Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Treoirchomhairliú i Scoileanna



Treoir san oideachas

Trí threoir, réitítear an bealach do dhaoine le linn a saoil chun a roghanna oideachasúla, oiliúna, gairme, pearsanta, sóisialta agus saoil a bhainistiú ionas go mbainfidh siad barr a gcumais amach ar mhaithe le sochaí níos fearr a fhorbairt.

Tagraíonn treoir i scoileanna do raon d’eispéiris foghlama, a sholáthraítear in ord forbarthach, a chabhraíonn le scoláirí scileanna féinbhainistíochta a fhorbairt, agus dá bharr sin, déanfar roghanna agus cinntí éifeachtacha faoina saol. Cuimsíonn na heispéiris sin trí réimse atá éagsúil ach nasctha le chéile, is iad sin forbairt phearsanta agus shóisialta, treoir oideachasúil, agus gairmthreoir.

Is teidlíocht í treoir in iar-bhunscoileanna de réir Alt 9 (c) den Acht Oideachais (1998), a deir go n-úsáidfidh scoileanna na hacmhainní atá ar fáil dóibh lena chinntiú go mbeidh rochtain ag scoláirí ar threoir chuí chun cabhrú leo i dtaca lena roghanna oideachais agus gairme.

Is gníomhaíocht scoile uile í treoir in iar-bhunscoileanna atá comhtháite i ngach clár scoile sa tSraith Shóisearach agus sa tSraith Shinsearach araon agus tacaíonn sí le scoláirí ón gcéad bhliain go dtí an séú bliain.

Níl aon fhoráil fhoirmiúil ann faoi láthair maidir le treoir i mbunscoileanna sa chomhthéacs ar feadh an tsaoil. Ach, laistigh den National Strategic Framework for Lifelong Guidance: Strategic Action Plan 2024-2030 atá in éineacht leis An Creat Straitéiseach Náisiúnta um Threoir ar feadh an tSaoil: Plean Gníomhaíochta Straitéiseach (2024-2030), déantar foráil i nGníomh 2.5 le ‘cur chuige scoile uile’ a thabhairt isteach i leith treorach ar leibhéal na bunscoile roimh 2030.


Comhairliúchán treorach

Grúpa Beartais Náisiúnta ag tacú le dul chun cinn na treorach ar feadh an tsaoil

Fógraíonn an tAire Foley bunú an Ghrúpa Beartais Náisiúnta um Threoir ar feadh an tSaoil

Cuireadh grúpa comhairleach ar leith le chéile chun comhairle a chur maidir leis an bhforbairt ar an gCreat Straitéiseach Náisiúnta um Threoir ar Feadh an tSaoil agus an Plean Gníomhaíochta Straitéiseach atá in éineacht leis.

Is mian leis an nGrúpa Beartais Náisiúnta buíochas a ghabháil le baill an ghrúpa chomhairligh as a n-ionchur oilte agus suntasach.

Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn Eanáir 2025 – An Creat Straitéiseach Náisiúnta um Threoir ar feadh an tSaoil: Plean Gníomhaíochta Straitéiseach (2024-2030)
Amharc amharc
An Creat Straitéiseach Náisiúnta um Threoir ar feadh an tSaoil (2024-2030)
Amharc amharc
Comhairliúchán náisiúnta ar chreat straitéiseach um threoir ar feadh an tsaoil
Tuairisc ar na príomhtheachtaireachtaí a tháinig chun cinn Nollaig 2023
Amharc amharc
Tuarascáil ar Ghníomh 3.4: Creat Straitéiseach Náisiúnta um Threoir ar Feadh an tSaoil: Plean Gníomhaíochta Straitéiseach (2024-2030)
Amharc amharc
Imeacht Líonraithe um Threoir ar feadh an tSaoil Caisleán Bhaile Átha Cliath 2025: Tuarascáil
Amharc amharc

Oiliúint agus cáilíochtaí do threoirchomhairleoirí in iar-bhunscoileanna

Chun oibriú mar threoirchomhairleoir san earnáil iar-bhunscoile, tá décháilíocht ag teastáil: cáilíocht teagaisc don iar-bhunscoil (atá aitheanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta) agus cáilíocht treoirchomhairleoireachta (atá aitheanta ag an Roinn Oideachais).

