An Comhrá Náisiúnta ar Oideachas
- Foilsithe: 12 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Nollaig 2025
Is linne uile an t-oideachas
Is féidir leat do thuairim a chur in iúl dár dtodhchaí
Ó chéad lá linbh sa réamhscoil go dtí an ardoideachas, is cuid thábhachtach den saol é an t-oideachas. Anois is féidir leat do thuairim a léiriú faoin gcaoi ar cheart dó forbairt, tríd an gComhrá Náisiúnta ar Oideachas.
Cabhróidh an Comhrá Náisiúnta seo ar Oideachas le heolas a chur ar fáil don Choinbhinsiún ar Oideachas, a bheidh ar siúl in 2026/27. Is deis uair amháin i nglúin í seo do leanaí, do dhaoine óga, do thuismitheoirí, d’oideachasóirí agus don tsochaí i gcoitinne chun cabhrú le córas oideachais na hÉireann a mhúnlú sna blianta amach romhainn.
Is é an Comhrá Náisiúnta do dheis chun do thuairim a léiriú faoi thodhchaí an oideachais in Éirinn. Ag seoladh i mí Eanáir 2026, beidh an Comhrá Náisiúnta ar siúl sna míonna ina dhiaidh sin, agus is féidir leat rogha a dhéanamh páirt a ghlacadh ar roinnt bealaí éagsúla:
- An suirbhé a chomhlánú
- Aighneacht a chur isteach
- Do chomhrá féin a óstáil i do scoil nó i d’eagraíocht.
Osclófar an próiseas suirbhé agus aighneachtaí don Chomhrá Náisiúnta ar Oideachas i mí Eanáir 2026 agus dúnfar é an 28 Feabhra 2026. Beidh tuilleadh eolais ar fáil ar an leathanach seo i mí Eanáir.
Reáchtálfar imeachtaí rannpháirtíochta pobail na scoile agus imeachtaí réigiúnacha in 2026 chomh maith.
Trí pháirt a ghlacadh sa Chomhrá Náisiúnta is féidir leat cabhrú le todhchaí an oideachais in Éirinn a mhúnlú. Déanfar anailís ar na tuairimí a chuirfear isteach chun téamaí a shainaithint do chruinnithe an Choinbhinsiúin. Cabhróidh do thuairimí le saincheisteanna a phlé maidir leis an méid ba chóir a athrú, cad ba chóir tús áite a thabhairt dó, agus conas oideachas a fheabhsú do gach leanbh agus duine óg.