Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Treoir do Chigireachtaí um Chosaint agus Chumhdach Leanaí

Treoir maidir le Cigireachtaí um Chosaint agus Chumhdach Leanaí
Amharc amharc

Mínítear sa treoir seo an chaoi a dhéanann an roinn Cigireachtaí um Chosaint agus Chumhdach Leanaí i mbunscoileanna agus iarbhunscoileanna in Éirinn, chomh maith le hionaid oideachais agus suíomhanna foghlama eile. Tá sí i bhfeidhm ó Mheán Fómhair 2025.

Cruthaíodh an treoir seo tar éis foilsiú Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Scoileanna 2025. Nuashonraíonn na nósanna imeachta seo na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna (athbhreithnithe 2023), i ndiaidh plé idir an Roinn Oideachais agus Óige agus na comhpháirtithe oideachais.

Tabhair faoi deara gur cheart an treoir seo a léamh i dteannta le Ciorclán 0041/2025 Foilseachán Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Scoileanna 2025. Tugtar comhairle do scoileanna nach ndéanfar cigireacht ar aon cheanglais nua de nósanna imeachta 2025, nach raibh sna nósanna imeachta roimhe seo, go dtí go nglacfaidh scoil go foirmiúil le nósanna imeachta 2025.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat