Nósanna Imeachta Gearáin Scoileanna – Faisnéis bhreise le haghaidh scoláirí agus tuismitheoirí
- Foilsithe: 1 Samhain 2019
- An t-eolas is déanaí: 26 Márta 2026
- Ról na Roinne Oideachais agus Óige
- Gearán a dhéanamh
- Teagmháil a dhéanamh le múinteoir do linbh nó le príomhoide na scoile
- Muna bhfuil tú sásta leis an bhfreagra
- Muna bhfuil tú sásta leis an mbealach a réitíodh an fhadhb
- Do ghearán a fhiosrú
- Tearcfheidhmíocht agus ceisteanna a bhaineann le hinniúlacht
- Gearáin maidir le hIompar Scoile
- Gearáin nach bhfuil bainteach le scoil
- Dibirt, Fionraíocht agus Teipeadh Scoláirí a Chlárú
Ról na Roinne Oideachais agus Óige
Déantar gach scoil a bhainistiú ag Bord Bainistíochta scoile ar son phatrúin na scoile mar atá leagtha síos ag Acht Oideachais 1998. Is é an Bord Bainistíochta a fhostaíonn múinteoirí na scoile agus baill foirne eile, ach amháin i scoileanna Bhord Oideachais agus Oiliúna (BOO), áit a bhfeidhmíonn an BOO mar fhostóir. Déanann príomhoide na scoile an scoil a bhainistiú ó lá go lá.
Toisc nach bhfuil aon ról ag an Roinn Oideachais agus Óige (‘an roinn’) maidir le baill foirne na scoile a fhostú nó bainistíocht na scoile ó lá go lá, ba chóir aon ghearán faoi scoil an linbh agus a baill foirne a chuir faoi bhráid na scoile í féin.
Cé go gcuireann an roinn maoiniú agus treoir maidir le beartas ar fáil do scoileanna, níl sé de chumhacht aici treoir a chuir ar scoileanna tabhairt faoi chur chuige ar leith i dtaca le cásanna gearáin aonair. Is é an ról atá ag an roinn ná soiléiriú a chur ar fáil do mhic léinn agus tuismitheoirí ar cén chaoi a ndéanfar dul chun cinn maidir lena n-ábhair ghearáin agus casaoidí.
Gearán a dhéanamh
Má tá tú buartha faoi do leanbh ar scoil nó má tá údar gearáin agat faoin scoil, is é/í múinteoir ranga (nó teagascóir) do linbh an duine is fearr le dul chun cainte leo ar dtús, agus plé neamhfhoirmiúil a bheith eadraibh.
Má bhaineann do ghearán le ball foirne (ach nach é/í an príomhoide atá i gceist), ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an bpríomhoide.
Ba chóir gearáin a bhaineann leis an bpríomhoide, a phlé ar an gcéad dul síos leis an bpríomhoide. D’fhéadfadh go mbeadh cruinnithe den chineál seo, i dtaca le gearáin faoi phríomhoide a bheith faoi stiúir an phríomhoide tánaistigh. Muna féidir leat fadhb a réiteach go neamhfhoirmiúil, tar éis bualadh leis an bpríomhoide, ba cheart go mbeadh nós imeachta oifigiúil gearán ag an scoil gur féidir leat a leanúint (féach thíos)
Teagmháil a dhéanamh le múinteoir do linbh nó le príomhoide na scoile
Is minic gur sa seomra ranga a bheidh siad i rith an lae, ach is féidir leat teachtaireacht a fhágáil ag oifig na scoile agus iarraidh ar an múinteoir/príomhoide teagmháil a dhéanamh leat.
Muna bhfuil tú sásta leis an bhfreagra
Muna bhfuil an múinteoir in ann teacht i gcabhair ort, nó mura bhfuil tú sásta lena f(h)reagra, is féidir leat labhairt le príomhoide na scoile (ag brath ar do ghearán, d’fhéadfadh go molfadh nósanna imeachta na scoile duit labhairt le ball eile foirne sular labhródh tú leis an bpríomhoide). Ba chóir go mbeadh tú in ann cruinniú nó comhrá teileafóin a eagrú ach teagmháil a dhéanamh le hoifig na scoile.
