Glac turas ar na Tionscadail a Bhuaigh Comóras Staire Uile-Oileáin na Scoileanna 2025

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Glac turas ar na Tionscadail a Bhuaigh Comóras Staire Uile-Oileáin na Scoileanna 2025

Tá an comórtas seo dúnta anois, agus tá an leathanach gréasáin seo nuashonraithe chun na hiontrálacha buacacha agus na hiontrálacha ar tugadh aitheantas sármhaitheasa dóibh ó chomórtas 2025 na roinne a chur ar taispeáint.

Tugtar cuireadh do scoláirí iontráil a chur isteach ar bhonn aonair, mar chuid de ghrúpa nó mar thionscadal ranga. D’fhéadfaidís roghnú as réimse téamaí, agus gach cur síos ag feidhmiú mar phointe tosaigh chun ábhair ón stair áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta a iniúchadh, agus an bealach a dtugtar iad sin chun cuimhne sa lá atá inniu ann tríd an gcomóradh. Tá tuilleadh sonraí faoi na hiontrálacha a cuireadh ar taispeáint ar fáil sa chuid thíos.

Na Téamaí do Chomórtas 2025

2025 Buaiteoir na mBunscoileanna Gaeilge

  • Scoil: Scoil Iognáid Rís, An Daingean, Ciarraí
  • Tionscadal- An Traein (Físeán)

D’oscail Stáisiún Traenach an Daingin na línte iompair agus cumarsáide le háiteanna eile – forbairt chlaochlaitheach don cheantar. Ach ní raibh sé gan a chontúirtí… Scrúdaíonn an tionscadal seo bunús an stáisiúin agus tugann sé chun cuimhne imeachtaí suntasacha.

2025 Buaiteoir na mBunscoileanna Béarla

  • Scoil: Scoil Mhuire, Na Gleannta, Dún na nGall
  • Tionscadal: Cad ba chúis le timpiste eitleáin Briotanach ón Dara Cogadh Domhanda i gCroaghgorm, Co. Dhún na nGall in 1944?

Rúndiamhair áitiúil atá fós gan réiteach ó tharla tragóid le linn an Dara Cogadh Domhanda. Conas agus cén fáth ar thuairteáil eitleán Briotanach sna sléibhte chomh fada sin ón áit a raibh sé ceaptha a bheith ag eitilt? Tá sé mar aidhm ag imscrúdú cróga an cás a réiteach…

Cad ba chúis le timpiste eitleáin Briotanach ón Dara Cogadh Domhanda i gCroaghgorm, Co. Dhún na nGall in 1944
Amharc amharc

2025 Buaiteoir Gaeilge na Sraithe Sóisearaí

  • Scoil: Coláiste Mhuire, An Chabrach, Baile Átha Cliath
  • Tionscadal: Conas is féidir linn stair mhíleata na hÉireann sa 20ú haois a chomóradh trí shúile mo chlann?/ Stair Mhíleata Angla-Éireannach: Conas is féidir linn stair mhíleata na hÉireann sa 20ú haois a chomóradh trí shúile mo chlann? (Cur i Láthair Físe)

Is minic a bhíonn stair agus cúlra teaghlaigh níos saibhre agus níos éagsúla ná mar a shamhlaímid ar an gcéad amharc. Breathnaíonn an tionscadal seo ar éachtaí baill teaghlaigh éagsúla a raibh gairmeacha míleata acu ag amanna éagsúla, in áiteanna éagsúla agus faoi mheirgí éagsúla.

2025 Buaiteoir Béarla na Sraithe Sóisearaí

  • Scoil: Meánscoil Mhuire, Loch Garman
  • Tionscadal: An tionchar a bhí ag Tom Ryan ar stair na hÉireann agus ar stair áitiúil

Ní hamháin gur imeachtaí i bhfad i gcéin a luaitear i leabhair í an stair, ach cruthaíonn fíordhaoine í, cosúil le seanbhaill teaghlaigh. Déanann an tionscadal seo iniúchadh domhain ar dhuine gaolta atá imithe ar shlí na fírinne agus a raibh ról lárnach aige i stair na hÉireann, ag tabhairt a scéil ar ais chun beatha.

An tionchar a bhí ag Tom Ryan ar stair na hÉireann agus ar stair áitiúil
Amharc amharc

2025 Buaiteoir Gaeilge na Sraithe Sinsearaí

  • Scoil: Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Ciarraí
  • Tionscadal: Meath & Tréigean Muintir an Bhlascaoid Mhóir (Aiste)

Na laethanta seo, níl aon duine ina gcónaí ar Oileán garbh agus mórthaibhseach an Bhlascaoid Mhóir, ach níor amhlaidh a bhí an saol i gcónaí. Spreagtha ag nasc pearsanta domhain, tugann an tionscadal seo cur síos ar an gcaoi agus an fáth ar bhog teaghlaigh ar shiúl i lár an 20ú haois, agus cad is féidir linn a fhoghlaim ó chultúr agus stair shaibhir a muintire.

Meath & Tréigean Muintir an Bhlascaoid Mhóir (Aiste)
Amharc amharc

2025 Buaiteoir Béarla na Sraithe Sinsearaí

  • Scoil: Coláiste Pobail Naomh Seosamh, Maigh Eo
  • Tionscadal: Ag Iniúchadh Oidhreacht Chomhroinnte na mBásuithe i gCogadh Cathartha Thuama in 1923

Uaireanta i ndiaidh tragóide, is féidir leis a bheith ina chiúnas iomlán i measc na daoine atá fágtha ag déileáil leis an bpian. Léiríonn an tionscadal seo sraith básuithe a thit amach le linn Chogadh Cathartha Thuama agus tugann sé cuireadh dúinn guthanna na mban a bhí ina bhfinnéithe orthu a chloisteáil.

Ag Iniúchadh Oidhreacht Chomhroinnte na mBásuithe i gCogadh Cathartha Thuama in 1923
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat