Iarratas ar thacaíocht shealadach do Bhéarla mar Theanga Bhreise (EAL) don Scoilbhliain 2026/27 (daltaí nach bhfuil ina nIontrálaithe Nua/Critéir B)
- Foilsithe: 22 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 22 Aibreán 2026
Iar-bhunscoileanna
Cuirfear próifíl fhoriomlán EAL scoile agus an leithdháileadh reatha Béarla mar Theanga Bhreise (EAL) san áireamh agus iarratas ar thacaíocht shealadach EAL á bhreithniú. Agus iarratas á dhéanamh ar thacaíocht EAL, ní mór do dhaltaí sainriachtanais teanga a bheith acu toisc gur teanga bhreise é an Béarla.
Moltar do scoileanna tagairt a dhéanamh do chiorcláin um Shocrú Foirne Iar-bhunscoile don scoilbhliain 2026-27, Ciorcláin 0026/2026, 0027/2026, 0028/2026 agus na nithe seo a leanas a mheas sula gcuireann siad iarratas isteach ar thacaíocht bhreise EAL:
Post/poist bhuana tacaíochta teanga in 2026/27
Cuireadh bearta maolaithe i bhfoirm post buan EAL i bhfeidhm sa scoilbhliain 2012/13 do scoileanna a bhfuil líon ard de dhaltaí tacaíochta Teanga (EAL) acu. Leanfaidh na scoileanna seo leis an leithdháileadh seo a fháil sa scoilbhliain 2026/27. Cuirfear an leithdháileadh seo san áireamh agus iarratas ar thacaíocht shealadach EAL á bhreithniú.
Leithdháileadh um Mhúinteoireacht Oideachais Speisialta (MOS)
Soláthraíonn an leithdháileadh um Mhúinteoireacht Oideachais Speisialta (MOS) leithdháileadh aontaithe do riachtanais tacaíochta teagaisc oideachais speisialta do gach scoil bunaithe ar phróifíl oideachais gach scoile agus cuimsíonn sé eilimint de leithdháileadh tacaíochta Teanga (EAL) freisin. Faoin tsamhail MOS seo, cuirtear acmhainní ar fáil do scoileanna chun tacaíocht a sholáthar láithreach gan mhoill do na scoláirí sin a bhfuil gá acu léi.
Tuairisceáin Bunachar Sonraí Iar-bhunscoile Ar Líne (PPOD):
Is féidir le scoileanna tagairt a dhéanamh dá dtuairisceáin PPOD do Mheán Fómhair 2025 agus an fhoirm seo á comhlánú acu. Ba chóir líon na ndaltaí nach Iontrálaithe Nua iad a iontráladh ar na foirmeacha faoi iamh a léiriú, a mhéid is féidir, i dtuairisceáin PPOD na scoile i Meán Fómhair 2025.
Critéir – Daltaí nach Nua-Iontrálaithe iad
Ní mór do dhaltaí gach ceann de na 4 chritéar atá liostaithe thíos a chomhlíonadh
- Sainriachtanais teanga a bheith acu mar thoradh ar an mBéarla a bheith ina theanga bhreise
- Faoi láthair tá níos lú ná B1 (leibhéal 3) inniúlacht sa Bhéarla
- Níos lú ná 3 scoilbhliain i gcóras scoile na hÉireann faoin 31 Bealtaine 2026
- Cláraithe don scoilbhliain 2026/27
Eolas breise
- Ceadófar an leithdháileadh sealadach EAL a chuirfear ar fáil bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthrófar ar bhonn sealadach, faoi réir deimhniú ar chlárú na ndaltaí incháilithe go léir i Meán Fómhair 2026.
- Ní mór daltaí a thaifeadadh sa bhliain ina bhfuil siad ag clárú don scoilbhliain 2026/27.
- Ní mór UPSP na ndaltaí a dheimhniú. Mura bhfuil UPSP na nDaltaí ar eolas ag am an iarratais, bain úsáid as an UPSP réamhshocraithe a chuirtear ar fáil ar an bhfoirm Ar Líne. Ba chóir do scoileanna an UPSP deimhnithe a chur isteach chuig allocations@education.gov.ie nuair a bhíonn scoileanna ag comhlánú tuairisceáin PPOD.
Bord Achomhairc Iar-bhunscoile
Féadfar leithdháileadh i leith tacaíochta EAL a sholáthar do scoileanna bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthraítear sna foirmeacha a ghabhann faoi iamh. Mura bhfuil údarás scoile sásta le cinneadh na Roinne maidir lena iarratas ar thacaíocht EAL, féadfar achomharc a chur faoi bhráid an Bhoird Achomhairc um Sholáthar Foirne Iar-bhunscoile ar Fhoirm AP EAL 2026/27. Feidhmíonn an Bord Achomhairc go neamhspleách ar an Aire agus ar an Roinn. Is cinneadh críochnaitheach é cinneadh an Bhoird Achomhairc.
Taifid a choinneáil
Ba chóir do scoileanna cóip den fhoirm iarratais seo a choinneáil a d'fhéadfaí a iarraidh le linn cigireachta scoile.
Bunscoileanna
Cuirfear próifíl fhoriomlán EAL scoile agus an leithdháileadh reatha Béarla mar Theanga Bhreise (EAL) san áireamh agus iarratas ar thacaíocht shealadach EAL á bhreithniú. Agus iarratas á dhéanamh ar thacaíocht EAL, ní mór do dhaltaí sainriachtanais teanga a bheith acu toisc gur teanga bhreise é an Béarla.
Moltar do scoileanna tagairt a dhéanamh do chiorcláin um shocrú foirne Bunscoile don scoilbhliain 2026 - 27 agus na nithe seo a leanas a mheas freisin sula gcuireann siad iarratas isteach ar thacaíocht bhreise EAL:
Post/poist bhuana tacaíochta teanga in 2026/27
Cuireadh bearta maolaithe i bhfoirm post buan EAL i bhfeidhm sa scoilbhliain 2012/13 do scoileanna a bhfuil líon ard de dhaltaí tacaíochta Teanga (EAL) acu. Leanfaidh na scoileanna seo leis an leithdháileadh seo a fháil sa scoilbhliain 2026/27. Cuirfear an leithdháileadh seo san áireamh agus iarratas ar thacaíocht shealadach EAL á bhreithniú.
Leithdháileadh um Mhúinteoireacht Oideachais Speisialta (MOS)
Soláthraíonn an leithdháileadh um Mhúinteoireacht Oideachais Speisialta (MOS) leithdháileadh aontaithe do riachtanais tacaíochta teagaisc oideachais speisialta do gach scoil bunaithe ar phróifíl oideachais gach scoile agus cuimsíonn sé eilimint de leithdháileadh tacaíochta Teanga (EAL) freisin. Faoin tsamhail MOS seo, cuirtear acmhainní ar fáil do scoileanna chun tacaíocht a sholáthar láithreach gan mhoill do na scoláirí sin a bhfuil gá acu léi.
Tuairisceáin Bunachar Sonraí Bunscoile Ar Líne (POD)
Is féidir le scoileanna tagairt a dhéanamh dá dtuairisceáin POD do Mheán Fómhair 2024 agus an fhoirm seo á comhlánú acu. Ba chóir líon na ndaltaí nach Iontrálaithe Nua iad a iontráladh ar na foirmeacha faoi iamh a léiriú, a mhéid is féidir, i dtuairisceáin POD na scoile i Meán Fómhair 2025.
Treoir d’iarratais do dhaltaí nach nua-iontrálaithe iad
Sa chás go bhfuil 20% ar a laghad de rollú iomlán na scoile comhdhéanta de dhaltaí incháilithe EAL faoi Chritéir A agus/nó Critéir B, féadfaidh an scoil iarratas a dhéanamh ar thacaíocht EAL do dhaltaí nach daltaí nua-iontrála iad (Critéir B). Tar éis breithniú a dhéanamh ar na cúinsí atá leagtha amach ag an scoil agus ag féachaint don líon ard daltaí a dteastaíonn tacaíocht EAL uathu, féadfar leithdháileadh breise a cheadú chun freastal ar riachtanais oideachais na ndaltaí sin.
Critéir – Daltaí nach Nua-Iontrálaithe iad
Ní mór do dhaltaí gach ceann de na 4 chritéar atá liostaithe thíos a chomhlíonadh:
- Sainriachtanais teanga a bheith acu mar thoradh ar an mBéarla a bheith ina theanga bhreise
- Faoi láthair tá níos lú ná B1 (leibhéal 3) inniúlacht sa Bhéarla
- Níos lú ná 3 scoilbhliain i gcóras scoile na hÉireann faoin 30 Meitheamh 2026
- Cláraithe don scoilbhliain 2026/27
Eolas breise
- Ceadófar an leithdháileadh sealadach EAL a chuirfear ar fáil bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthrófar ar bhonn sealadach, faoi réir deimhniú ar chlárú na ndaltaí incháilithe go léir i Meán Fómhair 2026.
- Ní mór daltaí a thaifeadadh sa rang ina bhfuil siad ag clárú don scoilbhliain 2026/27.