Iarratas ar thacaíocht shealadach do Bhéarla mar Theanga Bhreise (EAL) don Scoilbhliain 2026/27

Cuardaigh ar fad gov.ie

Eolas

Iarratas ar thacaíocht shealadach do Bhéarla mar Theanga Bhreise (EAL) don Scoilbhliain 2026/27


Iar-bhunscoileanna

Cuirfear próifíl fhoriomlán EAL scoile agus an leithdháileadh reatha Béarla mar Theanga Bhreise (EAL) san áireamh agus iarratas ar thacaíocht shealadach EAL á bhreithniú. Agus iarratas á dhéanamh ar thacaíocht EAL, ní mór do dhaltaí sainriachtanais teanga a bheith acu toisc gur teanga bhreise é an Béarla.

Moltar do scoileanna tagairt a dhéanamh do Chiorcláin um Shocrú Foirne Iarbhunscoile do Chiorclán na scoilbhliana Ciorcláin 0026/2026, 0027/2026, 0028/2026 agus na nithe seo a leanas a mheas sula gcuireann siad iarratas isteach ar thacaíocht bhreise EAL:

Post/poist bhuana tacaíochta teanga in 2026/27:

Cuireadh bearta maolaithe i bhfoirm post buan EAL i bhfeidhm sa scoilbhliain 2012/13 do scoileanna a bhfuil líon ard de dhaltaí tacaíochta Teanga (EAL) acu. Leanfaidh na scoileanna seo leis an leithdháileadh seo a fháil sa scoilbhliain 2026/27. Cuirfear an leithdháileadh seo san áireamh agus iarratas ar thacaíocht shealadach EAL á bhreithniú. .

Leithdháileadh um Mhúinteoireacht Oideachais Speisialta (MOS):

Soláthraíonn an leithdháileadh um Mhúinteoireacht Oideachais Speisialta (MOS) leithdháileadh aontaithe do riachtanais tacaíochta teagaisc oideachais speisialta do gach scoil bunaithe ar phróifíl oideachais gach scoile agus cuimsíonn sé eilimint de leithdháileadh tacaíochta Teanga (EAL) freisin. Faoin tsamhail MOS seo, cuirtear acmhainní ar fáil do scoileanna chun tacaíocht a sholáthar láithreach gan mhoill do na scoláirí sin a bhfuil gá acu léi.

Tabhair faoi deara:

  • Ceadófar an leithdháileadh sealadach EAL a chuirfear ar fáil bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthrófar ar bhonn sealadach, faoi réir deimhniú ar chlárú na ndaltaí incháilithe go léir i Meán Fómhair 2026.
  • Ní mór daltaí a thaifeadadh sa bhliain ina bhfuil siad ag clárú don scoilbhliain 2026/27, ní sa bhliain ar fhreastail siad air in 2025/26.
  • Ní mór UPSP na ndaltaí a dheimhniú. Mura bhfuil UPSP na nDaltaí ar eolas ag am an iarratais, bain úsáid as an UPSP réamhshocraithe a chuirtear ar fáil ar an bhfoirm Ar Líne. Ba chóir do scoileanna an UPSP deimhnithe a chur isteach chuig allocations@education.gov.ie nuair a bhíonn scoileanna ag comhlánú tuairisceáin POD.
  • Ní mór iarratas a dhéanamh ar dhaltaí faoi Chritéir amháin. Ní féidir iarratas a dhéanamh ar dhaltaí faoi Chritéir A agus faoi Chritéir B araon.
  • Próiseálfar iarratais ón dáta a bhfaighfear an t-iarratas comhlánaithe.

Sainmhíniú ar dhaltaí nua-iontrála

Sainmhínítear Daltaí Nua-Iontrála mar dhaltaí a tháinig isteach sa tír le dhá bhliain anuas, a dteastaíonn tacaíocht Bhéarla mar Theanga bhreise (EAL) uathu agus a bhfuil níos lú ná 2 bhliain tacaíochta acu i gcóras scoile na hÉireann faoin 30 Meitheamh 2026.

Ní mór do dhaltaí GACH CEANN de na 4 chritéar atá liostaithe thíos a chomhlíonadh.

  1. Tháinig an dalta go hÉirinn den chéad uair ó mhí Lúnasa 2024
  2. Sainriachtanais teanga a bheith acu mar thoradh ar an mBéarla a bheith ina theanga bhreise
  3. Tacaíocht níos lú ná 2 bhliain i gcóras scoile na hÉireann faoin 31 Bealtaine 2026
  4. Cláraithe don scoilbhliain 2026/27
Cuirfear tacaíocht bhreise EAL ar fáil do dhaltaí Nua-Iontrála i gcomhréir leis an tábla thíos.
Líon na ndaltaí Nua-iontrála (Critéir A) Líon na n-uaireanta teagaisc in aghaidh na seachtaine
1 – 4 5
5 – 8 10
9 – 13 15
14 – 20 20
21 – 30 25
31 – 40 35
>40 50

Eolas Breise

Bord Achomhairc Iar-bhunscoile

Féadfar leithdháileadh i leith tacaíochta EAL a sholáthar do scoileanna bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthraítear sna foirmeacha a ghabhann faoi iamh. Mura bhfuil údarás scoile sásta le cinneadh na Roinne maidir lena iarratas ar thacaíocht EAL, féadfar achomharc a chur faoi bhráid an Bhoird Achomhairc um Sholáthar Foirne Iar-bhunscoile ar Fhoirm AP EAL 2026/27. Feidhmíonn an Bord Achomhairc go neamhspleách ar an Aire agus ar an Roinn. Is cinneadh críochnaitheach é cinneadh an Bhoird Achomhairc.

Taifid a choinneáil

Ba chóir do scoileanna cóip den fhoirm iarratais seo a choinneáil a d’fhéadfaí a iarraidh le linn cigireachta scoile.

Tuairisceáin Bunachar Sonraí Iar-bhunscoile Ar Líne (P POD)

Is féidir le scoileanna tagairt a dhéanamh dá dtuairisceáin PPOD do Mheán Fómhair 2025 agus an fhoirm seo á comhlánú acu.

Bunscoileanna

Cuirfear próifíl fhoriomlán EAL scoile agus an leithdháileadh reatha Béarla mar Theanga Bhreise (EAL) san áireamh agus iarratas ar thacaíocht shealadach EAL á bhreithniú. Agus iarratas á dhéanamh ar thacaíocht EAL, ní mór do dhaltaí sainriachtanais teanga a bheith acu toisc gur teanga bhreise é an Béarla.

Moltar do scoileanna tagairt a dhéanamh do Chiorclán um Shocrú Foirne Bunscoile do Chiorclán na scoilbhliana 2026-27 Ciorclán 0025/2026 agus na nithe seo a leanas a mheas sula gcuireann siad iarratas isteach ar thacaíocht bhreise EAL:

Post/poist bhuana tacaíochta teanga in 2026/27:

Cuireadh bearta maolaithe i bhfoirm post buan EAL i bhfeidhm sa scoilbhliain 2012/13 do scoileanna a bhfuil líon ard de dhaltaí tacaíochta Teanga (EAL) acu. Leanfaidh na scoileanna seo leis an leithdháileadh seo a fháil sa scoilbhliain 2026/27. Cuirfear an leithdháileadh seo san áireamh agus iarratas ar thacaíocht shealadach EAL á bhreithniú.

Leithdháileadh um Mhúinteoireacht Oideachais Speisialta (MOS):

Soláthraíonn an leithdháileadh um Mhúinteoireacht Oideachais Speisialta (MOS) leithdháileadh aontaithe do riachtanais tacaíochta teagaisc oideachais speisialta do gach scoil bunaithe ar phróifíl oideachais gach scoile agus cuimsíonn sé eilimint de leithdháileadh tacaíochta Teanga (EAL) freisin. Faoin tsamhail MOS seo, cuirtear acmhainní ar fáil do scoileanna chun tacaíocht a sholáthar láithreach gan mhoill do na scoláirí sin a bhfuil gá acu léi.

Tabhair faoi deara:

  • Ceadófar an leithdháileadh sealadach EAL a chuirfear ar fáil bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthrófar ar bhonn sealadach, faoi réir deimhniú ar chlárú na ndaltaí incháilithe go léir i Meán Fómhair 2026.
  • Ní mór daltaí a thaifeadadh sa rang ina bhfuil siad ag clárú don scoilbhliain 2026/27, ní sa rang ar fhreastail siad air in 2025/26.
  • Ní mór UPSP na ndaltaí a dheimhniú. Mura bhfuil UPSP na nDaltaí ar eolas ag am an iarratais, bain úsáid as an UPSP réamhshocraithe a chuirtear ar fáil ar an bhfoirm Ar Líne. Ba chóir do scoileanna an UPSP deimhnithe a chur isteach chuig primarystaffingappeals@education.gov.ie nuair a bhíonn scoileanna ag comhlánú tuairisceáin POD.
  • Mar gheall ar luaineachtaí féideartha sna huaireanta i rith na bliana, ní féidir uaireanta Tacaíochta Teanga Páirtaimseartha a úsáid le haghaidh cnuasaithe.
  • Ní mór iarratas a dhéanamh ar dhaltaí faoi Chritéir amháin. Ní féidir iarratas a dhéanamh ar dhaltaí faoi Chritéir A agus faoi Chritéir B araon.
  • Próiseálfar iarratais ón dáta a bhfaighfear an t-iarratas comhlánaithe.

Sainmhíniú ar dhaltaí nua-iontrála

Sainmhínítear Daltaí Nua-Iontrála mar dhaltaí a tháinig isteach sa tír le dhá bhliain anuas, a dteastaíonn tacaíocht Bhéarla mar Theanga bhreise (EAL) uathu agus a bhfuil níos lú ná 2 bhliain tacaíochta acu i gcóras scoile na hÉireann faoin 30 Meitheamh 2026.

Ní mór do dhaltaí GACH CEANN de na 4 chritéar atá liostaithe thíos a chomhlíonadh.

  1. Tháinig an dalta go hÉirinn den chéad uair ó mhí Lúnasa 2024
  2. Sainriachtanais teanga a bheith acu mar thoradh ar an mBéarla a bheith ina theanga bhreise
  3. Tacaíocht níos lú ná 2 bhliain i gcóras scoile na hÉireann faoin 30 Meitheamh 2026
  4. Cláraithe don scoilbhliain 2026/27
Cuirfear tacaíocht bhreise EAL ar fáil do dhaltaí Nua-Iontrála i gcomhréir leis an tábla thíos.
Líon na ndaltaí Nua-iontrála (Critéir A) Líon na n-uaireanta teagaisc in aghaidh na seachtaine
1 – 4 5
5 – 8 10
9 – 13 15
14 – 20 20
21 – 30 25
31 – 40 35
>40 50

Eolas Breise

Níor chóir ró-úsáid a bhaint as uaireanta seachtainiúla a leithdháiltear, faoi réir Deimhniú an Clárúcháin, don chéad 8 seachtaine den bhliain acadúil.

Bord Achomhairc na mBunscoileanna

Féadfar leithdháileadh i leith tacaíochta EAL a sholáthar do scoileanna bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthraítear sna foirmeacha a ghabhann faoi iamh. Mura bhfuil údarás scoile sásta le cinneadh na Roinne maidir lena iarratas ar thacaíocht EAL, féadfar achomharc a chur faoi bhráid an Bhoird Achomhairc um Sholáthar Foirne Bunscoile ar Aguisín F (d). Feidhmíonn an Bord Achomhairc go neamhspleách ar an Aire agus ar an Roinn. Is cinneadh críochnaitheach é cinneadh an Bhoird Achomhairc.

Taifid a choinneáil

Ba chóir do scoileanna cóip den fhoirm iarratais seo a choinneáil a d'fhéadfaí a iarraidh le linn cigireachta scoile.

Tuairisceáin Bunachar Sonraí Bunscoile Ar Líne (POD)

Is féidir le scoileanna tagairt a dhéanamh dá dtuairisceáin POD do Mheán Fómhair 2025 agus an fhoirm seo á comhlánú acu.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat