An Bille Oideachais (Cairt Mac Léinn agus Tuismitheoirí), 2019 - Achoimre ar an mBille
- Foilsithe: 30 Deireadh Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2021
- Príomhchoincheapa an Bhille
- Ábhar na gCairteanna
- Cumhacht maidir le hOrdú
- Nósanna Imeachta maidir le Gearáin
- Feidhmeanna Scoileanna
- Féach freisin
Achoimre ar an mBille Oideachais (Cairt Mac Léinn agus Tuismitheoirí), 2019
Príomhchoincheapa an Bhille
Beidh aird ag an Aire, agus treoirlínte náisiúnta na cairte á n-ullmhú, ar an riachtanas ag scoil –
- féachaint, oiread agus is indéanta agus faoi réir na n-acmhainní a bheidh ar fáil, na torthaí is fearr is féidir a bhaint amach do mhic léinn i ndáil lena n-oideachas agus a bhforbairt phearsanta,
- caidreamh agus spiorad na comhpháirtíochta idir an scoil agus mic léinn agus a dtuismitheoirí a chothú agus a chur chun cinn,
- cóimheas a chothú agus a chur chun cinn i gcumarsáid idir an scoil agus mic léinn agus a dtuismitheoirí,
- rúndacht a chinntiú, de réir mar is cuí, i gcumarsáid idir an scoil agus mic léinn agus a dtuismitheoirí,
- ról agus rannpháirtíocht na dtuismitheoirí a chur chun cinn in oideachas agus i bhforbairt phearsanta na mac léinn,
- dul i gcomhairle le mic léinn agus a dtuismitheoirí, agus rannpháirtíocht agus caidreamh gníomhach na mac léinn a spreagadh (oiread agus a oireann dá n-aois agus dá dtaithí) chomh maith lena dtuismitheoirí, agus freagairt de réir mar is cuí, do bharúlacha agus do mholtaí a dhéanfaidh mic léinn agus a dtuismitheoirí, i leith na forbartha, an athbhreithnithe agus an uasdátaithe ar phleananna agus ar bheartais na scoile (seachas an beartas iontrála) agus ar ghníomhaíochtaí na scoile,
- monatóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar sholáthar an oideachais ag an scoil do mhic léinn, lena n-áirítear trí dhul i gcomhairle le mic léinn agus a dtuismitheoirí, agus freagairt, de réir mar is cuí, do bharúlacha agus do mholtaí a dhéanfaidh mic léinn (oiread agus a oireann dá n-aois agus dá dtaithí) agus a dtuismitheoirí, chun an soláthar sin a mheasúnú agus a fheabhsú ar bhonn leanúnach,
- comhionannas na rochtana ar an oideachas a chothú agus a chur chun cinn do mhic léinn, chomh maith le rannpháirtíocht scoláirí san oideachas trí fhéachaint, oiread agus a bheidh indéanta, costais na rannpháirtíochta sin a laghdú do thuismitheoirí agus do mhic léinn,
- aghaidh a thabhairt ar ábhair bhuartha de chuid mac léinn nó a dtuismitheoirí a bhaineann leis an scoil agus iad a réiteach, oiread agus is féidir, go luath sa scéal, agus
- cinntiú go ndéileálfar le casaoidí ó mhic léinn nó a dtuismitheoirí a bhaineann leis an scoil go héifeachtúil, go héifeachtach agus go cóir agus, oiread agus is féidir, ar bhealach neamhfhoirmiúil a thiocfaidh le prionsabail na nósanna imeachta cothroma.
