chun cinn i bhfoghlaim na Matamaitice. Maidir leis seo, tugadh faoi deara go raibh fíorbheagán fianaise ann ar áireamháin a úsáid sna ranganna sinsearacha sna bunscoileanna ar tugadh cuairt orthu, cé gur acmhainn thábhachtach mholta iad maidir leis an Matamaitic a theagasc sna ranganna sin agus go bhfuil ríthábhacht ag baint leo san oideachas iar-bhunscoile.
Le blianta beaga anuas, tá méadú tagtha ar an tuiscint gur gá don teagasc agus don fhoghlaim freagairt do na riachtanais atá ag na foghlaimeoirí is cumasaí. Áirítear le Straitéis na hÉireann maidir le Litearthacht, Uimhearthacht agus Inniúlacht Dhigiteach 2024-2033[11] gníomhartha atá ceaptha chun dúshlán cuí agus tacaíocht chuí a thabhairt do na foghlaimeoirí is cumasaí sa Mhatamaitic. Léirítear sna cinntí cigireachta go ndearnadh difear ar leith d’eispéiris agus torthaí foghlama na scoláirí sin mar thoradh ar easnaimh sa dóigh ar aistríodh eolas ar a gcumas agus ar a réamhfhoghlaim agus mar thoradh ar easnaimh i gcleachtais measúnaithe ranga sna hiar-bhunscoileanna. Fuarthas amach sna cigireachtaí freisin go ndearnadh difear díréireach do na scoláirí sin mar thoradh ar róspleáchas ar théacsleabhair scoláirí a úsáid chun tacú leis an bhfoghlaim a sheicheamhú agus le luas na foghlama a shocrú.
Tríd is tríd, tá fianaise ann ó chigireachtaí nach leor an t-eolas atá ag múinteoirí ar réamhfhoghlaim scoláirí na chéad bhliana chun tacaíocht éifeachtach a thabhairt do leanúnachas agus dul chun cinn i bhfoghlaim scoláirí sa Mhatamaitic. B’fhiú iniúchadh a
dhéanamh ar an acmhainneacht atá ann borradh a chur faoina mhéid a chomhroinntear agus a úsáidtear an fhaisnéis mheasúnaithe atá ina seilbh ag bunscoileanna agus forbairt leanúnach a dhéanamh ar chleachtais measúnaithe ranga i luathbhlianta an oideachais iar-bhunscoile.
[8] Ar fáil ag: https://ncca.ie/ga/bunscoil/tuairisciu-agus-aistriu/pas-oideachais/
[9] William, D. (2017). Embedded formative assessment: strategies for classroom assessment that drives student engagement and learning. Solution Tree. 10.1007/978-981-10-3654-5_31.
[10] Ibid. lch.56
[11] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/foilseachain/strait%C3%A9is-litearthachta-uimhearthachta-agus-litearthachta-digit%C3%AD/
An tuiscint chomhroinnte atá ag múinteoirí ar an gcuraclam agus ar an oideolaíocht
Mar aon leis an eolas atá ag múinteoirí ar fhoghlaimeoirí agus ar a réamhfhoghlaim, braitheann leanúnachas agus dul chun cinn sa Mhatamaitic ar thuiscint chomhroinnte a bheith ag múinteoirí sa dá earnáil ar an gcuraclam agus ar an oideolaíocht. Bhí éagsúlacht ann maidir leis an tuiscint chomhroinnte sin i ndáil le trí chomhpháirt den inniúlacht mhatamaiticiúil atá mar aidhm uileghabhálach sna sonraíochtaí curaclaim don oideachas bunscoile agus don oideachas sraithe sóisearaí araon. Is iad sin: meon táirgiúil; réasúnaíocht oiriúnaitheach; agus inniúlacht straitéiseach.
Meon táirgiúil
I Curaclam Matamaitice na Bunscoile, sainmhínítear meon táirgiúil i measc foghlaimeoirí mar “an claonadh chun an Mhatamaitic a fheiceáil mar rud praiticiúil, úsáideach agus fiúntach”[12]. Leathnaítear an sainmhíniú sin i gcuraclam Matamaitice na sraithe sóisearaí mar fhéachaint “ar an matamaitic mar rud ciallmhar, úsáideach agus fiúntach, mar aon le creideamh i ndúthracht, buanseasmhacht agus éifeachtúlacht an duine féin”[13].
Is féidir leis an easpa creidimh in “éifeachtúlacht an duine féin” a bheith ina bacainn shuntasach ar fhoghlaim agus dul chun cinn sa Mhatamaitic. I bhfócasghrúpaí a seoladh mar chuid de chigireachtaí, luaigh foghlaimeoirí gur sna meánranganna sa bhunscoil a múnlaíodh a ndearcadh i leith na Matamaitice agus gur mheas siad gur éirigh an Mhatamaitic ní ba dheacra ag an gcéim sin. In iar-bhunscoileanna inar leithdháileadh scoláirí ar ranganna Matamaitice de réir cumais, rinne scoláirí trácht roinnt mhaith uaireanta ar leithdháileadh ranga nó gráid, agus bhí fianaise ann go raibh an leithdháileadh sin ina ghné thábhachtach dá bhféiniúlacht mar fhoghlaimeoirí Matamaitice. Tugtar le fios i dtaighde gur féidir le cleachtais amhail sruthú agus socrú scoláirí tionchar diúltach a imirt ar fhorbairt dearcthaí, creideamh agus ionchas a bhaineann le meon táirgiúil a ghnóthú[14]. Ina theannta sin, mar thoradh ar an easpa faisnéise atá ar fáil faoi réamhfhoghlaim scoláirí na chéad bhliana, tá amhras ann faoin mbonn fianaise a úsáidtear chun scoláirí a leithdháileadh ar ranganna de réir cumais.
Le linn roinnt cigireachtaí, bhí múinteoirí agus ceannairí scoile araon den tuairim gur gnách gur mó muinín a bhíonn ag buachaillí ná ag cailíní as a n-éifeachtúlacht féin, fiú amháin i gcás nach dtacaíonn a gcumas matamaiticiúil measúnaithe leis an muinín sin. Thug siad faoi deara freisin gur toilteanaí buachaillí ná cailíní dul sa seans agus freagraí a thabhairt fiú amháin i gcás go bhféadfadh na freagraí sin a bheith mícheart. Bhraith múinteoirí agus ceannairí scoile gur mó seans go seiceálfadh cailíní ná buachaillí cruinneas a gcuid oibre sula dtabharfadh siad freagra. I gcásanna áirithe, cheap múinteoirí go gcuireann an creideamh sa tábhacht a bhaineann le slachtmhaireacht agus struchtúr cosc ar chailíní triail a bhaint as réitigh mhalartacha nó iad a iniúchadh.
Tá na barúlacha sin i measc múinteoirí agus ceannairí scoile ábhartha do thorthaí an dá mheasúnú idirnáisiúnta mórscála is déanaí ina raibh Éire páirteach. Sa Chlár um Measúnacht Idirnáisiúnta Daltaí (PISA) 2022, ba mhó an difríocht idir gnóthachtáil scoláirí den inscne fhireann agus gnóthachtáil scoláirí den inscne bhaineann sa litearthacht mhatamaiticiúil in Éirinn ná meán na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE). Léiríodh sa Staidéar Idirnáisiúnta ar Threochtaí i Matamaitic agus Eolaíocht (TIMSS) 2023 go raibh bearnaí suntasacha ann idir gnóthachtáil scoláirí den inscne fhireann agus gnóthachtáil scoláirí den inscne bhaineann sa Mhatamaitic sa dara bliain den iar-bhunscoil, áit arbh fhearr i bhfad feidhmíocht scoláirí den inscne fhireann ná feidhmíocht scoláirí den inscne bhaineann. Cé nach raibh aon difríocht shuntasach ann i ngnóthachtáil fhoriomlán de réir inscne i rang a ceathair den bhunscoil, b’amhlaidh ba mhó an líon buachaillí a bhain an ardtagarmharcáil sa Mhatamaitic amach ná an líon cailíní. Tá sé tábhachtach, mar sin, go ndéanfaimis breithniú ar cibé acu an mbíonn eispéiris foghlaimeoirí i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna ag rannchuidiú ar aon slí le difríochtaí i ngnóthachtáil sna measúnuithe sin de réir inscne.
Níor chosúil go ndearnadh aon ghníomhartha comhordaithe scoile uile chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a chuir múinteoirí agus ceannairí scoile in iúl faoi mheon táirgiúil cailíní sa Mhatamaitic. Tríd is tríd, fuair cigirí amach nach raibh aon chur chuige comhleanúnach i bhfeidhm ag scoileanna i leith sainaithint a dhéanamh ar dhearcthaí agus torthaí inscneshonracha sa Mhatamaitic agus i leith aghaidh a thabhairt ar na dearcthaí agus na torthaí sin agus nár léir dóibh conas plé leis na saincheisteanna sin.
Maidir leis an “gclaonadh chun an Mhatamaitic a fheiceáil mar rud praiticiúil, úsáideach agus fiúntach”[15], tacaítear leis i dtimpeallachtaí seomra ranga ina dtugtar deiseanna le haghaidh foghlaim fhiosrúbhunaithe. I seomraí ranga inar úsáideadh foghlaim fhiosrúbhunaithe go héifeachtach, thug cigirí faoi deara gur léirigh foghlaimeoirí ardleibhéal neamhspleáchais agus iad ag imscrúdú ceisteanna ón múinteoir. Bhí deiseanna ag foghlaimeoirí a gceisteanna féin a ghiniúint agus a iniúchadh freisin. Agus iad ag plé a gcleachtais féin le cigirí, thug roinnt múinteoirí sna seomraí ranga sin faoi deara gurbh éifeachtaí gníomhaíochtaí a bhí praiticiúil, fiosrúbhunaithe agus faoi stiúir an fhoghlaimeora ná cineálacha cur chuige téacsleabhar-bhunaithe maidir le hinniúlacht mhatamaiticiúil fhoriomlán a fhorbairt.
Cé gur seoladh gníomhaíochtaí praiticiúla i roinnt seomraí ranga iar-bhunscoile, bhí scóip ann na gníomhaíochtaí sin a nascadh ar bhealach ní b’fhollasaí leis na hintinní foghlama ábhartha agus leis na critéir ratha ábhartha. Thug roinnt múinteoirí faoi deara go ndearna formhór na scoláirí iar-bhunscoile úsáid acmhainní láimhsithe i bhfoghlaim na Matamaitice a cheangal le luathbhlianta na bunscoile agus gur thoisc choisctheach é sin.
Tugtar le fios i dtaighde go n-imríonn eispéiris foghlama a bhaineann le comhoibriú le foghlaimeoirí eile tionchar dearfach ar mheon táirgiúil, go háirithe san oideachas iar-bhunscoile. Bunaithe ar chigireacht, áfach, tá fianaise ann gurb annaimhe i bhfad deiseanna chun gabháil d’fhoghlaim chomhoibríoch san oideachas iar-bhunscoile ná san oideachas bunscoile agus go dtagann laghdú ar mhinicíocht na ndeiseanna sin idir an chéad bhliain agus an tríú bliain. Fuarthas amach freisin gur éascaigh na socruithe suíochánra agus an leagan amach sa ghnáth-thimpeallacht foghlama i seomraí ranga bunscoile tuilleadh comhoibrithe agus tuilleadh grúpoibre i measc foghlaimeoirí ná mar a tharla i bhformhór na seomraí ranga iar-bhunscoile.
Tríd is tríd, tá scóip ann feabhas a chur ar chleachtas maidir le meon táirgiúil a fhorbairt sa Mhatamaitic. Tá gá le tuilleadh feasachta a bheith ann i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna araon ar na tosca a dhéanann difear don mheon a bhíonn ag cailíní i leith na Matamaitice. Tá gá freisin le tuilleadh aitheantais a thabhairt don tionchar a imríonn cleachtais eagraíochtúla agus oideolaíocha ar mheon táirgiúil a fhorbairt in iar-bhunscoileanna.
[12] An Roinn Oideachais (2023). Curaclam Matamaitice na Bunscoile le haghaidh bunscoileanna agus scoileanna speisialta. Ar fáil ag: https://www.curriculumonline.ie/getmedia/44d62070-9132-4ad7-9685-da0f8440ca0a/PrimaryMathematicsCurriculum_GA.pdf lch. 12
[13] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/bailiuchain/an-tsraith-sh%C3%B3isearach-siollabas-agus-%C3%A1bhair-fhorordaithe/#matamaitice lch.5
[14] Francis B., Taylor, B. agus Tereshchenko, A. (2019). Reassessing ‘Ability’ Grouping: Improving practice for equity and attainment. Taylor agus Francis.
[15] Ar fáil ag: https://www.curriculumonline.ie/getmedia/44d62070-9132-4ad7-9685-da0f8440ca0a/PrimaryMathematicsCurriculum_GA.pdf lch. 12
Réasúnaíocht oiriúnaitheach
I Curaclam Matamaitice na Bunscoile, sainmhínítear réasúnaíocht oiriúnaitheach mar “an cumas loighic a úsáid chun do smaointeoireacht a thuiscint, a mhíniú agus údar a thabhairt léi”[16]. Tugtar sainmhíniú comhchosúil i sonraíocht Mhatamaitice na sraithe sóisearaí.
Tarraingítear aird ar thrí réimse ar leith ina bhfuil feabhsuithe le déanamh i gcuid mhór de na scoileanna a ndearnadh cigireacht orthu ar mhaithe le tacú le réasúnaíocht oiriúnaitheach foghlaimeoirí: cumarsáid mhatamaiticiúil a fhorbairt, úsáid ceistiúcháin ag múinteoirí, agus úsáid teicneolaíochtaí digiteacha.
Fuarthas amach ina lán cigireachtaí i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna araon gur ghá teanga mhatamaiticiúil foghlaimeoirí a fhorbairt chun cabhrú leo machnamh a dhéanamh ar a bhfoghlaim féin agus í a chur in iúl agus chun cabhrú leo a straitéisí a réasúnú agus a ghinearálú agus údar a thabhairt leo.
Léirigh roinnt múinteoirí i suíomhanna bunscoile agus i suíomhanna iar-bhunscoile araon teicnící an-éifeachtach ceistiúcháin. Chuir na múinteoirí sin cuid mhór ceisteanna meáite ceannoscailte lenar spreagadh smaointeoireacht d’ord ní b’airde agus lenar ceanglaíodh ar fhoghlaimeoirí a réasúnaíocht a mhíniú agus údar a thabhairt lena réitigh. Ba nós leis na múinteoirí sin foghlaimeoirí a spreagadh am a thógáil chun féidearthachtaí a mheas agus ansin na féidearthachtaí sin a chomhroinnt lena bpiaraí sular thug siad freagra. Ba nós leo freisin foghlaimeoirí a spreagadh sainaithint a dhéanamh ar na coincheapa agus na nósanna imeachta matamaiticiúla a bhí ábhartha don fhadhb a bhí le réiteach. Sna cásanna sin nach raibh cleachtais chun tacú le réasúnaíocht oiriúnaitheach chomh héifeachtach céanna iontu, ba bheag deis a tapaíodh chun idirphlé a dhéanamh le foghlaimeoirí agus chun idirphlé a éascú ina measc. I gcásanna áirithe, chaill múinteoirí deiseanna chun smaointeoireacht foghlaimeoirí a thástáil nuair a theip orthu freagraí míchearta a fhiosrú nó ceisteanna leantacha a chur. I gcásanna eile, ba ar athchuimhne nós imeachta, agus ní ar thuiscint choincheapúil, a bhí straitéisí ceistiúcháin dírithe.
