English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Óráid

Óráid an Phríomhchigire, an Dr Harold Hislop, ag Seoladh Oifigiúil den leagan Chonnachta den áis “Mar a Déarfá” ag Ostán Connemara Coast, Na Forbacha, Contae na Gaillimhe ar an Aoine.

Seoladh oifigiúil den leagan Chonnachta den áis Mar a Déarfá.

Ostán an Connemara Coast, Forbacha, Contae na Gaillimhe.

9 Márta 2018 ag 9.30rn

A chathaoirligh [An Dr Neasa Ní Chuaig] agus a chairde go léir:

Is cúis atháis domhsa, a bheith anseo libh ar maidin inniu, sna Forbacha, i nGaeltacht Chonamara, chun na hábháir agus na hacmhainní fiúntacha oideachais seo, do mhúineadh na Gaeilge, ‘Mar a Déarfá’ a sheoladh. Is scéim fónaice atá sa tsaothar seo atá comh-mhaoinithe ag an gComhairle Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), ag Foras na Gaeilge agus ag an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leatsa a Eithne (Ní Dhonnchadha), Cathaoirleach Coiste Chomhairleach, Breacadh, agus atá mar stiúrthóir breisoideachais agus oiliúna, le Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Roscomáin (GRETB), as an gcuireadh, agus an fháilte a chuir tú féin, agus David Leahy, Príomh Fheidhmeannach an Bhoird Oideachais agus Oiliúna, romham, anseo inniu.

Ba mhaith comhghairdeas a dhéanamh, le foireann uile Bhreacadh agus le Nóirín Ní Ghrádaigh, príomh údar agus eagarthóir an tsaothair, ach go háirithe, agus le Máire Uí Niadh agus Gobnait Uí Chonchubhair a bhfuil saineolas ar leith acu ar chúrsaí fónaice agus a chabhraigh leis an taighde agus an dearadh; agus ar ndóigh, na foilsitheoirí, Breacadh. Tá moladh tuillte chomh maith ag Bairbre Ní Thuairisc agus ag Siobhán Seoige a bhfuil taithí ar leith acu mar mhúinteoirí bunscoile agus a chabhraigh go mór le háiseanna tacaíochta fónaice, do ranganna na Naíonáin, a fhorbairt.

Tréaslaím, chomh maith, leis na daoine eile go léir a bhí páirteach ón tús, i bhforbairt an tsaothair chuimsitheach seo; roinnt acu, atá i láthair anseo inniu; daoine ar nós, cainteoirí dúchais a d’oibrigh ar ghnéithe éagsúla den ábhar; saineolaithe ar chláir éagsúla fónaice a thug comhairle; comhordaitheoirí aosoideachais na Gaeltachta a thug tacaíocht agus, gospeisialta, na múinteoirí agus foghlaimeoirí fásta iad féin, a thug aiseolas go rialta agus a rinne measúnú leanúnach, ar fhiúntas, agus ar an gcáilíocht, a bhain leis na hacmhainní, agus iad a bhforbairt, agus a dtástáil,ag foireann Bhreacadh.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh beanchéile Sheosamh Mhic Donncha, Peig, atá inár measc inniu. Thug Seosamh an-tacaíocht agus comhairle don obair ar ‘Mar a Déarfá’ ón tús. Is nóimead an-speisialta é seo duitse, a Pheig, agus don chlann go léir, sé sin, Éilís, Muireann agus Eoghan, chun an saothar seo a fheiceáil foilsithe. Ar Dheis Dé go raibh a anam.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do Mhuireann agus an Chomhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus do Fhoras na Gaeilge as a gcuid tacaíochta don tionscadal thábhachtach seo. Molaim chomh maith an comhairle leanúnach a thug an Dr Neasa Ní Chuaig, iar oifigeach den Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta do fhoireann Bhreacadh san obair seo. Is léachtóir í Neasa i gColáiste Mhuiregan Smál.

Is breá an rud é, agus muid ag ceiliúradh Bliain na Gaeilge i rith na bliana seo, 2018, agus Seachtain na Gaeilge, ach go háirithe, go bhfuil an deis agam theacht anseo go dtí an Ghaeltacht, chun bheith páirteach libh go léir, san ócáid thábhachtach seo. Tá sé trathúil chomh maith, go bhfuil an ócáid seo eagraithe mar pháirt d’imeachtaí, An Fhéile d’Fhoghlaimeoirí Fásta, atá a cheiliúradh ar fud na tíre ón 5ú go 9ú Márta, agus atá, faoi chúram AONTAS, an t-eagraíocht náisiúnta d’fhoghlaimeoirí fásta. Is é an cuspóir atá ag an bhféile ná aird na bhfoghlaimeoirí fásta a dhíriú ar na deiseanna foghlama éagsúla, atá ar fáil, agus an fiúntas a bhaineann le foghlaim feadh an tsaoil.

Ba mhaith liom moladh a thabhairt d’fhoireann Bhreacadh, as an obair den scoth atá déanta acu go dtí seo, chun tacú le foghlaimeoirí fásta, sna Gaeltachtaí go léir, chun forbairt a dhéanamh ar a scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta trí Ghaeilge. Cuireann Breacadh tacaíocht ar fáil don obair seo trí áiseanna, acmhainní agus oiliúint, a chur ar fáildo theagascóirí, trí sheirbhísí aosoideachais, na mBoird Oideachais agus Oiliúna.

Forbraíodh an saothar seo, ‘Mar a Déarfá’ i dtús báire, mar acmhainn teagaisc, do mhuintir na Gaeltachta, a d’fhill ar an oideachas agus gur mhian leo feabhas a chur ar a gcuid scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta sa Ghaeilge. Tá go leor áiseanna teagaisc agus foghlama curtha ar fáil ag Breacadh do na cláir aosoideachais mar shampla, VTOS agus Teagmháil na nÓg (Youthreach). Tá fhios agam go mbaintear úsáid as na hacmhainní sin in iarbhunscoileanna na Gaeltachta. Tá na hacmhainní óna cúrsaí cumarsáide aosoideachais agus an leabhar Nua Scríobh naGaeilge in úsaid in iarbhunscoileanna Gaeltachta chomh maith. Tá an t-iris Breacadh, a úsáidtear i go leor bunscoileanna agus iarbhunscoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna, mar ábhar ghineárálta léitheoireachta ar fáil; tá leabhar cócáireachta do dhaltaí idirbhliana agus tá leabhar Matamaitice d’fhoghlaimeoirí fásta curtha le chéile agus cnuasaigh de leabhair eolais, chomh maith.

Mar chúlradon obair seo, rinne Nóirín agus an fhoireann, go leor obair thaighde, ar fhuaimníocht na Gaeilge, agus conas í a mhúineadh go héifeachtach, do chainteoirí dúchais na Gaeltachta. Bhailigh siad, fianaise agus eolas faoin gcanúint, ó na cainteoirí dúchais iad féin, chun leibhéil agus cumas Gaeilge na bhfoghlaimeoirí, a aithint; chun clár oiriúnach, céimnitheach fóneolaíochta a fhorbairt agus a mhúineadh dóibh, ina gcanúint dhúchais féin, chun cabhrú leo sa léamh agus sa scríobh.

Mar atá luaite, sa treoirleabhar Mar a Déarfá-Croí na Scéime; thug Breacadh faoin tógra seo, go díograiseach, mar gheall ar an éilimh ó chainteoirí dúchais iad féin, chun ábhar léitheoireachta a chur ar fáil ina dteanga nádúrtha laethúil, agus an dul chun cinn a dhéanann siad i ndíchódú a gcanúint labhartha féin. Tagann seo, leis an taighde agus cleachtas idirnáisiúnta, i múineadh na litearthachta, do dhaoine fásta, a deireann gur le ‘h-eispéireas teanga’ pearsanta an fhoghlaimeora is fearr tosú leis an teagasc agus an fhoghlaim.

Is ó fhianaise, a bailíodh ó mhúinteoirí, agus ó chainteoirí dúchais féin,agus eolas ón taighde, a d’eascair an chéad iarracht, den saothar Mar a Déarfá, na blianta ó shin, agus tá go leor forbairt agus feabhas curtha ar an scéim ó shin. Léiríonn an taighde dúinn nach bhfuil an fhorbairt chuí á dhéanamh ar chumas na gcainteoirí dúchais sa Ghaeilge, (Péterváry et al., 2014). Tá an cur chuige atá sa scéim seo, atá a sheoladh inniu, ag teacht le prionsabail Churaclam Teanga na Bunscoile agus le Cur Chuige Cothromaithe i Leith Fhorbairt na Litearthachta i mBunranganna na Bunscoile. Moltar sa churaclam agus sna treoirlínte, gur chóir réimse leathan cur chuige, a úsáid, le teacht i dtír ar stíleanna éagsúla foghlama na ndaltaí, a oiread agus is féidir, agus freastal ar an bhfoghlaimeoir ag a leibheál féin, chun an cur chuige ‘cothromaithe’ a chur chun cinn sa seomra ranga. Tá raon de chur chuige sa scéim seo, chun freastal ar riachtanais agus ar chumais éagsúla na gcainteoirí dúchais, chun torthaí foghlama den scoth a bhaint amach, i ndíchódú fuaimeanna don léitheoireacht, agus don scríbhneoireacht Gaeilge.Is cinnte go bhfuil sé rí-thabhachtach, go ndéanfaidh múinteoirí, freastal ar riachtanais an chainteoir dúchais, ina chanúint féin, sa seomra ranga, ionas go ndéanfaidh siad dul chun cinn de réir chontanam fhorchéimnitheach, mar atá leagtha amach sa Churaclam Teanga. Tá na huirlísí anailíse agus measúnaithe leagtha amach sa scéim seo ‘Mar a Dearfá’ chun láidreachtaí agus laigeachtaí i dtaobh fuaimníochta an chainteora dúchais a aithint agus tá cur chuige agus áiseanna tacaíochta ar fáil don mhúinteoir le dul i ngleic leo.