Cáilíochtaí Treoirchomhairleoirí

Is ionann i gcónaí, mar atá leagtha amach sna Ciorcláin maidir le Socruithe Foirne a eisíodh le déanaí, go gcaithfidh cáilíocht iar-bhunscoile ag duine atá á c(h)eapadh mar threoirchomhairleoir iar-bhunscoile agus go gcaithfidh sé/sí a bheith cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta, agus chomh maith leis sin, go gcaithfidh an cháilíocht aitheanta ábhartha d’obair treoirchomhairleoireachta a bheith aige/aici.

Gníomhaíochtaí an treoirchomhairleora

Is féidir teacht ar fhaisnéis freisin maidir leis na cáilíochtaí treoirchomhairleoireachta atá aitheanta ag an Roinn Oideachais anseo.

Tá mionsonraí maidir le roinnt samplaí de na gníomhaíochtaí éagsúla a bhaineann le hobair an treoirchomhairleora, ar leathanach anseo.

Tá ocht gcinn de réimsí inniúlachta ar cheart go dtabharfadh soláthraithe cláir aghaidh orthu agus iad ag lorg aitheantais ón Roinn Oideachais (RO) nó ón Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta (RBATNE) dá gcláir sa treoirchomhairleoireacht:

  • Teoiric na treorach agus cleachtas gairmiúil;
  • Scileanna comhairleoireachta i gcomhthéacs na treorach;
  • Faisnéis a bhaineann leis an margadh saothair, le foghlaim agus le gairmeacha;
  • Teagasc agus foghlaim: cláir/eispéiris foghlama a dhearadh, a sholáthar agus a mheas;
  • Cumarsáid, comhoibriú agus líonrú;
  • Taighde agus cleachtas bunaithe ar fhianaise;
  • Ag treorú agus ag bainistiú na seirbhíse treorach agus;
  • Tástáil shíciméadrach.

Déanfar athbhreithniú ar an gCreat Aitheantais Cláir in am trátha.

Faoi láthair in Éirinn, tá cláir mháistreachta/dioplóma iarchéime á soláthar ag trí ollscoil atá faofa ag an RO:

  • Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath;
  • Ollscoil Mhá Nuad agus;
  • Ollscoil Luimnigh.

Aithnítear céimithe ó chláir eile a d’fheidhmigh sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i gColáiste na Tríonóide agus i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

An Creat Straitéiseach Náisiúnta um Threoir ar feadh an tSaoil: Plean Gníomhaíochta Straitéiseach (2024-2030)
Amharc amharc

Obair mar threoirchomhairleoir iar-bhunscoile in Éirinn

Obair mar threoirchomhairleoir iar-bhunscoile in Éirinn: 2024-2025
Amharc amharc

Ciorcláin, nótaí faisnéise, uirlisí measúnachta agus foilseacháin eile

Ciorcláin

Nótaí Faisnéise

Foilseacháin


Tacaíocht scoile fhoireann treorach Oide

Soláthraínn an Fhoireann Gairmthreorach in Oide tacaíocht do scoileanna maidir le pleanáil agus dea-chleachtas don Treoir Scoile Uile trí dheiseanna d'Eispéiris Foghlama Gairmiúla agus tacaíochtaí Scoile saincheaptha a chur ar fáil. Is féidir áit a chur in áireamh ar chúrsa nó iarratais ar seirbhís tacaíochta a chur isteach trí Oide.ie

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an bhFoireann Threorach ar info@oide.ie


Scéim um maoirseacht ar threoirchomhairleoireacht

Leis an scéim um maoirseacht ar threoirchomhairleoireacht, éascaítear é do threoirchomhairleoirí atá ag obair i scoileanna dara leibhéal agus i gcoláistí breisoideachais chun tabhairt faoi mhaoirseacht ghairmiúil a dhéanamh ar a gcuid oibre treoirchomhairleoireachta, agus go háirithe ar a ngníomhaíochtaí treoirchomhairleoireachta pearsanta/ sóisialta duine le duine a bhíonn ar siúl acu le scoláirí.

Tá an mhaoirseacht ar threoirchomhairleoireacht faoi chathaoirleacht na An Rannóg um Oiliúint Tosaigh Múinteoirí agus um Fhorbairt Ghairmiúil sa Roinn Oideachais agus á riar trí Ionad Oideachais Mhuineacháin. Tá ball den Chigireacht um Threoir agus ball den Aonad um Threoir de chuid an RO a dhéanann ionadaíocht freisin don RO ar an gcoiste stiúrtha um maoirseacht.

Eagraíonn IGC.IE suíomh agus am na seirbhíse tacaíochta treorach ar an leibhéal áitiúil ar fud na tíre.

Déanann maoirseoir comhairleoireachta gairmiúil atá cáilithe an tseirbhís a sheachadadh trí shraith de sé sheisiún de thacaíocht mhaoirseachta ar threoirchomhairleoireacht i ngach bliain acadúil, ar seisiúin iad a mhaireann dhá uair an chloig an ceann.

Dá bhrí sin, gheobhaidh gach treoirchomhairleoir 12 n-uair an chloig ar a laghad de mhaoirseacht le linn na bliana acadúla, agus cuirfear teastas tinrimh cuí ar fáil dó nó di ag deireadh mhí na Bealtaine. D’fhéadfaí seisiúin bhreise a lorg i gcásanna áirithe, mar shampla, má tharlaíonn teagmhas criticiúil i scoil.


Naisc chuig eolas, uirlisí agus imeachtaí a bhaineann le treoir


Athbhreithniú Indecon ar uirlisí agus eolas gairmthreorach


Seirbhís treorach do na Scoileanna Eorpacha

Cuireann an Roinn Oideachais maoiniú ar fáil don rochtain ar threoir chuí do leanaí shaoránaigh Éireannacha atá cláraithe sna 13 Scoil Eorpach i 6 thír Eorpach.

Déanann Roinn Oideachais na hÉireann an tseirbhís a chomhordú agus déanann treoirchomhairleoirí cáilithe atá aitheanta ag an Roinn an tseirbhís a sholáthar.

Léigh tuilleadh faoi na Scoileanna Eorpacha ANSEO

Tionscnamh a bhfuil sé mar aidhm aige cuidiú leat do scileanna agus do cháilíochtaí a dhéanamh éasca le tuiscint san Eoraip - cibé más ag clárú le haghaidh cláir oideachais nó oiliúna, ag lorg poist, nó ag fáil taithí thar lear, atá tú.

Seirbhís Treorach na hÉireann do na Scoileanna Eorpacha Fógra Príobháideachta
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil

Treoirchomhairleoirí Comhlacha do 2022/23

Tá léirithe spéise á éileamh ag an Roinn Oideachais ó Threoirchomhairleoirí a bhfuil spéis acu a bheith ar phainéal Treoirchomhairleoirí Comhlacha do 2022/23 a chuirfidh Seirbhís Tacaíochta Treorach na Scoileanna Eorpacha ar fáil do leanaí saoránaigh Éireannacha atá ag freastal ar na Scoileanna Eorpacha.

Is é an spriocdháta chun foirmeacha léirithe spéise a sheoladh ar ais ná 5pm Dé Céadaoin 19 Deireadh Fómhair 2022. Is féidir foirmeacha a iarraidh ó guidance@education.gov.ie

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin tseirbhís seo féach thíos.

[document 236938 ]

Treoir do Chomhlachtaí Treorach Ionchasacha
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil

Sonraí Teagmhála