Tá acmhainneacht shuntasach ag teicneolaíochtaí digiteacha chun foghlaimeoirí a chumasú samhlacha matamaiticiúla a léirshamhlú agus triail a bhaint astu ar a luas féin. Is le hacmhainní ilmheán, le cleachtaí idirghníomhacha agus le measúnuithe oiriúnaitheacha a ghabhann deiseanna iontacha chun an fhoghlaim a fheabhsú agus a threisiú. Bhí fianaise ann go bhfuair daltaí bunscoile deiseanna tráthrialta chun a gcuid foghlama sa Mhatamaitic a threisiú trí theicneolaíochtaí digiteacha a úsáid. Ní bhfuair foghlaimeoirí na deiseanna sin chomh minic céanna de réir mar a d’aistrigh siad isteach san iar-bhunscoil agus, ina lán cásanna, bhí na deiseanna sin teoranta d’uirlisí eagraíochtúla agus tagartha a úsáid. Fuair cigirí amach go raibh scóip ann sa dá earnáil deiseanna a thabhairt d’fhoghlaimeoirí teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid ar bhonn níos minice chun tacú le réasúnaíocht oiriúnaitheach.
[16] Ibid
Inniúlacht straitéiseach
I sonraíocht Mhatamaitice na sraithe sóisearaí, sainmhínítear inniúlacht straitéiseach mar an “cumas fadhbanna matamaiticiúla a cheapadh, a léiriú, agus a réiteach i gcomhthéacsanna a bhfuil taithí ag an scoláire orthu agus i gcomhthéacsanna nach bhfuil taithí aige orthu”[17]. Tugtar sainmhíniú comhchosúil i Curaclam Matamaitice na Bunscoile.
Ceann de na cinntí an-dearfach ó na cigireachtaí ba ea gur leagadh díriú lárnach ar réiteach fadhbanna i gcuid mhór seomraí ranga bunscoile agus iar-bhunscoile. I bhformhór na gcásanna, bhí cleachtas múinteoirí bunaithe ar an aitheantas gur ann uaireanta do roinnt cineálacha éagsúla cur chuige i leith fadhb ar leith a réiteach agus go bhfuil na cineálacha cur chuige sin chomh héifeachtach céanna. I gcás na gcleachtas ab éifeachtaí a úsáideadh chun inniúlacht straitéiseach a fhorbairt, thacaigh múinteoirí le foghlaimeoirí ábhair nithiúla a úsáid, bhí na fadhbanna nasctha le cásanna fíorshaoil, agus bhí deiseanna ag foghlaimeoirí comhoibriú le chéile. Tacaíodh le foghlaimeoirí smaointe matamaiticiúla a choincheapú trí úsáid a bhaint as ábhair nithiúla amhail uimhirlínte, cipíní comhairimh agus láimhseoga codáin. D’éirigh le roinnt múinteoirí réiteach fadhbanna matamaiticiúla a nascadh le gnáthchásanna laethúla, amhail achair a thomhas i hallaí, catalóga siopadóireachta a anailísiú agus gabháil do thascanna a bhaineann leis an tógáil. Le linn do mhúinteoirí plé piaraí agus grúpréiteach fadhbanna a éascú, bhí ar fhoghlaimeoirí a réasúnaíocht a chur in iúl agus údar a thabhairt léi agus í a mhodhnú, dá mba ghá, tar éis dóibh éisteacht le barúlacha a bpiaraí.
I líon beag ceachtanna, cuireadh béim ar líofacht nóis imeachta agus uirthi sin amháin le linn gníomhaíochtaí réiteach fadhbanna agus d’fhéadfaí úsáid ní b’éifeachtaí a bhaint astu chun tuiscint choincheapúil a fheabhsú.
[17] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/bailiuchain/an-tsraith-sh%C3%B3isearach-siollabas-agus-%C3%A1bhair-fhorordaithe/#matamaitice
Conclúid agus breithnithe
Buntaca le leanúnachas agus dul chun cinn i dteagasc agus foghlaim na Matamaitice is ea an t-eolas atá ag múinteoirí ar na foghlaimeoirí agus ar a réamhfhoghlaim, mar aon le tuiscint chomhroinnte ar an gcuraclam agus ar an oideolaíocht. Tugtar le fios i gcinntí cigireachta go bhfuil deiseanna ann feabhsuithe a dhéanamh sa dá réimse sin.
Tá scóip shuntasach ann cur leis an eolas atá ag múinteoirí ar réamhfhoghlaim scoláirí na chéad bhliana, chun tacú le hacmhainní agus tacaí teagaisc agus foghlama a leithdháileadh ar bhealach níos spriocdhírithe. D’fhéadfaí aghaidh a thabhairt go héifeachtach air sin trí threoir ar leibhéal an chórais a eisiúint maidir le comhroinnt faisnéise measúnaithe a mhéadú idir an bhunscoil agus an iar-bhunscoil agus trí chleachtais measúnaithe ranga a fhorbairt tuilleadh i luathbhlianta an oideachais iar-bhunscoile.
Maidir le tuiscint chomhroinnte ar an gcuraclam agus ar an oideolaíocht a fhorbairt i measc múinteoirí san oideachas bunscoile agus san oideachas iar-bhunscoile araon, tugtar le fios i gcinntí cigireachta go bhfuil scóip ann chun aird níos follasaí a dhíriú ar inniúlacht mhatamaiticiúil, atá mar aidhm uileghabhálach sna sonraíochtaí curaclaim don oideachas bunscoile agus d’oideachas na sraithe sóisearaí araon.
Breithnithe
Faisnéis faoi réamhfhoghlaim sa Mhatamaitic a aistriú ó bhunscoileanna chuig iar-bhunscoileanna
Faoi na socruithe reatha Pas Oideachais, comhroinneann bunscoil gach foghlaimeora scór foriomlán STen an fhoghlaimeora sa Mhatamaitic leis an iar-bhunscoil ina bhfuil sé/sí rollaithe, chomh maith le roinnt breathnuithe ón múinteoir. Is mó i bhfad an méid sonraí a bhíonn ag bunscoileanna ná ag iar-bhunscoileanna faoi láidreachtaí agus laigí foghlaimeoirí ar fud snáitheanna ábhair agus scileanna próisis. Ba cheart don roinn breithniú a dhéanamh ar bhearta a ghabháil de láimh ar leibhéal an chórais chun treoir a éascú agus a thabhairt maidir le heolas níos mine a chomhroinnt ó thástálacha caighdeánaithe agus foinsí eile chun pictiúr níos cruinne a sholáthar den scoláire mar fhoghlaimeoir na Matamaitice. Mar chuid den obair sin, ba cheart don Roinn breithniú a dhéanamh ar dhul i dteagmháil le CNCM chun iniúchadh a dhéanamh ar bhealaí ina bhféadfaí an Pas Oideachais a fhorbairt.
Foghlaim ghairmiúil thrasearnála a chur chun cinn
D’fhonn tacú le leanúnachas agus dul chun cinn, ba cheart breithniú a dhéanamh ar acmhainní trasearnála a fhorbairt chun tacú le cleachtais éifeachtacha sa teagasc, san fhoghlaim agus sa mheasúnú do mhúinteoirí Matamaitice bunscoile agus iar-bhunscoile, agus díriú á leagan ar na nithe seo a leanas ar dtús:
- na cúig chomhpháirt d’inniúlacht mhatamaiticiúil a fhorbairt, rud atá ar cheann de na haidhmeanna atá sna sonraíochtaí curaclaim don oideachas bunscoile agus don oideachas sraithe sóisearaí araon
- cleachtais scoile uile agus cleachtais seomra ranga atá ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar phatrúin inscne i ngnóthachtáil sa Mhatamaitic
- cur i bhfeidhm na treorach ó CNCM maidir le measúnú chun tacú le difreáil ar theagasc agus ar fhoghlaim
- tacú leis na foghlaimeoirí is cumasaí barr a gcumais a bhaint amach sa Mhatamaitic
- teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid go héifeachtach chun tacú leis an bhfoghlaim sa Mhatamaitic.