Tuigimid go léir go dtagann athrú ar fhocail go minic sa Ghaeilge agus iad i gcomhthéacs abairtí-mar shampla, an séimhiú, an t-urú, an tuiseal ginideach, an tuiseal gairmeach agus araile. Sa scéim seo, leagtar an bhun chloch ó thaobh fuaimeanna, agus de réir a chéile, téitear i muinín rialacha litrithe agus gramadaí, chun litriú na Gaeilge, a mhúineadh, go córasach agus go héifeachtach. Tagann sé seo le tuairimí taighdeoirí ar nós Ó Duibhir agus Cummins (2012) agus Morris (2015) gur gné thábhachtach d’obair fónaice den scoth, go mbeadh sí córasach; ciallaíonn sé sin, go múinfí fónaic ar bhealach leanúnach, cinnte agus soiléir. Chomh maith le sin, léiríonn an taighde dúinn, go mbíonn deacrachtaí ag cainteoirídúchais, i léitheoireacht na Gaeilge (Hickey agus Ó Cainnín, 2003), ó thaobh díchódú agus fuaimniú na bhfocal, mar nach bhfuil, an ceangal idir an focal scríofa agus an fhuaim a chloiseann siad, go nádúrtha. Léiríonn taighdí eile ar nós (Cowen 2005), go bhfuil teagasc fóinéime (fuaimeanna) níos éifeachtúla, nuair a mhúintear é, in éineacht le litreacha, agus sa chaoi sin go nasctar eolas ar na fuaimeanna lena siombail scríofa. Is sin, mar atá déanta, ag údar na scéime seo, chun freastal ar chanúint an fhoghlaimeora féin.

Is é ceann de na spriocanna sa Churaclam Teanga, ná, foghlaimeoirí a dhéanamh neamhspleách, i léitheoireacht na Gaeilge agus má mhúintear na stráitéisí fóneolaíochta agus díchódaithe go héifeachtúil dóibh, is cinnte go gcuirfidh sé go mór le forbairt na léitheoireachta Gaeilge i scoileanna Gaeltachta. Baineann an léitheoireacht le gach achar curaclaim agus osclóidh sí doras na foghlama agus ar an dóigh chéanna litriú na Gaeilge mar aon leis.

Is áis ar leith é seo Mar a Dearfá mar go bhfreagraíonn sé de riachtanais arleith teanga na gcainteoirí dúchais Gaeltachta. Is é an fhealsúnacht atá taobh thiar den stráitéis d’Oideachas Gaeltachta, ná; na riachtanais ar leith, atá ag cainteoirí dúchais a aithint, chun soláthar d’ardchaighdeán trí mhéan na Gaeilge a chur ar fáil dóibh. Tá an scéim seo, bunaithe ar fhianaise óna foghlaimeoirí féin, agus tá sé bunaithe ar thaighde acadúil agus ar scéimeanna eile fuaimníochta. Tá fhios agam go bhfuil ábháir thacaíochta eile ar fáil do mhúineadh fhónaic na Gaeilge agus in úsáid i scoileanna; áiseanna ar nós, Fios Fuaimeanna; Fónaic na Gaeilge; Cód na Gaeilge agus anois tá ‘Mar a Déarfá’ ar fáil.

Is córas struchtúrtha, céimnithe, tarraingteach agus nuálach atá sa scéim fónaice seo, do mhúinteoirí chun an teanga labhartha, litrithe agus léitheoireachta a mhúineadh do dhaltaí. Is ró-mhinic, le blianta anuas, go bhfuil daltaí i scoileanna Gaeltachta, ag baint úsáide as áiseanna agus téacsleabhair inGaeilge, a bhí forbartha agus scríofa go príomha d’fhoghlaimeoirí an dara teanga; tá an scéim seo curtha le chéile, go hiomlán, le freastail ar riachtanais teanga na gcainteoirí dúchais sna scoileanna Gaeltachtaí éagsúla.Arís, molaim an chur chuige córasach, an treoirleabhar agus an raon leathan d’acmhainní tacaíochta agus digiteacha den scoth atá forbartha don mhúinteoirí agus daltaí, i gcanúint Chonnacht agus Mhumhan, agus tá tús curtha leis an obair chun an scéim a chur in oiriúnt do chanúint Uladh.