Ábhar na gCairteanna
Cé gurb é an tAire a chinnfidh mionsonraí threoirlínte na cairte tar éis comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara oideachais, tabharfar spléachadh leis an mBille ar chineálacha na ngnóthaí a bhféadfar aghaidh a thabhairt orthu sna treoirlínte sin. Maidir leis sin, foráiltear go mbainfidh treoirlínte an Aire i leith ábhar cairte scoile le -
- nósanna imeachta maidir le bheith ag dul i gcomhairle le mic léinn agus a dtuismitheoirí ó thaobh na ngnóthaí sin a bhaineann leis an scoil a shonrófar i dtreoirlínte na cairte, lena n-áirítear trí bharúlacha agus mholtaí ó mhic léinn agus a dtuismitheoirí a iarraidh maidir le haon ghnóthaí den sórt sin, agus barúlacha agus moltaí a fhreagairt;
- faisnéis maidir le pleananna agus beartais na scoile (seachas an beartas iontrála) agus gníomhaíochtaí na scoile;
- nósanna imeachta (lena n-áirítear nósanna imeachta comhairliúcháin) -
-maidir le pleananna agus beartais na scoile (seachas an beartas iontrála) a ullmhú, a athbhreithniú agus a uasdátú, agus
-gníomhaíochtaí na scoile a fhorbairt, a athbhreithniú agus uasdátú;
- nósanna imeachta a bhunóidh bord faoi alt 20 chun mic léinn agus a dtuismitheoirí a chur ar an eolas faoi ghnóthaí a bhaineann le hoibriú agus feidhmíocht na scoile;
- nósanna imeachta a bhunóidh bord faoi alt 27 chun mic léinn agus a dtuismitheoirí a chur ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí na scoile;
- faisnéis faoi na struchtúir agus córais maidir le bainistiú na scoile;
an fhaisnéis a bheidh le soláthar do mhic léinn agus a dtuismitheoirí a bhaineann le suimeanna airgid a fhaigheann an scoil (lena n-áirítear ranníocaíochtaí deonacha a dhéanfaidh tuismitheoirí) agus caiteachas na suimeanna airgid sin ag an scoil, agus an fhoirm agus an tslí ina bhfuil an fhaisnéis sin le soláthar;
- an fhaisnéis a bheidh le soláthar do mhic léinn agus a dtuismitheoirí a bhaineann le féilire, amanna dúnta agus cláir ama na scoile agus an fhoirm agus an tslí ina bhfuil an fhaisnéis sin le soláthar;
- na nósanna imeachta chun déileáil le casaoidí ó mhic léinn nó a dtuismitheoirí a bhaineann leis an scoil;
- mionsonraí maidir le faisnéis chomhiomlánaithe agus anaithnidithe a bheidh le soláthar do mhic léinn agus a dtuismitheoirí a bhaineann le casaoidí ar ndéileálann an scoil leo, lena n-áireofar líon nó cineál na gcasaoidí den sórt sin agus na torthaí gaolmhara, agus an fhoirm agus an tslí ina bhfuil an fhaisnéis sin le soláthar;
Foráiltear freisin leis an mBille go bhféadfaidh an tAire, i dtreoirlínte náisiúnta na cairte, aghaidh a thabhairt ar fhaisnéis, ar nósanna imeachta agus ar ghnóthaí eile a bhaineann leis an scoil a mheasfaidh an tAire a bheith riachtanach agus iomchuí chun críocha treoirlínte na cairte. Fágfaidh sin scóip ag an Aire aghaidh a thabhairt ar aon saincheisteanna nua a thiocfaidh chun cinn sa chóras scoile amach anseo agus a thagann faoi chuimsiú chreat foriomlán na reachtaíochta seo.
Cumhacht maidir le hOrdú
Faoin mBille, tá sé de chumhacht ag an Aire ordú a thabhairt do bhord i gcás, dar leis nó léi, gur chlis ar an mbord, nó go bhfuil ag cliseadh ar an mbord iomlán nó cuid dá oibleagáid a chomhlíonadh maidir le cairt a ullmhú, a fhoilsiú nó a chur i ngníomh.
Nósanna Imeachta maidir le Gearáin
Leis an mBille freisin, tá Alt 28 nua, lena bhforáiltear le haghaidh nósanna imeachta caighdeánaithe nua maidir le casaoidí i gach scoil, á chur in ionad Alt 28 den Acht Oideachais, 1998, atá ann faoi láthair. Ní mór go bhforálfaidh na nósanna imeachta le haghaidh gnóthaí amhail -
- na ceanglais nach mór don scoil agus an scoláire nó an tuismitheoir a bheidh i gceist a chomhlíonadh i ndáil leis an bpróiseas casaoide,
- imscrúdú na gcasaoidí ar bhealach a oirfidh don chineál casaoide (cibé acu trí shlí neamhfhoirmiúil nó fhoirmiúil nó an dá cheann)
- casaoidí a réiteach (go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil)
- cúiseanna a thabhairt le cinntí na scoile i ndáil le casaoidí
- cinntí agus aon ghníomh feabhais riachtanach a chur i ngníomh
Feidhmeanna Scoileanna
Foráiltear leis an mBille le haghaidh dhá fheidhm bhreise ag scoil faoi Alt 9 den Acht Oideachais, 1998. Is iad seo a leanas na feidhmeanna nua atá ag scoil:
1. rannpháirtíocht na mac léinnn agus a dtuismitheoirí i soláthar an oideachais do scoláirí a chur chun cinn agus
2. cinntiú go gcuirfear a cairt i ngníomh.
Ní athraítear sa reachtaíocht seo sainchúram reatha an Ombudsmain do Leanaí le gearáin a imscrúdú i ndáil le gníomhartha riaracháin scoile i dtaca le feidhmiú a feidhmeanna faoi alt 9 d’Acht 1998. Beidh an tOmbudsman do Leanaí in ann gearáin a scrúdú freisin áfach i ndáil leis an dá fheidhm nua atá ag scoil.
Féach freisin
**Cairt Mac Léinn agus Tuismitheoirí
- Scéim Ghinearálta Bille (Cairt Tuismitheoirí agus Scoláirí) Oideachais 2016
- Cairt Tuismitheoirí agus Scoláirí do Scoileanna a fhorbairt - Doiciméad mínitheach
- Education (Student and Parent Charter) Bill 2019 Regulatory Impact Analysis
- Education (Student and Parent Charter) Bill 2019 Explanatory and Financial Memorandum