Tascfhórsa ar Mhúnlaí Soláthair don Oideachas lán-Ghaeilge
- Foilsithe: 26 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 7 Eanáir 2026
Bunaíodh an Tascfhórsa ar Mhúnlaí Soláthair don Oideachas lán-Ghaeilge i mí na Samhna 2025 mar phríomhghníomh faoin bPolasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Is é ról an tascfhórsa ardán a chur ar fáil do chomhoibriú idir an Roinn Oideachais agus Óige agus príomhpháirtithe leasmhara chun cur chuige a aithint agus a chomhdhearadh chun soláthar oideachais lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán a mhéadú.
Cuirfidh an tascfhórsa moltaí faoi bhráid an Aire Oideachais agus Óige maidir le bunú, forbairt agus inbhuanaitheacht múnlaí do sholáthar oideachais lán-Ghaeilge.
Tá sé i gceist go gcuirfidh an tascfhórsa a chuid oibre i gcrích faoi mhí na Samhna 2026.
Cáipéisí na gCruinnithe
Ballraíocht
Oifigeach Poiblí Ainmnithe (DPO)*
Téarmaí Tagartha
Sonraí Teagmhála
An tAonad um Oideachas Gaeltachta
- Seoladh:
- An Roinn Oideachais agus Óige, an tAonad um Oideachas Gaeltachta, Seomra S7, Teach Thír Eoghain, Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 RC96
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
(01) 889 6408