Sonraí chuntais bhainc a athrú
Féadfaidh tú a iarraidh ar an Roinn Oideachais agus Óige tráth ar bith d’íocaíocht tuarastail nó pinsin a dhéanamh i gcuntas bainc nua.
Conas a shocróidh mé athrú ar mo shonraí cuntais bhainc?
Comhlánaigh Foirm_chun_Sonraí_Cuntais_Bhainc_a_Athrú chun a iarraidh ar Rannóg Párolla na Roinne Oideachais agus Óige do shonraí cuntais bhainc a athrú. Má tá do chuntas bainc le dúnadh, ba cheart duit sonraí do chuntais bhainc nua a chur in iúl don Rannóg Párolla a luaithe is féidir. Cinntigh nach ndúnfar an cuntas atá agat cheana go dtí go dtosaíonn d’íocaíocht tuarastail nó pinsin i do chuntas nua, agus fág dóthain ama chun an t-athrú sin a dhéanamh.
Cá háit ar cheart dom an fhoirm chomhlánaithe a sheoladh?
Ba cheart d’fhoirm chomhlánaithe a sheoladh go leictreonach chuig an Rannóg Párolla tríd an bhfoirm theagmhála do chustaiméirí.
Cá fhad a thógfaidh sé mo shonraí cuntais bhainc a nuashonrú?
Ba cheart duit 2-4 seachtaine a thabhairt chun do thuarastal nó pinsean a íoc i do chuntas nua. Íocann an Roinn Oideachais agus Óige tuarastal agus pinsean gach dhá sheachtain. Mar sin, beidh an fad ama a thógfaidh sé chun do shonraí cuntais bhainc a nuashonrú ag brath ar an bpointe ama sa timthriall párolla a fhaightear an fhoirm chun Sonraí Cuntais Bhainc a Athrú.
Tabhair faoi deara: Nuair a gheobhaidh an Rannóg Párolla an Fhoirm_chun_Sonraí_Cuntais_Bhainc_a_Athrú uait, rachaidh ball foirne i dteagmháil leat ar an bhfón chun a dheimhniú go bhfuil an iarraidh sin bailí. Ní dhéanfar athruithe go dtí go ndéanfaidh ball foirne teagmháil leat.
Féach ar an Nóta Treorach le haghaidh tuilleadh eolais.