Muna bhfuil tú sásta leis an mbealach a réitíodh an fhadhb
Muna bhfuil sé ar do chumas teacht ar réiteach maidir le gearán go foirmiúil, ba cheart go mbeadh nós imeachta oifigiúil gearán ag an scoil gur féidir leat a leanúint. Ba chóir go leagadh an nós imeachta seo síos cad ba chóir duit a dhéanamh agus cén fhad a thógfadh sé ar an scoil dul i ngleic le do ghearán. Ba chóir go mbeadh nósanna imeachta oifigiúla gearán na scoile ar shuíomh gréasán na scoile. Más amhlaidh nach bhfuil, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an scoil go díreach agus a gcuid nósanna imeachta gearán a iarraidh.
Go hiondúil, má tá tú tar éis labhairt leis an bpríomhoide scoile agus más amhlaidh nach bhfuil tú sásta gur réitíodh do ghearán go fóill, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le cathaoirleach bhord bainistíochta na scoile. Maidir le scoileanna BOO, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an stiúrthóir ábhartha sa Bhord Oideachais agus Oiliúna (BOO) agus “Príobháideach agus Faoi Rún” a chuir ar sheoladh an chomhfhreagrais.
Do ghearán a fhiosrú
De réir an Achta um Ombudsman do Leanaí 2002, cuireann Oifig Ombudsman do Leanaí seirbhís láimhseála gearán neamhspleách agus neamhchlaonta ar fáil. Faoi alt 9 den Acht, is féidir leis an Ombudsman do Leanaí gearáin maidir le hoibríochtaí riaracháin scoile atá aitheanta ag an Roinn Oideachais a fhiosrú, chomh fada is go bhfuil an gearánach tar éis nósanna imeachta gearán scoile a leanúint ar dtús agus go hiomlán. Is é an príomhchritéar d’aon idirghabháil ag Ombudsman do Leanaí ná go bhfuil tionchar diúltach ag an ngníomh a ndearnadh gearán faoi ar an leanbh nó féadfaidh sé tionchar diúltach a bheith aige ar an leanbh.
Is féidir tuilleadh faisnéise maidir le Ombudsman do Leanaí a fháil ar www.oco.ie nó teagmháil a dhéanamh leo ag:
- Ríomhphost: oco@oco.ie
- Seoladh: Oifig an Ombudsman do Leanaí, Teach na Mílaoise, 52-56 Sráid na Trá Mhór, Baile Átha Cliath 1
- Guthán: 01 865 6800
- Saorghlaoch: 1800 20 20 40
Tearcfheidhmíocht agus ceisteanna a bhaineann le hinniúlacht
Is ábhar é seo a bhaineann le húdarás bainistíochta na scoile.
Is féidir rochtain a fháil ar an bhfaisnéis chuí ach cliceáil ar na naisc seo a leanas:
- Ciorclán 0048/2018 - Nósanna Imeachta Athbhreithnithe le haghaidh Múinteoirí agus Príomhoidí a Chur ar Fionraí agus a Bhriseadh as a bPost (BOOnna)
- Ciorclán 0049/2018 - Nósanna Imeachta Athbhreithnithe le haghaidh Múinteoirí agus Príomhoidí a Chur ar Fionraí agus a Bhriseadh as a bPost (Bunscoileanna, Iar-bhunscoileanna agus Scoileanna Cuimsitheacha)
- Ciorclán 0050/2018 - Nósanna Imeachta le haghaidh Príomhoidí Scoileanna Náisiúnta Pobail a Chur ar Fionraí agus a Bhriseadh as a bPost (Bunscoileanna, BOO)
Gearáin maidir le hIompar Scoile
Féach ar fhaisnéis maidir le: Nósanna Imeachta um Dhéileáil le Mí-Iompar Líomhnaithe ar Iompar Scoile.
Gearáin nach bhfuil bainteach le scoil
Déantar roinnt clár agus seirbhísí roinne á soláthar don phobal trí réimse eagraíochtaí. Tá socraithe aonair ann le haghaidh gearán maidir le Scrúduithe Stáit,institiúidí tríú leibhéal agus mar sin de. Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh go díreach leis na comhlachtaí seo má tá tuilleadh eolais uait.