Treoir ar Ullmhú i gComhair Teagaisc agus Foghlama
- Foilsithe: 4 Bealtaine 2021
- An t-eolas is déanaí: 24 Meitheamh 2024
D'fhonn tacú le múinteoirí i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta agus iad ag ullmhú i gcomhair teagaisc agus foghlama i ngach gné den Churaclam Bunscoile 1999, de Churaclam Teanga na Bunscoile, agus de Churaclam Matamaitice na Bunscoile nua, forbraíodh treoir trí chomhoibriú faoi stiúir na Roinne Oideachais agus scoileanna/múinteoirí, an CNCM, an CNOS agus OIDE
Is é aidhm na Treorach tacú le gach múinteoir agus ceannaire scoile trí thuiscint as an nua a thabhairt ar conas a léirítear pleanáil agus ullmhú i gcomhair teagaisc agus foghlama sa seomra ranga.