Tuigim go bhfuil go leor ceardlainn oiliúna eagraithe ag Breacadh cheana féin do mhúinteoirí, bunscoile agus iarbhunscoile, Gaeltachta agus Gaelscoileanna, chun treoir a thabhairt dóibh conas an scéim ‘Mar a Déarfá’ a chur i bhfeidhm, go héifeachtach, sa seomra ranga. Go dtí seo, d’fhreastail suas le 170 múinteoir bunscoile as na Gaeltachtaí éagsúla ar na ceardlainn agus suas le 30 múinteoir iarbhunscoile agus tá go leor cearlainn eile pleanáilte dona míonna amach romhainn. Cuireadh ceardlainn oiliúna ar fáil chomh maith do 26 cúntóirí teanga i nGaeltacht na Mumhan agus tá spéis léirithe ag cúntóirí teanga i gceantair Ghaeltachta eile chun freastail ar na ceardlainn seo. Tá aiseolas ó mhúinteoirí sna scoileanna Gaeltachta an-dearfa ar fad go dtí seo mar gheall ar an scéim Mar a Dearfá.

Tuigim go n-úsaideann na teagascóirí óna seirbhísí aos litearthachta na háiseanna mar bhunús na gcúrsaí ar nós ‘foghlaim teaghlaigh’, áit a mbíonn tuismitheoirí agus páistí óga ag foghlaim le chéile; chomh maith le cúrsaí mar ‘tabhair cúnamh do do pháiste le léamh agus scríobh’, chun cabhrú le tuismitheoirí a bheith cúpla céim ar aghaidh, le go mbeidh siad féin ag foghlaim agus chun lámh chúnta a thabhairt dá gcuid páistí.

Molaim foireann Bhreacadh as an éacht atá déanta acu chun deiseanna oiliúna a chur ar fáil do mhúinteoirí na Gaeltachta chun an scéim a chur i bhfeidhm.

Ba mhaith liom, a chur ina luí ar mhuinteoirí i scoileanna Gaeltachta, úsáid a bhaint as na hacmhainní seo. Uaireanta, cloisimid nach bhfuil acmhainní ar nós Seideán Sí a úsáid go forleathan i scoileanna Ghaeltachta. Tá sérí-thábhachtach, go mbainfeadh scoileanna sa Ghaeltacht , úsáid as na hacmhainní luachmhara seo, atá curtha in oiriúnt do chainteoirí dúchais, ach go háirithe. Beidh an scéim seo an-úsáideach do scoileannaagus iad ag dul i mbun an tumoideachais mar pháirt de Scéim Aitheantais na Scoileanna Gaeltachta.

Tá mé an-sásta go deo, leis an bhfreagairt, ó scoileanna Gaeltachta don Scéim Aitheantais; tá an phróiseáil déanta ar na hiarratais, agus beidh deontas de €1200 euro a cheadú roimh an Samhradh, do scoileanna sa scéim, chun acmhainní do mhúineadh trí Ghaeilge a cheannach. Beidh uaireanna breise muinteoireachta á thabhairt do na scoileanna chomh maith chun tacú le chur chun cinn na Gaelige i measc cainteoirí ó dhúchais.

Ó tharla gur seachtain í seo, d’oideachas aosach, is fiú a lua, chomh maith, go bhfuil dul chun cinn déanta, ar thairiscintí, do chlár Máistreacht san Oideachas, M. Oid, trí mhéan na Gaeilge, do mhúinteoirí atá ag teagasc agus do phríomhoidí agus múinteoirí i scoileanna Gaeltachta, Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí. Fógrófar an tairgeoir a bhuann an conradh goluath, agus táim ag súil, go dtosóidh an clár, i mí Méan Fómhar 2018. Tá próiséas, den chineál céanna, tosnaithe don chéim, Baitsiléir san Oideachas, B. Oid, trí mhéan na Gaeilge, tá súil agam go mbeidh seo a fhógairt, gan mhoill, ag an Aire, chun tosnú i Méan Fómhar 2019.

Is cinnte go mbeidh an scéim, Mar a Déarfá, mar acmhainn úsáideach, do chláracha oideachais múinteoirí chomh maith, mar is acmhainn an-thábhachtach é, chun cabhrú le canúint na gcainteoirí dúchais Gaeltachta, a chaomhnú sa todhchaí.

Ba mhaith liom arís mo chomhghairdeas a chur in iúl don údar Nóirín Ní Ghrádaigh, foireann Bhreacadh, na dearthóirí, na foilsitheoirí agus guím gach rath agus bláth ar an obair sna blianta amach romhainn.

Tá sé mar phleisiúr agam an scéim seo ‘Mar a Déarfá’ agus na háiseanna tacaíochta asheoladh. Go raibh maith agaibh.