Tairseach na nEalaíon san Oideachas

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tairseach na nEalaíon san Oideachas

Is í Tairseach na nEalaíon san Oideachas, a seoladh in 2015, acmhainn náisiúnta na hÉireann don chruthaitheacht agus do na healaíona san oideachas. Baineann an t-éiteas le pobal cleachtais a thógáil laistigh de na healaíona agus den oideachas agus ag an am céanna spás a chur ar fáil inar féidir tacú le cleachtóirí cruthaitheacha agus múinteoirí araon agus iad a spreagadh.

Tríd an ábhar a roinneann sí, tá Tairseach ar son luach intreach na cruthaitheachta agus na n-ealaíon i saol leanaí agus daoine óga. Tá sí dírithe ar rannpháirtíocht na scoláirí leis an gcuraclam trí fhoghlaim shaibhir agus bharántúil don 21ú haois agus ina dhiaidh sin.

Cuirtear fáilte roimh aighneachtaí ar an Tairseach ar bhonn leanúnach, agus tá teimpléid agus treoirlínte ar fáil dóibh siúd ar mian leo aighneacht a dhéanamh.

Is céim ríthábhachtach é Plean Straitéiseach na Tairsí Ealaíon san Oideachas 2023–2027 chun cur leis an rath atá bainte amach ag an Tairseach ó seoladh é. Tá fís agus misean soiléir mar threoir ag an bplean sin, agus bunluachanna na Nuálaíochta, na Cuimsitheachta agus na Macántachta mar bhonn taca leis.

Comhphobal Cleachtais: I Straitéis na Tairsí Ealaíon san Oideachas 2023–2027 tá tuilleadh eolais faoi Thairseach na nEalaíon san Oideachas agus faoina ceithre phríomhthosaíocht.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat